(3) Tá úsáid seirbhisí idirghabhála ar líne glactha chucu féin ag tomhaltóirí.
Tá éiceachóras ar líne atá iomaíoch, cothrom, trédhearcach ina ngníomhaíonn cuideachtaí go freagrach bunriachtanach freisin le haghaidh leas na dtomhaltóirí.
Trí thrédhearcacht gheilleagar na n-ardán ar líne, agus muinín iontu, a áirithiú, i gcaidreamh gnólachta le gnólacht, d’fhéadfaí cabhrú go hindíreach freisin le muinín tomhaltóirí sa gheilleagar ardáin ar líne a fheabhsú.
Tugtar aghaidh ar thionchair dhíreacha fhorbairt gheilleagar na n-ardán ar líne ar thomhaltóirí i ndlí eile de chuid an Aontais, áfach, go háirithe in acquis na dtomhaltóirí.
- = -
(14) Bíonn claonadh ag soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne téarmaí agus coinníollacha agus iad curtha le chéile roimh ré a úsáid agus chun úsáideoirí gnó a chosaint go héifeachtach i gcás inar gá, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo, i gcás ina ndéanann soláthraí na seirbhísí idirghabhála ar líne téarmaí agus coinníollacha caidirimh chonarthaigh, gan beann ar a n-ainm ná ar a bhfoirm, a chinneadh go haontaobhach.
Maidir lena chinneadh cibé acu a rinneach téarmaí agus coinníollacha a chinneadh go haontaobhach, ba cheart meastóireacht cás ar chás a dhéanamh air sin ar bhonn measúnú foriomlán.
Le haghaidh an mheasúnaithe fhoriomláin sin, níor cheart méid choibhneasta na bpáirtithe lena mbaineann, an fíoras go ndearnadh caibidlíocht, nó go bhféadfadh forálacha áirithe díobh a bheith faoi réir caibidlíocht den sórt sin agus a bheith cinnte le chéile ag an soláthraí ábhartha agus ag an úsáideoir gnó, ann féin, a bheith cinntitheach.
Ina theannta sin, ciallaíonn an oibleagáid do sholáthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne a gcuid téarmaí agus coinníollacha a chur ar fáil go héasca d’úsáideoirí gnó, lena n-áirítear sa chéim réamhchonarthacha dá gcaidreamh tráchtála, nach mbainfear an trédhearcacht a eascraíonn as an Rialachán seo de na húsáideoirí gnó mar thoradh ar iad ar aon bhealach a bheith in ann caibidlíocht a dhéanamh go rathúil.
- = -
(19) Maidir le hearraí nó seirbhísí, lena n-áirítear feidhmchláir bogearraí, a chur isteach ar na seirbhísí idirghabhála ar líne, ba cheart, go ginearálta, é a mheas mar ghníomhaíocht shoiléir dhearfach as a leanann tarscaoileadh na tréimhse fógra is gá le haghaidh athruithe a bheith á ndéanamh ag an úsáideoir gnó ar na téarmaí agus coinníollacha.
I gcásanna, áfach, ina bhfuil an tréimhse fógra réasúnta agus comhréireach níos faide ná 15 lá toisc go n-éilítear leis na hathruithe ar na téarmaí agus na coinníollacha go ndéanfaidh an t-úsáideoir gnó oiriúnuithe suntasacha teicniúla nó tráchtála ar a earraí nó seirbhísí, níor cheart a mheas go bhfuil an tréimhse fógra tarscaoilte go huathoibríoch i gcás ina gcuirfidh an t-úsáideoir gnó earraí agus seirbhísí nua isteach.
Ba cheart do sholáthraí na seirbhísí idirghabhála ar líne a bheith ag súil leis go gceanglófaí leis na hathruithe ar na téarmaí agus na coinníollacha ar an úsáideoir gnó coigeartuithe teicniúla suntasacha a dhéanamh i gcás, mar shampla, ina ndéanfaí gnéithe iomlána den tseirbhís idirghabhála ar líne a raibh rochtain ag na húsáideoirí gnó orthu a bhaint nó ina gcuirfí leo, nó i gcás ina bhféadfadh gá a bheith ag úsáideoirí gnó a n-earraí a oiriúnú nó a seirbhísí a ath-ríomhchlárú ionas go mbeidh siad in ann leanúint de bheith ag oibriú trí na seirbhísí idirghabhála ar líne.
- = -
(23) Caillteanas ollmhór saineolais a bheadh ann dá gcuirfí deireadh leis na seirbhísí idirghabhála ar líne ar fad agus dá scriosfaí sonraí gaolmhara a fhoráiltear le haghaidh na seirbhísí idirghabhála ar líne nó a ghintear trí sholáthar na seirbhísí sin, agus d’fhéadfadh tionchar suntasach a bheith aige sin ar úsáideoirí gnó agus d’fhéadfadh sé a bheith ina bhac orthu freisin cearta eile a thugtar faoin Rialachán seo a fheidhmiú go cuí.
Dá bhrí sin, ba cheart do sholáthraí seirbhísí idirghabhála ar líne ráiteas faoi na cúiseanna leis an gcinneadh sin a chur in iúl, ar mheán marthanach, don úsáideoir gnó lena mbaineann, 30 lá ar a laghad sula ngabhfadh éifeacht le foirceannadh sholáthar iomlán na seirbhísí idirghabhála ar líne atá aige.
Mar sin féin, i gcásanna ina gcuirfidh oibleagáid dhlíthiúil nó rialála ceanglas ar sholáthraí seirbhísí idirghabhála ar líne deireadh a chur lena sheirbhísí uile idirghabhála ar líne d’úsáideoir gnó áirithe, níor cheart feidhm a bheith ag an tréimhse fógra sin.
Ar an gcaoi chéanna, níor cheart feidhm a bheith ag an tréimhse fógra 30 lá i gcás soláthraí a chuirfidh a chearta foirceanta i bhfeidhm faoin dlí náisiúnta agus i gcomhréir le dlí an Aontais lenar ceadmhach foirceannadh láithreach a dhéanamh más rud é, agus imthosca uile an cháis shonraigh á gcur san áireamh agus leas an dá pháirtí á mheá, nach féidir a bheith ag súil leis go leanfaidh an caidreamh conarthach ar aghaidh go dtí an dáta deiridh a comhaontaíodh nó go dtí go rachaidh an tréimhse fógra in éag.
Ar deireadh, níor cheart feidhm a bheith ag an tréimhse fógra 30 lá i gcás ina bhféadfaidh soláthraí seirbhísí idirghabhála ar líne athshárú ar na téarmaí agus na coinníollacha a léiriú.
Féadfaidh na heisceachtaí éagsúla ar an tréimhse fógra 30 lá teacht chun cinn go háirithe i dtaca le hinneachar mídhleathach nó míchuí sábháilteacht earra nó seirbhíse, góchumadh, calaois, bogearraí mailíseacha, turscar, sáruithe sonraí, rioscaí eile cibearshlándála nó oiriúnacht an earra nó na seirbhíse do mhionaoisigh.
Chun comhréireacht a áirithiú, ba cheart do sholáthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne, i gcás inar réasúnach agus ina bhfuil sé indéanta go teicniúil, earraí nó seirbhísí aonair úsáideora gnó, agus iad sin amháin, a dhíliostú.
Is é foirceannadh iomlán na seirbhísí idirghabhála ar líne an beart is déine.
- = -
(29) Ba cheart earraí agus seirbhísí coimhdeacha a thuiscint mar earraí agus seirbhísí arna dtairiscint don tomhaltóir go díreach sula ndéantar idirbheart a tionscnaíodh ar sheirbhísí idirghabhála ar líne a chur i gcrích chun na hearraí príomhúla agus na seirbhísí príomhúla atá á dtairiscint ag an úsáideoir gnó a chomhlánú.
Le hearraí agus seirbhísí coimhdeacha, tagraítear do tháirgí a bhíonn ag brath de ghnáth ar an earra príomhúil nó ar an tseirbhís phríomhúil, agus a bhaineann go díreach leo, ionas gur féidir leo feidhmiú.
Dá bhrí sin, ba cheart a eisiamh ón téarma earraí agus seirbhísí nach bhfuil ach á ndíol de bhreis ar an earra príomhúil nó an tseirbhís phríomhúil atá i dtrácht seachas iad a bheith de chineál comhlántach.
I measc na samplaí de sheirbhísí coimhdeacha tá seirbhísí deisiúcháin le haghaidh earra sonrach nó táirgí airgeadais amhail árachas do charranna ar cíos a thairgtear ionas go gcomhlánófar na hearraí sonracha nó na seirbhísí sonracha atá á dtairiscint ag an úsáideoir gnó.
Ar an dóigh chéanna, d’fhéadfaí a áireamh le hearraí coimhdeacha earraí a chomhlánaíonn an táirge sonrach atá á thairiscint ag an úsáideoir gnó trí bheith ina uasghrádú nó uirlis saincheapacháin atá nasctha leis an táirge sonrach sin.
Soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne a thairgeann earraí nó seirbhísí do thomhaltóirí atá coimhdeach le hearra nó seirbhís a dhíolann úsáideoir gnó trí úsáid a bhaint as a seirbhísí idirghabhála ar líne, ba cheart dóibh a leagan amach ina dtéarmaí agus coinníollacha tuairisc ar chineál na n-earraí agus seirbhísí coimhdeacha atá á dtairiscint.
Ba cheart tuairisc den sórt sin a bheith ar fáil sna téarmaí agus coinníollacha beag beann ar cibé an bhfuil an earra coimhdeach á sholáthar nó an bhfuil an tseirbhís choimhdeach á soláthar ag soláthraí seirbhísí idirghabhála ar líne é féin nó ag tríú páirtí.
Ba cheart do thuairisc den sórt sin a bheith cuimsitheach go leor ionas go mbeidh úsáideoir gnó in ann a thuiscint an bhfuil aon earra á dhíol nó seirbhís á díol mar earra coimhdeach nó seirbhís choimhdeach le hearra nó seirbhís an úsáideora gnó.
Ní gá gur cheart a áireamh leis an tuairisc an earra sonrach nó seirbhís shonrach, ach ba cheart a áireamh léi cineál an táirge atá á thairiscint mar tháirge atá coimhdeach le táirge príomhúil an úsáideora gnó.
Thairis sin, ba cheart a áireamh sa tuairisc sin i ngach imthoisc an ligtear don úsáideoir gnó a chuid earraí nó seirbhísí coimhdeacha féin a thairiscint agus na coinníollacha faoina ligtear dó iad a thairiscint sa bhreis ar an earra príomhúil atá á thairiscint aige nó an tseirbhís phríomhúil atá á tairiscint aige trí na seirbhísí idirghabhála ar líne.
- = -
(34) Sa chaoi chéanna, tá sé tábhachtach d’úsáideoirí gnó a thuiscint an gcomhroinneann an soláthraí aon sonraí a gineadh trí sheirbhís idirghabhála a bheith á húsáid ag an úsáideoir gnó.
Ba cheart, go háirithe, go gcuirfí úsáideoirí gnó ar an eolas faoi aon chomhroinnt sonraí a bheith á déanamh ar shonraí le tríú páirtithe chun críocha nach gá le haghaidh fheidhmiú chuí na seirbhísí idirghabhála ar líne; mar shampla i gcás ina gcuireann an soláthraí luach airgid ar na sonraí atá faoi bhreithniú tráchtála.
Chun lamháil d’úsáideoirí gnó cearta atá ar fáil chun tionchar a bheith ar an gcomhroinnt sonraí sin a lánfheidhmiú, ba cheart do sholáthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne a bheith sainráiteach freisin faoi fhéidearthachtaí diúltú do chomhroinnt sonraí i gcás inarb ann dóibh faoina gcaidreamh conarthach leis an úsáideoir gnó.
- = -