(1) Is áis fhíorthábhachtach don fhiontraíocht, agus do shamhlacha nua gnó, don trádáil agus don nuálaíocht iad na seirbhísí idirghabhála ar líne, is féidir leo feabhas a chur ar leas tomhaltóirí agus tá méadú ag teacht ar an úsáid a bhaineann an earnáil phríobháideach agus an earnáil phoiblí astu.
Cuireann siad rochtain ar fáil ar mhargaí nua agus ar dheiseanna tráchtála nua, rud a chuireann ar chumas gnóthas leas a bhaint as tairbhí an mhargaidh aonair.
Cuireann siad ar chumas tomhaltóirí san Aontas leas a bhaint as na tairbhí sin, go háirithe tríd an rogha earraí agus seirbhísí a thairgtear ar líne a mhéadú mar aon le rannchuidiú le praghsanna iomaíocha a thairiscint ar líne, ach is siocair iad freisin do dhúshláin ar gá aghaidh a thabhairt orthu chun cinnteacht dhlíthiúil a áirithiú.
- = -
(2) Maidir leis na gnóthais a úsáideann seirbhísí idirghabhála ar líne chun teagmháil a dhéanamh le tomhaltóirí, is féidir leis na seirbhísí sin a bheith ríthábhachtach ó thaobh a rathúnais tráchtála de.
Chun go mbeifear in ann leas iomlán a bhaint as geilleagar na n-ardán ar líne, is den tábhacht mar sin gur féidir le gnóthais muinín a bheith acu i seirbhísí idirghabhála ar líne ar féidir leo caidrimh thráchtála a bheith acu leo.
Tá ríthábhacht leis sin, thar aon rud eile mar, de thoradh an mhéadaithe ar an líon idirbheart idirghabhála arna ndéanamh trí bhíthin seirbhísí idirghabhála ar líne, arb éifeachtaí láidre indíreacha gréasáin sonraíbhunaithe is cúis leis, tá méadú ag teacht ar spleáchas na n-úsáideoirí gnó sin, go háirithe micrifhiontair, fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), ar na seirbhísí sin chun tomhaltóirí a shroicheadh.
I bhfianaise an mhéadaithe ar spleáchas sin, is minic a bhíonn cumhacht mhargála níos mó ag soláthraithe na seirbhísí sin, rud a fhágann go mbíonn siad in ann, i ndáiríre, gníomhú go haontaobhach ar bhealach a d’fhéadfadh a bheith éagórach agus a d’fhéadfadh díobháil a dhéanamh do leasanna dlíthiúla a n-úsáideoirí gnó agus, go hindíreach, do leasanna tomhaltóirí san Aontas.
Mar shampla, d’fhéadfaidís cleachtais a fhorchur go haontaobhach a chlaonfadh go mór ó dhea-iompar tráchtála, nó a bheadh contrártha do mheon macánta agus cóirdhéileáil.
Tugann an Rialachán seo aghaidh ar na heasaontais sin a d’fhéadfadh a bheith ann i ngeilleagar na n-ardán ar líne.
- = -
(6) Ó nádúr, baineann acmhainneacht trasteorann le seirbhísí idirghabhála ar líne agus le hinnill chuardaigh ar líne, agus leis na hidirbhearta a éascaíonn siad, agus baineann tábhacht ar leith leo maidir le feidhmiú iomchuí mhargadh aonair an Aontais sa gheilleagar atá ann faoi láthair.
Mar gheall ar na cleachtais tráchtála atá ag soláthraithe áirithe a chuireann na seirbhísí sin ar fáil, cleachtais a d’fhéadfadh a bheith míchothrom agus díobhálach, agus de cheal sásraí éifeachtacha cúitimh, cuirtear bac ar leas iomlán a bhaint as an bpoitéinseal sin agus imrítear tionchar diúltach ar fheidhmiú iomchuí an mhargaidh aonair.
- = -
(15) Lena áirithiú go gcuirfidh téarmaí agus coinníollacha ginearálta caidrimh chonarthaigh ar a gcumas d'úsáideoirí gnó na coinníollacha tráchtála ar úsáid, ar fhoirceannadh agus ar fhionraí seirbhísí idirghabhála ar líne a dhéanamh amach, agus le hintuarthacht maidir lena gcaidreamh gnó a bhaint amach, ba cheart na téarmaí agus na coinníollacha sin a dhréachtú i bhfriotal atá simplí agus intuigthe.
Níor cheart a mheas gur dréachtaíodh téarmaí agus coinníollacha i gcaint atá simplí agus intuigthe i gcás ina bhfuil siad doiléir, neamhshonrach nó nach bhfuil siad mionsonraithe go leor maidir le saincheisteanna tráchtála agus ar an gcaoi sin nach dtugann siad leibhéal réasúnach intuarthachta d’úsáideoirí gnó maidir leis na gnéithe is tábhachtaí den chaidreamh conarthach.
Thairis sin, níor cheart a teanga mhíthreorach a mheas a bheith soiléir agus intuigthe.
- = -
(19) Maidir le hearraí nó seirbhísí, lena n-áirítear feidhmchláir bogearraí, a chur isteach ar na seirbhísí idirghabhála ar líne, ba cheart, go ginearálta, é a mheas mar ghníomhaíocht shoiléir dhearfach as a leanann tarscaoileadh na tréimhse fógra is gá le haghaidh athruithe a bheith á ndéanamh ag an úsáideoir gnó ar na téarmaí agus coinníollacha.
I gcásanna, áfach, ina bhfuil an tréimhse fógra réasúnta agus comhréireach níos faide ná 15 lá toisc go n-éilítear leis na hathruithe ar na téarmaí agus na coinníollacha go ndéanfaidh an t-úsáideoir gnó oiriúnuithe suntasacha teicniúla nó tráchtála ar a earraí nó seirbhísí, níor cheart a mheas go bhfuil an tréimhse fógra tarscaoilte go huathoibríoch i gcás ina gcuirfidh an t-úsáideoir gnó earraí agus seirbhísí nua isteach.
Ba cheart do sholáthraí na seirbhísí idirghabhála ar líne a bheith ag súil leis go gceanglófaí leis na hathruithe ar na téarmaí agus na coinníollacha ar an úsáideoir gnó coigeartuithe teicniúla suntasacha a dhéanamh i gcás, mar shampla, ina ndéanfaí gnéithe iomlána den tseirbhís idirghabhála ar líne a raibh rochtain ag na húsáideoirí gnó orthu a bhaint nó ina gcuirfí leo, nó i gcás ina bhféadfadh gá a bheith ag úsáideoirí gnó a n-earraí a oiriúnú nó a seirbhísí a ath-ríomhchlárú ionas go mbeidh siad in ann leanúint de bheith ag oibriú trí na seirbhísí idirghabhála ar líne.
- = -
(21) Chun a áirithiú gur féidir le húsáideoirí gnó leas iomlán a bhaint as na deiseanna tráchtála a thairgeann seirbhísí idirghabhála ar líne, níor cheart do sholáthraithe na seirbhísí sin cosc a chur go hiomlán ar a n-úsáideoirí gnó a gcéannacht trádála a chur ar fáil mar chuid dá dtairiscint ná dá láithreacht ar na seirbhísí idirghabhála ábhartha ar líne.
Níor cheart an toirmeasc sin ar chur isteach a thuiscint, áfach, mar cheart d’úsáideoirí gnó cur i láthar a dtairisceana nó na seirbhísí idirghabhála ábhartha ar líne a bheith i láthair a chinneadh go haontaobhach.
- = -
(22) Is féidir cúiseanna dlisteanacha a bheith ag soláthraí seirbhísí idirghabhála ar líne le cinneadh a dhéanamh soláthar a sheirbhísí d’úsáideoir gnó áirithe a shrianadh, a fhionraí nó a fhoirceannadh, lena n-áirítear earraí nó seirbhísí aonair de chuid úsáideoirí gnó áirithe a dhíliostú nó torthaí cuardaigh a bhaint go héifeachtach.
Murab ionann is a bheith ar fionraí, is féidir le soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne liostaí aonair d’úsáideoirí gnó a shrianadh freisin; mar shampla trí ísliú a dhéanamh orthu nó trí dhifear diúltach a dhéanamh do chuma úsáideora gnó (“lagú”) rud is féidir a rangú a ísliú.
Mar sin féin, toisc gur féidir leis na cinntí sin tionchar suntasach a imirt ar leasanna an úsáideora gnó lena mbaineann, ba cheart ráiteas faoi na cúiseanna atá leis an gcinneadh sin a sholáthar dóibh ar mheán marthanach sula ngabhfaidh éifeacht leis an srianadh, fionraí nó foirceannadh nó ag an tráth céanna.
Chun tionchar diúltach na gcinntí sin ar úsáideoirí gnó a íoslaghdú, ba cheart do sholáthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne deis a thabhairt freisin na fíricí a raibh an cinneadh sin mar thoradh orthu a shoiléiriú faoi chuimsiú an phróisis inmheánaigh láimhseála gearán, rud a chabhróidh leis an úsáideoir gnó comhlíonadh a athbhunú nuair is féidir sin a dhéanamh.
Ina theannta sin, i gcás ina gcúlghairfidh soláthraí idirghabhála ar líne an cinneadh chun na seirbhísí a shrianadh, a fhionraí nó a fhoirceannadh, mar shampla toisc go ndearnadh an cinneadh trí earráid nó nach ndearnadh an sárú ar na coinníollacha as ar lean an cinneadh de mheon mímhacánta agus gur leigheasadh é ar bhealach sásúil, ba cheart don soláthraí an t-úsáideoir gnó lena mbaineann a athbhunú gan moill mhíchuí, lena n-áirítear trí aon rochtain ar shonraí pearsanta nó ar shonraí eile, nó orthu araon, a bhí ar fáil roimh an gcinneadh a thabhairt don úsáideoir gnó.
Leis an ráiteas faoi na cúiseanna atá leis sin an gcinneadh soláthar seirbhísí idirghabhála ar líne a shrianadh, a fhionraí nó a fhoirceannadh, ba cheart ligean d’úsáideoirí gnó a fháil amach an bhfuil deis ann agóid a dhéanamh faoin gcinneadh, agus ar an gcaoi sin na deiseanna a bheadh ag úsáideoirí gnó sásamh éifeachtach a lorg a fheabhsú i gcás inar ghá.
- = -
(24) I ndáil le rangú earraí agus seirbhísí ag soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne, imríonn sin tionchar tábhachtach ar rogha an tomhaltóra agus, dá bharr sin, ar rathúnas tráchtála na n-úsáideoirí gnó a thairgeann na hearraí agus na seirbhísí sin do thomhaltóirí.
Baineann rangú leis an tsuntasacht choibhneasta a thugtar do thairiscintí na n-úsáideoirí gnó nó don ábharthacht a thugtar do thorthaí cuardaigh, arna gcur i láthair, arna n-eagrú agus arna gcur in iúl ag soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne nó ag soláthraithe inneall cuardaigh ar líne, mar thoradh ar an úsáid a bhaintear as algartam lena mbaineann seicheamhú, rátáil nó sásraí athbhreithniúcháin, buaicphointí atá dírithe ar an tsúil nó uirlisí aireachtála eile, nó cónaisc díobh sin.
Is é atá i gceist le hintuarthacht go gcinneann soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne rangú ar bhealach neamhthreallach.
Ba cheart do sholáthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne na príomhpharaiméadair lena gcinnfear an rangú a leagan amach roimh ré, d’fhonn an intuarthacht a fheabhsú d’úsáideoirí gnó, chun ceadú dóibh feidhmiú an tsásra rangaithe a thuiscint níos fearr agus chun a chur ar a gcumas cleachtais rangaithe na soláthraithe éagsúla a chur i gcomparáid.
Tá dearadh sonrach na hoibleagáide trédhearcachta sin tábhachtach d’úsáideoirí gnó mar tuigtear uaidh sainaithint sraith theoranta paraiméadar is mó atá ábhartha as líon i bhfad níos mó paraiméadar a bhfuil tionchar éigin acu ar an rangú.
Leis an tuairisc réasúnaithe sin, ba cheart cuidiú le húsáideoirí gnó feabhas a chur ar chur i láthair a n-earraí agus a seirbhísí, nó ar roinnt buntréithe na n-earraí nó na seirbhísí sin.
Ba cheart a thuiscint go dtagraíonn an coincheap príomhpharaiméadar d’aon chritéir ghinearálta, próisis, comharthaí sonracha a chorpraítear in algartaim nó aon sásraí coigeartaithe nó íslithe a úsáidtear i ndáil leis an rangú.
- = -
(25) Sa tuairisc ar na príomhpharaiméadair lena gcinntear an rangú, ba cheart míniú a bheith ar na deiseanna a d’fhéadfadh a bheith ag úsáideoirí gnó tionchar gníomhach a imirt ar rangú os coinne luach saothair, mar aon le míniú ar na héifeachtaí coibhneasta a bhaineann leis sin.
Sa chás sin, d’fhéadfadh sé go dtagródh luach saothair d’íocaíochtaí a rinneadh — agus é mar phríomhaidhm nó mar aidhm aonair leo rangú a fheabhsú, chomh maith le luach saothair indíreach arb é sin úsáideoir gnó ag glacadh le hoibleagáidí breise d’aon chineál ag a bhféadfadh é sin a bheith mar éifeacht phraiticiúil, amhail úsáid a bhaint as seirbhísí ar seirbhísí coimhdeacha iad nó as scothghnéithe.
Maidir leis an gcur síos ar an inneachar, lena n-áirítear líon agus cineál na bpríomhpharaiméadar, d’fhéadfadh sé tarlú go mbeadh éagsúlacht mhór i gceist ag brath ar na seirbhísí sonracha idirghabhála ar líne, ach ba cheart tuiscint leormhaith a thabhairt d’úsáideoirí gnó ar an gcaoi a gcuireann an sásra rangaithe tréithe na n-earraí agus na seirbhísí iarbhír a thairgeann an t-úsáideoir gnó san áireamh, agus a n-ábharthacht do thomhaltóirí na seirbhísí idirghabhála sonracha ar líne.
Na táscairí sin lena dtomhaistear cáilíocht na n-earraí nó na seirbhísí a bhíonn ag úsáideoirí gnó, an úsáid a bhaintear as eagarthóirí maille lena gcumas tionchar a imirt ar rangú na n-earraí nó na seirbhísí céanna sin, a mhéid a fhágann tionchar an luacha saothair a lorg ar an rangú a dhéantar orthu, chomh maith le heilimintí nach mbaineann ach ar éigean nó nach mbaineann ar chor ar bith leis an earra nó leis an tseirbhís féin, amhail an chaoi a gcuirtear i láthair iad sa tairiscint ar líne, is rudaí iad sin ar fad a d’fhéadfaí a lua mar shamplaí de phríomhpharaiméadair a bheidh ina gcuidiú — ach iad a chuimsiú sa chur síos ginearálta a thugtar, i dteanga atá simplí agus intuigthe, ar an sásra rangaithe — ag úsáideoirí gnó chun tuiscint leormhaith riachtanach a fháil ar an gcaoi a bhfeidhmíonn sé.
- = -
(29) Ba cheart earraí agus seirbhísí coimhdeacha a thuiscint mar earraí agus seirbhísí arna dtairiscint don tomhaltóir go díreach sula ndéantar idirbheart a tionscnaíodh ar sheirbhísí idirghabhála ar líne a chur i gcrích chun na hearraí príomhúla agus na seirbhísí príomhúla atá á dtairiscint ag an úsáideoir gnó a chomhlánú.
Le hearraí agus seirbhísí coimhdeacha, tagraítear do tháirgí a bhíonn ag brath de ghnáth ar an earra príomhúil nó ar an tseirbhís phríomhúil, agus a bhaineann go díreach leo, ionas gur féidir leo feidhmiú.
Dá bhrí sin, ba cheart a eisiamh ón téarma earraí agus seirbhísí nach bhfuil ach á ndíol de bhreis ar an earra príomhúil nó an tseirbhís phríomhúil atá i dtrácht seachas iad a bheith de chineál comhlántach.
I measc na samplaí de sheirbhísí coimhdeacha tá seirbhísí deisiúcháin le haghaidh earra sonrach nó táirgí airgeadais amhail árachas do charranna ar cíos a thairgtear ionas go gcomhlánófar na hearraí sonracha nó na seirbhísí sonracha atá á dtairiscint ag an úsáideoir gnó.
Ar an dóigh chéanna, d’fhéadfaí a áireamh le hearraí coimhdeacha earraí a chomhlánaíonn an táirge sonrach atá á thairiscint ag an úsáideoir gnó trí bheith ina uasghrádú nó uirlis saincheapacháin atá nasctha leis an táirge sonrach sin.
Soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne a thairgeann earraí nó seirbhísí do thomhaltóirí atá coimhdeach le hearra nó seirbhís a dhíolann úsáideoir gnó trí úsáid a bhaint as a seirbhísí idirghabhála ar líne, ba cheart dóibh a leagan amach ina dtéarmaí agus coinníollacha tuairisc ar chineál na n-earraí agus seirbhísí coimhdeacha atá á dtairiscint.
Ba cheart tuairisc den sórt sin a bheith ar fáil sna téarmaí agus coinníollacha beag beann ar cibé an bhfuil an earra coimhdeach á sholáthar nó an bhfuil an tseirbhís choimhdeach á soláthar ag soláthraí seirbhísí idirghabhála ar líne é féin nó ag tríú páirtí.
Ba cheart do thuairisc den sórt sin a bheith cuimsitheach go leor ionas go mbeidh úsáideoir gnó in ann a thuiscint an bhfuil aon earra á dhíol nó seirbhís á díol mar earra coimhdeach nó seirbhís choimhdeach le hearra nó seirbhís an úsáideora gnó.
Ní gá gur cheart a áireamh leis an tuairisc an earra sonrach nó seirbhís shonrach, ach ba cheart a áireamh léi cineál an táirge atá á thairiscint mar tháirge atá coimhdeach le táirge príomhúil an úsáideora gnó.
Thairis sin, ba cheart a áireamh sa tuairisc sin i ngach imthoisc an ligtear don úsáideoir gnó a chuid earraí nó seirbhísí coimhdeacha féin a thairiscint agus na coinníollacha faoina ligtear dó iad a thairiscint sa bhreis ar an earra príomhúil atá á thairiscint aige nó an tseirbhís phríomhúil atá á tairiscint aige trí na seirbhísí idirghabhála ar líne.
- = -
(30) I gcás ina dtairgfidh soláthraí seirbhísí idirghabhála féin earraí agus seirbhísí áirithe do thomhaltóirí trína sheirbhísí idirghabhála ar líne, nó ina ndéanfaidh sé sin trí bhíthin úsáideoir gnó a bhfuil sé i gceannas air, d’fhéadfadh an soláthraí sin dul in iomaíocht go díreach le húsáideoirí eile gnó a bhaineann úsáid as a chuid seirbhísí idirghabhála ar líne nach bhfuil an soláthraí i gceannas orthu, rud a d'fhéadfadh dreasacht eacnamaíoch a thabhairt don soláthraí agus a chur ar a chumas a rialú ar na seirbhísí idirghabhála ar líne a úsáid chun buntáistí teicniúla nó eacnamaíocha a sholáthar dá thairiscint féin, nó dóibh siúd a thairgeann úsáideoir gnó a rialaíonn sé, ar buntáistí iad a d’fhéadfadh sé a dhiúltú d’úsáideoirí iomaíocha gnó.
D’fhéadfadh iompar den sórt an bonn a bhaint ó iomaíocht chothrom agus rogha tomhaltóirí agus rogha tomhaltóirí a shrianadh.
Sna cásanna sin, go háirithe, tá sé tábhachtach go ngníomhóidh an soláthraí seirbhísí idirghabhála ar líne ar bhealach trédhearcach agus go dtabharfaidh sé tuairisc iomchuí ar aon chóir dhifreáilte, agus go leagfaidh sé amach na breithnithe d'aon chóir dhifreáilte, cibé acu trí mhodhanna dlíthiúla, tráchtála nó teicniúla, amhail feidhmiúlachtaí a bhaineann le córais oibríochta, a d’fhéadfadh sé a dhéanamh i ndáil le hearraí nó seirbhísí a thairgeann sé féin i gcomparáid leis na hearraí sin a thairgeann úsáideoirí eile gnó.
Chun an chomhréireacht a áirithiú, ba cheart feidhm a bheith ag an oibleagáid sin maidir le leibhéal na seirbhísí idirghabhála foriomlána ar líne seachas maidir le leibhéal na n-earraí nó na seirbhísí aonair a thairgtear trí bhíthin na seirbhísí sin.
- = -
(38) Is é is aidhm le ceanglais an Rialacháin seo maidir le córais inmheánacha láimhseála gearán méid réasúnach solúbthachta a cheadú do sholáthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne agus na córais sin á bhfeidhmiú acu agus iad ag déileáil le gearáin aonair ionas go laghdófar aon ualach riaracháin a bheidh ann.
Ina theannta sin, leis na córais inmheánacha láimhseála gearán, ba cheart ligean do sholáthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne aghaidh a thabhairt, i gcás inar gá, ar bhealach comhréireach ar aon úsáid a dhéanfadh úsáideoirí gnó áirithe iarracht a bhaint as na córais sin de mheon mímhacánta.
I bhfianaise na gcostas a bhaineann leis na córais sin a bhunú agus a fheidhmiú, is iomchuí aon soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne ar fiontair bheaga iad a dhíolmhú ó na hoibleagáidí sin, i gcomhréir le forálacha ábhartha de Mholadh 2003/361/CE ón gCoimisiún (9). Áirithíonn na rialacha maidir le comhdhlúthú a leagtar síos sa Mholadh sin nach mbeifear in ann teacht timpeall air.
Mar sin féin, níor cheart don díolúine sin difear a dhéanamh do cheart na bhfiontar sin córas inmheánach láimhseála gearán, a chomhlíonann na critéir a leagtar amach sa Rialachán seo, a chur ar bun ar bhonn deonach.
- = -
(42) Ós rud é gur cheart é a bheith de cheangal ar sholáthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne i gcónaí na hidirghabhálaithe a bhfuil siad sásta déileáil leo a shainaithint, agus gur cheart é a bheith d’oibleagáid orthu páirt a ghlacadh de mheon macánta le linn aon iarrachtaí idirghabhála a sheoltar de bhun an Rialacháin seo, ba cheart na hoibleagáidí seo a bhunú ar bhealach a chuireann cosc ar úsáideoirí gnó mí-úsáid a bhaint as an gcóras idirghabhála.
Chomh maith leis sin, ba cheart é a bheith d’oibleagáid ar úsáideoirí gnó dul i mbun idirghabhála de mheon macánta.
Níor cheart oibleagáid a bheith ar sholáthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne dul i mbun idirghabhála i gcás ina dtionscnaíonn úsáideoir gnó imeachtaí maidir le hábhar ar ina leith a thionscain an t-úsáideoir gnó sin imeachtaí roimhe sin ag lorg idirghabhála agus gur chinn an t-idirghabhálaí sa chás sin nár ghníomhaigh an t-úsáideoir gnó de mheon macánta.
Níor cheart an oibleagáid a bheith ar sholáthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne dul i mbun idirghabhála le húsáideoirí gnó a bhfuil iarrachtaí ar idirghabháil nár éirigh leo curtha arís agus arís eile acu faoi bhráid an idirghabhálaí.
Leis na cásanna eisceachtúla sin, níor cheart teorainn a chur ar chumas an úsáideora gnó cás a chur chun idirghabhála i gcás, de réir mar a chinn an t-idirghabhálaí, nach bhfuil gaol ag an idirghabháil leis na cásanna roimhe sin.
- = -
(44) De thoradh tosca éagsúla, amhail acmhainní airgeadais teoranta, an eagla roimh dhíoltas agus gan ach an saghas sin rogha a bheith le fáil de réir na dtéarmaí agus na gcoinníollacha, is féidir teorainn a bheith le héifeachtacht na ndeiseanna sásaimh bhreithiúnaigh atá ann, na deiseanna sin go háirithe lena gceanglaítear ar úsáideoirí gnó nó úsáideoirí suíomhanna corparáideacha gníomhú ina n-aonar nó ar bhealach ina n-aithneofaí iad.
Chun cur i bhfeidhm éifeachtach an Rialacháin seo a áirithiú, ba cheart an deis a thabhairt d’eagraíochtaí, do chomhlachais a dhéanann ionadaíocht ar úsáideoirí gnó nó úsáideoirí suíomhanna gréasáin corparáideacha, mar aon le comhlachtaí poiblí áirithe atá bunaithe sna Ballstáit, caingean a thabhairt os comhair cúirteanna náisiúnta i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, lena n-áirítear ceanglais náisiúnta nósanna imeachta.
Ba cheart gurbh é an aidhm le caingean den sórt sin os comhair cúirt náisiúnta sáruithe ar na rialacha a leagtar amach sa Rialachán seo a stopadh nó a chosc agus díobháil a chosc sa todhchaí a d’fhéadfadh an bonn a bhaint den ghaol gnó inbhuanaithe i ngeilleagar na n-ardán ar líne.
Lena áirithiú go bhfeidhmeoidh na heagraíochtaí nó na comhlachais sin an ceart sin go héifeachtach agus go hiomchuí, ba cheart dóibh critéir áirithe a chomhlíonadh.
Go sonrach, caithfidh siad a bheith bunaithe go cuí i gcomhréir le dlí Ballstáit ar leith, a bheith ina eagraíochtaí neamhbhrabúsacha agus a gcuspóirí a chur i gcrích ar bhonn leanúnach.
Ba cheart do na ceanglais sin cosc a chur ar bhunú ad hoc eagraíochtaí nó comhlachas chun críche gníomh nó gníomhartha sonracha, nó chun críche brabús a dhéanamh.
Thairis sin, ba cheart a áirithiú nach bhfuil aon tionchar míchuí ó aon duine de na soláthraithe tríú páirtí ar chinnteoireacht a bheith á maoiniú ag na heagraíochtaí nó na comhlachais sin.
- = -
(47) Ba cheart don Choimisiún faireachán leanúnach a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo i ndlúthchomhar leis na Ballstáit.
Sa chomhthéacs sin, ba cheart é a bheith mar aidhm ag an gCoimisiún líonra malartaithe faisnéise leathan a bhunú trí chomhlachtaí saineolaithe ábhartha, ionaid bharrfheabhais, chomh maith leis an bhFaireachlann maidir le Geilleagar na nArdán ar Líne, a luamhanú.
An tráth céanna, ba cheart do na Ballstáit aon fhaisnéis ábhartha atá acu sa chomhthéacs sin a sholáthar don Choimisiún, arna iarraidh sin.
Ar deireadh, ba cheart don fheidhmiú sin tairbhiú den trédhearcacht fheabhsaithe fhoriomlán sa chaidreamh tráchtála idir úsáideoirí gnó agus soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne agus idir úsáideoirí suíomhanna gréasáin corparáideacha agus innill chuardaigh ar líne arb aidhm don Rialachán seo é sin a bhaint amach.
Chun a dhualgais maidir le faireachán agus athbhreithniú a chomhlíonadh go héifeachtach faoin Rialachán seo, ba cheart don Choimisiún féachaint le faisnéis a bhailiú ó sholáthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne.
Ba cheart do sholáthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne comhoibriú de mheon macánta i mbailiú na sonraí sin a éascú, i gcás inarb infheidhme.
- = -