(1) Chun go bhfanfaidh an tAontas iomaíoch ar na margaí domhanda, ní mór dó feabhas a chur ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh agus dul i ngleic leis na dúshláin iomadúla atá á dtabhairt sa lá atá inniu ann ag geilleagar atá á thiomáint ag an teicneolaíocht níos mó ná riamh.
Sa Straitéis maidir le Margadh Aonair Digiteach, leagtar síos creat cuimsitheach lena n-éascaítear comhtháthú na gné digití sa mhargadh inmheánach.
Téann an chéad cholún den Straitéis maidir le Margadh Aonair Digiteach i ngleic leis an ilroinnt sa trádáil laistigh den Aontas trí aghaidh a thabhairt ar na bacainní móra uile atá roimh fhorbairt na ríomhthráchtála trasteorann, arb ionann í agus an chuid is suntasaí de dhíolacháin earraí gnólacht le tomhaltóir trasteorann.
- = -
(4) Is príomhthiománaí don fhás laistigh den mhargadh inmheánach í an ríomhthráchtáil.
Tá a hacmhainn fáis, áfach, i bhfad ó bheith á saothrú go hiomlán.
Chun iomaíocht an Aontais a neartú agus dlús a chur leis an bhfás, ní mór don Aontas gníomhú go tapa agus gníomhaithe eacnamaíocha a spreagadh chun an acmhainn iomlán a chuireann an margadh inmheánach ar fáil a scaoileadh.
Ní féidir acmhainn iomlán an mhargaidh inmheánaigh a scaoileadh ach amháin mura mbeidh rochtain rianúil ag na rannpháirtithe margaidh uile ar dhíolacháin earraí trasteorann, lena n-áirítear idirbhearta ríomhthráchtála.
Tá rialacha dhlí na gconarthaí a ndéanann rannpháirtithe margaidh idirbhearta a thabhairt i gcrích ar a mbonn ar na príomhthosca a mhúnlaíonn na cinntí a dhéanann gnólachtaí i dtaca le hearraí a thairiscint ar bhonn trasteorann.
Bíonn tionchar ag na rialacha sin freisin ar thoilteanas na dtomhaltóirí glacadh leis an gcineál sin ceannaigh agus iontaoibh a bheith acu as.
- = -
(9) Cé gurb ionann díolacháin earraí ar líne agus tromlach mór na ndíolachán trasteorann san Aontas, déanann difríochtaí idir dlíthe náisiúnta conarthaí an difear céanna do mhiondíoltóirí a úsáideann bealaí ciandíolacháin agus a dhéanann siad do mhiondíoltóirí a dhíolann aghaidh ar aghaidh agus cuireann na difríochtaí sin cosc ar na miondíoltóirí méadú thar teorainneacha.
Ba cheart go gcumhdófaí leis an Treoir seo na bealaí ciandíolacháin uile, chun go dtabharfaí cothroime iomaíochta do na gnólachtaí uile a dhíolann earraí le tomhaltóirí.
Trí rialacha aonfhoirmeacha a leagan síos a bhainfeadh leis na bealaí ciandíolacháin uile, ba cheart go seachnófaí leis an Treoir seo aon éagsúlacht a chruthódh ualaí díréireacha do líon méadaitheach miondíoltóirí uile-bhealaigh san Aontas.
Maidir leis an ngá le rialacha comhleanúnacha i leith díolachán agus ráthaíochtaí do na bealaí díolacháin uile, dearbhaíodh é sa tSeiceáil Oiriúnachta ón gCoimisiún ar dhlí tomhaltóirí agus margaíochta an Aontais a foilsíodh an 29 Bealtaine 2017, ar cumhdaíodh Treoir 1999/44/CE inti freisin.
- = -
(34) Tá líon mór earraí tomhaltais ann a bheartaítear lena suiteáil sula bhféadfaidh an tomhaltóir úsáid éifeachtacht a bhaint astu.
Thairis sin, i gcás earraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, is gá suiteáil an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití de ghnáth chun go mbeidh an tomhaltóir in ann na hearraí sin a úsáid i gcomhréir lena gcríoch bheartaithe.
Dá bhrí sin, maidir le haon easpa comhréireachta a eascraíonn as suiteáil mhícheart na n-earraí, lena n-áirítear suiteáil mhícheart an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití atá ionchorpraithe sna hearraí nó idirnasctha leo, ba cheart í a mheas mar easpa comhréireachta i gcás ina ndearna an díoltóir an tsuiteáil nó ina ndearnadh í faoi smacht an díoltóra.
I gcás inar beartaíodh go suiteálfadh an tomhaltóir na hearraí, ba cheart easpa comhréireachta a eascraíonn as suiteáil mhícheart a mheas mar easpa comhréireachta na n-earraí gan beann ar an tsuiteáil a bheith déanta ag an tomhaltóir nó ag tríú páirtí faoi fhreagracht an tomhaltóra, más mar thoradh ar easnaimh sna treoracha suiteála a tharla an tsuiteáil mhícheart, ar easnaimh iad amhail neamhiomláine nó easpa soiléireachta, rud a chiallódh go mbeadh na treoracha suiteála deacair don ghnáth-thomhaltóir a úsáid.
- = -
(46) Ba cheart a lamháil do na Ballstáit forálacha a chothabháil nó a thabhairt isteach lena sonraítear, chun leas a bhaint as cearta an tomhaltóra, nach mór don tomhaltóir an díoltóir a chur ar an eolas faoi easpa comhréireachta faoi cheann tréimhse nach lú ná 2 mhí ón dáta ar ar thug an tomhaltóir an easpa comhréireacha sin faoi deara.
Ba cheart an deis a bheith ag na Ballstáit leibhéal cosanta níos airde a áirithiú don tomhaltóir mura dtabharfaidh siad isteach oibleagáid den sórt sin.
- = -
(47) Chun deimhneacht dhlíthiúil a mhéadú agus chun ceann de na mórchonstaicí a dhíothú, lena gcuirfí srian ar an margadh inmheánach, ba cheart comhchuibhiú iomlán a dhéanamh ar na leigheasanna atá ar fáil don tomhaltóir ar easpa comhréireachta na n-earraí agus ar na coinníollacha faoina bhféadfaí na leigheasanna den sórt sin a fheidhmiú.
Go háirithe, i gcás easpa comhréireachta, ba cheart teidlíocht a bheith ag tomhaltóirí go dtabharfaí na hearraí chun comhréireachta, nó go bhfaighidís laghdú comhréireach ar an bpraghas, nó go ndéanfaí an conradh a fhoirceannadh.
- = -