(10) Agus sainghnéithe de shásraí maoinithe agus ceadúnaithe saothar closamhairc ar leith á gcur san áireamh, ar rudaí iad a bhunaítear go minic ar cheadúnú críochach eisiach, is iomchuí, i dtaca le cláir theilifíse, teorainn catagóirí clár ar leith a chur le raon feidhme phrionsabal na tíre tionscnaimh a leagtar amach sa Treoir seo. Le cláir den chineál sin, ba cheart a áireamh cláir nuachta agus cúrsaí reatha chomh maith le léiriúcháin de chuid na heagraíochta craoltóireachta féin arna maoiniú aici féin amháin lena n-áirítear i gcás go bhféadfadh sé go dtagann na cistí a úsáideann an eagraíocht chraoltóireachta lena léiriúcháin a mhaoiniú ó chistí poiblí.
Chun críocha na Treorach seo, ba cheart go dtuigfí go gcumhdaítear le léiriúcháin na heagraíochta craoltóireachta féin léiriúcháin arna ndéanamh ag eagraíocht chraoltóireachta trína hacmhainní féin a úsáid, ach ní léiriúcháin arna gcoimisiúnú ag an eagraíocht chraoltóireachta do léiritheoirí atá neamhspléach ar an eagraíocht chraoltóireachta agus ar chomhléiriúcháin.
Ar na cúiseanna céanna, níor cheart feidhm a bheith ag prionsabal na tíre tionscnaimh maidir leis an gcraoladh teilifíse a dhéantar ar ócáidí spóirt faoin Treoir seo. Níor cheart feidhm a bheith ag prionsabal na tíre tionscnaimh ach amháin sa chás ina n-úsáideann an eagraíocht chraoltóireachta cláir ina seirbhísí coimhdeacha féin ar líne.
Níor cheart feidhm a bheith aige maidir le léiriúcháin de chuid na heagraíochtaí craoltóireachta féin a cheadúnú do thríú páirtithe, lena n-áirítear eagraíochtaí eile craoltóireachta.
Níor cheart do phrionsabal na tíre tionscnaimh cur isteach ar shaoirse na sealbhóirí cirt ná na n-eagraíochtaí craoltóireachta srianta a chomhaontú, i gcomhréir le dlí an Aontais, lena n-áirítear srianta críocha, maidir le saothrú a gceart.
- = -
(20) Chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú agus chun ardleibhéal cosanta a choimeád do na sealbhóirí cirt, is iomchuí a fhoráil sa chás nach dtarchuireann eagraíochtaí craoltóireachta trí mheán an insteallta dhírigh a gcomharthaí cláriompartha ach amháin chuig na dáileoirí comharthaí gan a gcláir a bheith á dtarchur ag na heagraíochtaí craoltóireachta chuig an bpobal chomh maith, agus go gcuireann na dáileoirí comharthaí na cláir sin chuig a n-úsáideoirí chun lamháil dóibh féachaint ar na cláir nó éisteacht leo, go measfar nach dtarlaíonn ach gníomh cumarsáide aonair amháin leis an bpobal ina bhfuil na heagraíochtaí craoltóireachta agus na dáileoirí comharthaí araon rannpháirteach ann lena n-ionchur féin faoi seach.
Dá bhrí sin, ba cheart do na heagraíochtaí craoltóireachta agus na dáileoirí comharthaí údarú a fháil ó na sealbhóirí cirt dá rannchuidiúsonrach sa ghníomh aonair cumarsáide leis an bpobal.
Níor cheart go mbeadh rannpháirtíocht na n-eagraíochtaí craoltóireachta agus na ndáileoirí comharthaí sa ghníomh aonair cumarsáide ina chúis le dliteanas comhpháirteach na n-eagraíochta craoltóireachta agus dáileora comharthaí as an ngníomh cumarsáide leis an bpobal.
Ba cheart do na Ballstáit a bheith saor fós le foráil a dhéanamh ar an leibhéal náisiúnta maidir leis na modúlachtaí chun údarú a fháil i gcomhair gníomh aonair cumarsáide mar sin leis an bpobal, lena n-áirítear na híocaíochtaí ábhartha is gá a dhéanamh leis na sealbhóirí cirt, agus saothrú na saothar agus na n-ábhar cosanta eile lena mbaineann ag na heagraíochtaí craoltóireachta agus na dáileoirí comharthaí i dtaca leis an ngníomh aonair cumarsáide leis an bpobal á gcur san áireamh.
Toisc nach mbíonn ar dháileoirí comharthaí aghaidh a thabhairt, ar chaoi chomhchosúil le hoibreoirí seirbhísí atarchuir, ar ualach suntasach maidir le imréiteach ceart, ach amháin i gcás na gceart atá ag na heagraíochtaí craoltóireachta, ba cheart do na Ballstáit foráil a dhéanamh go mbeadh dáileoirí comharthaí in ann leas a bhaint as sásra comhbhainistíochta éigeantach ceart le haghaidh a dtarchur ar an gcaoi chéanna agus a mhéid céanna agus a bhaineann oibritheoirí seirbhísí atarchuir leas as le haghaidh atarchuir a chuimsítear i dTreoir 93/83/CEE agus sa Treoir seo. I gcásanna nach ndéanann dáileoirí comharthaí ach na hacmhainní teicniúla a chur ar fáil do na heagraíochtaí craoltóireachta, de réir bhrí chásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, chun glacadh an chraolacháin a áirithiú nó a fheabhsú, níor cheart na dáileoirí comharthaí a mheas mar pháirt den ghníomh cumarsáide leis an bpobal.
- = -
(21) Nuair a dhéanann eagraíochtaí craoltóireachta a gcomharthaí cláriompartha a tharchur go díreach chuig an bpobal, agus ar an gcaoi sin gníomh tosaigh an tarchuir á chur i gcrích acu, agus, ag an am céanna, na comharthaí a tharchur go comhuaineach chuig eagraíochtaí eile trí phróiseas an insteallta dhírigh, mar shampla chun cáilíocht na gcomharthaí a áirithiú chun críocha atarchuir, is gníomh cumarsáide ar leithligh leis an bpobal tarchuir ó na heagraíochtaí eile sin nach ionann é agus an ceann á chur i gcrích ag an eagraíocht chraoltóireachta.
Sna cásanna sin, ba cheart feidhm a bheith ag na rialacha maidir le hatarchuir a leagtar síos sa Treoir seo agus i dTreoir 93/83/CEE.
- = -