keyboard_tab Media online 2019/0789 GA
BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf
- atarchuir 12
- cirt 8
- cearta 8
- eagraíochtaí 6
- eagraíocht 6
- nach 5
- ballstáit 5
- haghaidh 5
- mbeidh 5
- bhfuil 4
- maidir 4
- sealbhóirí 4
- chomhbhainistíochta 4
- airteagal 3
- dhiúltú 3
- seirbhíse 3
- oibreoir 3
- comhbhainistíochta 3
- agus 3
- lena 3
- dheonú 3
- sealbhóir 3
- craoltóireachta 3
- gceart 3
- Áiritheoidh 2
- bhallstáit 2
- níos 2
- feidhmiú 2
- chatagóir 2
- shealbhóirí 2
- chríoch 2
- chirt 2
- t-údarú 2
- ceart 2
- faoin 2
- mballstát 2
- eile 2
- imréiteach 2
- mhír 2
- Áiritheoidh 2
- gcás 2
- chun 2
- údarú 2
- mbaineann 2
- iarraidh 2
- hatarchur 2
- gcuimsítear 1
- shaothar 1
- dháta 1
- bliana 1
Airteagal 4
Feidhmiú na gceart maidir le hatarchur ag sealbhóirí cirt nach eagraíochtaí craoltóireachta iad
1. Ní mór do shealbhóirí an chirt cumarsáide eisiach don phobal gníomhartha atarchuir clár a údarú.
Áiritheoidh na Ballstáit nach bhféadfaidh sealbhóirí cirt a gceart a fheidhmiú chun údarú i leith atarchuir a dheonú nó a dhiúltú ach trí eagraíocht chomhbhainistíochta.
2. I gcás nach bhfuil bainistíocht an chirt dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 1 aistrithe ag sealbhóir cirt chuig eagraíocht chomhbhainistíochta, measfar go mbeidh an ceart chun an t-údarú le haghaidh atarchuir a dheonú nó a dhiúltú don sealbhóir cirt sin ag an eagraíocht chomhbhainistíochta a bhainistíonn cearta den chatagóir chéanna i gcríoch an Bhallstáit dá bhfuil oibreoir na seirbhíse atarchuir ag iarraidh na cearta a imréiteach le haghaidh atarchuir.
Sa chás, áfach, go bhfuil cearta sa chatagóir sin á mbainistiú ag níos mó ná aon eagraíocht chomhbhainistíochta amháin do chríoch an Bhallstáit sin, is faoin mBallstát, ar dá chríoch atá oibreoir seirbhíse atarchuir ag iarraidh cearta a imréiteach le haghaidh atarchuir a chinneadh cibé acu eagraíocht nó eagraíochtaí comhbhainistíochta ag a mbeidh an ceart an t-údarú le haghaidh atarchuir a dheonú nó a dhiúltú.
3. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh ag sealbhóir cirt na cearta agus na hoibleagáidí céanna a eascraíonn as comhaontú idir oibreoir seirbhíse atarchuir agus eagraíochtaí comhbhainistíochta nó eagraíochtaí a ghníomhaíonn de bhun mhír 2 mar shealbhóirí cirt a thug sainordú do na heagraíochtaí comhbhainistíochta sin nó do na heagraíocht. Áiritheoidh Ballstáit go mbeidh na sealbhóirí cirt ar a chumas na cearta sin a éileamh laistigh de thréimhse, a bheidh le cinneadh ag an mBallstát lena mbaineann, nach mbeidh níos lú ná 3 bliana ó dháta an atarchuir ina gcuimsítear a shaothar nó ábhar cosanta eile.
Airteagal 5
Feidhmiú na gceart maidir le hatarchur ag eagraíochtaí craoltóireachta
1. Áiritheoidh na Ballstáit nach bhfuil feidhm ag Airteagal 3 maidir leis na cearta in atarchur arna bhfeidhmiú ag eagraíocht chraoltóireachta i ndáil lena tarchur féin, is cuma cé acu ar léi na cearta lena mbaineann nó ar aistríodh chuici iad ag sealbhóirí eile cirt.
2. Déanfaidh na Ballstáit a fhoráil, i gcás ina rachaidh eagraíochtaí craoltóireachta agus oibreoirí na seirbhísí atarchuir i mbun caibidlíochta maidir le húdarú le haghaidh atarchuir faoin Treoir seo go ndéanfar na caibidlíochtaí sin de mheon macánta.
whereas