search


keyboard_tab REGIS - Reg. Intermediation Services 2019/1150 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2019/1150 GA cercato: 'coimisiún' . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


index coimisiún:


whereas coimisiún:


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 589

 

Airteagal 5

Rangú

1.   Leagfaidh soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne amach ina dtéarmaí agus coinníollacha na príomhpharaiméadair lena gcinntítear rangú agus na cúiseanna le tábhacht choibhéiseach na bpríomhpharaiméadar sin i gcodarsnacht le paraiméadair eile.

2.   Leagfaidh soláthraithe inneall cuardaigh ar líne amach na príomhpharaiméadair, arb iad go leithleach nó go comhchoiteann is suntasaí i gcinneadh an rangaithe agus tábhacht choibhneasta na bpríomhpharaiméadar sin, trí thuairisc a sholáthar atá ar fáil go héasca agus go poiblí agus atá dréachtaithe i bhfriotal simplí agus intuigthe, ar innill cuardaigh ar líne na soláthraithe sin. Coinneoidh siad an tuairisc sin cothrom le dáta.

3.   I gcás ina n-áirítear sna príomhpharaiméadair an fhéidearthacht difear a dhéanamh don rangú trí bhíthin luach saothair díreach nó indíreach a íocann úsáideoirí gnó nó úsáideoirí suíomhanna gréasáin corparáideacha lena soláthraí faoi seach, leagfaidh an soláthraí sin amach tuairisc ar na féidearthachtaí sin agus ar éifeachtaí luach saothair den sórt sin ar rangú i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i míreanna 1 agus 2.

4.   I gcás ina bhfuil ord an rangaithe athraithe ag soláthraí innill chuardaigh ar líne i gcás sonrach nó i gcás ina bhfuil suíomh gréasáin díliostaithe aige tar éis fógra tríú páirtí, tairgfidh an soláthraí an fhéidearthacht don úsáideoir suímh gréasáin chorparáidigh ábhar an fhógra a imscrúdú.

5.   Beidh na tuairiscí dá dtagraítear i míreanna 1, 2 agus 3 leordhóthanach chun gur féidir leis na húsáideoirí gnó nó na húsáideoirí suíomhanna gréasáin corparáideacha tuiscint leormhaith a fháil an gcuirtear an méid seo a leanas san áireamh leis an sásra rangaithe, agus má chuirtear, conas a dhéantar sin agus cé an méid a dhéantar é:

(a)

airíonna na n-earraí agus na seirbhísí a thairgtear do thomhaltóirí trí na seirbhísí idirghabhála ar líne nó an inneall cuardaigh ar líne;

(b)

ábharthacht na n-airíonna sin ó thaobh na dtomhaltóirí sin de;

(c)

maidir le hinnill chuardaigh ar líne, airíonna dearaidh an tsuímh gréasáin a úsáideann úsáideoirí suíomhanna gréasáin corparáideacha.

6.   Ní cheanglófar ar sholáthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne ná ar sholáthraithe inneall cuardaigh ar líne, agus iad ag comhlíonadh cheanglais an Airteagail seo, go ndéanfaidís algartaim ná aon fhaisnéis a nochtadh arb é a mbeadh mar thoradh air, le cinnteacht réasúnach, go gcumasófaí meabhlaireacht ar thomhaltóirí nó dochar do thomhaltóirí trí na torthaí cuardaigh a chúbláil. Ní dochar an tAirteagal seo do Threoir (AE) 2016/943.

7.   Chun a éascú do na soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne agus na soláthraithe inneall cuardaigh ar líne ceanglais an Airteagail seo a chomhlíonadh agus a fhorfheidhmiú, déanfaidh an coimisiún treoirlínte a chur ag gabháil leis na ceanglais trédhearcachta a leagtar amach san Airteagal seo.

Airteagal 13

Idirghabhálaithe speisialaithe

Déanfaidh an coimisiún, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne chomh maith leis na heagraíochtaí agus na comhlachais a dhéanann ionadaíocht orthu a spreagadh chun eagraíocht amháin nó níos mó a bhunú ar bhonn aonair nó go comhpháirteach d’fhonn seirbhísí idirghabhála a sholáthar lena gcomhlíonfar na riachtanais a shonraítear in Airteagal 12(2), leis an gcuspóir sonrach réiteach lasmuigh den chúirt a éascú ar dhíospóidí le húsáideoirí gnó, ar díospóidí iad a eascróidh i dtaca le soláthar na seirbhísí sin, agus cineál trasteorann na seirbhísí idirghabhála ar líne á chur san áireamh go háirithe.

Airteagal 14

Imeachtaí breithiúnacha ag eagraíochtaí ionadaíocha nó comhlachais ionadaíocha agus ag comhlachtaí poiblí

1.   Beidh sé de cheart ag eagraíochtaí agus ag comhlachais a bhfuil leas dlisteanach acu in ionadaíocht a dhéanamh ar úsáideoirí gnó nó in ionadaíocht a dhéanamh ar úsáideoirí suíomhanna gréasáin corparáideacha, chomh maith le comhlachtaí poiblí arna gcur ar bun sna Ballstáit, caingean a thabhairt os comhair cúirteanna inniúla náisiúnta san Aontas, i gcomhréir le rialacha dhlí an Bhallstáit ina dtabharfar an chaingean, chun aon neamhchomhlíonadh ag soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne nó ag soláthraithe inneall cuardaigh ar líne, maidir leis na ceanglais ábhartha a leagtar síos sa Rialachán seo a stopadh nó a chosc.

2.   Spreagfaidh an coimisiún na Ballstáit chun dea-chleachtais agus faisnéis a mhalartú le Ballstáit eile, bunaithe ar chlárlanna de ghníomhartha neamhdhleathacha a bhí faoi réir orduithe urghaire os comhair cúirteanna naisiúnta, i gcás ina gcuireann comhlachtaí nó údaráis phoiblí ábhartha clárlanna den sórt sin ar bun.

3.   Ní bheidh an ceart dá dtagraítear i mír 1 ag eagraíochtaí ná comhlachais ach amháin i gcás ina bhfuil na ceanglais uile seo a leanas á gcomhlíonadh acu:

(a)

tá siad bunaithe mar is ceart i gcomhréir le dlí Ballstáit;

(b)

saothraíonn siad cuspóirí atá ar mhaithe le leas comhchoiteann an ghrúpa soláthraithe gnó nó úsáideoirí suíomhanna gréasáin corparáideacha ar a ndéanann siad ionadaíocht ar bhonn leanúnach;

(c)

is de chineál neamhbhrabúsach iad;

(d)

níl tionchar míchuí ag aon soláthraithe tríú páirtí maoinithe ar a gcinnteoireacht, go háirithe ag soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne nó innill chuardaigh ar líne.

Chun na críche sin, déanfaidh eagraíochtaí nó comhlachais faisnéis maidir lena mballraíocht agus lena foinse maoinithe a nochtadh go hiomlán agus go poiblí.

4.   Sna Ballstáit ina bhfuil comhlachtaí poiblí curtha ar bun, beidh an ceart dá dtagraítear i mír 1 ag na comhlachtaí poiblí sin, i gcás ina gceanglófar orthu leasanna comhchoiteanna úsáideoirí gnó nó úsáideoirí suíomhanna gréasáin corparáideacha a chosaint nó comhlíonadh na gceanglas a leagtar síos sa Rialachán seo a áirithiú, i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit lena mbaineann.

5.   Féadfaidh na Ballstáit:

(a)

eagraíochtaí nó comhlachais arna mbunú ina mBallstát agus a chomhlíonann ar a laghad ceanglais mhír 3 arna iarraidh sin do na heagraíochtaí sin nó do na comhlachais sin;

(b)

comhlachtaí poiblí arna gcur ar bun ina mBallstát agus a chomhlíonann ceanglais mhír 4.

a ainmniú dá ndéantar an ceart dá dtagraítear i mír 1 a dheonú. Déanfaidh na Ballstáit ainm agus cuspóir aon eagraíochta, comhlachais nó comhlachta phoiblí ainmnithe den sórt sin a chur in iúl don Choimisiún.

6.   Tarraingeoidh an coimisiún suas liosta de na heagraíochtaí, na comhlachais agus na comhlachtaí poiblí a ainmnítear i gcomhréir le mír 5. Sonrófar sa liosta sin cuspóir na n-eagraíochtaí sin, na gcomhlachas sin agus na gcomhlachtaí poiblí sin. Foilseofar an liosta sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Foilseofar athruithe ar an liosta sin gan mhoill agus, in aon chás, déanfar liosta nuashonraithe a tharraingt suas agus a fhoilsiú gach sé mhí.

7.   Glacfaidh an chúirt leis an liosta dá dtagraítear i mír 6 mar chruthúnas ar inniúlacht dhlíthiúil na heagraíochta sin, an chomhlachais sin nó an chomhlachta phoiblí sin, gan dochar do cheart na cúirte scrúdú a dhéanamh i gcás sonrach ar cé acu a bhfuil nó nach bhfuil inniúlacht dhlíthiúil ag an éilitheoir éileamh a dhéanamh.

8.   Má chuireann Ballstát nó an coimisiún ábhar imní in iúl maidir le comhlíonadh na gcritéar a leagtar síos i mír 3 ag eagraíocht nó comhlachas nó maidir le comhlíonadh na gcritéar a leagtar síos i mír 4 ag comhlacht poiblí, déanfaidh an Ballstát a d’ainmnigh an eagraíocht, an comhlachas nó an comhlacht poiblí sin i gcomhréir le mír 5 imscrúdú ar an ábhar imní agus, i gcás inarb iomchuí, déanfaidh sé an t-ainmniú a chúlghairm i gcás nach gcomhlíontar ceann amháin nó níos mó de na critéir.

9.   Ní dochar an ceart dá dtagraítear i mír 1 do chearta úsáideoirí gnó agus úsáideoirí suíomhanna gréasáin corparáideacha aon chaingean a thionscnamh os comhair cúirteanna inniúla náisiúnta, i gcomhréir le rialacha dhlí an Bhallstáit ina dtugtar an chaingean sin, atá bunaithe ar chearta aonair agus a bhfuil sé d’aidhm aige aon neamhchomhlíonadh ag soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne nó ag soláthraithe inneall cuardaigh ar líne a stopadh maidir leis na ceanglais ábhartha a leagtar síos sa Rialachán seo a stopadh.

Airteagal 16

Faireachán

Déanfaidh an coimisiún, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, dlúthfhaireachán ar thionchar an Rialacháin seo maidir leis an gcaidreamh idir seirbhísí idirghabhála ar líne agus a úsáideoirí gnó agus idir innill chuardaigh ar líne agus a n-úsáideoirí suíomhanna gréasáin corparáideacha. Chuige sin, baileoidh an coimisiún faisnéis ábhartha chun faireachán a dhéanamh ar athruithe sa chaidreamh sin, lena n-áirítear trí staidéir ábhartha a dhéanamh. Cabhróidh na Ballstáit leis an gcoimisiún trí aon fhaisnéis ábhartha a bailíodh, lena n-áirítear faoi chásanna sonracha, a sholáthar, arna iarraidh sin. Féadfaidh an coimisiún, chun críche an Airteagail seo agus Airteagal 18, féachaint le faisnéis a bhailiú ó sholáthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne.

Airteagal 17

Cóid iompair

1.   Spreagfaidh an coimisiún soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne, agus eagraíochtaí agus comhlachais a dhéanann ionadaíocht orthu, mar aon le húsáideoirí gnó, lena n-áirítear FBManna agus micrifhiontair agus a n-eagraíochtaí ionadaíocha, chun cóid iompair a tharraingt suas arb é is aidhm leo rannchuidiú le cur i bhfeidhm cuí an Rialacháin seo, agus sainairíonna na n_earnálacha éagsúla ina soláthraítear seirbhísí idirghabhála ar líne á gcur san áireamh, mar aon le sainairíonna FBManna.

2.   Spreagfaidh an coimisiún soláthraithe inneall cuardaigh ar líne, agus na heagraíochtaí agus na comhlachais a dhéanann ionadaíocht orthu, chun cóid iompair a tharraingt suas atá beartaithe go sonrach le rannchuidiú le cur i bhfeidhm cuí Airteagal 5.

3.   Spreagfaidh an coimisiún soláthraithe na seirbhísí idirghabhála ar líne chun cóid iompair earnáilsonracha a ghlacadh agus a chur chun feidhme, i gcás inarb ann do na cóid iompair sin agus ina n_úsáidtear go forleathan iad.

Airteagal 18

Athbhreithniú

1.   Faoin 13 Eanáir 2022, agus gach 3 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an coimisiún meastóireacht ar an Rialachán seo agus tuairisceoidh sé do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa ina leith.

2.   Déanfar an chéad mheastóireacht ar an Rialachán seo, go háirithe, ag féachaint do na nithe seo a leanas:

(a)

measúnú a dhéanamh an gcomhlíontar na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 3 go 10, chomh maith le tionchar na n-oibleagáidí sin ar gheilleagar na n_ardán ar líne;

(b)

measúnú a dhéanamh ar thionchar agus éifeachtacht aon chód iompair atá bunaithe chun cothroime agus trédhearcacht a fheabhsú;

(c)

imscrúdú a dhéanamh tuilleadh ar na fadhbanna arb é spleáchas na n-úsáideoirí gnó ar sheirbhísí idirghabhála ar líne is cúis leo, agus ar fhadhbanna a eascraíonn as soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne a bheith i mbun cleachtais tráchtála éagóracha, agus chun a mhéid a leanann na cleachtais sin de bheith forleathan a chinneadh tuilleadh;

(d)

imscrúdú a dhéanamh i dtaobh an iomaíocht chóir í an iomaíocht idir earraí nó seirbhísí a thairgeann úsáideoir gnó agus earraí nó seirbhísí a thairgeann nó a rialaíonn soláthraí seirbhísí idirghabhála ar líne agus i dtaobh an mbaineann soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne mí-úsáid as sonraí faoi phribhléid ina leith sin;

(e)

measúnú a dhéanamh ar éifeacht an Rialacháin seo maidir le haon mhíchothromaíocht a d’fhéadfadh a bheith ann sa chaidreamh idir soláthraithe na gcóras oibríochta agus a n-úsáideoirí gnó;

(f)

measúnú a dhéanamh i dtaobh an bhfuil raon feidhme an Rialacháin, go háirithe maidir leis an sainmhíniú ar “úsáideoir gnó”, oiriúnach sa mhéid nach spreagtar féinfhostaíocht bhréagach leis.

Suífear leis an gcéad mheastóireacht agus leis na cinn ina diaidh sin an bhféadfadh gá a bheith le rialacha breise, lena n-airítear maidir le forfheidhmiú, chun timpeallacht ghnó ar líne atá cóir, intuartha, inbhuanaithe agus iontaofa a áirithiú laistigh den mhargadh inmheánach. Tar éis na meastóireachtaí, déanfaidh an coimisiún bearta iomchuí, a bhféadfadh tograí reachtacha a bheith san áireamh leo.

3.   Soláthróidh na Ballstáit aon fhaisnéis ábhartha atá acu a éileoidh an coimisiún chun an tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 a tharraingt suas.

4.   Agus an mheastóireacht ar an Rialachán seo á déanamh ag an gcoimisiún, cuirfidh sé san áireamh, inter alia, na tuairimí agus na tuarascálacha a bheidh curtha faoina bhráid ag grúpa na saineolaithe don Fhaireachlann maidir le Geilleagar na nArdán ar Líne. Cuirfidh sé comhthéacs agus feidhmiú aon chóid iompair dá dtagraítear in Airteagal 17 san áireamh freisin, i gcás inarb iomchuí.

Airteagal 19

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

1.   Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2.   Beidh feidhm aige ón 12 Iúil 2020.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Meitheamh 2019.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. CIAMBA


(1)  IO C 440, 6.12.2018, lch. 177.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Aibreán 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 14 Meitheamh 2019.

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2012 maidir le dlínse agus le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála (IO L 351, 20.12.2012, lch. 1).

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 593/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 maidir leis an dlí is infheidhme ar oibleagáidí conarthacha (An Róimh I) (IO L 177, 4.7.2008, lch. 6).

(5)  Treoir (AE) 2016/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le fios gnó agus faisnéis ghnó neamhnochta (rúin trádála) a chosaint ar fháil, ar úsáid agus ar nochtadh neamhdhleathach (IO L 157, 15.6.2016, lch. 1).

(6)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(7)  Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 i ndáil le cosaint daoine nádúrtha maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle (IO L 119, 4.5.2016, lch. 89).

(8)  Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le cosaint príobháideachais san earnáil cumarsáide leictreonaí (an Treoir maidir le príobháideachas agus cumarsáid leictreonach) (IO L 201, 31.7.2002, lch. 37).

(9)  Moladh 2003/361/CE ón gcoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir le micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide a shainmhíniú (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36).

(10)  Treoir 2008/52/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2008 maidir le gnéithe áirithe den idirghabháil in ábhair shibhialta agus thráchtála (IO L 136, 24.5.2008, lch. 3).

(11)  Cinneadh 2010/48/CE ón gComhairle an 26 Samhain 2009 maidir leis an gComhphobal Eorpach do thabhairt i gcrích Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas (IO L 23, 27.1.2010, lch. 37).

(12)  Treoir (AE) 2015/1535 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meán Fómhair 2015 lena leagtar síos nós imeachta chun faisnéis a sholáthar i réimse na rialachán teicniúil agus na rialacha maidir le seirbhísí na Sochaí Faisnéise (IO L 241, 17.9.2015, lch. 1).

(13)  Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle an 20 Eanáir 2004 maidir le comhchruinnithe a rialú idir gnóthais (Rialachán um Chumaisc CE) (IO L 24, 29.1.2004, lch. 1).


whereas









keyboard_arrow_down