(24) I ndáil le rangú earraí agus seirbhísí ag soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne, imríonn sin tionchar tábhachtach ar rogha an tomhaltóra agus, dá bharr sin, ar rathúnas tráchtála na n-úsáideoirí gnó a thairgeann na hearraí agus na seirbhísí sin do thomhaltóirí.
Baineann rangú leis an tsuntasacht choibhneasta a thugtar do thairiscintí na n-úsáideoirí gnó nó don ábharthacht a thugtar do thorthaí cuardaigh, arna gcur i láthair, arna n-eagrú agus arna gcur in iúl ag soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne nó ag soláthraithe inneall cuardaigh ar líne, mar thoradh ar an úsáid a bhaintear as algartam lena mbaineann seicheamhú, rátáil nó sásraí athbhreithniúcháin, buaicphointí atá dírithe ar an tsúil nó uirlisí aireachtála eile, nó cónaisc díobh sin.
Is é atá i gceist le hintuarthacht go gcinneann soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne rangú ar bhealach neamhthreallach.
Ba cheart do sholáthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne na príomhpharaiméadair lena gcinnfear an rangú a leagan amach roimh ré, d’fhonn an intuarthacht a fheabhsú d’úsáideoirí gnó, chun ceadú dóibh feidhmiú an tsásra rangaithe a thuiscint níos fearr agus chun a chur ar a gcumas cleachtais rangaithe na soláthraithe éagsúla a chur i gcomparáid.
Tá dearadh sonrach na hoibleagáide trédhearcachta sin tábhachtach d’úsáideoirí gnó mar tuigtear uaidh sainaithint sraith theoranta paraiméadar is mó atá ábhartha as líon i bhfad níos mó paraiméadar a bhfuil tionchar éigin acu ar an rangú.
Leis an tuairisc réasúnaithe sin, ba cheart cuidiú le húsáideoirí gnó feabhas a chur ar chur i láthair a n-earraí agus a seirbhísí, nó ar roinnt buntréithe na n-earraí nó na seirbhísí sin.
Ba cheart a thuiscint go dtagraíonn an coincheap príomhpharaiméadar d’aon chritéir ghinearálta, próisis, comharthaí sonracha a chorpraítear in algartaim nó aon sásraí coigeartaithe nó íslithe a úsáidtear i ndáil leis an rangú.
- = -
(25) Sa tuairisc ar na príomhpharaiméadair lena gcinntear an rangú, ba cheart míniú a bheith ar na deiseanna a d’fhéadfadh a bheith ag úsáideoirí gnó tionchar gníomhach a imirt ar rangú os coinne luach saothair, mar aon le míniú ar na héifeachtaí coibhneasta a bhaineann leis sin.
Sa chás sin, d’fhéadfadh sé go dtagródh luach saothair d’íocaíochtaí a rinneadh — agus é mar phríomhaidhm nó mar aidhm aonair leo rangú a fheabhsú, chomh maith le luach saothair indíreach arb é sin úsáideoir gnó ag glacadh le hoibleagáidí breise d’aon chineál ag a bhféadfadh é sin a bheith mar éifeacht phraiticiúil, amhail úsáid a bhaint as seirbhísí ar seirbhísí coimhdeacha iad nó as scothghnéithe.
Maidir leis an gcur síos ar an inneachar, lena n-áirítear líon agus cineál na bpríomhpharaiméadar, d’fhéadfadh sé tarlú go mbeadh éagsúlacht mhór i gceist ag brath ar na seirbhísí sonracha idirghabhála ar líne, ach ba cheart tuiscint leormhaith a thabhairt d’úsáideoirí gnó ar an gcaoi a gcuireann an sásra rangaithe tréithe na n-earraí agus na seirbhísí iarbhír a thairgeann an t-úsáideoir gnó san áireamh, agus a n-ábharthacht do thomhaltóirí na seirbhísí idirghabhála sonracha ar líne.
Na táscairí sin lena dtomhaistear cáilíocht na n-earraí nó na seirbhísí a bhíonn ag úsáideoirí gnó, an úsáid a bhaintear as eagarthóirí maille lena gcumas tionchar a imirt ar rangú na n-earraí nó na seirbhísí céanna sin, a mhéid a fhágann tionchar an luacha saothair a lorg ar an rangú a dhéantar orthu, chomh maith le heilimintí nach mbaineann ach ar éigean nó nach mbaineann ar chor ar bith leis an earra nó leis an tseirbhís féin, amhail an chaoi a gcuirtear i láthair iad sa tairiscint ar líne, is rudaí iad sin ar fad a d’fhéadfaí a lua mar shamplaí de phríomhpharaiméadair a bheidh ina gcuidiú — ach iad a chuimsiú sa chur síos ginearálta a thugtar, i dteanga atá simplí agus intuigthe, ar an sásra rangaithe — ag úsáideoirí gnó chun tuiscint leormhaith riachtanach a fháil ar an gcaoi a bhfeidhmíonn sé.
- = -