keyboard_tab REGIS - Reg. Intermediation Services 2019/1150 GA
BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf 2019/1150 GA cercato: 'easpa' . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl- agus 21
- gnó 17
- seirbhísí 15
- líne 12
- idirghabhála 12
- sonraí 9
- bhfuil 9
- rochtain 9
- coinníollacha 8
- shonraí 7
- úsáideoirí 6
- lena 5
- sholáthar 5
- pearsanta 4
- soláthraithe 4
- araon 4
- tomhaltóirí 4
- gcás 4
- cibé 4
- trí 4
- orthu 4
- eile 4
- dtéarmaí 3
- t-úsáideoir 3
- húsáideoirí 3
- soláthraí 3
- chuireann 3
- fáil 3
- úsáid 3
- mbaineann 3
- ghintear 3
- tuairisc 3
- catagóirí 3
- faoina 3
- aige 3
- úsáideoir 3
- chun 3
- arna 2
- easpa 2
- thríú 2
- páirtithe 2
- theicniúil 2
- chonarthach 2
- haghaidh 2
- rochtana 2
- chomhroinnt 2
- bhaint 2
- phointe 2
- threoir 2
- uile 2
Airteagal 8
Téarmaí conarthacha sonracha
Chun a áirithiú go ndéanfar caidreamh conarthach idir soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne agus úsáideoirí gnó de mheon macánta agus bunaithe ar chóirdhéileáil, déanfaidh soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne an méid seo a leanas:
(a) | gan athruithe cúlghabhálacha a fhorchur ar théarmaí agus coinníollacha, ach amháin nuair a éileofar orthu oibleagáid dhlíthiúil nó rialála a urramú nó nuair a bhíonn na hathruithe cúlghabhálacha tairbhiúil d’úsáideoirí gnó; |
(b) | a áirithiú go gcuimseoidh a dtéarmaí agus coinníollacha faisnéis faoi na coinníollacha faoinar féidir le húsáideoirí gnó an caidreamh conarthach le soláthraí seirbhísí idirghabhála ar líne a fhoirceannadh; agus |
(c) | a áireamh ina dtéarmaí agus coinníollacha tuairisc ar an rochtain theicniúil agus chonarthach, nó easpa na rochtana sin, ar an bhfaisnéis a sholáthraíonn nó a ghineann an t-úsáideoir gnó, ar faisnéis í a choimeádann siad tar éis an conradh idir soláthraí seirbhísí idirghabhála ar líne agus an t_úsáideoir gnó dul in éag. |
Airteagal 9
Rochtain ar shonraí
1. Áireoidh soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne, ina dtéarmaí agus coinníollacha, tuairisc ar an rochtain theicniúil agus chonarthach, nó easpa na rochtana sin, a bheidh ag úsáideoirí gnó ar aon sonraí pearsanta nó sonraí eile, nó iad araon, a chuireann úsáideoirí gnó nó tomhaltóirí ar fáil chun úsáid a bhaint as na seirbhísí idirghabhála ar líne lena mbaineann nó a ghintear trí sholáthar na seirbhísí sin.
2. Tríd an tuairisc dá dtagraítear i mír 1, cuirfidh soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne an méid seo a leanas, go háirithe, in iúl go leormhaith d'úsáideoirí gnó:
(a) | cibé acu an bhfuil rochtain ag soláthraí na seirbhísí idirghabhála ar líne ar shonraí pearsanta nó ar shonraí eile, nó iad araon, a chuireann úsáideoirí gnó nó tomhaltóirí ar fáil chun úsáid a bhaint as na seirbhísí idirghabhála ar líne lena mbaineann nó a ghintear trí sholáthar na seirbhísí sin, agus, i gcás ina bhfuil, catagóirí na sonraí sin agus na coinníollacha faoina bhfuil rochtain aige orthu; |
(b) | cibé acu an bhfuil rochtain ag úsáideoir gnó ar shonraí pearsanta nó ar shonraí eile, nó iad araon, a chuireann an t-úsáideoir gnó sin ar fáil i dtaca leis an úsáid a bhaineann an t-úsáideoir gnó as na seirbhísí idirghabhála ar líne lena mbaineann nó a ghintear trí sholáthar na seirbhísí sin don úsáideoir gnó sin agus do thomhaltóirí earraí nó sheirbhísí an úsáideora gnó sin, agus, i gcás ina bhfuil, catagóirí na sonraí sin agus na coinníollacha faoina bhfuil rochtain aige orthu; |
(c) | sa bhreis ar phointe (b), cibé acu an bhfuil rochtain ag úsáideoir gnó ar shonraí pearsanta nó ar shonraí eile, nó iad araon, lena n-áirítear i bhfoirm chomhiomlánaithe, arna soláthar ag na húsáideoirí gnó agus tomhaltóirí uile nó arna ngineadh trí sholáthar na seirbhísí idirghabhála ar líne do na húsáideoirí gnó agus tomhaltóirí uile agus, i gcás ina bhfuil, catagóirí na sonraí sin agus na coinníollacha faoina bhfuil rochtain aige orthu; agus |
(d) | cibé acu an soláthraítear aon sonraí faoi phointe (a) do thríú páirtithe, i dteannta na faisnéise lena sonraítear críoch chomhroinnt na sonraí sin, i gcás nach gá na sonraí sin a sholáthar do thríú páirtithe le haghaidh fheidhmiú cuí na seirbhísí idirghabhála ar líne, chomh maith le féidearthachtaí le haghaidh úsáideoirí gnó diúltú don chomhroinnt sonraí sin. |
3. Ní dochar an tAirteagal seo do chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2016/679, Threoir (AE) 2016/680 agus Threoir 2002/58/CE.
whereas