search


keyboard_tab Contratti di vendita di beni conformi 2019/0771 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2019/0771 GA Art. 10 . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


index :


whereas :


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 104

 

Airteagal 10

Dliteanas an díoltóra

1.   Beidh an díoltóir faoi dhliteanas ag an tomhaltóir le haghaidh aon easpa comhréireachta a bheith ann tráth ar seachadadh na hearraí agus ar léir gur ann di laistigh de 2 bhliain ón tráth sin. Gan dochar d’Airteagal 7(3), beidh feidhm ag an mír seo maidir le hearraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha.

2.   I gcás na n-earraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus ina ndéanfar foráil sa chonradh díolacháin maidir le hábhar digiteach nó seirbhís dhigiteach a sholáthar go leanúnach thar thréimhse ama, beidh an díoltóir faoi dhliteanas le haghaidh easpa comhréireachta a bheith ann maidir leis an ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a tharlóidh nó ar léir gur ann di laistigh de 2 bhliain ón tráth ar seachadadh na hearraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha. I gcás ina ndéanfar foráil sa chonradh maidir le soláthar leanúnach thar thréimhse ama níos mó ná 2 bhliain, beidh an díoltóir faoi dhliteanas le haghaidh easpa comhréireachta a bheith ann maidir leis an ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a tharlóidh nó ar léir gur ann di, laistigh den tréimhse ama a mbeidh an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a bheidh le soláthar faoin gconradh díolacháin lena linn.

3.   Féadfaidh na Ballstáit na tréimhsídtagraítear i míreanna 1 agus 2 a choinneáiltréimhsí ama níos faide a thabhairt isteach.

4.   Más rud é, faoin dlí náisiúnta, go mbeidh na leigheasannabhforáiltear in Airteagal 13 faoi réir tréimhse teorann, áiritheoidh na Ballstáit go lamhálfar leis an tréimhse teorann sin don tomhaltóir na leigheasanna a leagtar síos in Airteagal 13 a fheidhmiú maidir le haon easpa comhréireachta a bheidh ann agus a mbeidh an díoltóir faoi dhliteanas ina leith de bhun mhíreanna 1 agus 2 den Airteagal seo agus go mbeidhsoiléir laistigh den tréimhse ama dá dtagraítear sna míreanna sin.

5.   D’ainneoin mhíreanna 1 agus 2 den Airteagal seo, ní fhéadfaidh na Ballstáit tréimhse teorann a choinneáil nó a thabhairt isteach ach amháin le haghaidh na leigheasannabhforáiltear in Airteagal 13. Áiritheoidh na Ballstáit go lamhálfar leis an tréimhse teorann sin don tomhaltóir na leigheasanna a leagtar síos in Airteagal 13 a fheidhmiú maidir le haon easpa comhréireachta a bheidh ann agus a mbeidh an díoltóir faoi dhliteanas ina leith de bhun mhíreana 1 agus 2 den Airteagal seo agus go mbeidhsoiléir le linn an tréimhse ama a luaitear sna míreanna sin.

6.   Is féidir leis na Ballstáit foráil a dhéanamh, i gcás earraí athláimhe, gur féidir leis an díoltóir agus an tomhaltóir teacht ar théarmaí conarthacha nó ar chomhaontuithe le tréimhse dhliteanais nó tréimhse theorann níos giorra ná na tréimhsídtagraítear i mír 1, i mír 2 agus mír 5, ar choinníoll nach mbeidh na tréimhsí sin níos gaire ná aon bhliain amháin.


whereas









keyboard_arrow_down