search


keyboard_tab REGIS - Reg. Intermediation Services 2019/1150 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2019/1150 GA cercato: 'áireamh' . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl




whereas áireamh:


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 675

 

Airteagal 3

Téarmaí agus coinníollacha

1.   Áiritheoidh soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne go bhfuil an méid seo a leanas i gceist lena gcuid téarmaí agus coinníollacha:

(a)

tá siad dréachtaithe i bhfriotal simplí agus intuigthe;

(b)

tá siad ar fáil go héasca d’úsáideoirí gnó ar feadh chéimeanna iomlána an chaidrimh tráchtála le soláthraí na seirbhísí idirghabhála ar líne, lena n-áirítear ag an gcéim réamhchonarthach;

(c)

leagtar amach iontu na forais maidir le cinntí soláthar a seirbhísí idirghabhála ar líne d’úsáideoirí gnó a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh, go hiomlán nó i bpáirt, nó aon chineál sriain eile a fhorchur orthu;

(d)

cuirtear san áireamh leo faisnéis maidir le haon bhealaí dáilte breise agus maidir lena gcláir chleamhnaithe fhéideartha trína bhféadfadh soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne seirbhísí a thairgeann úsáideoirí gnó a mhargú;

(e)

cuirtear san áireamh leo faisnéis ghinearálta maidir le héifeachtaí na dtéarmaí agus na gcoinníollacha ar úinéireacht agus ar rialú chearta maoine intleachtúla na n-úsáideoirí gnó.

2.   Tabharfaidh soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne fógra, ar mheán marthanach, do na húsáideoirí gnó lena mbaineann i dtaca le haon athrú atá beartaithe ar a dtéarmaí agus a gcoinníollacha.

Ní chuirfear na hathruithe atá beartaithe chun feidhme sula rachaidh tréimhse fógra in éag atá réasúnta agus comhréireach le cineál agus réim na n-athruithe atá beartaithe agus lena n-iarmhairtí don úsáideoir gnó lena mbaineann. Mairfidh an tréimhse fógra sin 15 lá ar a laghad ón dáta a thugann an soláthraí seirbhísí idirghabhála ar líne fógra do na húsáideoirí gnó lena mbaineann faoi na hathruithe atá beartaithe. Deonóidh soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne tréimhsí fógra níos faide nuair is gá sin chun lamháil d’úsáideoirí gnó oiriúnuithe teicniúla nó tráchtála a dhéanamh chun na hathruithe a chomhlíonadh.

Beidh sé de cheart ag an úsáideoir gnó lena mbaineann an conradh le soláthraí na seirbhísí idirghabhála ar líne a fhoirceannadh sula rachaidh an tréimhse fógra in éag. Beidh éifeacht ag foirceannadh den sórt laistigh de 15 lá ón bhfógra a fháil de bhun na chéad fhomhíre, mura mbeidh feidhm ag tréimhse níos giorra maidir leis an gconradh.

Féadfaidh an t-úsáideoir gnó lena mbaineann an tréimhse fógra dá dtagraítear sa dara fomhír a tharscaoileadh, cibé acu trí ráiteas i scríbhinn nó trí ghníomhaíocht shoiléir dhearfach, tráth ar bith tar éis an fógra a fháil de bhun na chéad fhomhíre.

Le linn na tréimhse fógra, measfar gur gníomhaíocht dhearfach shoiléir a bheidh in earraí nua nó seirbhísí nua a chur isteach ar na seirbhísí idirghabhála ar líne chun an tréimhse fógra a tharscaoileadh, ach amháin i gcásanna ina bhfuil an tréimhse fógra réasúnta agus comhréireach níos faide ná 15 lá toisc go n-éilítear leis na hathruithe ar na téarmaí agus na coinníollacha go ndéanfaidh an t-úsáideoir gnó coigeartuithe suntasacha teicniúla ar a earraí nó seirbhísí. I gcásanna den sórt sin, ní mheasfar an tréimhse fógra a bheith tarscaoilte go huathoibríoch i gcás ina gcuirfidh an t-úsáideoir gnó earraí agus seirbhísí nua isteach.

3.   Maidir le téarmaí agus coinníollacha, nó forálacha sonracha díobh, nach gcomhlíonann ceanglais mhír 1, chomh maith le hathruithe ar théarmaí agus coinníollacha arna gcur chun feidhme ag soláthraí seirbhísí idirghabhála ar líne, contrártha d'fhorálacha mhír 2, beidh siad ar neamhní go hiomlán.

4.   Ní bheidh feidhm ag an tréimhse fógra a leagtar amach sa dara fomhír de mhír 2, más rud é maidir le soláthraí seirbhísí idirghabhála ar líne:

(a)

go bhfuil sé faoi réir oibleagáid dhlíthiúil nó rialála a cheanglaíonn air a théarmaí agus a choinníollacha a athrú ar bhealach nach dtugann deis dó an tréimhse fógra dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 2 a urramú;

(b)

go bhfuil air a dtéarmaí agus coinníollacha a athrú go heisceachtúil chun aghaidh a thabhairt ar gharchontúirt neamhthuartha a bhaineann le cosaint a thabhairt do sheirbhísí idirghabhála ar líne, do thomhaltóirí nó d'úsáideoirí eile gnó ó chalaois, bogearraí mailíseacha, turscar, sáruithe sonraí nó rioscaí eile cibearshlándála.

5.   Áiritheoidh soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne go mbeidh sainaitheantas an úsáideora gnó a sholáthraíonn na hearraí nó na seirbhísí ar na seirbhísí idirghabhála ar líne le feiceáil go soiléir.

Airteagal 5

Rangú

1.   Leagfaidh soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne amach ina dtéarmaí agus coinníollacha na príomhpharaiméadair lena gcinntítear rangú agus na cúiseanna le tábhacht choibhéiseach na bpríomhpharaiméadar sin i gcodarsnacht le paraiméadair eile.

2.   Leagfaidh soláthraithe inneall cuardaigh ar líne amach na príomhpharaiméadair, arb iad go leithleach nó go comhchoiteann is suntasaí i gcinneadh an rangaithe agus tábhacht choibhneasta na bpríomhpharaiméadar sin, trí thuairisc a sholáthar atá ar fáil go héasca agus go poiblí agus atá dréachtaithe i bhfriotal simplí agus intuigthe, ar innill cuardaigh ar líne na soláthraithe sin. Coinneoidh siad an tuairisc sin cothrom le dáta.

3.   I gcás ina n-áirítear sna príomhpharaiméadair an fhéidearthacht difear a dhéanamh don rangú trí bhíthin luach saothair díreach nó indíreach a íocann úsáideoirí gnó nó úsáideoirí suíomhanna gréasáin corparáideacha lena soláthraí faoi seach, leagfaidh an soláthraí sin amach tuairisc ar na féidearthachtaí sin agus ar éifeachtaí luach saothair den sórt sin ar rangú i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i míreanna 1 agus 2.

4.   I gcás ina bhfuil ord an rangaithe athraithe ag soláthraí innill chuardaigh ar líne i gcás sonrach nó i gcás ina bhfuil suíomh gréasáin díliostaithe aige tar éis fógra tríú páirtí, tairgfidh an soláthraí an fhéidearthacht don úsáideoir suímh gréasáin chorparáidigh ábhar an fhógra a imscrúdú.

5.   Beidh na tuairiscí dá dtagraítear i míreanna 1, 2 agus 3 leordhóthanach chun gur féidir leis na húsáideoirí gnó nó na húsáideoirí suíomhanna gréasáin corparáideacha tuiscint leormhaith a fháil an gcuirtear an méid seo a leanas san áireamh leis an sásra rangaithe, agus má chuirtear, conas a dhéantar sin agus cé an méid a dhéantar é:

(a)

airíonna na n-earraí agus na seirbhísí a thairgtear do thomhaltóirí trí na seirbhísí idirghabhála ar líne nó an inneall cuardaigh ar líne;

(b)

ábharthacht na n-airíonna sin ó thaobh na dtomhaltóirí sin de;

(c)

maidir le hinnill chuardaigh ar líne, airíonna dearaidh an tsuímh gréasáin a úsáideann úsáideoirí suíomhanna gréasáin corparáideacha.

6.   Ní cheanglófar ar sholáthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne ná ar sholáthraithe inneall cuardaigh ar líne, agus iad ag comhlíonadh cheanglais an Airteagail seo, go ndéanfaidís algartaim ná aon fhaisnéis a nochtadh arb é a mbeadh mar thoradh air, le cinnteacht réasúnach, go gcumasófaí meabhlaireacht ar thomhaltóirí nó dochar do thomhaltóirí trí na torthaí cuardaigh a chúbláil. Ní dochar an tAirteagal seo do Threoir (AE) 2016/943.

7.   Chun a éascú do na soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne agus na soláthraithe inneall cuardaigh ar líne ceanglais an Airteagail seo a chomhlíonadh agus a fhorfheidhmiú, déanfaidh an Coimisiún treoirlínte a chur ag gabháil leis na ceanglais trédhearcachta a leagtar amach san Airteagal seo.

Airteagal 8

Téarmaí conarthacha sonracha

Chun a áirithiú go ndéanfar caidreamh conarthach idir soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne agus úsáideoirí gnó de mheon macánta agus bunaithe ar chóirdhéileáil, déanfaidh soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne an méid seo a leanas:

(a)

gan athruithe cúlghabhálacha a fhorchur ar théarmaí agus coinníollacha, ach amháin nuair a éileofar orthu oibleagáid dhlíthiúil nó rialála a urramú nó nuair a bhíonn na hathruithe cúlghabhálacha tairbhiúil d’úsáideoirí gnó;

(b)

a áirithiú go gcuimseoidh a dtéarmaí agus coinníollacha faisnéis faoi na coinníollacha faoinar féidir le húsáideoirí gnó an caidreamh conarthach le soláthraí seirbhísí idirghabhála ar líne a fhoirceannadh; agus

(c)

a áireamh ina dtéarmaí agus coinníollacha tuairisc ar an rochtain theicniúil agus chonarthach, nó easpa na rochtana sin, ar an bhfaisnéis a sholáthraíonn nó a ghineann an t-úsáideoir gnó, ar faisnéis í a choimeádann siad tar éis an conradh idir soláthraí seirbhísí idirghabhála ar líne agus an t_úsáideoir gnó dul in éag.

Airteagal 11

Córas inmheánach láimhseála gearán

1.   Déanfaidh soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne foráil do chóras inmheánach láimhseála gearán ó úsáideoirí gnó.

Beidh an córas inmheánach láimhseála gearán inrochtana go héasca agus saor in aisce d’úsáideoirí gnó agus áiritheofar leis go láimhseálfar le gearáin laistigh de thréimhse réasúnta ama. Beidh sé bunaithe ar phrionsabail na trédhearcachta agus na córa comhionainne a chuirtear i bhfeidhm ar staideanna comhionanna, agus lena ndéileálfar le gearáin ar bhealach atá comhréireach lena dtábhacht agus lena gcastacht. Tabharfaidh sé deis d’úsáideoirí gnó a ngearáin a thaisceadh go díreach leis an soláthraí lena mbaineann i dtaca le haon cheann de na saincheisteanna seo a leanas:

(a)

neamhchomhlíonadh a líomhnaítear a bheith déanta ag an soláthraí sin maidir le haon oibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo agus a dhéanann difear don úsáideoir gnó atá ag taisceadh an ghearáin (“an gearánaí”);

(b)

saincheisteanna teicneolaíocha a bhaineann go díreach le soláthar seirbhísí idirghabhála ar líne, agus a dhéanann difear don ghearánaí;

(c)

bearta atá déanta ag an soláthraí, nó iompar an tsoláthraí, a bhaineann go díreach le soláthar na seirbhísí idirghabhála ar líne agus a bhfuil tionchar acu ar an ngearánaí.

2.   Mar chuid dá gcóras inmheánach láimhseála gearán, déanfaidh soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne an méid seo a leanas:

(a)

breithniú cuí a dhéanamh ar ghearáin atá taiscthe agus ar an d’fhéadfadh a bheith le tabhairt acu don ghearánaí acu chun aghaidh a thabhairt go leormhaith ar an tsaincheist a ardaíodh;

(b)

gearáin a phróiseáil go pras agus go héifeachtach, agus tábhacht agus castacht na saincheiste a ardaíodh á gcur san áireamh;

(c)

toradh an chórais inmheánaigh chun déileáil le gearáin a chur in iúl don ghearánaí ar bhonn aonair, i bhfriotal simplí agus intuigthe.

3.   An fhaisnéis ábhartha uile a bhaineann le rochtain ar a gcóras inmheánach láimhseála gearán, agus lena fheidhmiú, cuirfidh soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne ar fáil í ina dtéarmaí agus coinníollacha.

4.   Déanfaidh soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne feidhmiú agus éifeachtúlacht a gcóras inmheánach láimhseála gearán a leagan amach agus faisnéis maidir leis sin a chur ar fáil ar bhealach ina mbeidh fáil go héasca ag an bpobal air. Déanfaidh siad an fhaisnéis a fhíorú go bliantúil ar a laghad agus i gcás ina mbeidh gá le hathruithe suntasacha, déanfaidh siad an fhaisnéis sin a thabhairt cothrom le dáta.

Áireofar leis an bhfaisnéis sin líon iomlán na ngearán a thaiscfear, príomhchineálacha na ngearán, an mheántréimhse ama a bheidh de dhíth chun na gearáin a phróiseáil agus faisnéis chomhiomlánaithe maidir le toradh na ngearán.

5.   Ní bheidh feidhm ag forálacha an Airteagail seo maidir le soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne ar fiontair bheaga iad de réir bhrí na hIarscríbhinne a ghabhann le Moladh 2003/361/CE.

Airteagal 12

Idirghábháil

1.   Déanfaidh soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne beirt idirghabhálaithe nó níos mó a shainaithint ina dtéarmaí agus coinníollacha a bhfuil siad sásta déileáil leo chun iarracht a dhéanamh teacht ar chomhaontú le húsáideoirí gnó maidir le réiteach, lasmuigh de chúirt, ar aon díospóidí idir an soláthraí agus an úsáideoir gnó a eascróidh as soláthar na seirbhísí idirghabhála ar líne lena mbaineann, lena n-áirítear gearáin nach bhféadfaí a réiteach tríd an gcóras inmheánach láimhseála gearán dá dtagraítear in Airteagal 11.

Ní fhéadfaidh soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne idirghabhálaithe a chuireann a seirbhísí idirghabhála ar fáil ó áit atá lasmuigh den Aontas a shainaithint ach amháin i gcás ina n-áirithítear nach ndéanfar na buntáistí a ghabhann le haon choimirce dhlíthiúil a leagtar síos i ndlí an Aontais nó i ndlí na mBallstát a cheilt ar na húsáideoirí gnó mar thoradh ar na seirbhísí sin a bheith á gcur ar fáil ag na hidirghabhálaithe lasmuigh den Aontas.

2.   Comhlíonfaidh na hidirghabhálaithe dá dtagraítear i mír 1 na ceanglais seo a leanas:

(a)

tá siad neamhchlaonta agus neamhspleách;

(b)

tá a seirbhísí idirghabhála inacmhainne ag úsáideoirí gnó na seirbhísí idirghabhála ar líne lena mbaineann;

(c)

tá siad in ann a seirbhísí idirghabhála a sholáthar i dteanga na dtéarmaí agus coinníollacha lena rialaítear an caidreamh conarthach idir soláthraí na seirbhísí idirghabhála ar líne agus an t-úsáideoir gnó lena mbaineann;

(d)

is féidir rochtain fhisiciúil a fháil orthu go héasca san áit ina bhfuil siad bunaithe nó in áit chónaithe an úsáideora gnó, nó go cianda trí úsáid a bhaint as teicneolaíochtaí cumarsáide;

(e)

tá siad in ann a seirbhísí idirghabhála a sholáthar gan aon mhoill mhíchuí;

(f)

tá tuiscint leordhóthanach acu ar chaidreamh tráchtála ginearálta gnólacht le gnólacht, rud a thugann deis dóibh cuidiú go héifeachtach leis an iarracht díospóidí a réiteach.

3.   D’ainneoin chineál deonach na hidirghabhála, glacfaidh soláthraithe seirbhísí idirghabhála agus úsáideoirí gnó páirt de mheon macánta le linn aon iarrachtaí idirghabhála a sheoltar de bhun an Airteagail seo.

4.   Seasfaidh soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne cion réasúnach de chostais uile na hidirghabhála i ngach cás aonair. Cinnfear cion réasúnach de na costais iomlána sin, ar bhonn moladh ón idirghabhálaí, trí ghnéithe ábhartha uile an cháis atá idir lámha a chur san áireamh, go háirithe an fiúntas coibhéiseach atá le héilimh na bpáirtithe sa díospóid, iompar na bpáirtithe, chomh maith le méid agus neart airgeadais na bpáirtithe i gcoibhneas lena chéile.

5.   Aon iarracht chun teacht ar chomhaontú trí bhíthin idirghabhála maidir le réiteach díospóide i gcomhréir leis an Airteagal seo, ní dhéanfaidh sí difear do chearta sholáthraithe na seirbhísí idirghabhála ar líne agus na n-úsáideoirí gnó lena mbaineann i dtaca le himeachtaí breithiúnacha a thionscnamh aon tráth roimh an bpróiseas idirghabhála, lena linn nó ina dhiaidh.

6.   Arna iarraidh sin d’úsáideoir gnó, déanfaidh soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne faisnéis a chur ar fáil don úsáideoir gnó, sula rachaidh sé i mbun idirghabhála nó lena linn, maidir le feidhmiú agus éifeachtúlacht na hidirghabhála a bhaineann lena ghníomhaíochtaí.

7.   Ní bheidh feidhm ag an oibleagáid a leagtar amach i mír 1 maidir le soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne ar fiontair bheaga iad de réir bhrí na hIarscríbhinne a ghabhann le Moladh 2003/361/CE.

Airteagal 13

Idirghabhálaithe speisialaithe

Déanfaidh an Coimisiún, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne chomh maith leis na heagraíochtaí agus na comhlachais a dhéanann ionadaíocht orthu a spreagadh chun eagraíocht amháin nó níos mó a bhunú ar bhonn aonair nó go comhpháirteach d’fhonn seirbhísí idirghabhála a sholáthar lena gcomhlíonfar na riachtanais a shonraítear in Airteagal 12(2), leis an gcuspóir sonrach réiteach lasmuigh den chúirt a éascú ar dhíospóidí le húsáideoirí gnó, ar díospóidí iad a eascróidh i dtaca le soláthar na seirbhísí sin, agus cineál trasteorann na seirbhísí idirghabhála ar líne á chur san áireamh go háirithe.

Airteagal 17

Cóid iompair

1.   Spreagfaidh an Coimisiún soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne, agus eagraíochtaí agus comhlachais a dhéanann ionadaíocht orthu, mar aon le húsáideoirí gnó, lena n-áirítear FBManna agus micrifhiontair agus a n-eagraíochtaí ionadaíocha, chun cóid iompair a tharraingt suas arb é is aidhm leo rannchuidiú le cur i bhfeidhm cuí an Rialacháin seo, agus sainairíonna na n_earnálacha éagsúla ina soláthraítear seirbhísí idirghabhála ar líne á gcur san áireamh, mar aon le sainairíonna FBManna.

2.   Spreagfaidh an Coimisiún soláthraithe inneall cuardaigh ar líne, agus na heagraíochtaí agus na comhlachais a dhéanann ionadaíocht orthu, chun cóid iompair a tharraingt suas atá beartaithe go sonrach le rannchuidiú le cur i bhfeidhm cuí Airteagal 5.

3.   Spreagfaidh an Coimisiún soláthraithe na seirbhísí idirghabhála ar líne chun cóid iompair earnáilsonracha a ghlacadh agus a chur chun feidhme, i gcás inarb ann do na cóid iompair sin agus ina n_úsáidtear go forleathan iad.

Airteagal 18

Athbhreithniú

1.   Faoin 13 Eanáir 2022, agus gach 3 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Rialachán seo agus tuairisceoidh sé do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa ina leith.

2.   Déanfar an chéad mheastóireacht ar an Rialachán seo, go háirithe, ag féachaint do na nithe seo a leanas:

(a)

measúnú a dhéanamh an gcomhlíontar na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 3 go 10, chomh maith le tionchar na n-oibleagáidí sin ar gheilleagar na n_ardán ar líne;

(b)

measúnú a dhéanamh ar thionchar agus éifeachtacht aon chód iompair atá bunaithe chun cothroime agus trédhearcacht a fheabhsú;

(c)

imscrúdú a dhéanamh tuilleadh ar na fadhbanna arb é spleáchas na n-úsáideoirí gnó ar sheirbhísí idirghabhála ar líne is cúis leo, agus ar fhadhbanna a eascraíonn as soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne a bheith i mbun cleachtais tráchtála éagóracha, agus chun a mhéid a leanann na cleachtais sin de bheith forleathan a chinneadh tuilleadh;

(d)

imscrúdú a dhéanamh i dtaobh an iomaíocht chóir í an iomaíocht idir earraí nó seirbhísí a thairgeann úsáideoir gnó agus earraí nó seirbhísí a thairgeann nó a rialaíonn soláthraí seirbhísí idirghabhála ar líne agus i dtaobh an mbaineann soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne mí-úsáid as sonraí faoi phribhléid ina leith sin;

(e)

measúnú a dhéanamh ar éifeacht an Rialacháin seo maidir le haon mhíchothromaíocht a d’fhéadfadh a bheith ann sa chaidreamh idir soláthraithe na gcóras oibríochta agus a n-úsáideoirí gnó;

(f)

measúnú a dhéanamh i dtaobh an bhfuil raon feidhme an Rialacháin, go háirithe maidir leis an sainmhíniú ar “úsáideoir gnó”, oiriúnach sa mhéid nach spreagtar féinfhostaíocht bhréagach leis.

Suífear leis an gcéad mheastóireacht agus leis na cinn ina diaidh sin an bhféadfadh gá a bheith le rialacha breise, lena n-airítear maidir le forfheidhmiú, chun timpeallacht ghnó ar líne atá cóir, intuartha, inbhuanaithe agus iontaofa a áirithiú laistigh den mhargadh inmheánach. Tar éis na meastóireachtaí, déanfaidh an Coimisiún bearta iomchuí, a bhféadfadh tograí reachtacha a bheith san áireamh leo.

3.   Soláthróidh na Ballstáit aon fhaisnéis ábhartha atá acu a éileoidh an Coimisiún chun an tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 a tharraingt suas.

4.   Agus an mheastóireacht ar an Rialachán seo á déanamh ag an gCoimisiún, cuirfidh sé san áireamh, inter alia, na tuairimí agus na tuarascálacha a bheidh curtha faoina bhráid ag grúpa na saineolaithe don Fhaireachlann maidir le Geilleagar na nArdán ar Líne. Cuirfidh sé comhthéacs agus feidhmiú aon chóid iompair dá dtagraítear in Airteagal 17 san áireamh freisin, i gcás inarb iomchuí.


whereas









keyboard_arrow_down