(31) I bprionsabal, i gcás earraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha má sholáthraítear ábhar digiteach nó seirbhís dhigiteach, atá ionchorpraithe sna hearraí nó idirnasctha leo, trí ghníomh aonair soláthair, níor cheart dliteanas a bheith ar an díoltóir ach amháin as easpa comhréireachta atá ann tráth an tseachadta.
Ba cheart, áfach, go leanfadh an oibleagáid i dtaca le nuashonruithe a sholáthar an treocht go mbíonn timpeallacht dhigiteach aon earra den sórt sin ag athrú de shíor.
Dá bhrí sin, is uirlis riachtanach iad nuashonruithe chun a áirithiú go mbeidh na hearraí in ann feidhmiú ar an mbealach céanna lenar fheidhmigh siad tráth an tseachadta.
Anuas air sin, i gcodarsnacht le hearraí traidisiúnta, níl earraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha go hiomlán ar leithligh ó réimse an díoltóra, mar tá an díoltóir, nó tríú duine a sholáthraíonn an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach faoin gconradh díolacháin, in ann nuashonrú a dhéanamh ar na hearraí go cianda, go hiondúil ar an idirlíon.
Dá bhrí sin, má sholáthraítear an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach trí oibríocht aonair soláthair, ba cheart go mbeadh dliteanas ar an díoltóir nuashonruithe a sholáthar, ar na nuashonruithe iad atá riachtanach chun na hearraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a choinneáil i gcomhréir le linn tréimhse ama a bhféadfadh an tomhaltóir a bheith ag súil go réasúnach léi, fiú má bhí na hearraí i gcomhréir tráth an tseachadta.
Ba cheart measúnú a dhéanamh ar an tréimhse ama ar féidir leis an tomhaltóir a bheith ag súil go réasúnach léi bunaithe ar shaghas agus ar chríoch na n-earraí agus na n-eilimintí digiteacha agus cúinsí agus cineál an chonartha dhíolacháin á gcur san áireamh.
Bheadh tomhaltóir ag súil de ghnáth le nuashonruithe a fháil ar feadh tréimhse chomh fada ar a laghad leis an tréimhse ar lena linn a bheidh dliteanas ar an díoltóir as easpa comhréireachta, agus i gcásanna áirithe, d’fhéadfadh an tréimhse a mbeadh an tomhaltóir ag súil go réasúnach léi a leathnú thar an tréimhse sin, de réir mar a bheadh i gceist, go háirithe i dtaca le nuashonruithe slándála.
I gcásanna eile, mar shampla, maidir le hearraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, a bhfuil teorainn ama ag gabháil lena gcríoch, ba ghnách gur cheart oibleagáid an díoltóra nuashonruithe a sholáthar go dtí an t-am sin.
- = -
(42) Ar mhaithe le comhleanúnachas le córais dlí náisiúnta atá ann cheana, ba cheart an saoirse a bheith ag na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le dliteanas a bheith ar an díoltóir as easpa comhréireachta ar léir é laistigh de thréimhse shonrach ama, a d’fhéadfadh a bheith ceangailte le tréimhse theorann, nó maidir le leigheasanna an tomhaltóra a bheith faoi réir tréimhse teorann.
Sa chéad chás díobh sin, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú nach dtéitear timpeall ar an tréimhse le haghaidh dhliteanas an díoltóra leis an tréimhse theorann le haghaidh leigheasanna an tomhaltóra.
Cé nár cheart, dá bhrí sin, pointe tosaigh na dtréimhsí teorann náisiúnta a chomhchuibhiú leis an Treoir seo, ba cheart a áirithiú léi nach gcuirfear srian leis na tréimhsí sin le ceart na dtomhaltóirí a leigheasanna a fheidhmiú d’aon easpa comhréireachta a thiocfaidh chun solais i rith na tréimhse ar lena linn a bheidh an díoltóir faoi dhliteanas i leith easpa comhréireachta.
Sa dara cás díobh sin, ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann tréimhse teorann a chothabháil nó a thabhairt isteach i gcomhair leigheasanna an tomhaltóra gan tréimhse shonrach a thabhairt isteach ina mbeadh gá ann gur léir an easpa comhréireachta chun go mbeadh dliteanas ar an díoltóir.
Chun a áirithiú go bhfuil cosaint chomhchosúil ag na tomhaltóirí sna cásanna mar sin, ba cheart go n-áiritheodh na Ballstáit nuair nach mbíonn feidhm ach ag tréimhse theorann go mbeadh tomhaltóirí fós in ann na leigheasanna a fheidhmiú maidir le haon easpa comhréireachta ar léir í ar a laghad le linn na tréimhse ama dá bhforáiltear sa Treoir seo mar thréimhse dhliteanais.
- = -