search


keyboard_tab Contratti di vendita di beni conformi 2019/0771 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2019/0771 GA cercato: 'dtagraítear' . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl




whereas dtagraítear:


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 404

 

Airteagal 3

Raon feidhme

1.   Beidh feidhm ag an Treoir seo maidir le conarthaí díolacháin idir an tomhaltóir agus an díoltóir.

2.   Measfar freisin gur conarthaí díolacháin iad conarthaí idir an tomhaltóir agus an díoltóir chun earraí atá le monarú nó le táirgeadh chun críche na Treorach seo.

3.   Ní bheidh feidhm ag an Treoir seo maidir le conarthaí le haghaidh ábhar digiteach nó seirbhísí digiteacha a sholáthar. Beidh feidhm ag an Treoir seo, áfach, maidir le hábhar digiteach nó seirbhísí digiteacha a ionchorprófar in earraí nó a dhéanfar a idirnascadh le hearraí de réir bhrí phointe (5)(b) d’Airteagal 2 agus a ndéanfar na hearraí sin a sholáthar dóibh faoi chonradh díolacháin, gan beann ar an soláthróidh an díoltóir nó tríú páirtí an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach sin. I gcás ina mbeifear in amhras an ionann soláthar ábhair dhigitigh nó seirbhíse digití ionchorpraithe nó idirnasctha agus an chuid den chonradh díolacháin, measfar an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a bheith clúdaithe faoin gconradh díolacháin.

4.   Ní bheidh feidhm ag an Treoir seo maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

aon mheán inláimhsithe a fheidhmeoidh go heisiach mar iompróir ábhair dhigitigh; nó

(b)

nithe a dhíolfar trí fhorghníomhú nó ar dhóigh eile le húdarás an dlí.

5.   Féadfaidh na Ballstáit conarthaí maidir leis na nithe seo a leanas a eisiamh ó raon feidhme na Treorach seo:

(a)

díolachán earraí athláimhe a díoladh ag ceant poiblí; agus

(b)

ainmhithe beo.

Sa chás dá dtagraítear i bpointe (a), beidh faisnéis shoiléir agus chuimsitheach ar fáil go héasca do thomhaltóirí nach mbeidh feidhm ag na cearta a eascraíonn ón Treoir seo ina leith.

6.   Ní dhéanfaidh an Treoir seo difear do shaoirse na mBallstát go rialóidh gnéithe ginearálta de dhlí na gconarthaí, amhail rialacha maidir le foirmiú, bailíocht, neamhniú nó éifeachtaí conarthaí, lena n-áirítear na hiarmhairtí a bhaineann le foirceannadh conartha sa mhéid is nach rialaítear iad leis an Treoir seo, ná don cheart chun damáistí.

7.   Ní dhéanfaidh an Treoir seo difear do shaoirse na mBallstát ligean don tomhaltóir leigheas sonrach a roghnú más léir laistigh de thréimhse ghearr tar éis iad a sheachadadh, ar tréimhse í nach rachaidh thar 30 lá, go bhfuil easpa comhréireachta ann maidir leis na hearraí. Ina theanta sin, ní dhéanfaidh an Treoir seo difear do rialacha náisiúnta nach bhfuil sonrach do chonarthaí tomhaltóirí lena ndéantar foráil do leigheasanna sonracha le haghaidh cineálacha fabhtanna dlíthiúla áirithe nár léir go raibh siad ann tráth ar cuireadh an conradh díolacháin i gcrích.

Airteagal 7

Ceanglais oibiachtúla le haghaidh comhréireachta

1.   Sa bhreis ar a bheith i gcomhréireacht le haon cheanglas suibiachtúil comhréireachta a shonraítear sa chonradh, maidir leis na hearraí:

(a)

beidh siad oiriúnach do na críocha is gnách a mbainfí úsáid as earraí den chineál céanna ina leith, agus, i gcás inarb infheidhme, aon dlí an Aontais agus aon dlí náisiúnta atá ann cheana, aon chaighdeáin theicniúla atá ann cheana, nó, in éagmais na gcaighdeán teicniúil sin, aon chóid iompair tionscail is infheidhme a bhaineann le hearnálacha sonracha á gcur san áireamh;

(b)

i gcás inarb iomchuí, beidh an cháilíocht sna hearraí atá sa sampla nó sa tsamhail sin agus freagróidh siad don tuairisc ar an sampla nó ar an tsamhail sin, ar sampla nó samhail é nó í a chur an díoltóir ar fáil don tomhaltóir sular tugadh an conradh i gcrích;

(c)

i gcás inarb iomchuí, beidh siad á seachadadh i dteannta na ngabhálas sin, lena n-áirítear pacáistiú, treoracha suiteála nó treoracha eile, ar treoracha iad a bhféadfadh an tomhaltóir a bheith ag súil le réasún lena bhfáil; agus

(d)

beidh an chainníocht agus na cáilíochtaí agus na gnéithe eile acu, lena n-áirítear maidir le marthanacht, feidhmiúlacht, comhoiriúnacht agus slándáil, a fhaightear de ghnáth i gcomhair earraí den chineál céanna agus a bhféadfadh an tomhaltóir a bheith ag súil leo le réasún, ag féachaint do chineál na n-earraí agus i bhfianaise aon ráitis phoiblí arna dhéanamh ag an díoltóir nó ag daoine eile thar ceann an díoltóra, nó ag daoine eile i naisc roimhe seo de shlabhra na n-idirbheart, lena n-áirítear an táirgeoir, go háirithe san fhógraíocht nó ar lipéadú.

2.   Ní bheidh an díoltóir faoi cheangal ag ráitis phoiblí, dá dtagraítear i bpointe (d) de mhír 1 má léiríonn an díoltóir an méid seo a leanas:

(a)

nach raibh an díoltóir ar an eolas faoin ráiteas a bhí i gceist ná nach bhféadfadh sé, le réasún, a bheith ar an eolas faoi;

(b)

tráth tugtha chun críche an chonartha, go ndearnadh an ráiteas poiblí a cheartú ar an tslí chéanna, nó ar shlí atá inchomparáide leis an tslí a ndearnadh é; nó

(c)

nach bhféadfadh tionchar a bheith ag an ráiteas ar an gcinneadh na hearraí a cheannach.

3.   I gcás na n-earraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, déanfaidh an díoltóir a áirithiú go gcuirfear an tomhaltóir ar an eolas faoi nuashonruithe, lena n-áirítear nuashonruithe slándála, ar nuashonruithe iad is gá chun na hearraí den chineál sin a choinneáil i gcomhréireacht, ar feadh na tréimhse ama:

(a)

go bhféadfaidh an tomhaltóir a bheith ag súil léi le réasún, ag féachaint do chineál agus cuspóir na n-earraí agus na n-eilimintí digiteacha, agus imthosca agus cineál an chonartha á gcur san áireamh, i gcás ina ndéanfar foráil sa chonradh díolacháin maidir le hoibríocht aonair soláthair i dtaca leis an ábhar digiteach agus an tseirbhís dhigiteach; nó

(b)

a léirítear in Airteagal 10(2) nó in Airteagal (5), de réir mar is infheidhme, i gcás ina ndéantar foráil sa chonradh díolacháin do sholáthar leanúnach maidir leis an ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach thar thréimhse ama.

4.   I gcás ina mainneoidh an tomhaltóir nuashonraithe a soláthraíodh i gcomhréir le mír 3 a shuiteáil laistigh de thréimhse réasúnta ama, ní bheidh an díoltóir faoi dhliteanas maidir le haon easpa comhréireachta a thiocfaidh as easpa an nuashonraithe ábhartha agus as é sin amháin, ar choinníoll:

(a)

gur chuir an díoltóir an tomhaltóir ar an eolas faoi infhaighteacht an nuashonraithe agus na n-iarmhairtí a bhainfeadh le mainneachtain an tomhaltóra é a shuiteáil; agus

(b)

nárbh ann do mhainneachtain an tomhaltóra maidir leis an suiteáil nó maidir le suiteáil mhícheart an nuashonraithe ag an tomhaltóir mar thoradh ar easnaimh sna treoracha suiteála a soláthraíodh don tomhaltóir.

5.   Ní bheidh aon easpa comhréireachta ann de réir bhrí mhír 1 nó mhír 3 más rud é, tráth ar tugadh an conradh i gcrích, gur cuireadh an tomhaltóir ar an eolas go sonrach go raibh tréith ar leith de na hearraí ag imeacht ón gcuspóir maidir leis na ceanglais chomhréireachta a leagtar síos i mír 1 nó i mír 3 agus go raibh glactha go sainráite agus go leithleach leis an diallas sin ag an tomhaltóir agus an conradh díolacháin á thabhairt i gcrích.

Airteagal 10

Dliteanas an díoltóra

1.   Beidh an díoltóir faoi dhliteanas ag an tomhaltóir le haghaidh aon easpa comhréireachta a bheith ann tráth ar seachadadh na hearraí agus ar léir gur ann di laistigh de 2 bhliain ón tráth sin. Gan dochar d’Airteagal 7(3), beidh feidhm ag an mír seo maidir le hearraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha.

2.   I gcás na n-earraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus ina ndéanfar foráil sa chonradh díolacháin maidir le hábhar digiteach nó seirbhís dhigiteach a sholáthar go leanúnach thar thréimhse ama, beidh an díoltóir faoi dhliteanas le haghaidh easpa comhréireachta a bheith ann maidir leis an ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a tharlóidh nó ar léir gur ann di laistigh de 2 bhliain ón tráth ar seachadadh na hearraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha. I gcás ina ndéanfar foráil sa chonradh maidir le soláthar leanúnach thar thréimhse ama níos mó ná 2 bhliain, beidh an díoltóir faoi dhliteanas le haghaidh easpa comhréireachta a bheith ann maidir leis an ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a tharlóidh nó ar léir gur ann di, laistigh den tréimhse ama a mbeidh an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a bheidh le soláthar faoin gconradh díolacháin lena linn.

3.   Féadfaidh na Ballstáit na tréimhsí dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 a choinneáil nó tréimhsí ama níos faide a thabhairt isteach.

4.   Más rud é, faoin dlí náisiúnta, go mbeidh na leigheasanna dá bhforáiltear in Airteagal 13 faoi réir tréimhse teorann, áiritheoidh na Ballstáit go lamhálfar leis an tréimhse teorann sin don tomhaltóir na leigheasanna a leagtar síos in Airteagal 13 a fheidhmiú maidir le haon easpa comhréireachta a bheidh ann agus a mbeidh an díoltóir faoi dhliteanas ina leith de bhun mhíreanna 1 agus 2 den Airteagal seo agus go mbeidh sí soiléir laistigh den tréimhse ama dá dtagraítear sna míreanna sin.

5.   D’ainneoin mhíreanna 1 agus 2 den Airteagal seo, ní fhéadfaidh na Ballstáit tréimhse teorann a choinneáil nó a thabhairt isteach ach amháin le haghaidh na leigheasanna dá bhforáiltear in Airteagal 13. Áiritheoidh na Ballstáit go lamhálfar leis an tréimhse teorann sin don tomhaltóir na leigheasanna a leagtar síos in Airteagal 13 a fheidhmiú maidir le haon easpa comhréireachta a bheidh ann agus a mbeidh an díoltóir faoi dhliteanas ina leith de bhun mhíreana 1 agus 2 den Airteagal seo agus go mbeidh sí soiléir le linn an tréimhse ama a luaitear sna míreanna sin.

6.   Is féidir leis na Ballstáit foráil a dhéanamh, i gcás earraí athláimhe, gur féidir leis an díoltóir agus an tomhaltóir teacht ar théarmaí conarthacha nó ar chomhaontuithe le tréimhse dhliteanais nó tréimhse theorann níos giorra ná na tréimhsí dá dtagraítear i mír 1, i mír 2 agus mír 5, ar choinníoll nach mbeidh na tréimhsí sin níos gaire ná aon bhliain amháin.

Airteagal 11

Dualgas cruthúnais

1.   Aon easpa comhréireachta a thagann chun solais laistigh de 2 bhliain ón tráth ar seachadadh na hearraí, toimhdeofar go raibh sí ann an tráth ar seachadadh na hearraí, mura dtagann an toimhde sin salach ar chineál na n-earraí nó ar an gcineál easpa comhréireachta. Beidh feidhm ag an mír seo maidir le hearraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha.

2.   Seachas an tréimhse 1 bhliana a leagtar síos i mír 1, féadfaidh na Ballstáit tréimhse 2 bhliain a choinneáil nó a thabhairt isteach ón tráth ar seachadadh na hearraí.

3.   I gcás na n-earraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus ina ndéanfar foráil sa chonradh díolacháin maidir le hábhar digiteach nó seirbhís dhigiteach a sholáthar go leanúnach thar thréimhse ama, is ar an díoltóir a bheidh an dualgas cruthúnais maidir le cibé acu a bhí nó nach raibh an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach i gcomhréireacht laistigh den tréimhse ama dá dtagraítear in Airteagal 10(2) ar easpa comhréireachta í a thagann chun solais laistigh den tréimhse ama dá dtagraítear san Airteagal sin.

Airteagal 19

Forfheidhmiú

1.   Áiritheoidh na Ballstáit gur ann do mhodhanna leordhóthanacha agus éifeachtacha chun comhlíonadh na Treorach seo a áirithiú.

2.   Áireofar leis na modhanna dá dtagraítear i mír 1, forálacha trína bhféadfaidh ceann amháin nó níos mó de na comhlachtaí seo a leanas, de réir mar a chinnfear leis an dlí náisiúnta, caingean a thabhairt faoin dlí náisiúnta os comhair na gcúirteanna nó os comhair na n-údarás inniúil riaracháin chun a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm na forálacha náisiúnta lena dtrasuítear an Treoir seo:

(a)

comhlachtaí poiblí nó a n-ionadaithe;

(b)

eagraíochtaí tomhaltóirí a bhfuil leas dlisteanach acu i dtomhaltóirí a chosaint;

(c)

eagraíochtaí gairmiúla a bhfuil leas dlisteanach acu i gcaingean a thabhairt.


whereas









keyboard_arrow_down