(4) Ar an gcaoi chéanna, is féidir innill chuardaigh ar líne a bheith ina bhfoinsí tábhachtacha tráchta idirlín do ghnóthais a thairgeann earraí agus seirbhísí do thomhaltóirí ar líne trí shuíomhanna gréasáin agus, dá bhrí sin, is féidir leo difear mór a dhéanamh do rathúnas tráchtála na n-úsáideoirí suíomhanna gréasáin corparáideacha a thairgeann a n-earraí agus a seirbhísí ar líne ar an margadh inmheánach.
I ndáil leis sin, maidir leis an rangú a dhéanann soláthraithe inneall cuardaigh ar líne, lena n-áirítear na suíomhanna gréasáin sin trína dtairgeann úsáideoirí suíomhanna gréasáin corparáideacha a n-earraí agus a seirbhísí do thomhaltóirí, imríonn sin tionchar mór ar rogha tomhaltóirí agus ar rathúnas tráchtála na n-úsáideoirí suíomhanna gréasáin corparáideacha sin.
Toisc nach mbíonn aon chaidreamh conarthach acu leis na húsáideoirí suíomhanna gréasáin corparáideacha, bíonn soláthraithe inneall cuardaigh ar líne in ann, i ndáiríre, gníomhú go haontaobhach ar bhealach a d’fhéadfadh a bheith éagórach agus a d’fhéadfadh díobháil a dhéanamh do leasanna dlisteanacha a n-úsáideoirí gnó agus, go hindíreach, do leasanna tomhaltóirí san Aontas.
- = -
(9) Ós rud é gur gnách gné dhomhanda a bheith ag seirbhísí idirghabhála agus ag innill chuardaigh ar líne, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le soláthraithe na seirbhísí sin, gan beann ar cé acu i mBallstát nó lasmuigh den Aontas atá siad bunaithe ar choinníoll go gcomhlíonfar dhá choinníoll charnacha.
Ar an gcéad dul síos, ba cheart na húsáideoirí gnó nó na húsáideoirí suíomhanna gréasáin corparáideacha a bheith bunaithe san Aontas.
Ar an dara dul síos, ba cheart do na húsáideoirí gnó nó na húsáideoirí suíomhanna gréasáin corparáideacha, trí na seirbhísí sin a chur ar fáil, a seirbhísí agus a n-earraí a thairiscint do thomhaltóirí atá san Aontas i dtaca le cuid den idirbheart ar a laghad.
Chun a chinneadh an bhfuil úsáideoirí gnó nó úsáideoirí suímh gréasáin chorparáidigh ag tairiscint earraí nó seirbhísí do thomhaltóirí atá lonnaithe san Aontas, is gá a fháil amach an bhfuil sé soiléir go ndíríonn na húsáideoirí gnó nó na húsáideoirí suímh gréasáin chorparáidigh a ngníomhaíochtaí ar thomhaltóirí atá lonnaithe i gceann amháin nó níos mó de na Ballstáit.
Ba cheart an critéar sin a léiriú i gcomhréir le cás-dlí ábhartha Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh maidir le pointe (c) d’Airteagal 17(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1215/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) agus pointe (b) d’Airteagal 6(1) de Rialachán (CE) Uimh. 593/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4).
Ba cheart na tomhaltóirí sin a bheith lonnaithe san Aontas ach ní gá dóibh a n-áit chónaithe a bheith san Aontas nó ní gá náisiúntacht aon Bhallstáit a bheith acu.
Dá réir sin, níor cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo i gcás nach bhfuil úsáideoirí gnó nó úsáideoirí suíomhanna gréasáin corparáideacha bunaithe san Aontas nó i gcás ina bhfuil siad bunaithe san Aontas ach ina n-úsáideann siad seirbhísí idirghabhála ar líne nó innill chuardaigh ar líne chun earraí nó seirbhísí a thairiscint do thomhaltóirí atá lasmuigh den Aontas nó do dhaoine nach tomhaltóirí iad.
Ina theannta sin, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo gan beann ar an dlí ab infheidhme in aon chás eile maidir le conradh.
- = -
(16) Chun a áirithiú go mbeidh soiléireacht leordhóthanach ag úsáideoirí gnó maidir leis an áit a bhfuil a n-earraí nó a seirbhísí á margú, agus cé dóibh a bhfuil a n-earraí agus a seirbhísí á margú, ba cheart do sholáthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne trédhearcacht a áirithiú i leith a n-úsáideoirí gnó maidir le haon bhealach dáileacháin breise agus cláir chleamhnaithe fhéideartha a d’fhéadfaidís a úsáid chun na hearraí agus na seirbhísí sin a mhargú.
Ba cheart bealaí breise agus cláir chleamhnaithe a thuiscint ar bhealach neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de ach go bhféadfaí a bheith ar áireamh iontu, inter alia, suíomhanna gréasáin eile, aipeanna eile nó seirbhísí eile idirghabhála ar líne a úsáidtear chun na hearraí nó na seirbhísí a thairgeann an t-úsáideoir gnó a mhargú.
- = -
(19) Maidir le hearraí nó seirbhísí, lena n-áirítear feidhmchláir bogearraí, a chur isteach ar na seirbhísí idirghabhála ar líne, ba cheart, go ginearálta, é a mheas mar ghníomhaíocht shoiléir dhearfach as a leanann tarscaoileadh na tréimhse fógra is gá le haghaidh athruithe a bheith á ndéanamh ag an úsáideoir gnó ar na téarmaí agus coinníollacha.
I gcásanna, áfach, ina bhfuil an tréimhse fógra réasúnta agus comhréireach níos faide ná 15 lá toisc go n-éilítear leis na hathruithe ar na téarmaí agus na coinníollacha go ndéanfaidh an t-úsáideoir gnó oiriúnuithe suntasacha teicniúla nó tráchtála ar a earraí nó seirbhísí, níor cheart a mheas go bhfuil an tréimhse fógra tarscaoilte go huathoibríoch i gcás ina gcuirfidh an t-úsáideoir gnó earraí agus seirbhísí nua isteach.
Ba cheart do sholáthraí na seirbhísí idirghabhála ar líne a bheith ag súil leis go gceanglófaí leis na hathruithe ar na téarmaí agus na coinníollacha ar an úsáideoir gnó coigeartuithe teicniúla suntasacha a dhéanamh i gcás, mar shampla, ina ndéanfaí gnéithe iomlána den tseirbhís idirghabhála ar líne a raibh rochtain ag na húsáideoirí gnó orthu a bhaint nó ina gcuirfí leo, nó i gcás ina bhféadfadh gá a bheith ag úsáideoirí gnó a n-earraí a oiriúnú nó a seirbhísí a ath-ríomhchlárú ionas go mbeidh siad in ann leanúint de bheith ag oibriú trí na seirbhísí idirghabhála ar líne.
- = -
(24) I ndáil le rangú earraí agus seirbhísí ag soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne, imríonn sin tionchar tábhachtach ar rogha an tomhaltóra agus, dá bharr sin, ar rathúnas tráchtála na n-úsáideoirí gnó a thairgeann na hearraí agus na seirbhísí sin do thomhaltóirí.
Baineann rangú leis an tsuntasacht choibhneasta a thugtar do thairiscintí na n-úsáideoirí gnó nó don ábharthacht a thugtar do thorthaí cuardaigh, arna gcur i láthair, arna n-eagrú agus arna gcur in iúl ag soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne nó ag soláthraithe inneall cuardaigh ar líne, mar thoradh ar an úsáid a bhaintear as algartam lena mbaineann seicheamhú, rátáil nó sásraí athbhreithniúcháin, buaicphointí atá dírithe ar an tsúil nó uirlisí aireachtála eile, nó cónaisc díobh sin.
Is é atá i gceist le hintuarthacht go gcinneann soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne rangú ar bhealach neamhthreallach.
Ba cheart do sholáthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne na príomhpharaiméadair lena gcinnfear an rangú a leagan amach roimh ré, d’fhonn an intuarthacht a fheabhsú d’úsáideoirí gnó, chun ceadú dóibh feidhmiú an tsásra rangaithe a thuiscint níos fearr agus chun a chur ar a gcumas cleachtais rangaithe na soláthraithe éagsúla a chur i gcomparáid.
Tá dearadh sonrach na hoibleagáide trédhearcachta sin tábhachtach d’úsáideoirí gnó mar tuigtear uaidh sainaithint sraith theoranta paraiméadar is mó atá ábhartha as líon i bhfad níos mó paraiméadar a bhfuil tionchar éigin acu ar an rangú.
Leis an tuairisc réasúnaithe sin, ba cheart cuidiú le húsáideoirí gnó feabhas a chur ar chur i láthair a n-earraí agus a seirbhísí, nó ar roinnt buntréithe na n-earraí nó na seirbhísí sin.
Ba cheart a thuiscint go dtagraíonn an coincheap príomhpharaiméadar d’aon chritéir ghinearálta, próisis, comharthaí sonracha a chorpraítear in algartaim nó aon sásraí coigeartaithe nó íslithe a úsáidtear i ndáil leis an rangú.
- = -
(25) Sa tuairisc ar na príomhpharaiméadair lena gcinntear an rangú, ba cheart míniú a bheith ar na deiseanna a d’fhéadfadh a bheith ag úsáideoirí gnó tionchar gníomhach a imirt ar rangú os coinne luach saothair, mar aon le míniú ar na héifeachtaí coibhneasta a bhaineann leis sin.
Sa chás sin, d’fhéadfadh sé go dtagródh luach saothair d’íocaíochtaí a rinneadh — agus é mar phríomhaidhm nó mar aidhm aonair leo rangú a fheabhsú, chomh maith le luach saothair indíreach arb é sin úsáideoir gnó ag glacadh le hoibleagáidí breise d’aon chineál ag a bhféadfadh é sin a bheith mar éifeacht phraiticiúil, amhail úsáid a bhaint as seirbhísí ar seirbhísí coimhdeacha iad nó as scothghnéithe.
Maidir leis an gcur síos ar an inneachar, lena n-áirítear líon agus cineál na bpríomhpharaiméadar, d’fhéadfadh sé tarlú go mbeadh éagsúlacht mhór i gceist ag brath ar na seirbhísí sonracha idirghabhála ar líne, ach ba cheart tuiscint leormhaith a thabhairt d’úsáideoirí gnó ar an gcaoi a gcuireann an sásra rangaithe tréithe na n-earraí agus na seirbhísí iarbhír a thairgeann an t-úsáideoir gnó san áireamh, agus a n-ábharthacht do thomhaltóirí na seirbhísí idirghabhála sonracha ar líne.
Na táscairí sin lena dtomhaistear cáilíocht na n-earraí nó na seirbhísí a bhíonn ag úsáideoirí gnó, an úsáid a bhaintear as eagarthóirí maille lena gcumas tionchar a imirt ar rangú na n-earraí nó na seirbhísí céanna sin, a mhéid a fhágann tionchar an luacha saothair a lorg ar an rangú a dhéantar orthu, chomh maith le heilimintí nach mbaineann ach ar éigean nó nach mbaineann ar chor ar bith leis an earra nó leis an tseirbhís féin, amhail an chaoi a gcuirtear i láthair iad sa tairiscint ar líne, is rudaí iad sin ar fad a d’fhéadfaí a lua mar shamplaí de phríomhpharaiméadair a bheidh ina gcuidiú — ach iad a chuimsiú sa chur síos ginearálta a thugtar, i dteanga atá simplí agus intuigthe, ar an sásra rangaithe — ag úsáideoirí gnó chun tuiscint leormhaith riachtanach a fháil ar an gcaoi a bhfeidhmíonn sé.
- = -
(26) Ar an gcaoi chéanna, an rangú a dhéanann soláthraithe inneall cuardaigh ar líne ar shuíomhanna gréasáin, go háirithe na suíomhanna gréasáin sin trína dtairgeann gnóthais a n-earraí agus a seirbhísí do thomhaltóirí, imríonn sin tionchar mór ar rogha tomhaltóirí agus ar rathúnas tráchtála na n-úsáideoirí suíomhanna gréasáin corparáideacha.
Fágann sé sin gur cheart do sholáthraithe inneall cuardaigh tuairisc a chur ar fáil ar na príomhpharaiméadair lena gcinntear rangú na suíomhanna gréasáin innéacsaithe uile, agus ar an tábhacht choibhneasta a bhaineann leis na príomhpharaiméadair sin seachas paraiméadair eile, lena n-áirítear suíomhanna úsáideoirí corparáideacha agus úsáideoirí suíomhanna eile.
De bhreis ar thréithe na n-earraí agus na seirbhísí agus a ábhartha atá siad ó thaobh na dtomhaltóirí de, ba cheart a cheadú leis an tuairisc sin, i gcás innill chuardaigh ar líne, d’úsáideoirí suíomhanna gréasáin corparáideacha ar líne tuiscint leordhóthanach a fháil an gcuirtear tréithe áirithe de dhearadh an tsuímh gréasáin a úsáidtear san áireamh, amhail iad a optamú lena dtaispeáint ar ghléasanna cumarsáide móibíleacha, agus má chuirtear, conas a dhéantar sin agus an méid a dhéantar é.
Ba cheart míniú a thabhairt sa tuairisc sin freisin ar na deiseanna a d’fhéadfadh a bheith ag úsáideoirí suíomhanna gréasáin corparáideacha tionchar gníomhach a imirt ar rangú os coinne luach saothair, mar aon le míniú a thabhairt freisin ar na héifeachtaí coibhneasta a bhaineann leis sin.
D’uireasa caidreamh conarthach idir soláthraithe inneall cuardaigh ar líne agus úsáideoirí suíomhanna corparáideacha, ba cheart an tuairisc sin a chur ar fáil don phobal in áit fhollasach atá inrochtana gan stró ar an inneall cuardaigh ábhartha ar líne.
Leis na leathanaigh sin ar shuíomhanna gréasáin ar gá logáil isteach orthu nó clárú leo, níor cheart a thuiscint go mbeadh fáil orthu go furasta agus go poiblí sa chiall sin.
- = -
(29) Ba cheart earraí agus seirbhísí coimhdeacha a thuiscint mar earraí agus seirbhísí arna dtairiscint don tomhaltóir go díreach sula ndéantar idirbheart a tionscnaíodh ar sheirbhísí idirghabhála ar líne a chur i gcrích chun na hearraí príomhúla agus na seirbhísí príomhúla atá á dtairiscint ag an úsáideoir gnó a chomhlánú.
Le hearraí agus seirbhísí coimhdeacha, tagraítear do tháirgí a bhíonn ag brath de ghnáth ar an earra príomhúil nó ar an tseirbhís phríomhúil, agus a bhaineann go díreach leo, ionas gur féidir leo feidhmiú.
Dá bhrí sin, ba cheart a eisiamh ón téarma earraí agus seirbhísí nach bhfuil ach á ndíol de bhreis ar an earra príomhúil nó an tseirbhís phríomhúil atá i dtrácht seachas iad a bheith de chineál comhlántach.
I measc na samplaí de sheirbhísí coimhdeacha tá seirbhísí deisiúcháin le haghaidh earra sonrach nó táirgí airgeadais amhail árachas do charranna ar cíos a thairgtear ionas go gcomhlánófar na hearraí sonracha nó na seirbhísí sonracha atá á dtairiscint ag an úsáideoir gnó.
Ar an dóigh chéanna, d’fhéadfaí a áireamh le hearraí coimhdeacha earraí a chomhlánaíonn an táirge sonrach atá á thairiscint ag an úsáideoir gnó trí bheith ina uasghrádú nó uirlis saincheapacháin atá nasctha leis an táirge sonrach sin.
Soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne a thairgeann earraí nó seirbhísí do thomhaltóirí atá coimhdeach le hearra nó seirbhís a dhíolann úsáideoir gnó trí úsáid a bhaint as a seirbhísí idirghabhála ar líne, ba cheart dóibh a leagan amach ina dtéarmaí agus coinníollacha tuairisc ar chineál na n-earraí agus seirbhísí coimhdeacha atá á dtairiscint.
Ba cheart tuairisc den sórt sin a bheith ar fáil sna téarmaí agus coinníollacha beag beann ar cibé an bhfuil an earra coimhdeach á sholáthar nó an bhfuil an tseirbhís choimhdeach á soláthar ag soláthraí seirbhísí idirghabhála ar líne é féin nó ag tríú páirtí.
Ba cheart do thuairisc den sórt sin a bheith cuimsitheach go leor ionas go mbeidh úsáideoir gnó in ann a thuiscint an bhfuil aon earra á dhíol nó seirbhís á díol mar earra coimhdeach nó seirbhís choimhdeach le hearra nó seirbhís an úsáideora gnó.
Ní gá gur cheart a áireamh leis an tuairisc an earra sonrach nó seirbhís shonrach, ach ba cheart a áireamh léi cineál an táirge atá á thairiscint mar tháirge atá coimhdeach le táirge príomhúil an úsáideora gnó.
Thairis sin, ba cheart a áireamh sa tuairisc sin i ngach imthoisc an ligtear don úsáideoir gnó a chuid earraí nó seirbhísí coimhdeacha féin a thairiscint agus na coinníollacha faoina ligtear dó iad a thairiscint sa bhreis ar an earra príomhúil atá á thairiscint aige nó an tseirbhís phríomhúil atá á tairiscint aige trí na seirbhísí idirghabhála ar líne.
- = -
(30) I gcás ina dtairgfidh soláthraí seirbhísí idirghabhála féin earraí agus seirbhísí áirithe do thomhaltóirí trína sheirbhísí idirghabhála ar líne, nó ina ndéanfaidh sé sin trí bhíthin úsáideoir gnó a bhfuil sé i gceannas air, d’fhéadfadh an soláthraí sin dul in iomaíocht go díreach le húsáideoirí eile gnó a bhaineann úsáid as a chuid seirbhísí idirghabhála ar líne nach bhfuil an soláthraí i gceannas orthu, rud a d'fhéadfadh dreasacht eacnamaíoch a thabhairt don soláthraí agus a chur ar a chumas a rialú ar na seirbhísí idirghabhála ar líne a úsáid chun buntáistí teicniúla nó eacnamaíocha a sholáthar dá thairiscint féin, nó dóibh siúd a thairgeann úsáideoir gnó a rialaíonn sé, ar buntáistí iad a d’fhéadfadh sé a dhiúltú d’úsáideoirí iomaíocha gnó.
D’fhéadfadh iompar den sórt an bonn a bhaint ó iomaíocht chothrom agus rogha tomhaltóirí agus rogha tomhaltóirí a shrianadh.
Sna cásanna sin, go háirithe, tá sé tábhachtach go ngníomhóidh an soláthraí seirbhísí idirghabhála ar líne ar bhealach trédhearcach agus go dtabharfaidh sé tuairisc iomchuí ar aon chóir dhifreáilte, agus go leagfaidh sé amach na breithnithe d'aon chóir dhifreáilte, cibé acu trí mhodhanna dlíthiúla, tráchtála nó teicniúla, amhail feidhmiúlachtaí a bhaineann le córais oibríochta, a d’fhéadfadh sé a dhéanamh i ndáil le hearraí nó seirbhísí a thairgeann sé féin i gcomparáid leis na hearraí sin a thairgeann úsáideoirí eile gnó.
Chun an chomhréireacht a áirithiú, ba cheart feidhm a bheith ag an oibleagáid sin maidir le leibhéal na seirbhísí idirghabhála foriomlána ar líne seachas maidir le leibhéal na n-earraí nó na seirbhísí aonair a thairgtear trí bhíthin na seirbhísí sin.
- = -
(31) I gcás ina dtairgfidh soláthraí innill chuardaigh ar líne earraí agus seirbhísí áirithe do thomhaltóirí trína sheirbhísí idirghabhála ar líne, nó ina ndéanfaidh sé sin trí bhíthin úsáideoir suímh gréasáin chorparáidigh a bhfuil sé i gceannas air, d’fhéadfadh an soláthraí sin dul in iomaíocht go díreach le húsáideoirí suíomhanna gréasáin corparáideacha a bhaineann úsáid as a chuid inneall cuardaigh ar líne nach bhfuil an soláthraí i gceannas orthu.
Sna cásanna sin, go háirithe, tá sé tábhachtach go ngníomhóidh soláthraí na seirbhíse idirghabhála ar líne ar bhealach trédhearcach agus go dtabharfaidh sé tuairisc ar aon chóir dhifreáilte, cibé acu trí mhodhanna dlíthiúla, tráchtála nó teicniúla, a d’fhéadfadh sé a dhéanamh i leith earraí nó seirbhísí a thairgeann sé féin nó trí shuíomh gréasáin corparáideach a rialaíonn sé, i gcomparáid leis na hearraí sin a thairgeann úsáideoirí iomaíocha suíomhanna gréasáin corparáideacha.
Chun an chomhréireacht a áirithiú, ba cheart feidhm a bheith ag an oibleagáid sin maidir le leibhéal an innill fhoriomláin chuardaigh ar líne seachas maidir le leibhéal na n-earraí nó na seirbhísí aonair a thairgtear trí bhíthin na seirbhísí sin.
- = -