search


keyboard_tab REGIS - Reg. Intermediation Services 2019/1150 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2019/1150 GA cercato: 'n-áirítear' . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl




whereas n-áirítear:


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 709

 

Airteagal 2,

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “úsáideoir gnó” aon duine aonair príobháideach atá ag gníomhú i gcáil tráchtála nó ghairmiúil, nó aon duine dlítheanach a thairgeann earraí nó seirbhísí do thomhaltóirí trí sheirbhísí idirghabhála ar líne chun críocha a bhaineann lena thrádáil, lena ghnó, lena cheird nó lena ghairm;

(2)

ciallaíonn “seirbhísí idirghabhála ar líne” seirbhísí a chomhlíonann na riachtanais seo a leanas go léir:

(a)

is é atá iontu seirbhísí sochaí faisnéise de réir bhrí phointe (b) d’Airteagal 1(1) de Threoir (AE) 2015/1535 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12);

(b)

tugann siad deis d’úsáideoirí gnó earraí nó seirbhísí a thairiscint do thomhaltóirí, d’fhonn tionscnamh idirbheart díreach idir na húsáideoirí gnó sin agus na tomhaltóirí sin a éascú, beag beann ar an áit ina dtugtar na hidirbhearta sin chun críche go hiomlán;

(c)

soláthraítear d'úsáideoirí gnó iad ar bhonn caidreamh conarthach idir soláthraí na seirbhísí sin agus úsáideoirí gnó a thairgeann earraí nó seirbhísí do thomhaltóirí;

(3)

ciallaíonn “soláthraí seirbhísí idirghabhála ar líne” aon duine nádúrtha nó dlítheanach a sholáthraíonn seirbhísí idirghabhála ar líne d’úsáideoirí gnó, nó a thairgeann iad a sholáthar dóibh;

(4)

ciallaíonn “tomhaltóir” aon duine nádúrtha a ghníomhaíonn chun críocha atá lasmuigh de thrádáil, gnó, ceird nó gairm an duine sin;

(5)

ciallaíonn “inneall cuardaigh ar líne” seirbhís dhigiteach a chuireann ar chumas úsáideoirí iarratais a ionchur chun cuardaigh a dhéanamh, i bprionsabal, ar gach suíomh gréasáin nó gach suíomh gréasáin i dteanga faoi leith, ar bhonn iarratas ar aon ábhar i bhfoirm eochairfhocail, glao-iarraidh, frása nó ionchuir eile, agus a sheolann torthaí ar ais in aon fhormáid ina bhfuil faisnéis le fáil a bhaineann leis an ábhar a iarradh;

(6)

ciallaíonn “soláthraí innill cuardaigh ar líne” aon duine nádúrtha nó dlítheanach a sholáthraíonn innill cuardaigh ar líne do thomhaltóirí, nó a thairgeann iad a sholáthar dóibh;

(7)

ciallaíonn “úsáideoir suímh gréasáin chorparáidigh” aon duine nádúrtha nó dlítheanach a úsáideann comhéadan ar líne, rud a chiallaíonn aon bhogearra, lena n-áirítear suíomh gréasáin nó cuid de agus feidhmchláir, lena n-áirítear feidhmchláir mhóibíleacha, chun earraí nó seirbhísí a thairiscint do thomhaltóirí chun críocha a bhaineann lena thrádáil, lena ghnó, lena cheird nó lena ghairm;

(8)

ciallaíonn “rangú” an tsuntasacht choibhéiseach a thugtar do na hearraí nó na seirbhísí a thairgtear trí sheirbhísí idirghabhála ar líne, nó an ábharthacht a thugann innill chuardaigh ar líne do thorthaí cuardaigh, arna gcur i láthair, arna n-eagrú agus arna gcur in iúl ag soláthraithe na seirbhísí idirghabhála ar líne nó ag soláthraithe inneall cuardaigh ar líne, faoi seach, beag beann ar na modhanna teicneolaíocha a úsáidtear don chur i láthair, don eagrú nó don chur in iúl sin;

(9)

ciallaíonn “rialú” úinéireacht ghnóthais, nó an cumas tionchar cinntitheach a imirt ar ghnóthas, de réir bhrí Airteagal 3(2) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (13);

(10)

ciallaíonn “téarmaí agus coinníollacha” na téarmaí agus na coinníollacha nó na sonraíochtaí go léir, gan beann ar a n-ainm nó ar a bhfoirm, lena rialaítear an caidreamh conarthach idir soláthraí na seirbhísí idirghabhála ar líne agus a úsáideoirí gnó agus a chinneann soláthraí na seirbhísí idirghabhála ar líne go haontaobhach, ar cinneadh aontaobhach é a ndéantar meastóireacht air ar bhonn measúnú foriomlán, ar ina leith nach bhfuil méid choibhneasta na gcomhpháirtithe lena mbaineann, an fíoras go ndearnadh caibidlíocht, ná go bhféadfadh forálacha áirithe díobh a bheith faoi réir caibidlíocht den sórt sin agus cinneadh a bheith déanta orthu le chéile ag an soláthraí ábhartha agus ag an úsáideoir gnó, ann féin, cinntitheach;

(11)

ciallaíonn “earraí agus seirbhísí coimhdeacha” earraí agus seirbhísí a thairgtear don tomhaltóir sula ndéantar idirbheart a tionscnaíodh ar na seirbhísí idirghabhála ar líne a chur i gcrích sa bhreis ar an earra príomhúil nó an tseirbhís phríomhúil a thairgeann an t-úsáideoir gnó trí na seirbhísí idirghabhála ar líne agus comhlántach ar an earra nó an tseirbhís sin;

(12)

ciallaíonn “idirghabháil” aon phróiseas struchtúrtha mar a shainmhínítear i bpointe (a) d’Airteagal 3 de Threoir 2008/52/CE;

(13)

ciallaíonn “meán marthanach” aon ionstraim trínar féidir le húsáideoirí gnó faisnéis a díríodh chucu go pearsanta a stóráil ionas gur féidir tagairt di ina dhiaidh sin go ceann tréimhse leordhóthanach chun críocha na faisnéise agus ionas gur féidir an fhaisnéis atá stóráilte a atáirgeadh gan í a athrú.

Airteagal 3

Téarmaí agus coinníollacha

1.   Áiritheoidh soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne go bhfuil an méid seo a leanas i gceist lena gcuid téarmaí agus coinníollacha:

(a)

tá siad dréachtaithe i bhfriotal simplí agus intuigthe;

(b)

tá siad ar fáil go héasca d’úsáideoirí gnó ar feadh chéimeanna iomlána an chaidrimh tráchtála le soláthraí na seirbhísí idirghabhála ar líne, lena n-áirítear ag an gcéim réamhchonarthach;

(c)

leagtar amach iontu na forais maidir le cinntí soláthar a seirbhísí idirghabhála ar líne d’úsáideoirí gnó a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh, go hiomlán nó i bpáirt, nó aon chineál sriain eile a fhorchur orthu;

(d)

cuirtear san áireamh leo faisnéis maidir le haon bhealaí dáilte breise agus maidir lena gcláir chleamhnaithe fhéideartha trína bhféadfadh soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne seirbhísí a thairgeann úsáideoirí gnó a mhargú;

(e)

cuirtear san áireamh leo faisnéis ghinearálta maidir le héifeachtaí na dtéarmaí agus na gcoinníollacha ar úinéireacht agus ar rialú chearta maoine intleachtúla na n-úsáideoirí gnó.

2.   Tabharfaidh soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne fógra, ar mheán marthanach, do na húsáideoirí gnó lena mbaineann i dtaca le haon athrú atá beartaithe ar a dtéarmaí agus a gcoinníollacha.

Ní chuirfear na hathruithe atá beartaithe chun feidhme sula rachaidh tréimhse fógra in éag atá réasúnta agus comhréireach le cineál agus réim na n-athruithe atá beartaithe agus lena n-iarmhairtí don úsáideoir gnó lena mbaineann. Mairfidh an tréimhse fógra sin 15 lá ar a laghad ón dáta a thugann an soláthraí seirbhísí idirghabhála ar líne fógra do na húsáideoirí gnó lena mbaineann faoi na hathruithe atá beartaithe. Deonóidh soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne tréimhsí fógra níos faide nuair is gá sin chun lamháil d’úsáideoirí gnó oiriúnuithe teicniúla nó tráchtála a dhéanamh chun na hathruithe a chomhlíonadh.

Beidh sé de cheart ag an úsáideoir gnó lena mbaineann an conradh le soláthraí na seirbhísí idirghabhála ar líne a fhoirceannadh sula rachaidh an tréimhse fógra in éag. Beidh éifeacht ag foirceannadh den sórt laistigh de 15 lá ón bhfógra a fháil de bhun na chéad fhomhíre, mura mbeidh feidhm ag tréimhse níos giorra maidir leis an gconradh.

Féadfaidh an t-úsáideoir gnó lena mbaineann an tréimhse fógra dá dtagraítear sa dara fomhír a tharscaoileadh, cibé acu trí ráiteas i scríbhinn nó trí ghníomhaíocht shoiléir dhearfach, tráth ar bith tar éis an fógra a fháil de bhun na chéad fhomhíre.

Le linn na tréimhse fógra, measfar gur gníomhaíocht dhearfach shoiléir a bheidh in earraí nua nó seirbhísí nua a chur isteach ar na seirbhísí idirghabhála ar líne chun an tréimhse fógra a tharscaoileadh, ach amháin i gcásanna ina bhfuil an tréimhse fógra réasúnta agus comhréireach níos faide ná 15 lá toisc go n-éilítear leis na hathruithe ar na téarmaí agus na coinníollacha go ndéanfaidh an t-úsáideoir gnó coigeartuithe suntasacha teicniúla ar a earraí nó seirbhísí. I gcásanna den sórt sin, ní mheasfar an tréimhse fógra a bheith tarscaoilte go huathoibríoch i gcás ina gcuirfidh an t-úsáideoir gnó earraí agus seirbhísí nua isteach.

3.   Maidir le téarmaí agus coinníollacha, nó forálacha sonracha díobh, nach gcomhlíonann ceanglais mhír 1, chomh maith le hathruithe ar théarmaí agus coinníollacha arna gcur chun feidhme ag soláthraí seirbhísí idirghabhála ar líne, contrártha d'fhorálacha mhír 2, beidh siad ar neamhní go hiomlán.

4.   Ní bheidh feidhm ag an tréimhse fógra a leagtar amach sa dara fomhír de mhír 2, más rud é maidir le soláthraí seirbhísí idirghabhála ar líne:

(a)

go bhfuil sé faoi réir oibleagáid dhlíthiúil nó rialála a cheanglaíonn air a théarmaí agus a choinníollacha a athrú ar bhealach nach dtugann deis dó an tréimhse fógra dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 2 a urramú;

(b)

go bhfuil air a dtéarmaí agus coinníollacha a athrú go heisceachtúil chun aghaidh a thabhairt ar gharchontúirt neamhthuartha a bhaineann le cosaint a thabhairt do sheirbhísí idirghabhála ar líne, do thomhaltóirí nó d'úsáideoirí eile gnó ó chalaois, bogearraí mailíseacha, turscar, sáruithe sonraí nó rioscaí eile cibearshlándála.

5.   Áiritheoidh soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne go mbeidh sainaitheantas an úsáideora gnó a sholáthraíonn na hearraí nó na seirbhísí ar na seirbhísí idirghabhála ar líne le feiceáil go soiléir.

Airteagal 4

Srianadh, fionraí agus foirceannadh

1.   I gcás ina ndéanann soláthraí seirbhísí idirghabhála ar líne cinneadh soláthar a sheirbhísí idirghabhála ar líne d’úsáideoir gnó áirithe i ndáil le hearraí nó seirbhísí aonair a thairgeann an t-úsáideoir gnó sin a shrianadh nó a chur ar fionraí, déanfaidh sé ráiteas faoi na cúiseanna a bhí leis an gcinneadh sin a sholáthar don úsáideoir gnó lena mbaineann ar mheán marthanach sula ngabhfaidh éifeacht leis an srianadh nó leis an bhfionraí nó tráth a ngabhfaidh éifeacht leo.

2.   I gcás ina ndéanfaidh soláthraí seirbhísí idirghabhála ar líne cinneadh soláthar a sheirbhísí idirghabhála uile ar líne d’úsáideoir gnó áirithe a fhoirceannadh, déanfaidh sé ráiteas faoi na cúiseanna a bhí leis an gcinneadh sin a sholáthar don úsáideoir gnó lena mbaineann ar mheán marthanach 30 lá ar a laghad sula ngabhfaidh éifeacht leis an bhfoirceannadh.

3.   I gcás srianadh, fionraí nó foirceannadh, tabharfaidh soláthraí na seirbhísí idirghabhála ar líne an deis don úsáideoir gnó na fíricí agus na himthosca a shoiléiriú faoi chuimsiú an phróisis inmheánaigh láimhseála gearán dá dtagraítear in Airteagal 11. I gcás ina ndéanfaidh an soláthraí seirbhíse idirghabhála an srianadh, an fionraí nó an foirceannadh a chúlghairm, déanfaidh sé an t-úsáideoir gnó a athbhunú gan moill mhíchuí, lena n-áirítear rochtain a thabhairt don úsáideoir gnó ar shonraí pearsanta nó sonraí eile, nó iad araon, a d’eascair as an úsáid a bhain sé as na seirbhísí idirghabhála ábhartha ar líne sular ghabh éifeacht leis an srianadh, leis an bhfionraí nó leis an bhfoirceannadh.

4.   Ní bheidh feidhm ag an tréimhse fógra i mír 2 más rud é, maidir le soláthraí seirbhísí idirghabhála ar líne:

(a)

go bhfuil sé faoi réir oibleagáid dhlíthiúil nó rialála a cheanglaíonn air soláthar a chuid seirbhísí idirghabhála ar líne uile d'úsáideoir gnó ar leith a fhoirceannadh ar bhealach nach dtugann deis dó an tréimhse fógra sin a urramú, nó

(b)

go bhfeidhmíonn sé ceart chun foirceannadh faoi chúis sháraitheach de bhun dlí náisiúnta atá i gcomhréir le dlí an Aontais;

(c)

gur féidir leis a léiriú gur sháraigh an t-úsáideoir gnó lena mbaineann na téarmaí agus na coinníollacha is infheidhme arís agus arís eile, rud a d’fhág go ndearna siad soláthar na seirbhísí idirghabhála ar líne uile i dtrácht a fhoirceannadh.

I gcásanna nach bhfuil feidhm ag an tréimhse fógra i mír 2, déanfaidh an soláthraí seirbhísí idirghabhála ar líne, gan moill mhíchuí, ráiteas faoi na cúiseanna a bhí leis an gcinneadh sin a sholáthar don úsáideoir gnó ar mheán marthanach.

5.   Beidh tagairt sa ráiteas faoi na cúiseanna dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 agus sa dara fomhír de mhír 4 do na fíricí sonracha nó do na himthosca sonracha, lena n-áiritear ábhar fógraí tríú páirtí, ba chúis leis an gcinneadh ó sholáthraí na seirbhísí idirghabhála ar líne, chomh maith le tagairt do na forais infheidhme a bhí leis an gcinneadh sin dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 3(1).

Ní gá do sholáthraí seirbhísí idirghabhála ar line ráiteas faoi na cúiseanna a thabhairt i gcás ina bhfuil sé faoi réir oibleagáid dhlíthiúil nó rialála gan na fíricí sonracha ná na himthosca sonracha ná an tagairt don fhoras is infheidhme nó do na forais is infheidhme a thabhairt, nó i gcás inar féidir le soláthraí seirbhísí idirghabhála ar líne a léiriú go ndearna an t-úsáideoir gnó lena mbaineann na téarmaí agus coinníollacha is infheidhme a shárú arís agus arís eile, rud a d’fhág go ndearnadh soláthar na seirbhísí idirghabhála ar líne i dtrácht a fhoirceannadh.

Airteagal 5

Rangú

1.   Leagfaidh soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne amach ina dtéarmaí agus coinníollacha na príomhpharaiméadair lena gcinntítear rangú agus na cúiseanna le tábhacht choibhéiseach na bpríomhpharaiméadar sin i gcodarsnacht le paraiméadair eile.

2.   Leagfaidh soláthraithe inneall cuardaigh ar líne amach na príomhpharaiméadair, arb iad go leithleach nó go comhchoiteann is suntasaí i gcinneadh an rangaithe agus tábhacht choibhneasta na bpríomhpharaiméadar sin, trí thuairisc a sholáthar atá ar fáil go héasca agus go poiblí agus atá dréachtaithe i bhfriotal simplí agus intuigthe, ar innill cuardaigh ar líne na soláthraithe sin. Coinneoidh siad an tuairisc sin cothrom le dáta.

3.   I gcás ina n-áirítear sna príomhpharaiméadair an fhéidearthacht difear a dhéanamh don rangú trí bhíthin luach saothair díreach nó indíreach a íocann úsáideoirí gnó nó úsáideoirí suíomhanna gréasáin corparáideacha lena soláthraí faoi seach, leagfaidh an soláthraí sin amach tuairisc ar na féidearthachtaí sin agus ar éifeachtaí luach saothair den sórt sin ar rangú i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i míreanna 1 agus 2.

4.   I gcás ina bhfuil ord an rangaithe athraithe ag soláthraí innill chuardaigh ar líne i gcás sonrach nó i gcás ina bhfuil suíomh gréasáin díliostaithe aige tar éis fógra tríú páirtí, tairgfidh an soláthraí an fhéidearthacht don úsáideoir suímh gréasáin chorparáidigh ábhar an fhógra a imscrúdú.

5.   Beidh na tuairiscí dá dtagraítear i míreanna 1, 2 agus 3 leordhóthanach chun gur féidir leis na húsáideoirí gnó nó na húsáideoirí suíomhanna gréasáin corparáideacha tuiscint leormhaith a fháil an gcuirtear an méid seo a leanas san áireamh leis an sásra rangaithe, agus má chuirtear, conas a dhéantar sin agus cé an méid a dhéantar é:

(a)

airíonna na n-earraí agus na seirbhísí a thairgtear do thomhaltóirí trí na seirbhísí idirghabhála ar líne nó an inneall cuardaigh ar líne;

(b)

ábharthacht na n-airíonna sin ó thaobh na dtomhaltóirí sin de;

(c)

maidir le hinnill chuardaigh ar líne, airíonna dearaidh an tsuímh gréasáin a úsáideann úsáideoirí suíomhanna gréasáin corparáideacha.

6.   Ní cheanglófar ar sholáthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne ná ar sholáthraithe inneall cuardaigh ar líne, agus iad ag comhlíonadh cheanglais an Airteagail seo, go ndéanfaidís algartaim ná aon fhaisnéis a nochtadh arb é a mbeadh mar thoradh air, le cinnteacht réasúnach, go gcumasófaí meabhlaireacht ar thomhaltóirí nó dochar do thomhaltóirí trí na torthaí cuardaigh a chúbláil. Ní dochar an tAirteagal seo do Threoir (AE) 2016/943.

7.   Chun a éascú do na soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne agus na soláthraithe inneall cuardaigh ar líne ceanglais an Airteagail seo a chomhlíonadh agus a fhorfheidhmiú, déanfaidh an Coimisiún treoirlínte a chur ag gabháil leis na ceanglais trédhearcachta a leagtar amach san Airteagal seo.

Airteagal 6

Earraí agus seirbhísí coimhdeacha

I gcás ina dtairgeann soláthraí na seirbhísí idirghabhála ar líne nó tríú páirtithe earraí agus seirbhísí coimhdeacha, lena n-áirítear táirgí airgeadais, do thomhaltóirí trí na seirbhísí idirghabhála ar líne, leagfaidh soláthraí na seirbhísí idirghabhála ar líne amach ina théarmaí agus coinníollacha tuairisc ar chineál na n-earraí coimhdeacha agus na seirbhísí coimhdeacha a thairgtear agus tuairisc i dtaobh an ligtear don úsáideoir gnó a tháirgí agus seirbhísí coimhdeacha féin a thairiscint trí na seirbhísí idirghabhála ar líne agus cad iad na coinníollacha ar fúthu is féidir leis déanamh amhlaidh.

Airteagal 9

Rochtain ar shonraí

1.   Áireoidh soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne, ina dtéarmaí agus coinníollacha, tuairisc ar an rochtain theicniúil agus chonarthach, nó easpa na rochtana sin, a bheidh ag úsáideoirí gnó ar aon sonraí pearsanta nó sonraí eile, nó iad araon, a chuireann úsáideoirí gnó nó tomhaltóirí ar fáil chun úsáid a bhaint as na seirbhísí idirghabhála ar líne lena mbaineann nó a ghintear trí sholáthar na seirbhísí sin.

2.   Tríd an tuairisc dá dtagraítear i mír 1, cuirfidh soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne an méid seo a leanas, go háirithe, in iúl go leormhaith d'úsáideoirí gnó:

(a)

cibé acu an bhfuil rochtain ag soláthraí na seirbhísí idirghabhála ar líne ar shonraí pearsanta nó ar shonraí eile, nó iad araon, a chuireann úsáideoirí gnó nó tomhaltóirí ar fáil chun úsáid a bhaint as na seirbhísí idirghabhála ar líne lena mbaineann nó a ghintear trí sholáthar na seirbhísí sin, agus, i gcás ina bhfuil, catagóirí na sonraí sin agus na coinníollacha faoina bhfuil rochtain aige orthu;

(b)

cibé acu an bhfuil rochtain ag úsáideoir gnó ar shonraí pearsanta nó ar shonraí eile, nó iad araon, a chuireann an t-úsáideoir gnó sin ar fáil i dtaca leis an úsáid a bhaineann an t-úsáideoir gnó as na seirbhísí idirghabhála ar líne lena mbaineann nó a ghintear trí sholáthar na seirbhísí sin don úsáideoir gnó sin agus do thomhaltóirí earraí nó sheirbhísí an úsáideora gnó sin, agus, i gcás ina bhfuil, catagóirí na sonraí sin agus na coinníollacha faoina bhfuil rochtain aige orthu;

(c)

sa bhreis ar phointe (b), cibé acu an bhfuil rochtain ag úsáideoir gnó ar shonraí pearsanta nó ar shonraí eile, nó iad araon, lena n-áirítear i bhfoirm chomhiomlánaithe, arna soláthar ag na húsáideoirí gnó agus tomhaltóirí uile nó arna ngineadh trí sholáthar na seirbhísí idirghabhála ar líne do na húsáideoirí gnó agus tomhaltóirí uile agus, i gcás ina bhfuil, catagóirí na sonraí sin agus na coinníollacha faoina bhfuil rochtain aige orthu; agus

(d)

cibé acu an soláthraítear aon sonraí faoi phointe (a) do thríú páirtithe, i dteannta na faisnéise lena sonraítear críoch chomhroinnt na sonraí sin, i gcás nach gá na sonraí sin a sholáthar do thríú páirtithe le haghaidh fheidhmiú cuí na seirbhísí idirghabhála ar líne, chomh maith le féidearthachtaí le haghaidh úsáideoirí gnó diúltú don chomhroinnt sonraí sin.

3.   Ní dochar an tAirteagal seo do chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2016/679, Threoir (AE) 2016/680 agus Threoir 2002/58/CE.

Airteagal 12

Idirghábháil

1.   Déanfaidh soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne beirt idirghabhálaithe nó níos mó a shainaithint ina dtéarmaí agus coinníollacha a bhfuil siad sásta déileáil leo chun iarracht a dhéanamh teacht ar chomhaontú le húsáideoirí gnó maidir le réiteach, lasmuigh de chúirt, ar aon díospóidí idir an soláthraí agus an úsáideoir gnó a eascróidh as soláthar na seirbhísí idirghabhála ar líne lena mbaineann, lena n-áirítear gearáin nach bhféadfaí a réiteach tríd an gcóras inmheánach láimhseála gearán dá dtagraítear in Airteagal 11.

Ní fhéadfaidh soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne idirghabhálaithe a chuireann a seirbhísí idirghabhála ar fáil ó áit atá lasmuigh den Aontas a shainaithint ach amháin i gcás ina n-áirithítear nach ndéanfar na buntáistí a ghabhann le haon choimirce dhlíthiúil a leagtar síos i ndlí an Aontais nó i ndlí na mBallstát a cheilt ar na húsáideoirí gnó mar thoradh ar na seirbhísí sin a bheith á gcur ar fáil ag na hidirghabhálaithe lasmuigh den Aontas.

2.   Comhlíonfaidh na hidirghabhálaithe dá dtagraítear i mír 1 na ceanglais seo a leanas:

(a)

tá siad neamhchlaonta agus neamhspleách;

(b)

tá a seirbhísí idirghabhála inacmhainne ag úsáideoirí gnó na seirbhísí idirghabhála ar líne lena mbaineann;

(c)

tá siad in ann a seirbhísí idirghabhála a sholáthar i dteanga na dtéarmaí agus coinníollacha lena rialaítear an caidreamh conarthach idir soláthraí na seirbhísí idirghabhála ar líne agus an t-úsáideoir gnó lena mbaineann;

(d)

is féidir rochtain fhisiciúil a fháil orthu go héasca san áit ina bhfuil siad bunaithe nó in áit chónaithe an úsáideora gnó, nó go cianda trí úsáid a bhaint as teicneolaíochtaí cumarsáide;

(e)

tá siad in ann a seirbhísí idirghabhála a sholáthar gan aon mhoill mhíchuí;

(f)

tá tuiscint leordhóthanach acu ar chaidreamh tráchtála ginearálta gnólacht le gnólacht, rud a thugann deis dóibh cuidiú go héifeachtach leis an iarracht díospóidí a réiteach.

3.   D’ainneoin chineál deonach na hidirghabhála, glacfaidh soláthraithe seirbhísí idirghabhála agus úsáideoirí gnó páirt de mheon macánta le linn aon iarrachtaí idirghabhála a sheoltar de bhun an Airteagail seo.

4.   Seasfaidh soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne cion réasúnach de chostais uile na hidirghabhála i ngach cás aonair. Cinnfear cion réasúnach de na costais iomlána sin, ar bhonn moladh ón idirghabhálaí, trí ghnéithe ábhartha uile an cháis atá idir lámha a chur san áireamh, go háirithe an fiúntas coibhéiseach atá le héilimh na bpáirtithe sa díospóid, iompar na bpáirtithe, chomh maith le méid agus neart airgeadais na bpáirtithe i gcoibhneas lena chéile.

5.   Aon iarracht chun teacht ar chomhaontú trí bhíthin idirghabhála maidir le réiteach díospóide i gcomhréir leis an Airteagal seo, ní dhéanfaidh sí difear do chearta sholáthraithe na seirbhísí idirghabhála ar líne agus na n-úsáideoirí gnó lena mbaineann i dtaca le himeachtaí breithiúnacha a thionscnamh aon tráth roimh an bpróiseas idirghabhála, lena linn nó ina dhiaidh.

6.   Arna iarraidh sin d’úsáideoir gnó, déanfaidh soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne faisnéis a chur ar fáil don úsáideoir gnó, sula rachaidh sé i mbun idirghabhála nó lena linn, maidir le feidhmiú agus éifeachtúlacht na hidirghabhála a bhaineann lena ghníomhaíochtaí.

7.   Ní bheidh feidhm ag an oibleagáid a leagtar amach i mír 1 maidir le soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne ar fiontair bheaga iad de réir bhrí na hIarscríbhinne a ghabhann le Moladh 2003/361/CE.

Airteagal 16

Faireachán

Déanfaidh an Coimisiún, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, dlúthfhaireachán ar thionchar an Rialacháin seo maidir leis an gcaidreamh idir seirbhísí idirghabhála ar líne agus a úsáideoirí gnó agus idir innill chuardaigh ar líne agus a n-úsáideoirí suíomhanna gréasáin corparáideacha. Chuige sin, baileoidh an Coimisiún faisnéis ábhartha chun faireachán a dhéanamh ar athruithe sa chaidreamh sin, lena n-áirítear trí staidéir ábhartha a dhéanamh. Cabhróidh na Ballstáit leis an gCoimisiún trí aon fhaisnéis ábhartha a bailíodh, lena n-áirítear faoi chásanna sonracha, a sholáthar, arna iarraidh sin. Féadfaidh an Coimisiún, chun críche an Airteagail seo agus Airteagal 18, féachaint le faisnéis a bhailiú ó sholáthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne.

Airteagal 17

Cóid iompair

1.   Spreagfaidh an Coimisiún soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne, agus eagraíochtaí agus comhlachais a dhéanann ionadaíocht orthu, mar aon le húsáideoirí gnó, lena n-áirítear FBManna agus micrifhiontair agus a n-eagraíochtaí ionadaíocha, chun cóid iompair a tharraingt suas arb é is aidhm leo rannchuidiú le cur i bhfeidhm cuí an Rialacháin seo, agus sainairíonna na n_earnálacha éagsúla ina soláthraítear seirbhísí idirghabhála ar líne á gcur san áireamh, mar aon le sainairíonna FBManna.

2.   Spreagfaidh an Coimisiún soláthraithe inneall cuardaigh ar líne, agus na heagraíochtaí agus na comhlachais a dhéanann ionadaíocht orthu, chun cóid iompair a tharraingt suas atá beartaithe go sonrach le rannchuidiú le cur i bhfeidhm cuí Airteagal 5.

3.   Spreagfaidh an Coimisiún soláthraithe na seirbhísí idirghabhála ar líne chun cóid iompair earnáilsonracha a ghlacadh agus a chur chun feidhme, i gcás inarb ann do na cóid iompair sin agus ina n_úsáidtear go forleathan iad.


whereas









keyboard_arrow_down