(14) Bíonn claonadh ag soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne téarmaí agus coinníollacha agus iad curtha le chéile roimh ré a úsáid agus chun úsáideoirí gnó a chosaint go héifeachtach i gcás inar gá, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo, i gcás ina ndéanann soláthraí na seirbhísí idirghabhála ar líne téarmaí agus coinníollacha caidirimh chonarthaigh, gan beann ar a n-ainm ná ar a bhfoirm, a chinneadh go haontaobhach.
Maidir lena chinneadh cibé acu a rinneach téarmaí agus coinníollacha a chinneadh go haontaobhach, ba cheart meastóireacht cás ar chás a dhéanamh air sin ar bhonn measúnú foriomlán.
Le haghaidh an mheasúnaithe fhoriomláin sin, níor cheart méid choibhneasta na bpáirtithe lena mbaineann, an fíoras go ndearnadh caibidlíocht, nó go bhféadfadh forálacha áirithe díobh a bheith faoi réir caibidlíocht den sórt sin agus a bheith cinnte le chéile ag an soláthraí ábhartha agus ag an úsáideoir gnó, ann féin, a bheith cinntitheach.
Ina theannta sin, ciallaíonn an oibleagáid do sholáthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne a gcuid téarmaí agus coinníollacha a chur ar fáil go héasca d’úsáideoirí gnó, lena n-áirítear sa chéim réamhchonarthacha dá gcaidreamh tráchtála, nach mbainfear an trédhearcacht a eascraíonn as an Rialachán seo de na húsáideoirí gnó mar thoradh ar iad ar aon bhealach a bheith in ann caibidlíocht a dhéanamh go rathúil.
- = -
(16) Chun a áirithiú go mbeidh soiléireacht leordhóthanach ag úsáideoirí gnó maidir leis an áit a bhfuil a n-earraí nó a seirbhísí á margú, agus cé dóibh a bhfuil a n-earraí agus a seirbhísí á margú, ba cheart do sholáthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne trédhearcacht a áirithiú i leith a n-úsáideoirí gnó maidir le haon bhealach dáileacháin breise agus cláir chleamhnaithe fhéideartha a d’fhéadfaidís a úsáid chun na hearraí agus na seirbhísí sin a mhargú.
Ba cheart bealaí breise agus cláir chleamhnaithe a thuiscint ar bhealach neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de ach go bhféadfaí a bheith ar áireamh iontu, inter alia, suíomhanna gréasáin eile, aipeanna eile nó seirbhísí eile idirghabhála ar líne a úsáidtear chun na hearraí nó na seirbhísí a thairgeann an t-úsáideoir gnó a mhargú.
- = -
(17) Is féidir tábhacht shuntasach eacnamaíoch do sholáthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne agus dá n-úsáideoirí gnó a bheith ag úinéireacht ar chearta maoine intleachtúla ar líne agus ag rialú a bheith á dhéanamh orthu.
Ba cheart do soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne, chun soiléireacht agus trédhearcacht a áirithiú agus chun go dtuigfí na rialacha sin níos fearr, laistigh dá dtéarmaí agus coinníollacha faisnéis ghinearálta nó faisnéis níos mionsonraithe, más mian leo, a chur san áireamh maidir le héifeachtaí foriomlána, más ann dóibh, na dtéarmaí agus na gcoinníollacha sin ar úinéireacht agus rialú chearta maoine intleachtúla an úsáideora gnó.
D’fhéadfaí a áireamh san fhaisnéis sin, inter alia, faisnéis amhail úsáid ghinearálta lógónna, trádmharcanna nó ainmneacha branda.
- = -
(18) Féadann trédhearcacht na dtéarmaí agus na gcoinníollach ginearálta bheith ríthábhachtach maidir le caidrimh ghnó inbhuanaithe a chur chun cinn agus iompar éagóir díobhálach d’úsáideoirí gnó a chosc.
Dá brí sin, ba cheart do sholáthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne a áirithiú go mbeadh na téarmaí agus na coinníollacha ar fáil go héasca ar feadh chéimeanna iomlána an chaidrimh tráchtála, lena n-áirítear d’úsáideoirí gnó ionchasacha ag an gcéim réamhchonarthach, agus go gcuirfí aon athruithe ar na téarmaí sin in iúl ar mheán marthanach d’úsáideoirí gnó lena mbaineann faoi cheann tréimhse fógra shocraithe atá réasúnach agus comhréireach i bhfianaise na n-imthosca sonracha agus ar tréimhse 15 dhéag ar a laghad í.
Ba cheart tréimhsi comhréireacha fógra níos mó ná 15 lá a thabhairt i gcás ina gceanglófar leis na hathruithe atá beartaithe ar na téarmaí agus na coinníollacha ar úsáideoirí gnó oiriúnuithe teicniúla nó tráchtála a dhéanamh chun an t-athrú a chomhlíonadh, mar shampla trína cheangal orthu coigeartuithe teicniúla suntasacha a dhéanamh ar a gcuid earraí nó seirbhísí.
Ní bheidh feidhm ag an tréimhse fógra sin i gcás ina ndéanfaidh an t-úsáideoir gnó lena mbaineann é a tharscaoileadh ar bhealach nach bhfuil débhríoch nó i gcás ina dtiocfaidh ann don ghá an t-athrú a chur chun feidhme gan an tréimhse fógra a urramú de thoradh oibleagáid dhlíthiúil nó rialála atá ar an soláthraí seirbhísí faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta, agus a mhéid is ann don ghá dá thoradh sin.
Mar sin féin, níor cheart athruithe eagarthóireachta atá beartaithe a chumhdach leis an téarma “athrú” a mhéid agus nach gcuirfidís aon athrú ar inneachar ná ar bhrí na dtéarmaí agus na gcoinníollacha.
Leis an gceanglas a bhaineann le hathruithe atá beartaithe a chur in iúl ar mheán marthanach, ba cheart a chur ar chumas úsáideoirí gnó athbhreithniú éifeachtach a dhéanamh ar na hathruithe sin tráth níos déanaí.
Ba cheart úsáideoirí gnó a bheith i dteideal a gconradh a fhoirceannadh laistigh de 15 lá ón bhfógra a fháil maidir le haon athrú, ach amháin má tá feidhm ag tréimhse níos giorra leis an gconradh, mar shampla mar thoradh ar an dlí sibhialta náisiúnta.
- = -
(21) Chun a áirithiú gur féidir le húsáideoirí gnó leas iomlán a bhaint as na deiseanna tráchtála a thairgeann seirbhísí idirghabhála ar líne, níor cheart do sholáthraithe na seirbhísí sin cosc a chur go hiomlán ar a n-úsáideoirí gnó a gcéannacht trádála a chur ar fáil mar chuid dá dtairiscint ná dá láithreacht ar na seirbhísí idirghabhála ábhartha ar líne.
Níor cheart an toirmeasc sin ar chur isteach a thuiscint, áfach, mar cheart d’úsáideoirí gnó cur i láthar a dtairisceana nó na seirbhísí idirghabhála ábhartha ar líne a bheith i láthair a chinneadh go haontaobhach.
- = -
(22) Is féidir cúiseanna dlisteanacha a bheith ag soláthraí seirbhísí idirghabhála ar líne le cinneadh a dhéanamh soláthar a sheirbhísí d’úsáideoir gnó áirithe a shrianadh, a fhionraí nó a fhoirceannadh, lena n-áirítear earraí nó seirbhísí aonair de chuid úsáideoirí gnó áirithe a dhíliostú nó torthaí cuardaigh a bhaint go héifeachtach.
Murab ionann is a bheith ar fionraí, is féidir le soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne liostaí aonair d’úsáideoirí gnó a shrianadh freisin; mar shampla trí ísliú a dhéanamh orthu nó trí dhifear diúltach a dhéanamh do chuma úsáideora gnó (“lagú”) rud is féidir a rangú a ísliú.
Mar sin féin, toisc gur féidir leis na cinntí sin tionchar suntasach a imirt ar leasanna an úsáideora gnó lena mbaineann, ba cheart ráiteas faoi na cúiseanna atá leis an gcinneadh sin a sholáthar dóibh ar mheán marthanach sula ngabhfaidh éifeacht leis an srianadh, fionraí nó foirceannadh nó ag an tráth céanna.
Chun tionchar diúltach na gcinntí sin ar úsáideoirí gnó a íoslaghdú, ba cheart do sholáthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne deis a thabhairt freisin na fíricí a raibh an cinneadh sin mar thoradh orthu a shoiléiriú faoi chuimsiú an phróisis inmheánaigh láimhseála gearán, rud a chabhróidh leis an úsáideoir gnó comhlíonadh a athbhunú nuair is féidir sin a dhéanamh.
Ina theannta sin, i gcás ina gcúlghairfidh soláthraí idirghabhála ar líne an cinneadh chun na seirbhísí a shrianadh, a fhionraí nó a fhoirceannadh, mar shampla toisc go ndearnadh an cinneadh trí earráid nó nach ndearnadh an sárú ar na coinníollacha as ar lean an cinneadh de mheon mímhacánta agus gur leigheasadh é ar bhealach sásúil, ba cheart don soláthraí an t-úsáideoir gnó lena mbaineann a athbhunú gan moill mhíchuí, lena n-áirítear trí aon rochtain ar shonraí pearsanta nó ar shonraí eile, nó orthu araon, a bhí ar fáil roimh an gcinneadh a thabhairt don úsáideoir gnó.
Leis an ráiteas faoi na cúiseanna atá leis sin an gcinneadh soláthar seirbhísí idirghabhála ar líne a shrianadh, a fhionraí nó a fhoirceannadh, ba cheart ligean d’úsáideoirí gnó a fháil amach an bhfuil deis ann agóid a dhéanamh faoin gcinneadh, agus ar an gcaoi sin na deiseanna a bheadh ag úsáideoirí gnó sásamh éifeachtach a lorg a fheabhsú i gcás inar ghá.
- = -
(23) Caillteanas ollmhór saineolais a bheadh ann dá gcuirfí deireadh leis na seirbhísí idirghabhála ar líne ar fad agus dá scriosfaí sonraí gaolmhara a fhoráiltear le haghaidh na seirbhísí idirghabhála ar líne nó a ghintear trí sholáthar na seirbhísí sin, agus d’fhéadfadh tionchar suntasach a bheith aige sin ar úsáideoirí gnó agus d’fhéadfadh sé a bheith ina bhac orthu freisin cearta eile a thugtar faoin Rialachán seo a fheidhmiú go cuí.
Dá bhrí sin, ba cheart do sholáthraí seirbhísí idirghabhála ar líne ráiteas faoi na cúiseanna leis an gcinneadh sin a chur in iúl, ar mheán marthanach, don úsáideoir gnó lena mbaineann, 30 lá ar a laghad sula ngabhfadh éifeacht le foirceannadh sholáthar iomlán na seirbhísí idirghabhála ar líne atá aige.
Mar sin féin, i gcásanna ina gcuirfidh oibleagáid dhlíthiúil nó rialála ceanglas ar sholáthraí seirbhísí idirghabhála ar líne deireadh a chur lena sheirbhísí uile idirghabhála ar líne d’úsáideoir gnó áirithe, níor cheart feidhm a bheith ag an tréimhse fógra sin.
Ar an gcaoi chéanna, níor cheart feidhm a bheith ag an tréimhse fógra 30 lá i gcás soláthraí a chuirfidh a chearta foirceanta i bhfeidhm faoin dlí náisiúnta agus i gcomhréir le dlí an Aontais lenar ceadmhach foirceannadh láithreach a dhéanamh más rud é, agus imthosca uile an cháis shonraigh á gcur san áireamh agus leas an dá pháirtí á mheá, nach féidir a bheith ag súil leis go leanfaidh an caidreamh conarthach ar aghaidh go dtí an dáta deiridh a comhaontaíodh nó go dtí go rachaidh an tréimhse fógra in éag.
Ar deireadh, níor cheart feidhm a bheith ag an tréimhse fógra 30 lá i gcás ina bhféadfaidh soláthraí seirbhísí idirghabhála ar líne athshárú ar na téarmaí agus na coinníollacha a léiriú.
Féadfaidh na heisceachtaí éagsúla ar an tréimhse fógra 30 lá teacht chun cinn go háirithe i dtaca le hinneachar mídhleathach nó míchuí sábháilteacht earra nó seirbhíse, góchumadh, calaois, bogearraí mailíseacha, turscar, sáruithe sonraí, rioscaí eile cibearshlándála nó oiriúnacht an earra nó na seirbhíse do mhionaoisigh.
Chun comhréireacht a áirithiú, ba cheart do sholáthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne, i gcás inar réasúnach agus ina bhfuil sé indéanta go teicniúil, earraí nó seirbhísí aonair úsáideora gnó, agus iad sin amháin, a dhíliostú.
Is é foirceannadh iomlán na seirbhísí idirghabhála ar líne an beart is déine.
- = -
(24) I ndáil le rangú earraí agus seirbhísí ag soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne, imríonn sin tionchar tábhachtach ar rogha an tomhaltóra agus, dá bharr sin, ar rathúnas tráchtála na n-úsáideoirí gnó a thairgeann na hearraí agus na seirbhísí sin do thomhaltóirí.
Baineann rangú leis an tsuntasacht choibhneasta a thugtar do thairiscintí na n-úsáideoirí gnó nó don ábharthacht a thugtar do thorthaí cuardaigh, arna gcur i láthair, arna n-eagrú agus arna gcur in iúl ag soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne nó ag soláthraithe inneall cuardaigh ar líne, mar thoradh ar an úsáid a bhaintear as algartam lena mbaineann seicheamhú, rátáil nó sásraí athbhreithniúcháin, buaicphointí atá dírithe ar an tsúil nó uirlisí aireachtála eile, nó cónaisc díobh sin.
Is é atá i gceist le hintuarthacht go gcinneann soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne rangú ar bhealach neamhthreallach.
Ba cheart do sholáthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne na príomhpharaiméadair lena gcinnfear an rangú a leagan amach roimh ré, d’fhonn an intuarthacht a fheabhsú d’úsáideoirí gnó, chun ceadú dóibh feidhmiú an tsásra rangaithe a thuiscint níos fearr agus chun a chur ar a gcumas cleachtais rangaithe na soláthraithe éagsúla a chur i gcomparáid.
Tá dearadh sonrach na hoibleagáide trédhearcachta sin tábhachtach d’úsáideoirí gnó mar tuigtear uaidh sainaithint sraith theoranta paraiméadar is mó atá ábhartha as líon i bhfad níos mó paraiméadar a bhfuil tionchar éigin acu ar an rangú.
Leis an tuairisc réasúnaithe sin, ba cheart cuidiú le húsáideoirí gnó feabhas a chur ar chur i láthair a n-earraí agus a seirbhísí, nó ar roinnt buntréithe na n-earraí nó na seirbhísí sin.
Ba cheart a thuiscint go dtagraíonn an coincheap príomhpharaiméadar d’aon chritéir ghinearálta, próisis, comharthaí sonracha a chorpraítear in algartaim nó aon sásraí coigeartaithe nó íslithe a úsáidtear i ndáil leis an rangú.
- = -
(26) Ar an gcaoi chéanna, an rangú a dhéanann soláthraithe inneall cuardaigh ar líne ar shuíomhanna gréasáin, go háirithe na suíomhanna gréasáin sin trína dtairgeann gnóthais a n-earraí agus a seirbhísí do thomhaltóirí, imríonn sin tionchar mór ar rogha tomhaltóirí agus ar rathúnas tráchtála na n-úsáideoirí suíomhanna gréasáin corparáideacha.
Fágann sé sin gur cheart do sholáthraithe inneall cuardaigh tuairisc a chur ar fáil ar na príomhpharaiméadair lena gcinntear rangú na suíomhanna gréasáin innéacsaithe uile, agus ar an tábhacht choibhneasta a bhaineann leis na príomhpharaiméadair sin seachas paraiméadair eile, lena n-áirítear suíomhanna úsáideoirí corparáideacha agus úsáideoirí suíomhanna eile.
De bhreis ar thréithe na n-earraí agus na seirbhísí agus a ábhartha atá siad ó thaobh na dtomhaltóirí de, ba cheart a cheadú leis an tuairisc sin, i gcás innill chuardaigh ar líne, d’úsáideoirí suíomhanna gréasáin corparáideacha ar líne tuiscint leordhóthanach a fháil an gcuirtear tréithe áirithe de dhearadh an tsuímh gréasáin a úsáidtear san áireamh, amhail iad a optamú lena dtaispeáint ar ghléasanna cumarsáide móibíleacha, agus má chuirtear, conas a dhéantar sin agus an méid a dhéantar é.
Ba cheart míniú a thabhairt sa tuairisc sin freisin ar na deiseanna a d’fhéadfadh a bheith ag úsáideoirí suíomhanna gréasáin corparáideacha tionchar gníomhach a imirt ar rangú os coinne luach saothair, mar aon le míniú a thabhairt freisin ar na héifeachtaí coibhneasta a bhaineann leis sin.
D’uireasa caidreamh conarthach idir soláthraithe inneall cuardaigh ar líne agus úsáideoirí suíomhanna corparáideacha, ba cheart an tuairisc sin a chur ar fáil don phobal in áit fhollasach atá inrochtana gan stró ar an inneall cuardaigh ábhartha ar líne.
Leis na leathanaigh sin ar shuíomhanna gréasáin ar gá logáil isteach orthu nó clárú leo, níor cheart a thuiscint go mbeadh fáil orthu go furasta agus go poiblí sa chiall sin.
- = -
(27) Níor cheart a cheangal ar sholáthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne ná ar sholáthraithe inneall cuardaigh ar líne, feidhmiú mionsonraithe a sásraí rangaithe a nochtadh, lena n-áirítear a n-algartaim, faoin Rialachán seo.
Ar an gcaoi chéanna, níor cheart dochar a dhéanamh dá gcumas gníomhú i gcoinne cúbláil mhailíseach ar rangú ag tríú páirtí, lena n_áirítear chun leasa na dtomhaltóirí.
Ba cheart, leis an gcur síos ginearálta ar na príomhpharaiméadair rangaithe, na leasanna sin a chaomhnú agus ag an am céanna tuiscint leormhaith a thabhairt d’úsáideoirí gnó agus d’úsáideoirí suíomhanna corparáideacha i dtaca le feidhmiú an rangaithe i gcomhthéacs a n-úsáid de sheirbhísí sonracha idirghabhála ar líne nó innill cuardaigh ar líne.
Chun a áirithiú go mbainfear amach cuspóir an Rialacháin seo, ní ceart leasanna tráchtála na soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne nó na soláthraithe inneall cuardaigh ar líne a bheith ina siocair gan na príomhpharaiméadair lena gcinntear rangú a nochtadh.
Maidir leis sin, cé nach dochar an Rialachán seo do Threoir (AE) 2016/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), ba cheart an tuairisc a thabharfar a bheith bunaithe ar shonraí iarbhír maidir le hábharthacht na bparaiméadar rangaithe a úsáidfear.
- = -
(32) Ba cheart díriú ar théarmaí conarthacha sonracha sa Rialachán seo, go háirithe i gcásanna éagothromaíochtaí cumhachta mhargála, chun a áirithiú go ndéanfar caidreamh conarthach de mheon macánta agus ar bhonn cóirdhéileála. Éilítear le hintuarthacht agus trédhearcacht go dtugtar fíordheis d’úsáideoirí gnó eolas a chur ar athruithe ar théarmaí agus coinníollacha nár cheart, dá bhrí sin, a fhorchur le héifeacht chúlghabhálach mura rud é go bhfuil siad bunaithe ar oibleagáid dhlíthiúil nó rialála nó go bhfuil siad tairbheach do na húsáideoirí gnó sin.
Ina theannta sin, ba cheart soiléireacht a thairiscint d’úsáideoirí gnó maidir leis na coinníollacha faoina bhféadfar a gcaidreamh conarthach le soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne a fhoirceannadh.
Ba cheart do sholáthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne a áirithiú go bhfuil na coinníollacha foirceanta i gcónaí comhréireach agus gur féidir iad a fheidhmiú gan deacracht mhíchuí.
Ar deireadh, ba cheart úsáideoirí gnó a chur ar an eolas go hiomlán maidir le haon rochtain a choimeádann soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne, tar éis dhul in éag an chonartha, ar an bhfaisnéis a dhéanann úsáideoirí gnó a sholáthar nó a ghiniúint i gcomhthéacs na húsáide a bhaineann siad as seirbhísí idirghabhála ar líne.
- = -
(34) Sa chaoi chéanna, tá sé tábhachtach d’úsáideoirí gnó a thuiscint an gcomhroinneann an soláthraí aon sonraí a gineadh trí sheirbhís idirghabhála a bheith á húsáid ag an úsáideoir gnó.
Ba cheart, go háirithe, go gcuirfí úsáideoirí gnó ar an eolas faoi aon chomhroinnt sonraí a bheith á déanamh ar shonraí le tríú páirtithe chun críocha nach gá le haghaidh fheidhmiú chuí na seirbhísí idirghabhála ar líne; mar shampla i gcás ina gcuireann an soláthraí luach airgid ar na sonraí atá faoi bhreithniú tráchtála.
Chun lamháil d’úsáideoirí gnó cearta atá ar fáil chun tionchar a bheith ar an gcomhroinnt sonraí sin a lánfheidhmiú, ba cheart do sholáthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne a bheith sainráiteach freisin faoi fhéidearthachtaí diúltú do chomhroinnt sonraí i gcás inarb ann dóibh faoina gcaidreamh conarthach leis an úsáideoir gnó.
- = -
(35) Níor cheart na ceanglais sin a thuiscint mar aon oibleagáid ar sholáthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne sonraí pearsanta nó neamhphearsanta a scaipeadh do na húsáideoirí gnó nó gan iad a scaipeadh dóibh.
Is príomhfhoinse nuálaíochta agus fáis na bearta trédhearcachta, áfach, agus d’fhéadfaidís cuidiú le méadú na comhroinnte sonraí agus, ina theannta sin, feabhas a chur ar na haidhmeanna lena gcruthófar spás coiteann Eorpach do shonraí.
Ba cheart próiseáil ar shonraí pearsanta a bheith i gcomhréir le creat dlíthiúil an Aontais maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil, agus maidir le hurraim don saol príobháideach agus cosaint sonraí pearsanta i gcumarsáid leictreonach, go háirithe Rialachán (AE) 2016/679 (6), Treoir (AE) 2016/680 (7) agus Treoir 2002/58/CE (8) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
- = -
(37) Lena chur ar a gcumas d’úsáideoirí gnó, lena n-áirítear na húsáideoirí sin a d’fhéadfadh an cead a bheadh acu na seirbhísí idirghabhála ar líne a úsáid a bheith srianta, curtha ar fionraí nó foirceanta, rochtain a fháil ar dheiseanna sásaimh láithreacha oiriúnacha éifeachtacha, ba cheart do sholáthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne foráil a dhéanamh maidir le córas inmheánach láimhseála gearán.
Maidir leis an gcóras inmheánach láimhseála gearán sin, ba cheart é a bheith bunaithe ar phrionsabail na trédhearcachta agus na córa comhionainne a chuirtear i bhfeidhm ar staideanna coibhéiseacha, dírithe ar a áirithiú gur féidir leis an soláthraí seirbhísí idirghabhála ar líne agus an úsáideoir gnó is ábhartha sciar suntasach de na gearáin a réiteach go déthaobhach, laistigh de thréimhse ama réasúnta.
D’fhéadfadh na soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne an cinneadh a rinne siad a choimeád i bhfeidhm le linn thréimse an ghearáin.
Aon iarracht chun teacht ar chomhaontú tríd an bpróiseas inmheánach láimhseála gearán, ní dhéanfaidh sí difear do chearta sholáthraithe na seirbhísí idirghabhála ar líne nó na n-úsáideoirí gnó i dtaca le himeachtaí breithiúnacha a thionscnamh aon tráth le linn an phróisis inmheánaigh láimhseála gearán nó ina dhiaidh.
Ina theannta sin, ba cheart do sholáthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne faisnéis a fhoilsiú agus, go bliantúil ar a laghad, a fhíorú faisnéis maidir le feidhmiú agus éifeachtacht a gcóras inmheánach láimhseála gearán chun cabhrú le húsáideoirí gnó tuiscint a fháil ar na príomhchineálacha saincheisteanna a d’fhéadfadh teacht chun cinn i gcomhthéacs seirbhísí idirghabhála difriúla ar líne a sholáthar agus ar na deiseanna atá ann teacht ar réiteach déthaobhach gasta éifeachtach.
- = -
(38) Is é is aidhm le ceanglais an Rialacháin seo maidir le córais inmheánacha láimhseála gearán méid réasúnach solúbthachta a cheadú do sholáthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne agus na córais sin á bhfeidhmiú acu agus iad ag déileáil le gearáin aonair ionas go laghdófar aon ualach riaracháin a bheidh ann.
Ina theannta sin, leis na córais inmheánacha láimhseála gearán, ba cheart ligean do sholáthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne aghaidh a thabhairt, i gcás inar gá, ar bhealach comhréireach ar aon úsáid a dhéanfadh úsáideoirí gnó áirithe iarracht a bhaint as na córais sin de mheon mímhacánta.
I bhfianaise na gcostas a bhaineann leis na córais sin a bhunú agus a fheidhmiú, is iomchuí aon soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne ar fiontair bheaga iad a dhíolmhú ó na hoibleagáidí sin, i gcomhréir le forálacha ábhartha de Mholadh 2003/361/CE ón gCoimisiún (9). Áirithíonn na rialacha maidir le comhdhlúthú a leagtar síos sa Mholadh sin nach mbeifear in ann teacht timpeall air.
Mar sin féin, níor cheart don díolúine sin difear a dhéanamh do cheart na bhfiontar sin córas inmheánach láimhseála gearán, a chomhlíonann na critéir a leagtar amach sa Rialachán seo, a chur ar bun ar bhonn deonach.
- = -
(40) Leis an idirghabháil tugtar do sholáthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne agus dá n-úsáideoirí gnó modh chun díospóidí a réiteach ar bhealach sásúil gan an gá dul i mbun imeachtaí dlíthiúla, rud a bhíonn fadálach costasach uaireanta.
Dá bharr sin, ba cheart do sholáthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne an idirghabháil a éascú, go háirithe, trí bheirt idirghabhálaithe phoiblí nó phríobháideacha ar a laghad, a mbeidís sásta déileáil leo, a shainaithint.
Is é an aidhm go gceanglaítear íoslíon na n-idirghabhálaithe a shainaithint neodracht na n-idirghabhálaithe a chosaint.
Níor cheart d’idirghabhálaithe a chuireann a seirbhísí ar fáil ó áit atá lasmuigh den Aontas a shainaithint ach amháin, i gcás ina n-úsáidtear na seirbhísí sin, má ráthaítear nach ndéanfar aon chosaint dlíthiúil a thugtar do na húsáideoirí gnó lena mbaineann faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta a cheilt orthu, lena n-áirítear ceanglais an Rialacháin seo agus an dlí is infheidhme a bhaineann le sonraí pearsanta agus rúin trádála a chosaint.
Chun a bheith chomh hinrochtana cóir gasta éifeachtúil agus éifeachtach agus is féidir, ba cheart do na hidirghabhálaithe sin critéir shocraithe áirithe a chomhlíonadh.
Mar sin féin, fágtar faoi sholáthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne agus a n-úsáideoirí gnó cinneadh a dhéanamh eatarthu féin pé idirghabhálaí is ansa leo a roghnú d’fhonn díospóid atá tagtha chun cinn eatarthu a réiteach.
I gcomhréir le Treoir 2008/52/EC ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10), ba cheart don idirghabháil dá bhforáiltear sa Rialachán seo a bheith ina próiseas deonach sa chiall go bhfuil na páirtithe féin i gceannas ar an bpróiseas agus gur féidir leo í a thosú agus a fhoirceannadh aon tráth.
Bíodh is gur seirbhísí deonacha atá i gceist, ba cheart do sholáthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne scrúdú a dhéanamh de mheon macánta ar iarrataí a dhéantar orthu tabhairt faoin tseirbhís idirghabhála dá bhforáiltear sa Rialachán seo.
- = -
(41) Ba cheart do sholáthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne cion réasúnach de chostais uile na hidirghabhála a sheasamh agus gnéithe ábhartha uile an cháis i dtrácht á gcur san áireamh.
Chuige sin, ba cheart don idirghabhálaí a mholadh cé acu coibhneas is réasúnach i ngach cás aonair.
I bhfianaise na gcostas agus an ualaigh riaracháin a bhaineann leis an ngá atá le hidirghabhálaithe a shainaithint sna téarmaí agus sna coinníollacha, is iomchuí aon soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne ar fiontair bheaga iad a dhíolmhú ón oibleagáid sin, i gcomhréir le forálacha ábhartha Mholadh 2003/361/CE. Áirithíonn na rialacha maidir le comhdhlúthú a leagtar síos sa Mholadh sin nach mbeifear in ann teacht timpeall ar an oibleagáid sin.
Mar sin féin, níor cheart don mhéid sin difear a dhéanamh do cheart na bhfiontar sin idirghabhálaithe a shainaithint sna téarmaí agus sna coinníollacha, a chomhlíonann na critéir a leagtar amach sa Rialachán seo.
- = -
(42) Ós rud é gur cheart é a bheith de cheangal ar sholáthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne i gcónaí na hidirghabhálaithe a bhfuil siad sásta déileáil leo a shainaithint, agus gur cheart é a bheith d’oibleagáid orthu páirt a ghlacadh de mheon macánta le linn aon iarrachtaí idirghabhála a sheoltar de bhun an Rialacháin seo, ba cheart na hoibleagáidí seo a bhunú ar bhealach a chuireann cosc ar úsáideoirí gnó mí-úsáid a bhaint as an gcóras idirghabhála.
Chomh maith leis sin, ba cheart é a bheith d’oibleagáid ar úsáideoirí gnó dul i mbun idirghabhála de mheon macánta.
Níor cheart oibleagáid a bheith ar sholáthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne dul i mbun idirghabhála i gcás ina dtionscnaíonn úsáideoir gnó imeachtaí maidir le hábhar ar ina leith a thionscain an t-úsáideoir gnó sin imeachtaí roimhe sin ag lorg idirghabhála agus gur chinn an t-idirghabhálaí sa chás sin nár ghníomhaigh an t-úsáideoir gnó de mheon macánta.
Níor cheart an oibleagáid a bheith ar sholáthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne dul i mbun idirghabhála le húsáideoirí gnó a bhfuil iarrachtaí ar idirghabháil nár éirigh leo curtha arís agus arís eile acu faoi bhráid an idirghabhálaí.
Leis na cásanna eisceachtúla sin, níor cheart teorainn a chur ar chumas an úsáideora gnó cás a chur chun idirghabhála i gcás, de réir mar a chinn an t-idirghabhálaí, nach bhfuil gaol ag an idirghabháil leis na cásanna roimhe sin.
- = -
(47) Ba cheart don Choimisiún faireachán leanúnach a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo i ndlúthchomhar leis na Ballstáit.
Sa chomhthéacs sin, ba cheart é a bheith mar aidhm ag an gCoimisiún líonra malartaithe faisnéise leathan a bhunú trí chomhlachtaí saineolaithe ábhartha, ionaid bharrfheabhais, chomh maith leis an bhFaireachlann maidir le Geilleagar na nArdán ar Líne, a luamhanú.
An tráth céanna, ba cheart do na Ballstáit aon fhaisnéis ábhartha atá acu sa chomhthéacs sin a sholáthar don Choimisiún, arna iarraidh sin.
Ar deireadh, ba cheart don fheidhmiú sin tairbhiú den trédhearcacht fheabhsaithe fhoriomlán sa chaidreamh tráchtála idir úsáideoirí gnó agus soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne agus idir úsáideoirí suíomhanna gréasáin corparáideacha agus innill chuardaigh ar líne arb aidhm don Rialachán seo é sin a bhaint amach.
Chun a dhualgais maidir le faireachán agus athbhreithniú a chomhlíonadh go héifeachtach faoin Rialachán seo, ba cheart don Choimisiún féachaint le faisnéis a bhailiú ó sholáthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne.
Ba cheart do sholáthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne comhoibriú de mheon macánta i mbailiú na sonraí sin a éascú, i gcás inarb infheidhme.
- = -