keyboard_tab Contratti di vendita di beni conformi 2019/0771 GA
BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf
- hearraí 8
- tomhaltóir 8
- díolacháin 5
- leis 5
- fhoirceannadh 4
- agus 4
- conradh 4
- gcás 3
- díoltóir 3
- seachadadh 2
- faoin 2
- airteagal 2
- n-earraí 2
- ndáil 2
- maidir 2
- foirceannadh 2
- nach 2
- cuid 2
- chonartha 2
- i 2
- modúlachtaí 1
- iomláine 1
- gcomhréir 1
- mír 1
- gconradh: 1
- tabharfaidh 1
- chostas 1
- díoltóra 1
- déanfaidh 1
- aisíocaíocht 1
- tabhairt 1
- fháil 1
- aisíoc 1
- ballstáit 1
- fianaise 1
- arna 1
- féadfaidh 1
- soláthar 1
- míre 1
- críocha 1
- chun 1
- choinneáil 1
- seoladh 1
- praghas 1
- íocadh 1
- ndéanann 1
- eile 1
- amháin 1
- gconradh 1
- feidhmeoidh 1
Airteagal 16
Foirceannadh an chonartha díolacháin
1. Feidhmeoidh an tomhaltóir an ceart an conradh díolacháin a fhoirceannadh trí bhíthin ráiteas chuig an díoltóir ina gcuirfear an cinneadh in iúl an conradh díolacháin a fhoirceannadh.
2. I gcás nach mbaineann an easpa comhréireachta ach le cuid de na hearraí a seachadadh faoin gconradh agus go bhfuil foras le foirceannadh an chonartha de bhun Airteagal 13, ní fhéadfaidh an tomhaltóir an conradh díolacháin a fhoirceannadh ach i ndáil leis na hearraí sin, agus maidir le haon earraí eile a fuair an tomhaltóir in éineacht leis na hearraí neamh-chomhréireacha i gcás nach féidir a bheith ag súil leis go nglacfaidh an tomhaltóir leis na hearraí comhréireacha amháin a choinneáil.
3. I gcás ina ndéanann an tomhaltóir an conradh díolacháin a fhoirceannadh ina iomláine nó, i gcomhréir le mír 2, i ndáil le cuid de na hearraí a seachadadh faoin gconradh:
(a) | tabharfaidh an tomhaltóir na hearraí ar ais don díoltóir, ar chostas an díoltóra; agus |
(b) | déanfaidh an díoltóir, ar fháil na n-earraí nó na fianaise arna soláthar ag an tomhaltóir gur seoladh na hearraí ar ais, an praghas a íocadh as na hearraí a aisíoc leis an tomhaltóir. |
Chun críocha na míre seo, féadfaidh na Ballstáit na modúlachtaí maidir le tabhairt ar ais agus aisíocaíocht na n-earraí a chinneadh.
whereas