(16) Os a choinne sin, más rud é, d’ainneoin uireasa an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití ionchorpraithe nó idirnasctha, nach gcuirfí cosc ar na hearraí a bhfeidhmeanna a fheidhmiú, nó dá gcuirfeadh an tomhaltóir conradh i gcrích i ndáil le hábhar digiteach nó seirbhís dhigiteach a sholáthar nach bhfuil ina chuid de chonradh a bhaineann le díolachán earraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, ba cheart an conradh sin a mheas ar leithligh ón gconradh i ndáil le díolachán earraí, fiú dá mbeadh an díoltóir ag gníomhú mar idirghabhálaí den dara conradh sin leis an soláthraí tríú páirtí, agus d’fhéadfadh sé teacht faoi raon feidhme Threoir (AE) 2019/770, dá gcomhlíonfaí coinníollacha na Treorach sin.
Mar shampla, má íoslódálann an tomhaltóir feidhmchlár cluiche ón aipmhargadh ar fhón cliste, beidh an conradh i ndáil leis an bhfeidhmchlár cluiche a sholáthar ar leithligh ón gconradh i ndáil leis an bhfón cliste féin a dhíol.
Dá bhrí sin, níor cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo ach amháin maidir leis an gconradh díolacháin i dtaobh an fhóin chliste, ach ba cheart soláthar an fheidhmchláir cluiche teacht faoi raon Threoir (AE) 2019/770, dá gcomhlíonfaí coinníollacha na Treorach sin.
Sampla eile d’ábhar digiteach nó de sheirbhís dhigiteach nach bhfuil ina chuid den chonradh díolacháin agus nach dtagann faoi raon feidhme na Treorach seo, dá bhrí sin, a bheadh i gcás ina gcomhaontaítear go sainráite go gceannóidh an tomhaltóir fón cliste gan córas oibriúcháin sonrach agus go dtabharfaidh an tomhaltóir conradh i gcrích le haghaidh córas oibriúcháin a sholáthar ó thríú páirtí ina dhaidh sin.
I gcás den chineál sin, ní bheadh soláthair an chórais oibriúcháin a ceannaíodh ar leithligh mar chuid den chonradh díolacháin agus dá bhrí sin, ní thiocfadh sé faoi raon feidhme na Treorach seo ach d’fhéadfadh sé teacht faoi raon feidhme na Threoir (AE) 2019/770, dá gcomhlíonfaí coinníollacha na Treorach sin.
- = -
(52) I gcásanna áirithe d’fhéadfaí údar cuí a bheith ann gur cheart an tomhaltóir a bheith i dteideal praghas laghdaithe a bheith acu nó an conradh a fhoirceannadh láithreach.
I gcás ina bhfuil gníomhaíocht déanta ag an díoltóir chun na hearraí a thabhairt chun comhréireachta ach go dtagann easpa comhréireachta chun cinn ina dhiaidh sin, ba cheart a fhionnadh go hoibiachtúil cibé acu ba cheart nó nár cheart don tomhaltóir glacadh le hiarrachtaí breise ag an díoltóir maidir leis na hearraí a thabhairt chun comhréireachta, agus imthosca uile an cháis á gcur san áireamh amhail cineál agus luach na n-earraí, chomh maith le nádúr agus suntasacht na heaspa comhréireachta.
Go háirithe, le haghaidh earraí costasacha agus casta d’fhéadfaí údar cuí a bheith ann a lamháil don díoltóir a iarracht eile a dhéanamh an easpa comhréireachta a leigheas.
Ba cheart a chur san áireamh freisin an amhlaidh gur féidir a bheith ag súil leis go leanfadh an tomhaltóir de mhuinín a bheith aige as cumas an díoltóra na hearraí a thabhairt chun comhréireachta nó nach féidir, mar shampla toisc go dtagann an fhadhb chéanna chun cinn faoi dhó.
Ar an gcaoi chéanna, i gcásanna áirithe, d’fhéadfadh an easpa comhréireachta a bheith de chineál tromchúiseach sa chaoi nach féidir leis an tomhaltóir muinín a bheith aige as cumas an díoltóra na hearraí a thabhairt chun comhréireachta.
D’fhéadfadh an cás a bheith amhlaidh nuair a bhíonn tionchar tromchúiseach ag an easpa comhréireachta ar chumas an tomhaltóra gnáthúsáid a bhaint as na hearraí agus nuair nach féidir a bheith ag súil leis go leanfadh an tomhaltóir de mhuinín a bheith aige go leigheasfaí an fhadhb trí na hearraí a dheisiú nó a athsholáthar.
- = -