(5) Mar thoradh ar chineál an chaidrimh idir soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne agus úsáideoirí gnó, d’fhéadfadh cásanna a bheith ann inar minic nach mbíonn ach deis theoranta ag úsáideoirí gnó sásamh a lorg i gcásanna ina bhfuil díospóid ann de dheasca gníomhaíochtaí aontaobhacha na soláthraithe a chuireann na seirbhísí sin ar fáil.
Is minic nach gcuireann na soláthraithe sin córais inmheánacha éifeachtacha inrochtana láimhseála gearán ar fáil.
Is féidir sásraí réitithe díospóide lasmuigh den chúirt atá ann cheana a bheith neamhéifeachtach freisin ar chúiseanna éagsúla, lena n-áirítear easpa idirghabhálaithe speisialaithe agus an eagla a bhíonn ar úsáideoirí gnó roimh dhíoltas.
- = -
(10) Déanann soláthraithe a oibríonn seirbhísí iltaobhacha atá bunaithe i bhfírinne ar an tsamhail ghnó um thógáil éiceachórais idirmheánú ar éagsúlacht mhór caidrimh idir gnólachtaí agus tomhaltóirí.
Chun na seirbhísí ábhartha a chuimsiú, ba cheart seirbhísí idirghabhála ar líne a shainmhíniú go cruinn agus ar bhealach atá neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de.
Go háirithe, ba cheart a bheith sna seirbhísí sin seirbhísí sochaí faisnéise, a bhfuil sé de shaintréith acu gurb é is aidhm leo tionscnamh idirbheart díreach idir úsáideoirí agus tomhaltóirí a éascú, gan beann ar cibé acu a thabharfar na hidirbhearta chun críche ar deireadh ar líne, ar thairseach ar líne sholáthraí na seirbhísí idirghabhála ar líne atá i gceist nó ar thairseach an úsáideora gnó, as líne nó go deimhin nach dtabharfar chun críche in aon chor iad, rud a chiallaíonn nár cheart aon cheanglas a bheith ann maidir le haon chaidreamh conarthach idir na húsáideoirí gnó agus na tomhaltóirí mar réamhchoinníoll do sheirbhísí idirghabhála ar líne a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo.
Níor cheart a mheas mar gheall ar sheirbhís a bheith san áireamh agus gan inti ach cineál imeallach gurb é is aidhm le suíomh gréasáin nó le seirbhís idirbhearta a éascú de réir bhrí seirbhísí idirghabhála ar líne.
Ina theannta sin, ba cheart na seirbhísí a sholáthar ar bhonn caidreamh conarthach idir na soláthraithe agus na húsáideoirí gnó a thairgeann earraí nó seirbhísí do thomhaltóirí.
Ba cheart a mheas gur ann do chaidreamh conarthach den sórt sin i gcás ina gcuirfidh an dá pháirtí in iúl go neamhbhalbh agus ar mheán marthanach go bhfuil fúthu a bheith faoi cheangal, gan an gá comhaontú sainráite i scríbhinn a bheith ann.
- = -
(23) Caillteanas ollmhór saineolais a bheadh ann dá gcuirfí deireadh leis na seirbhísí idirghabhála ar líne ar fad agus dá scriosfaí sonraí gaolmhara a fhoráiltear le haghaidh na seirbhísí idirghabhála ar líne nó a ghintear trí sholáthar na seirbhísí sin, agus d’fhéadfadh tionchar suntasach a bheith aige sin ar úsáideoirí gnó agus d’fhéadfadh sé a bheith ina bhac orthu freisin cearta eile a thugtar faoin Rialachán seo a fheidhmiú go cuí.
Dá bhrí sin, ba cheart do sholáthraí seirbhísí idirghabhála ar líne ráiteas faoi na cúiseanna leis an gcinneadh sin a chur in iúl, ar mheán marthanach, don úsáideoir gnó lena mbaineann, 30 lá ar a laghad sula ngabhfadh éifeacht le foirceannadh sholáthar iomlán na seirbhísí idirghabhála ar líne atá aige.
Mar sin féin, i gcásanna ina gcuirfidh oibleagáid dhlíthiúil nó rialála ceanglas ar sholáthraí seirbhísí idirghabhála ar líne deireadh a chur lena sheirbhísí uile idirghabhála ar líne d’úsáideoir gnó áirithe, níor cheart feidhm a bheith ag an tréimhse fógra sin.
Ar an gcaoi chéanna, níor cheart feidhm a bheith ag an tréimhse fógra 30 lá i gcás soláthraí a chuirfidh a chearta foirceanta i bhfeidhm faoin dlí náisiúnta agus i gcomhréir le dlí an Aontais lenar ceadmhach foirceannadh láithreach a dhéanamh más rud é, agus imthosca uile an cháis shonraigh á gcur san áireamh agus leas an dá pháirtí á mheá, nach féidir a bheith ag súil leis go leanfaidh an caidreamh conarthach ar aghaidh go dtí an dáta deiridh a comhaontaíodh nó go dtí go rachaidh an tréimhse fógra in éag.
Ar deireadh, níor cheart feidhm a bheith ag an tréimhse fógra 30 lá i gcás ina bhféadfaidh soláthraí seirbhísí idirghabhála ar líne athshárú ar na téarmaí agus na coinníollacha a léiriú.
Féadfaidh na heisceachtaí éagsúla ar an tréimhse fógra 30 lá teacht chun cinn go háirithe i dtaca le hinneachar mídhleathach nó míchuí sábháilteacht earra nó seirbhíse, góchumadh, calaois, bogearraí mailíseacha, turscar, sáruithe sonraí, rioscaí eile cibearshlándála nó oiriúnacht an earra nó na seirbhíse do mhionaoisigh.
Chun comhréireacht a áirithiú, ba cheart do sholáthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne, i gcás inar réasúnach agus ina bhfuil sé indéanta go teicniúil, earraí nó seirbhísí aonair úsáideora gnó, agus iad sin amháin, a dhíliostú.
Is é foirceannadh iomlán na seirbhísí idirghabhála ar líne an beart is déine.
- = -
(24) I ndáil le rangú earraí agus seirbhísí ag soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne, imríonn sin tionchar tábhachtach ar rogha an tomhaltóra agus, dá bharr sin, ar rathúnas tráchtála na n-úsáideoirí gnó a thairgeann na hearraí agus na seirbhísí sin do thomhaltóirí.
Baineann rangú leis an tsuntasacht choibhneasta a thugtar do thairiscintí na n-úsáideoirí gnó nó don ábharthacht a thugtar do thorthaí cuardaigh, arna gcur i láthair, arna n-eagrú agus arna gcur in iúl ag soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne nó ag soláthraithe inneall cuardaigh ar líne, mar thoradh ar an úsáid a bhaintear as algartam lena mbaineann seicheamhú, rátáil nó sásraí athbhreithniúcháin, buaicphointí atá dírithe ar an tsúil nó uirlisí aireachtála eile, nó cónaisc díobh sin.
Is é atá i gceist le hintuarthacht go gcinneann soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne rangú ar bhealach neamhthreallach.
Ba cheart do sholáthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne na príomhpharaiméadair lena gcinnfear an rangú a leagan amach roimh ré, d’fhonn an intuarthacht a fheabhsú d’úsáideoirí gnó, chun ceadú dóibh feidhmiú an tsásra rangaithe a thuiscint níos fearr agus chun a chur ar a gcumas cleachtais rangaithe na soláthraithe éagsúla a chur i gcomparáid.
Tá dearadh sonrach na hoibleagáide trédhearcachta sin tábhachtach d’úsáideoirí gnó mar tuigtear uaidh sainaithint sraith theoranta paraiméadar is mó atá ábhartha as líon i bhfad níos mó paraiméadar a bhfuil tionchar éigin acu ar an rangú.
Leis an tuairisc réasúnaithe sin, ba cheart cuidiú le húsáideoirí gnó feabhas a chur ar chur i láthair a n-earraí agus a seirbhísí, nó ar roinnt buntréithe na n-earraí nó na seirbhísí sin.
Ba cheart a thuiscint go dtagraíonn an coincheap príomhpharaiméadar d’aon chritéir ghinearálta, próisis, comharthaí sonracha a chorpraítear in algartaim nó aon sásraí coigeartaithe nó íslithe a úsáidtear i ndáil leis an rangú.
- = -
(25) Sa tuairisc ar na príomhpharaiméadair lena gcinntear an rangú, ba cheart míniú a bheith ar na deiseanna a d’fhéadfadh a bheith ag úsáideoirí gnó tionchar gníomhach a imirt ar rangú os coinne luach saothair, mar aon le míniú ar na héifeachtaí coibhneasta a bhaineann leis sin.
Sa chás sin, d’fhéadfadh sé go dtagródh luach saothair d’íocaíochtaí a rinneadh — agus é mar phríomhaidhm nó mar aidhm aonair leo rangú a fheabhsú, chomh maith le luach saothair indíreach arb é sin úsáideoir gnó ag glacadh le hoibleagáidí breise d’aon chineál ag a bhféadfadh é sin a bheith mar éifeacht phraiticiúil, amhail úsáid a bhaint as seirbhísí ar seirbhísí coimhdeacha iad nó as scothghnéithe.
Maidir leis an gcur síos ar an inneachar, lena n-áirítear líon agus cineál na bpríomhpharaiméadar, d’fhéadfadh sé tarlú go mbeadh éagsúlacht mhór i gceist ag brath ar na seirbhísí sonracha idirghabhála ar líne, ach ba cheart tuiscint leormhaith a thabhairt d’úsáideoirí gnó ar an gcaoi a gcuireann an sásra rangaithe tréithe na n-earraí agus na seirbhísí iarbhír a thairgeann an t-úsáideoir gnó san áireamh, agus a n-ábharthacht do thomhaltóirí na seirbhísí idirghabhála sonracha ar líne.
Na táscairí sin lena dtomhaistear cáilíocht na n-earraí nó na seirbhísí a bhíonn ag úsáideoirí gnó, an úsáid a bhaintear as eagarthóirí maille lena gcumas tionchar a imirt ar rangú na n-earraí nó na seirbhísí céanna sin, a mhéid a fhágann tionchar an luacha saothair a lorg ar an rangú a dhéantar orthu, chomh maith le heilimintí nach mbaineann ach ar éigean nó nach mbaineann ar chor ar bith leis an earra nó leis an tseirbhís féin, amhail an chaoi a gcuirtear i láthair iad sa tairiscint ar líne, is rudaí iad sin ar fad a d’fhéadfaí a lua mar shamplaí de phríomhpharaiméadair a bheidh ina gcuidiú — ach iad a chuimsiú sa chur síos ginearálta a thugtar, i dteanga atá simplí agus intuigthe, ar an sásra rangaithe — ag úsáideoirí gnó chun tuiscint leormhaith riachtanach a fháil ar an gcaoi a bhfeidhmíonn sé.
- = -
(44) De thoradh tosca éagsúla, amhail acmhainní airgeadais teoranta, an eagla roimh dhíoltas agus gan ach an saghas sin rogha a bheith le fáil de réir na dtéarmaí agus na gcoinníollacha, is féidir teorainn a bheith le héifeachtacht na ndeiseanna sásaimh bhreithiúnaigh atá ann, na deiseanna sin go háirithe lena gceanglaítear ar úsáideoirí gnó nó úsáideoirí suíomhanna corparáideacha gníomhú ina n-aonar nó ar bhealach ina n-aithneofaí iad.
Chun cur i bhfeidhm éifeachtach an Rialacháin seo a áirithiú, ba cheart an deis a thabhairt d’eagraíochtaí, do chomhlachais a dhéanann ionadaíocht ar úsáideoirí gnó nó úsáideoirí suíomhanna gréasáin corparáideacha, mar aon le comhlachtaí poiblí áirithe atá bunaithe sna Ballstáit, caingean a thabhairt os comhair cúirteanna náisiúnta i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, lena n-áirítear ceanglais náisiúnta nósanna imeachta.
Ba cheart gurbh é an aidhm le caingean den sórt sin os comhair cúirt náisiúnta sáruithe ar na rialacha a leagtar amach sa Rialachán seo a stopadh nó a chosc agus díobháil a chosc sa todhchaí a d’fhéadfadh an bonn a bhaint den ghaol gnó inbhuanaithe i ngeilleagar na n-ardán ar líne.
Lena áirithiú go bhfeidhmeoidh na heagraíochtaí nó na comhlachais sin an ceart sin go héifeachtach agus go hiomchuí, ba cheart dóibh critéir áirithe a chomhlíonadh.
Go sonrach, caithfidh siad a bheith bunaithe go cuí i gcomhréir le dlí Ballstáit ar leith, a bheith ina eagraíochtaí neamhbhrabúsacha agus a gcuspóirí a chur i gcrích ar bhonn leanúnach.
Ba cheart do na ceanglais sin cosc a chur ar bhunú ad hoc eagraíochtaí nó comhlachas chun críche gníomh nó gníomhartha sonracha, nó chun críche brabús a dhéanamh.
Thairis sin, ba cheart a áirithiú nach bhfuil aon tionchar míchuí ó aon duine de na soláthraithe tríú páirtí ar chinnteoireacht a bheith á maoiniú ag na heagraíochtaí nó na comhlachais sin.
- = -
(46) Ba cheart é a bheith de cheangal ar na Ballstáit forfheidhmiú leormhaith agus éifeachtach ar an Rialachán seo a áirithiú.
Is ann do chórais éagsúla forfheidhmithe sna Ballstáit cheana féin, agus níor cheart oibleagáid a bheith orthu comhlachtaí náisiúnta forfheidhmithe nua a chur ar bun.
Tá sé de rogha ag Ballstáit forfheidhmiú an Rialacháin seo a fhágáil faoi na húdaráis atá ann cheana féin, cúirteanna san áireamh.
Níor cheart don Rialachán seo oibleagáid a chur ar na Ballstáit foráil a dhéanamh d’fhorfheidhmiú ex officio ná fíneálacha a fhorchur.
- = -