search


keyboard_tab REGIS - Reg. Intermediation Services 2019/1150 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2019/1150 GA cercato: 'difear' . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl
 

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.   Is é cuspóir an Rialacháin seo rannchuidiú le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh trí rialacha a leagan síos lena áirithiú go gcuirtear trédhearcacht iomchuí, cothroime agus deiseanna éifeachtacha sásaimh ar fáil d’úsáideoirí gnó a bhaineann leas as seirbhísí idirghabhála ar líne agus d’úsáideoirí suíomhanna gréasáin corparáideacha i dtaca le hinnill chuardaigh ar líne.

2.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le seirbhísí idirghabhála ar líne agus innill chuardaigh ar líne a sholáthraítear, nó a thairgtear a sholáthar, d’úsáideoirí gnó agus d’úsáideoirí suíomhanna gréasáin corparáideacha, faoi seach, a bhfuil a n-áit bhunaíochta nó a n-áit chónaithe san Aontas agus a thairgeann, trí na seirbhísí idirghabhála ar líne sin nó trí na hinnill chuardaigh ar líne sin, earraí nó seirbhísí do thomhaltóirí atá lonnaithe san Aontas, beag beann ar áit bhunaíochta nó áit chónaithe sholáthraithe na seirbhísí sin agus gan beann ar an dlí ab infheidhme in aon chás eile.

3.   Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le seirbhísí íocaíochta ar líne ná maidir le huirlisí seirbhíse fógraíochta ar líne ná maidir le malartáin fógraíochta ar líne nach soláthraítear leis an aidhm é a dhéanamh níos éasca idirbhearta díreacha a thionscnamh agus nach mbaineann caidreamh conarthach le tomhaltóirí leo.

4.   Ní dochar an Rialachán seo do rialacha náisiúnta a dhéanann, i gcomhréir le dlí an Aontais, toirmeasc nó beart sriantach a chur ar iompar aontaobhach nó ar chleachtais tráchtála éagóracha, a mhéid nach gcumhdaítear na gnéithe ábhartha leis an Rialachán seo. Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear don dlí sibhialta náisiúnta, go háirithe do dhlí na gconarthaí, amhail na rialacha maidir le bailíocht, déanamh, éifeacht, nó foirceannadh conartha, a mhéid atá na rialacha náisiúnta maidir leis an dlí sibhialta i gcomhréir le dlí an Aontais, agus a mhéid nach gcumhdaítear na gnéithe ábhartha faoin Rialachán seo.

5.   Ní dochar an Rialachán seo do dhlí an Aontais, go háirithe dlí an Aontais is infheidhme i réimse an chomhair bhreithiúnaigh ar ábhair shibhialta, na hiomaíochta, na cosanta sonraí, chosaint na rún trádála, na cosanta tomhaltóirí, na ríomhthráchtála agus na seirbhísí airgeadais.

Airteagal 5

Rangú

1.   Leagfaidh soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne amach ina dtéarmaí agus coinníollacha na príomhpharaiméadair lena gcinntítear rangú agus na cúiseanna le tábhacht choibhéiseach na bpríomhpharaiméadar sin i gcodarsnacht le paraiméadair eile.

2.   Leagfaidh soláthraithe inneall cuardaigh ar líne amach na príomhpharaiméadair, arb iad go leithleach nó go comhchoiteann is suntasaí i gcinneadh an rangaithe agus tábhacht choibhneasta na bpríomhpharaiméadar sin, trí thuairisc a sholáthar atá ar fáil go héasca agus go poiblí agus atá dréachtaithe i bhfriotal simplí agus intuigthe, ar innill cuardaigh ar líne na soláthraithe sin. Coinneoidh siad an tuairisc sin cothrom le dáta.

3.   I gcás ina n-áirítear sna príomhpharaiméadair an fhéidearthacht difear a dhéanamh don rangú trí bhíthin luach saothair díreach nó indíreach a íocann úsáideoirí gnó nó úsáideoirí suíomhanna gréasáin corparáideacha lena soláthraí faoi seach, leagfaidh an soláthraí sin amach tuairisc ar na féidearthachtaí sin agus ar éifeachtaí luach saothair den sórt sin ar rangú i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i míreanna 1 agus 2.

4.   I gcás ina bhfuil ord an rangaithe athraithe ag soláthraí innill chuardaigh ar líne i gcás sonrach nó i gcás ina bhfuil suíomh gréasáin díliostaithe aige tar éis fógra tríú páirtí, tairgfidh an soláthraí an fhéidearthacht don úsáideoir suímh gréasáin chorparáidigh ábhar an fhógra a imscrúdú.

5.   Beidh na tuairiscí dá dtagraítear i míreanna 1, 2 agus 3 leordhóthanach chun gur féidir leis na húsáideoirí gnó nó na húsáideoirí suíomhanna gréasáin corparáideacha tuiscint leormhaith a fháil an gcuirtear an méid seo a leanas san áireamh leis an sásra rangaithe, agus má chuirtear, conas a dhéantar sin agus cé an méid a dhéantar é:

(a)

airíonna na n-earraí agus na seirbhísí a thairgtear do thomhaltóirí trí na seirbhísí idirghabhála ar líne nó an inneall cuardaigh ar líne;

(b)

ábharthacht na n-airíonna sin ó thaobh na dtomhaltóirí sin de;

(c)

maidir le hinnill chuardaigh ar líne, airíonna dearaidh an tsuímh gréasáin a úsáideann úsáideoirí suíomhanna gréasáin corparáideacha.

6.   Ní cheanglófar ar sholáthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne ná ar sholáthraithe inneall cuardaigh ar líne, agus iad ag comhlíonadh cheanglais an Airteagail seo, go ndéanfaidís algartaim ná aon fhaisnéis a nochtadh arb é a mbeadh mar thoradh air, le cinnteacht réasúnach, go gcumasófaí meabhlaireacht ar thomhaltóirí nó dochar do thomhaltóirí trí na torthaí cuardaigh a chúbláil. Ní dochar an tAirteagal seo do Threoir (AE) 2016/943.

7.   Chun a éascú do na soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne agus na soláthraithe inneall cuardaigh ar líne ceanglais an Airteagail seo a chomhlíonadh agus a fhorfheidhmiú, déanfaidh an Coimisiún treoirlínte a chur ag gabháil leis na ceanglais trédhearcachta a leagtar amach san Airteagal seo.

Airteagal 10

Srianta maidir le coinníollacha éagsúla a thairiscint ar bhealaí eile

1.   I gcás ina gcuirfidh soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne, agus a gcuid seirbhísí á soláthar acu, srian ar chumas úsáideoirí gnó na hearraí nó seirbhísí céanna a thairiscint do thomhaltóirí ar choinníollacha éagsúla ar bhealaí seachas trí na seirbhísí idirghabhála ar líne sin, áireoidh siad forais an tsriain sin ina gcuid téarmaí agus coinníollacha agus cuirfidh siad ar fáil don phobal go héasca iad. Áireofar leis na forais sin príomhbhreithnithe eacnamaíocha, tráchtála nó dlí na srianta sin.

2.   Ní dhéanfaidh an oibleagáid a leagtar amach i mír 1 difear d’aon toirmeasc ná teorainn i leith fhorchur na srianta sin a thiocfaidh chun cinn mar thoradh ar ghníomhartha eile de dhlí an Aontais nó de dhlí na mBallstát a chur i bhfeidhm atá i gcomhréir le dlí an Aontais agus a bhfuil soláthraithe na seirbhísí idirghabhála ar líne faoina réir.

Airteagal 11

Córas inmheánach láimhseála gearán

1.   Déanfaidh soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne foráil do chóras inmheánach láimhseála gearán ó úsáideoirí gnó.

Beidh an córas inmheánach láimhseála gearán inrochtana go héasca agus saor in aisce d’úsáideoirí gnó agus áiritheofar leis go láimhseálfar le gearáin laistigh de thréimhse réasúnta ama. Beidh sé bunaithe ar phrionsabail na trédhearcachta agus na córa comhionainne a chuirtear i bhfeidhm ar staideanna comhionanna, agus lena ndéileálfar le gearáin ar bhealach atá comhréireach lena dtábhacht agus lena gcastacht. Tabharfaidh sé deis d’úsáideoirí gnó a ngearáin a thaisceadh go díreach leis an soláthraí lena mbaineann i dtaca le haon cheann de na saincheisteanna seo a leanas:

(a)

neamhchomhlíonadh a líomhnaítear a bheith déanta ag an soláthraí sin maidir le haon oibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo agus a dhéanann difear don úsáideoir gnó atá ag taisceadh an ghearáin (“an gearánaí”);

(b)

saincheisteanna teicneolaíocha a bhaineann go díreach le soláthar seirbhísí idirghabhála ar líne, agus a dhéanann difear don ghearánaí;

(c)

bearta atá déanta ag an soláthraí, nó iompar an tsoláthraí, a bhaineann go díreach le soláthar na seirbhísí idirghabhála ar líne agus a bhfuil tionchar acu ar an ngearánaí.

2.   Mar chuid dá gcóras inmheánach láimhseála gearán, déanfaidh soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne an méid seo a leanas:

(a)

breithniú cuí a dhéanamh ar ghearáin atá taiscthe agus ar an d’fhéadfadh a bheith le tabhairt acu don ghearánaí acu chun aghaidh a thabhairt go leormhaith ar an tsaincheist a ardaíodh;

(b)

gearáin a phróiseáil go pras agus go héifeachtach, agus tábhacht agus castacht na saincheiste a ardaíodh á gcur san áireamh;

(c)

toradh an chórais inmheánaigh chun déileáil le gearáin a chur in iúl don ghearánaí ar bhonn aonair, i bhfriotal simplí agus intuigthe.

3.   An fhaisnéis ábhartha uile a bhaineann le rochtain ar a gcóras inmheánach láimhseála gearán, agus lena fheidhmiú, cuirfidh soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne ar fáil í ina dtéarmaí agus coinníollacha.

4.   Déanfaidh soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne feidhmiú agus éifeachtúlacht a gcóras inmheánach láimhseála gearán a leagan amach agus faisnéis maidir leis sin a chur ar fáil ar bhealach ina mbeidh fáil go héasca ag an bpobal air. Déanfaidh siad an fhaisnéis a fhíorú go bliantúil ar a laghad agus i gcás ina mbeidh gá le hathruithe suntasacha, déanfaidh siad an fhaisnéis sin a thabhairt cothrom le dáta.

Áireofar leis an bhfaisnéis sin líon iomlán na ngearán a thaiscfear, príomhchineálacha na ngearán, an mheántréimhse ama a bheidh de dhíth chun na gearáin a phróiseáil agus faisnéis chomhiomlánaithe maidir le toradh na ngearán.

5.   Ní bheidh feidhm ag forálacha an Airteagail seo maidir le soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne ar fiontair bheaga iad de réir bhrí na hIarscríbhinne a ghabhann le Moladh 2003/361/CE.

Airteagal 12

Idirghábháil

1.   Déanfaidh soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne beirt idirghabhálaithe nó níos mó a shainaithint ina dtéarmaí agus coinníollacha a bhfuil siad sásta déileáil leo chun iarracht a dhéanamh teacht ar chomhaontú le húsáideoirí gnó maidir le réiteach, lasmuigh de chúirt, ar aon díospóidí idir an soláthraí agus an úsáideoir gnó a eascróidh as soláthar na seirbhísí idirghabhála ar líne lena mbaineann, lena n-áirítear gearáin nach bhféadfaí a réiteach tríd an gcóras inmheánach láimhseála gearán dá dtagraítear in Airteagal 11.

Ní fhéadfaidh soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne idirghabhálaithe a chuireann a seirbhísí idirghabhála ar fáil ó áit atá lasmuigh den Aontas a shainaithint ach amháin i gcás ina n-áirithítear nach ndéanfar na buntáistí a ghabhann le haon choimirce dhlíthiúil a leagtar síos i ndlí an Aontais nó i ndlí na mBallstát a cheilt ar na húsáideoirí gnó mar thoradh ar na seirbhísí sin a bheith á gcur ar fáil ag na hidirghabhálaithe lasmuigh den Aontas.

2.   Comhlíonfaidh na hidirghabhálaithe dá dtagraítear i mír 1 na ceanglais seo a leanas:

(a)

tá siad neamhchlaonta agus neamhspleách;

(b)

tá a seirbhísí idirghabhála inacmhainne ag úsáideoirí gnó na seirbhísí idirghabhála ar líne lena mbaineann;

(c)

tá siad in ann a seirbhísí idirghabhála a sholáthar i dteanga na dtéarmaí agus coinníollacha lena rialaítear an caidreamh conarthach idir soláthraí na seirbhísí idirghabhála ar líne agus an t-úsáideoir gnó lena mbaineann;

(d)

is féidir rochtain fhisiciúil a fháil orthu go héasca san áit ina bhfuil siad bunaithe nó in áit chónaithe an úsáideora gnó, nó go cianda trí úsáid a bhaint as teicneolaíochtaí cumarsáide;

(e)

tá siad in ann a seirbhísí idirghabhála a sholáthar gan aon mhoill mhíchuí;

(f)

tá tuiscint leordhóthanach acu ar chaidreamh tráchtála ginearálta gnólacht le gnólacht, rud a thugann deis dóibh cuidiú go héifeachtach leis an iarracht díospóidí a réiteach.

3.   D’ainneoin chineál deonach na hidirghabhála, glacfaidh soláthraithe seirbhísí idirghabhála agus úsáideoirí gnó páirt de mheon macánta le linn aon iarrachtaí idirghabhála a sheoltar de bhun an Airteagail seo.

4.   Seasfaidh soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne cion réasúnach de chostais uile na hidirghabhála i ngach cás aonair. Cinnfear cion réasúnach de na costais iomlána sin, ar bhonn moladh ón idirghabhálaí, trí ghnéithe ábhartha uile an cháis atá idir lámha a chur san áireamh, go háirithe an fiúntas coibhéiseach atá le héilimh na bpáirtithe sa díospóid, iompar na bpáirtithe, chomh maith le méid agus neart airgeadais na bpáirtithe i gcoibhneas lena chéile.

5.   Aon iarracht chun teacht ar chomhaontú trí bhíthin idirghabhála maidir le réiteach díospóide i gcomhréir leis an Airteagal seo, ní dhéanfaidh sí difear do chearta sholáthraithe na seirbhísí idirghabhála ar líne agus na n-úsáideoirí gnó lena mbaineann i dtaca le himeachtaí breithiúnacha a thionscnamh aon tráth roimh an bpróiseas idirghabhála, lena linn nó ina dhiaidh.

6.   Arna iarraidh sin d’úsáideoir gnó, déanfaidh soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne faisnéis a chur ar fáil don úsáideoir gnó, sula rachaidh sé i mbun idirghabhála nó lena linn, maidir le feidhmiú agus éifeachtúlacht na hidirghabhála a bhaineann lena ghníomhaíochtaí.

7.   Ní bheidh feidhm ag an oibleagáid a leagtar amach i mír 1 maidir le soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne ar fiontair bheaga iad de réir bhrí na hIarscríbhinne a ghabhann le Moladh 2003/361/CE.


whereas









keyboard_arrow_down