keyboard_tab Contratti di vendita di beni conformi 2019/0771 GA
BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf
- hearraí 19
- tomhaltóir 13
- agus 9
- leis 7
- gcás 6
- díolacháin 5
- díoltóir 5
- n-earraí 4
- i 4
- comhréireachta 4
- easpa 4
- fhoirceannadh 4
- athsholáthar 4
- conradh 4
- bhfuil 3
- arna 3
- bhí 3
- déanfaidh 3
- airteagal 3
- faoin 3
- chostas 2
- chonartha 2
- foirceannadh 2
- dheisiú 2
- nach 2
- cuid 2
- deisithe 2
- seachadadh 2
- neamh-chomhréireacha 2
- ndáil 2
- maidir 2
- chur 2
- earraí 2
- mbainfear 2
- díoltóra 2
- n-athsholáthar 2
- trí 2
- cineál 2
- fhéadfaidh 1
- bhun 1
- foras 1
- gconradh 1
- fháil 1
- fianaise 1
- aisíoc 1
- mbaineann 1
- iúl 1
- tabharfaidh 1
- cinneadh 1
- gcuirfear 1
Airteagal 14
Na hearraí a dheisiú nó a athsholáthar
1. Déanfar deisithe nó athsholáthar a chur i gcrích:
(a) | saor in aisce; |
(b) | laistigh de thréimhse réasúnach ama ón tráth a mbeidh an tomhaltóir curtha ar an eolas faoin easpa comhréireachta; agus |
(c) | gan míchaoithiúlacht shuntasach don tomhaltóir, agus cineál na n-earraí agus an chríoch ar chuici a bhí na hearraí ag teastáil ón tomhaltóir á gcur san áireamh. |
2. I gcás ina bhfuil an easpa comhréireachta le leigheas trí na hearraí a dheisiú nó a athsholáthar, déanfaidh an tomhaltóir na hearraí a chur ar fáil don díoltóir. Déanfaidh an díoltóir na hearraí arna n-athsholáthar a thabhairt ar ais ar chostas an díoltóra féin.
3. I gcás ina gceanglaítear le deisiú go mbainfear earraí a bhí suiteáilte ar bhealach a bhí comhsheasmhach le cineál agus críoch na n-earraí, sular léir an easpa comhréireachta, nó i gcás ina bhfuil na hearraí sin le hathsholáthar, áireofar leis an oibleagáid na hearraí arna n-athsholáthar a thógáil ar ais go mbainfear na hearraí neamh-chomhréireacha agus go ndéanfar na hearraí athsholáthair nó na hearraí deisithe a shuiteáil, nó go seasfar na costais a bhaineann leis sin.
4. Ní bheidh an tomhaltóir faoi dhliteanas íoc as aon ghnáthúsáid a bhaintear as na hearraí athsholáthraithe le linn na tréimhse roimh an athsholáthar.
Airteagal 16
Foirceannadh an chonartha díolacháin
1. Feidhmeoidh an tomhaltóir an ceart an conradh díolacháin a fhoirceannadh trí bhíthin ráiteas chuig an díoltóir ina gcuirfear an cinneadh in iúl an conradh díolacháin a fhoirceannadh.
2. I gcás nach mbaineann an easpa comhréireachta ach le cuid de na hearraí a seachadadh faoin gconradh agus go bhfuil foras le foirceannadh an chonartha de bhun Airteagal 13, ní fhéadfaidh an tomhaltóir an conradh díolacháin a fhoirceannadh ach i ndáil leis na hearraí sin, agus maidir le haon earraí eile a fuair an tomhaltóir in éineacht leis na hearraí neamh-chomhréireacha i gcás nach féidir a bheith ag súil leis go nglacfaidh an tomhaltóir leis na hearraí comhréireacha amháin a choinneáil.
3. I gcás ina ndéanann an tomhaltóir an conradh díolacháin a fhoirceannadh ina iomláine nó, i gcomhréir le mír 2, i ndáil le cuid de na hearraí a seachadadh faoin gconradh:
(a) | tabharfaidh an tomhaltóir na hearraí ar ais don díoltóir, ar chostas an díoltóra; agus |
(b) | déanfaidh an díoltóir, ar fháil na n-earraí nó na fianaise arna soláthar ag an tomhaltóir gur seoladh na hearraí ar ais, an praghas a íocadh as na hearraí a aisíoc leis an tomhaltóir. |
Chun críocha na míre seo, féadfaidh na Ballstáit na modúlachtaí maidir le tabhairt ar ais agus aisíocaíocht na n-earraí a chinneadh.
whereas