search


keyboard_tab Media online 2019/0789 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2019/0789 GA cercato: 'bhallstáit' . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


index bhallstáit:


whereas bhallstáit:


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 117

 

Airteagal 4

Feidhmiú na gceart maidir le hatarchur ag sealbhóirí cirt nach eagraíochtaí craoltóireachta iad

1.   Ní mór do shealbhóirí an chirt cumarsáide eisiach don phobal gníomhartha atarchuir clár a údarú.

Áiritheoidh na Ballstáit nach bhféadfaidh sealbhóirí cirt a gceart a fheidhmiú chun údarú i leith atarchuir a dheonú nó a dhiúltú ach trí eagraíocht chomhbhainistíochta.

2.   I gcás nach bhfuil bainistíocht an chirt dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 1 aistrithe ag sealbhóir cirt chuig eagraíocht chomhbhainistíochta, measfar go mbeidh an ceart chun an t-údarú le haghaidh atarchuir a dheonú nó a dhiúltú don sealbhóir cirt sin ag an eagraíocht chomhbhainistíochta a bhainistíonn cearta den chatagóir chéanna i gcríoch an bhallstáit dá bhfuil oibreoir na seirbhíse atarchuir ag iarraidh na cearta a imréiteach le haghaidh atarchuir.

Sa chás, áfach, go bhfuil cearta sa chatagóir sin á mbainistiú ag níos mó ná aon eagraíocht chomhbhainistíochta amháin do chríoch an bhallstáit sin, is faoin mBallstát, ar dá chríoch atá oibreoir seirbhíse atarchuir ag iarraidh cearta a imréiteach le haghaidh atarchuir a chinneadh cibé acu eagraíocht nó eagraíochtaí comhbhainistíochta ag a mbeidh an ceart an t-údarú le haghaidh atarchuir a dheonú nó a dhiúltú.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh ag sealbhóir cirt na cearta agus na hoibleagáidí céanna a eascraíonn as comhaontú idir oibreoir seirbhíse atarchuir agus eagraíochtaí comhbhainistíochta nó eagraíochtaí a ghníomhaíonn de bhun mhír 2 mar shealbhóirí cirt a thug sainordú do na heagraíochtaí comhbhainistíochta sin nó do na heagraíocht. Áiritheoidh Ballstáit go mbeidh na sealbhóirí cirt ar a chumas na cearta sin a éileamh laistigh de thréimhse, a bheidh le cinneadh ag an mBallstát lena mbaineann, nach mbeidh níos lú ná 3 bliana ó dháta an atarchuir ina gcuimsítear a shaothar nó ábhar cosanta eile.

Airteagal 7

Atarchuir tarchur tosaigh de thionscnamh an bhallstáit chéanna

Féadfaidh na Ballstáit na rialacha a leagtar amach sa Chaibidil seo agus i gCaibidil III de Threoir 93/83/CEE a chur i bhfeidhm i gcásanna ina dtarlóidh an tarchur tosaigh agus an t-atarchur laistigh dá gcríoch.

CAIBIDIL IV

Tarchur clár trí instealladh díreach


whereas









keyboard_arrow_down