search


keyboard_tab REGIS - Reg. Intermediation Services 2019/1150 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2019/1150 GA cercato: 'gcoimisiún' . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


index gcoimisiún:


whereas gcoimisiún:


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 322

 

Airteagal 16

Faireachán

Déanfaidh an Coimisiún, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, dlúthfhaireachán ar thionchar an Rialacháin seo maidir leis an gcaidreamh idir seirbhísí idirghabhála ar líne agus a úsáideoirí gnó agus idir innill chuardaigh ar líne agus a n-úsáideoirí suíomhanna gréasáin corparáideacha. Chuige sin, baileoidh an Coimisiún faisnéis ábhartha chun faireachán a dhéanamh ar athruithe sa chaidreamh sin, lena n-áirítear trí staidéir ábhartha a dhéanamh. Cabhróidh na Ballstáit leis an gcoimisiún trí aon fhaisnéis ábhartha a bailíodh, lena n-áirítear faoi chásanna sonracha, a sholáthar, arna iarraidh sin. Féadfaidh an Coimisiún, chun críche an Airteagail seo agus Airteagal 18, féachaint le faisnéis a bhailiú ó sholáthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne.

Airteagal 18

Athbhreithniú

1.   Faoin 13 Eanáir 2022, agus gach 3 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Rialachán seo agus tuairisceoidh sé do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa ina leith.

2.   Déanfar an chéad mheastóireacht ar an Rialachán seo, go háirithe, ag féachaint do na nithe seo a leanas:

(a)

measúnú a dhéanamh an gcomhlíontar na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 3 go 10, chomh maith le tionchar na n-oibleagáidí sin ar gheilleagar na n_ardán ar líne;

(b)

measúnú a dhéanamh ar thionchar agus éifeachtacht aon chód iompair atá bunaithe chun cothroime agus trédhearcacht a fheabhsú;

(c)

imscrúdú a dhéanamh tuilleadh ar na fadhbanna arb é spleáchas na n-úsáideoirí gnó ar sheirbhísí idirghabhála ar líne is cúis leo, agus ar fhadhbanna a eascraíonn as soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne a bheith i mbun cleachtais tráchtála éagóracha, agus chun a mhéid a leanann na cleachtais sin de bheith forleathan a chinneadh tuilleadh;

(d)

imscrúdú a dhéanamh i dtaobh an iomaíocht chóir í an iomaíocht idir earraí nó seirbhísí a thairgeann úsáideoir gnó agus earraí nó seirbhísí a thairgeann nó a rialaíonn soláthraí seirbhísí idirghabhála ar líne agus i dtaobh an mbaineann soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne mí-úsáid as sonraí faoi phribhléid ina leith sin;

(e)

measúnú a dhéanamh ar éifeacht an Rialacháin seo maidir le haon mhíchothromaíocht a d’fhéadfadh a bheith ann sa chaidreamh idir soláthraithe na gcóras oibríochta agus a n-úsáideoirí gnó;

(f)

measúnú a dhéanamh i dtaobh an bhfuil raon feidhme an Rialacháin, go háirithe maidir leis an sainmhíniú ar “úsáideoir gnó”, oiriúnach sa mhéid nach spreagtar féinfhostaíocht bhréagach leis.

Suífear leis an gcéad mheastóireacht agus leis na cinn ina diaidh sin an bhféadfadh gá a bheith le rialacha breise, lena n-airítear maidir le forfheidhmiú, chun timpeallacht ghnó ar líne atá cóir, intuartha, inbhuanaithe agus iontaofa a áirithiú laistigh den mhargadh inmheánach. Tar éis na meastóireachtaí, déanfaidh an Coimisiún bearta iomchuí, a bhféadfadh tograí reachtacha a bheith san áireamh leo.

3.   Soláthróidh na Ballstáit aon fhaisnéis ábhartha atá acu a éileoidh an Coimisiún chun an tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 a tharraingt suas.

4.   Agus an mheastóireacht ar an Rialachán seo á déanamh ag an gcoimisiún, cuirfidh sé san áireamh, inter alia, na tuairimí agus na tuarascálacha a bheidh curtha faoina bhráid ag grúpa na saineolaithe don Fhaireachlann maidir le Geilleagar na nArdán ar Líne. Cuirfidh sé comhthéacs agus feidhmiú aon chóid iompair dá dtagraítear in Airteagal 17 san áireamh freisin, i gcás inarb iomchuí.

Airteagal 19

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

1.   Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2.   Beidh feidhm aige ón 12 Iúil 2020.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Meitheamh 2019.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. CIAMBA


(1)  IO C 440, 6.12.2018, lch. 177.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Aibreán 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 14 Meitheamh 2019.

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2012 maidir le dlínse agus le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála (IO L 351, 20.12.2012, lch. 1).

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 593/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 maidir leis an dlí is infheidhme ar oibleagáidí conarthacha (An Róimh I) (IO L 177, 4.7.2008, lch. 6).

(5)  Treoir (AE) 2016/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le fios gnó agus faisnéis ghnó neamhnochta (rúin trádála) a chosaint ar fháil, ar úsáid agus ar nochtadh neamhdhleathach (IO L 157, 15.6.2016, lch. 1).

(6)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(7)  Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 i ndáil le cosaint daoine nádúrtha maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle (IO L 119, 4.5.2016, lch. 89).

(8)  Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le cosaint príobháideachais san earnáil cumarsáide leictreonaí (an Treoir maidir le príobháideachas agus cumarsáid leictreonach) (IO L 201, 31.7.2002, lch. 37).

(9)  Moladh 2003/361/CE ón gcoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir le micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide a shainmhíniú (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36).

(10)  Treoir 2008/52/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2008 maidir le gnéithe áirithe den idirghabháil in ábhair shibhialta agus thráchtála (IO L 136, 24.5.2008, lch. 3).

(11)  Cinneadh 2010/48/CE ón gComhairle an 26 Samhain 2009 maidir leis an gComhphobal Eorpach do thabhairt i gcrích Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas (IO L 23, 27.1.2010, lch. 37).

(12)  Treoir (AE) 2015/1535 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meán Fómhair 2015 lena leagtar síos nós imeachta chun faisnéis a sholáthar i réimse na rialachán teicniúil agus na rialacha maidir le seirbhísí na Sochaí Faisnéise (IO L 241, 17.9.2015, lch. 1).

(13)  Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle an 20 Eanáir 2004 maidir le comhchruinnithe a rialú idir gnóthais (Rialachán um Chumaisc CE) (IO L 24, 29.1.2004, lch. 1).


whereas









keyboard_arrow_down