search


keyboard_tab Contratti di vendita di beni conformi 2019/0771 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2019/0771 GA Art. 13 . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


index :


whereas :


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 136

 

Airteagal 13

Leigheasanna ar easpa comhréireachta

1.   I gcás easpa comhréireachta, beidh an tomhaltóir i dteideal na hearraí a bheith curtha chun comhréireachta, nó laghdú comhréireach ar phraghas a fháil, nó an conradh a fhoirceannadh, faoi na coinníollacha a leagtar amach san Airteagal seo.

2.   Chun na hearraí a thabhairt chun comhréireachta, féadfaidh an tomhaltóir rogha a dhéanamh idir deisiú agus athsholáthar ach amháin dá mbeadh an leigheas a roghnaíodh dodhéanta nó neamhdhleathach nó, i gcomparáid leis an leigheas eile, go gcuirfeadhcostais ar an díoltóir a bheadh díréireach, agus na cúinsí go léir á gcur san áireamh, lena n-áirítear:

(a)

an luach a bheadh ar na hearraí mura mbeadh aon easpa comhréireachta ann;

(b)

tábhacht na heaspa comhréireachta; agus

(c)

an bhféadfaí an leigheas malartach a sholáthair gan aon mhíchaoithiúlacht shuntasach don tomhaltóir.

3.   Féadfaidh an díoltóir diúltú na hearraí a thabhairt chun comhréireachtambeadh deisiú agus athsholáthar dodhéanta nó dá gcuirfeadh sé sin costais dhíréireacha ar an díoltóir, agus na himthosca uile á gcur san áireamh lena n-áirítear iad a luaitear i bpointí (a) agus (b) de mhír 2.

4.   Beidh an tomhaltóir i dteideal laghdú comhréireach a fháil ar an bpraghas i gcomhréir le hAirteagal 15 nó i dteideal an conradh díolacháin a fhoirceannadh i gcomhréir le hAirteagal 16 sna cásanna seo a leanas:

(a)

ní dhearna an díoltóir an deisiú ná an t-athsholáthar a chur i gcrích nó, i gcás inarb infheidhme, an deisiú ná an t-athsholáthar a chur i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 14(2) agus (3), nó dhiúltaigh an díoltóir na hearraí a thabhairt chun comhréireachta i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo;

(b)

is ann d’easpa comhréireachta in ainneoin iarracht an díoltóra na hearraí a thabhairt chun comhréireachta;

(c)

tá an easpa comhréireachta de chineál atá chomh tromchúiseach sin le bheith mar údar le laghdú a dhéanamh láithreach ar an bpraghasleis an gconradh díolacháin a fhoirceannadh; nó

(d)

tá sé dearbhaithe ag an díoltóir, nó tá sé soiléir ó na himthosca, nach ndéanfaidh an díoltóir na hearraí a thabhairt chun comhréireachta laistigh de thréimhse ama réasúnach nó gan míchaoithiúlacht shuntasach don tomhaltóir.

5.   Ní bheidh an tomhaltóir i dteideal an conradh a fhoirceannadh mura bhfuil ach mioneaspa comhréireachta i gceist. Is ar an díoltóir a bheidh an dualgas cruthúnais maidir le cibé an mioneaspa comhréireachta atá i gceist.

6.   Beidh sé de cheart ag an tomhaltóir íocaíocht an phraghais nó cuid de a choinneáil siar go dtí go ndéanfaidh an díoltóir oibleagáidí an díoltóra a chomhlíonadh faoin Treoir seo. Féadfaidh na Ballstáit na coinníollacha agus na modúlachtaí a chinneadh inar féidir leis an tomhaltóir an cheart chun an íocaíocht a choinneáil siar a fheidhmiú.

7.   Féadfaidh na Ballstáit a rialú cé acu atánach bhfuil tionchar ag rannchuidiú an tomhaltóra leis an easpa comhréireachta ar cheart an tomhaltóra chun leigheasanna agus méid an tionchair sin.


whereas









keyboard_arrow_down