keyboard_tab EIDAS 2014/0910 GA
BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf
- 1 Airteagal 1 Ábhar
- 1 Airteagal 28 Deimhnithe cáilithe do ríomhshínithe
- 1 Airteagal 38 Deimhnithe cáilithe le haghaidh ríomhshéalaí
CAIBIDIL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA
CAIBIDIL II
RÍOMH-SHAINAITHEANTAS
CAIBIDIL III
SEIRBHÍSÍ IONTAOIBHE
ROINN 1
Forálacha ginearálta
ROINN 2
Maoirseacht
ROINN 3
Seirbhísí iontaoibhe cáilithe
ROINN 4
Ríomhshínithe
ROINN 5
Ríomhshéalaí
ROINN 6
Ríomhstampaí ama
ROINN 7
Ríomhsheirbhísí seachadta chláraithe
ROINN 8
Fíordheimhniú láithreán gréasáin
CAIBIDIL IV
RÍOMHDHOICIMÉID
CAIBIDIL V
TARMLIGIN CUMHACHTA AGUS FORÁLACHA CUR CHUN FEIDHME
CAIBIDL VI
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
- cáilithe 20
- deimhnithe 15
- haghaidh 13
- síos 10
- deimhniú 8
- fionraíochta 8
- agus 8
- leagtar 7
- ríomhshínithe 7
- stádas 6
- bheidh 6
- iarscríbhinn 6
- maidir 6
- ríomhshéalaí 6
- leis 5
- airteagal 5
- ríomhshéala 5
- ceanglais 5
- gcás 5
- fionraí 4
- ballstáit 4
- réir 4
- tréimhse 4
- saintréithe 4
- ríomhshíniú 4
- gníomhartha 4
- chun 4
- feidhme 4
- faoi 3
- leanas 3
- rialacha 3
- ríomh-shainaitheantais 3
- shainaithint 3
- náisiúnta 2
- chur 2
- toimhdeofar 2
- gcomhlíonfaidh 2
- caighdeáin 2
- glacfar 2
- leagan 2
- gcomhréir 2
- dtagraítear 2
- nós 2
- caillfidh 2
- bhailíocht 2
- nóiméad 2
- gcoinníollacha 2
- faoi 2
- bhonn 2
- bith 2
Airteagal 1
Ábhar
D’fhonn a áirithiú go bhfeidhmeoidh an margadh inmheánach mar is ceart, agus d’fhonn leibhéal leordhóthanach slándála a áirithiú i gcás modhanna ríomh-shainaitheantais agus i gcás seirbhísí iontaoibhe, déantar an méid seo a leanas sa Rialachán seo:
(a) | leagtar síos ann na coinníollacha faoina dtabharfaidh na Ballstáit aitheantas do mhodhanna ríomh-shainaitheantais do shainaithint daoine nádúrtha nó dlítheanacha a thagann faoi scéim ríomh-shainaitheantais Ballstáit eile ar tugadh fógra ina leith, |
(b) | leagtar síos ann na rialacha do sheirbhísí iontaoibhe, go háirithe i gcás ríomh-idirbheart, agus |
(c) | bunaítear creat dlí leis le haghaidh ríomhshínithe, ríomhshéalaí, ríomhstampaí ama, ríomhdhoiciméad, ríomhsheirbhísí seachadta cláraithe agus seirbhísí deimhnithe d’fhíordheimhniú suíomhanna gréasáin. |
Airteagal 28
Deimhnithe cáilithe do ríomhshínithe
1. Comhlíonfaidh deimhnithe cáilithe le haghaidh ríomhshínithe na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn I.
2. Ní bheidh deimhnithe cáilithe le haghaidh ríomhshínithe faoi réir aon cheanglas sainordaitheach a théann thar na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn I.
3. Féadfar saintréithe breise neamh-shainordaitheacha sonracha a áireamh leis na deimhnithe cáilithe do ríomhshínithe. Ní bheidh éifeacht ag na saintréithe sin ar idir-inoibritheacht ná ar shainaithint ríomhshínithe cáilithe.
4. Má chúlghairtear deimhniú cáilithe do ríomhshíniú tar éis a chéadghníomhachtaithe, caillfidh sé a bhailíocht ón nóiméad a gcúlghairfear é, agus ní dhéanfar a stádas a athshlánú in imthosca ar bith.
5. Faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas, féadfaidh Ballstáit rialacha náisiúnta a leagan síos maidir le deimhnithe cáilithe do ríomhshíniú a chur ar fionraí ar bhonn sealadach:
(a) | má cuireadh deimhniú cáilithe do ríomhshíniú ar fionraí ar bhonn sealadach, ní bheidh an deimhniú sin bailí i rith na tréimhse fionraíochta. |
(b) | cuirfear tréimhse na fionraíochta in iúl go soiléir i mbunachar sonraí na ndeimhnithe agus beidh stádas na fionraíochta le feiceáil le linn na fionraíochta, ag an tseirbhís a chuirfidh faisnéis ar fáil maidir le stádas an deimhnithe. |
6. Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, uimhreacha tagartha caighdeán is infheidhme maidir le deimhnithe cáilithe don ríomhshíniú a bhunú. Toimhdeofar go bhfuiltear ag comhlíonadh na gceanglas atá leagtha síos in Iarscríbhinn I, i gcás ina gcomhlíonfaidh deimhniú cáilithe le haghaidh ríomhshínithe na caighdeáin sin. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).
Airteagal 38
Deimhnithe cáilithe le haghaidh ríomhshéalaí
1. Comhlíonfaidh deimhnithe cáilithe le haghaidh ríomhshéalaí na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn III.
2. Ní bheidh deimhnithe cáilithe le haghaidh ríomhshéalaí faoi réir aon cheanglas shainordaitheach de bhreis ar na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn III.
3. Féadfar saintréithe breise neamh-shainordaitheacha sonracha a áireamh leis na deimhnithe cáilithe le haghaidh ríomhshéala. Ní bheidh éifeacht ag na saintréithe sin ar idir-inoibritheacht ná ar shainaithint ríomhshéalaí cáilithe.
4. Má chúlghairtear deimhniú cáilithe le haghaidh ríomhshéala tar éis a chéadghníomhachtaithe, caillfidh sé a bhailíocht ón nóiméad a gcúlghairfear é, agus ní dhéanfar a stádas a athshlánú in imthosca ar bith.
5. Faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas, féadfaidh na Ballstáit rialacha náisiúnta a leagan síos maidir le deimhnithe cáilithe le haghaidh ríomhshéala a chur ar fionraí sealadach:
(a) | má cuireadh deimhniú cáilithe le haghaidh ríomhshéala ar fionraí sealadach, ní bheidh an deimhniú sin bailí i rith na tréimhse fionraíochta; |
(b) | cuirfear tréimhse na fionraíochta in iúl go soiléir i mbunachar sonraí na ndeimhnithe agus beidh stádas na fionraíochta le feiceáil le linn na fionraíochta, ag an tseirbhís a chuireann faisnéis ar fáil maidir le stádas an deimhnithe. |
6. Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, uimhreacha tagartha caighdeán a bhunú is infheidhme maidir le deimhnithe cáilithe le haghaidh ríomhshéalaí. Toimhdeofar go bhfuil na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn III á gcomhlíonadh, i gcás ina gcomhlíonfaidh deimhniú cáilithe le haghaidh ríomhshéala na caighdeáin sin. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).
whereas