search


keyboard_tab EIDAS 2014/0910 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2014/0910 GA cercato: 'toimhdeofar' . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


just index toimhdeofar:


whereas toimhdeofar:


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 397

 

Airteagal 13

Dliteanas agus dualgas cruthúnais

1.   Gan dochar do mhír 2, beidh soláthraithe seirbhísí iontaoibhe faoi dhliteanas as aon damáiste a dhéanfar d’aonghnó nó go faillíoch d’aon duine nádúrtha nó dlítheanach de thoradh gan cloí leis na hoibleagáidí faoin Rialachán seo.

Is ar an duine nádúrtha nó dlítheanach a mhaífidh an damáiste dá dtagraítear sa chéad fhomhír a bheidh an dualgas intinn nó faillí sholáthraí neamhcháilithe seirbhísí iontaoibhe a chruthú.

toimhdeofar intinn nó faillí sholáthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe mura gcruthóidh soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe gur tharla an damáiste dá dtagraítear sa chéad fhomhír gan intinn ná faillí an tsoláthraí neamhcháilithe seirbhísí iontaoibhe sin.

2.   I gcás ina gcuirfidh soláthraithe seirbhísí iontaoibhe a gcustaiméirí ar an eolas go cuí roimh ré maidir leis na srianta ar úsáid na seirbhísí a chuirfidh siad ar fáil agus más rud é go mbeidh na srianta sin so-aitheanta do thríú páirtithe, ní bheidh soláthraithe seirbhísí iontaoibhe faoi dhliteanas as damáistí a eascróidh ó úsáid na seirbhísí a théann thar na srianta atá curtha in iúl.

3.   Cuirfear mír 1 agus mír 2 i bhfeidhm i gcomhréir le rialacha náisiúnta maidir le dliteanas.

Airteagal 27

Ríomhshínithe sna seirbhísí poiblí

1.   I gcás ina mbeidh ríomhshíniú ardleibhéil ag teastáil ó Bhallstát chun úsáid a bhaint as seirbhís ar líne a thairgeann comhlacht poiblí, nó a thairgtear thar cheann an chomhlachta, sainaithneoidh an Ballstát sin ríomhshínithe ardleibhéil, ríomhshínithe ardleibhéil bunaithe ar dheimhniú cáilithe le haghaidh ríomhshínithe agus ríomhshínithe cáilithe ar a laghad sna formáidí nó trí úsáid a bhaint as na modhanna a shainítear sna gníomhartha chur chun feidhme dá dtagraítear i mír 5.

2.   I gcás ina mbeidh ríomhshíniú ardleibhéil bunaithe ar dheimhniú cáilithe ag teastáil ó Bhallstát chun úsáid a bhaint as seirbhís ar líne a thairgeann comhlacht poiblí, nó a thairgtear thar cheann an chomhlachta, sainaithneoidh an Ballstát sin ríomhshínithe ardleibhéil bunaithe ar dheimhniú cáilithe agus ríomhshínithe cáilithe ar a laghad sna formáidí nó trí úsáid a bhaint as na modhanna a shainítear sna gníomhartha chur chun feidhme dá dtagraítear i mír 5.

3.   Maidir le húsáid trasteorann seirbhíse ar líne atá á cur ar fáil ag comhlacht poiblí, ní iarrfaidh na Ballstáit ríomhshíniú ar leibhéal níos airde slándála ná leibhéal ríomhshínithe cháilithe.

4.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, uimhreacha tagartha caighdeán a bhunú maidir le ríomhshínithe ardleibhéil. toimhdeofar go gcomhlíontar na ceanglais maidir le ríomhshínithe ardleibhéil dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 den Airteagal seo agus in Airteagal 26 tráth a gcomhlíonfaidh ríomhshíniú ardleibhéil na caighdeáin sin. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).

5.   Faoin 18 Meán Fómhair 2015, agus na cleachtais, na caighdeáin agus gníomhartha dlíthiúla an Aontais á gcur san áireamh, déanfaidh an Coimisiún tri bhíthin ghníomhartha cur chun feidhme na formáidí tagartha do ríomhshínithe ardleibhéil nó na modhanna tagartha i gcás ina n-úsáidfear formáidí eile a shainiú. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).

Airteagal 28

Deimhnithe cáilithe do ríomhshínithe

1.   Comhlíonfaidh deimhnithe cáilithe le haghaidh ríomhshínithe na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn I.

2.   Ní bheidh deimhnithe cáilithe le haghaidh ríomhshínithe faoi réir aon cheanglas sainordaitheach a théann thar na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn I.

3.   Féadfar saintréithe breise neamh-shainordaitheacha sonracha a áireamh leis na deimhnithe cáilithe do ríomhshínithe. Ní bheidh éifeacht ag na saintréithe sin ar idir-inoibritheacht ná ar shainaithint ríomhshínithe cáilithe.

4.   Má chúlghairtear deimhniú cáilithe do ríomhshíniú tar éis a chéadghníomhachtaithe, caillfidh sé a bhailíocht ón nóiméad a gcúlghairfear é, agus ní dhéanfar a stádas a athshlánú in imthosca ar bith.

5.   Faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas, féadfaidh Ballstáit rialacha náisiúnta a leagan síos maidir le deimhnithe cáilithe do ríomhshíniú a chur ar fionraí ar bhonn sealadach:

(a)

má cuireadh deimhniú cáilithe do ríomhshíniú ar fionraí ar bhonn sealadach, ní bheidh an deimhniú sin bailí i rith na tréimhse fionraíochta.

(b)

cuirfear tréimhse na fionraíochta in iúl go soiléir i mbunachar sonraí na ndeimhnithe agus beidh stádas na fionraíochta le feiceáil le linn na fionraíochta, ag an tseirbhís a chuirfidh faisnéis ar fáil maidir le stádas an deimhnithe.

6.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, uimhreacha tagartha caighdeán is infheidhme maidir le deimhnithe cáilithe don ríomhshíniú a bhunú. toimhdeofar go bhfuiltear ag comhlíonadh na gceanglas atá leagtha síos in Iarscríbhinn I, i gcás ina gcomhlíonfaidh deimhniú cáilithe le haghaidh ríomhshínithe na caighdeáin sin. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).

Airteagal 29

Ceanglais maidir le gléasanna cruthaithe ríomhshínithe cáilithe

1.   Comhlíonfaidh gléasanna cruthaithe ríomhshínithe cáilithe na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn II.

2.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, uimhreacha tagartha caighdeán is infheidhme maidir le gléasanna cruthaithe ríomhshínithe cáilithe a bhunú. toimhdeofar go bhfuiltear ag comhlíonadh na gceanglas a leagtar síos in Iarscríbhinn II, i gcás ina gcomhlíonfar na ceanglais sin le gléas cruthaithe ríomhshínithe cáilithe. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).

Airteagal 32

Ceanglais maidir le ríomhshínithe cáilithe a bhailíochtú

1.   Leis an bpróiseas chun ríomhshíniú cáilithe a bhailíochtú, deimhneofar bailíocht an ríomhshínithe cháilithe ar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

tráth an tsínithe, deimhniú ríomhshínithe cháilithe lena gcomhlíontar Iarscríbhinn I a bhí sa deimhniú atá ag tacú leis an síniú;

(b)

soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe a d’eisigh an deimhniú cáilithe agus bhí sé bailí tráth an tsínithe;

(c)

comhfhreagraíonn sonraí bailíochtaithe an tsínithe do na sonraí a soláthraíodh do na páirtithe is úsáideoirí;

(d)

soláthraítear don pháirtí is úsáideoir mar is ceart an fhoireann uathúil sonraí arb ionann í agus an sínitheoir sa deimhniú;

(e)

i gcás inar úsáideadh ainm bréige tráth an tsínithe, cuirtear sin in iúl go follasach don pháirtí is úsáideoir;

(f)

gléas cruthaithe ríomhshínithe cáilithe a chruthaigh an ríomhshíniú;

(g)

níor cuireadh sláine na sonraí sínithe i mbaol;

(h)

trath an tsínithe, comhlíonadh na ceanglais dá bhforáiltear in Airteagal 26.

2.   Tabharfaidh an córas a úsáidtear chun an ríomhshíniú cáilithe a bhailíochtú toradh an phróisis bhailíochtaithe sin go cruinn don pháirtí is úsáideoir agus ligfidh sé don pháirtí sin aon shaincheist ábhartha slándála a d’fhéadfadh a bheith ann a bhrath.

3.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, uimhreacha tagartha caighdeán a bhunú is infheidhme maidir le ríomhshínithe cáilithe a bhailíochtú. toimhdeofar go bhfuil comhlíonadh na ceanglais a leagtar síos i mír 1 á gcomhlíonadh, i gcás ina gcomhlíonfar na caighdeáin sin trí na ríomhshínithe cáilithe a bhailíochtú. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).

Airteagal 33

Seirbhís bailíochtaithe cháilithe le haghaidh ríomhshínithe cáilithe

1.   Féadfaidh soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe agus soláthraí den chineál sin amháin seirbhís bailíochtaithe cháilithe a sholáthar le haghaidh ríomhshínithe cáilithe, ar soláthraí é:

(a)

a sholáthróidh bailíochtú i gcomhréir le Airteagal 32(1), agus

(b)

a chuirfidh ar chumas na bpáirtithe is úsáideoirí torthaí an phróisis bhailíochtaithe a fháil ar bhealach uathoibríoch a bheidh iontaofa agus éifeachtúil agus a mbeidh ríomhshíniú ardleibhéil nó ríomhshéala ardleibhéil sholáthraí na seirbhíse bailíochtaithe cáilithe ag gabháil dó.

2.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, uimhreacha tagartha caighdeán a bhunú is infheidhme maidir leis an tseirbhís bailíochtaithe cháilithe dá dtagraítear i mír 1. toimhdeofar go bhfuil comhlíonadh na ceanglais a leagtar síos i mír 1 á gcomhlíonadh, i gcás ina gcomhlíonfar na caighdeáin sin leis an tseirbhís bailíochtaithe le haghaidh ríomhshínithe cáilithe. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).

Airteagal 34

Seirbhís caomhnaithe cháilithe le haghaidh ríomhshínithe cáilithe

1.   Is soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe agus soláthraí den chineál sin amháin a fhéadfaidh seirbhís caomhnaithe cháilithe le haghaidh ríomhshínithe cáilithe a sholáthar, ar soláthraí é a úsáidfidh nósanna imeachta agus teicneolaíochtaí a mbeidh sé ar a gcumas iontaofacht an ríomhshínithe cháilithe a shíneadh amach thar an tréimhse bhailíochta theicniúil.

2.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, uimhreacha tagartha caighdeán a bhunú is infheidhme maidir leis an tseirbhís caomhnaithe cháilithe do ríomhshínithe cáilithe. toimhdeofar go bhfuil na ceanglais a leagtar síos i mír 1 á gcomhlíonadh, i gcás ina gcomhlíonfaidh na socruithe maidir leis an tseirbhís caomhnaithe cháilithe do ríomhshínithe cáilithe na caighdeáin sin. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).

ROINN 5

Ríomhshéalaí

Airteagal 35

Éifeachtaí dlíthiúla ríomhshéalaí

1.   Ní shéanfar ar ríomhshéala éifeacht dhlíthiúil ná inghlacthacht mar fhianaise in imeachtaí dlíthiúla ar an aon fhoras amháin go bhfuil sé i bhfoirm leictreonach nó ar an bhforas nach gcomhlíonann sé na ceanglais uile le haghaidh ríomhshéalaí cáilithe.

2.   Maidir le ríomhshéala cáilithe, toimhdeofar sláine na sonraí agus beachtas thionscnamh na sonraí sin a mbeidh nasc acu leis an ríomhshéala cáilithe.

3.   Maidir le ríomhshéala cáilithe a bheidh bunaithe ar dheimhniú cáilithe a eisíodh i mBallstát amháin, aithneofar é mar ríomhshéala cáilithe i ngach Ballstát eile.

Airteagal 37

Ríomhshéalaí sna seirbhísí poiblí

1.   I gcás ina mbeidh ríomhshéala ardleibhéil ag teastáil ó Bhallstát chun úsáid a bhaint as seirbhís ar líne a thairgeann comhlacht poiblí, nó a thairgtear thar cheann an chomhlachta, sainaithneoidh an Ballstát sin ríomhshéalaí ardleibhéil, ríomhshéalaí ardleibhéil bunaithe ar dheimhniú cáilithe le haghaidh ríomhshéalaí agus ríomhshéalaí cáilithe ar a laghad sna formáidí nó trí úsáid a bhaint as na modhanna a shainítear san ghníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 5.

2.   I gcás ina mbeidh ríomhshéala ardleibhéil bunaithe ar dheimhniú cáilithe ag teastáil ó Bhallstát chun úsáid a bhaint as seirbhís ar líne a thairgeann comhlacht poiblí, nó a thairgtear thar cheann an chomhlachta, sainaithneoidh an Ballstát sin ríomhshéalaí ardleibhéil bunaithe ar dheimhniú cáilithe agus ríomhshéalaí cáilithe ar a laghad sna formáidí nó trí úsáid a bhaint as na modhanna a shainítear sna gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 5.

3.   Maidir le húsáid trasteorann seirbhís ar líne a bheidh á cur ar fáil ag comhlacht poiblí, ní iarrfaidh na Ballstáit ríomhshéala ar leibhéal níos airde slándála ná leibhéal ríomhshéala cháilithe.

4.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, uimhreacha tagartha caighdeán a bhunú maidir le ríomhshéalaí ardleibhéil. toimhdeofar go bhfuil na ceanglais maidir le ríomhshéalaí ardleibhéil dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 den Airteagal seo agus in Airteagal 36 á gcomhlíonadh tráth a gcomhlíonfar na caighdeáin sin le ríomhshéala ardleibhéil. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2)

5.   Faoin 18 Meán Fómhair 2015, agus na cleachtais, na caighdeáin agus gníomhartha dlíthiúla an Aontais á gcur san áireamh, déanfaidh an Coimisiún, tri bhíthin ghníomhartha cur chun feidhme na formáidí tagartha do ríomhshéalaí ardleibhéil nó na modhanna tagartha i gcás ina n-úsáidfear formáidí eile a shainiú. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).

Airteagal 38

Deimhnithe cáilithe le haghaidh ríomhshéalaí

1.   Comhlíonfaidh deimhnithe cáilithe le haghaidh ríomhshéalaí na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn III.

2.   Ní bheidh deimhnithe cáilithe le haghaidh ríomhshéalaí faoi réir aon cheanglas shainordaitheach de bhreis ar na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn III.

3.   Féadfar saintréithe breise neamh-shainordaitheacha sonracha a áireamh leis na deimhnithe cáilithe le haghaidh ríomhshéala. Ní bheidh éifeacht ag na saintréithe sin ar idir-inoibritheacht ná ar shainaithint ríomhshéalaí cáilithe.

4.   Má chúlghairtear deimhniú cáilithe le haghaidh ríomhshéala tar éis a chéadghníomhachtaithe, caillfidh sé a bhailíocht ón nóiméad a gcúlghairfear é, agus ní dhéanfar a stádas a athshlánú in imthosca ar bith.

5.   Faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas, féadfaidh na Ballstáit rialacha náisiúnta a leagan síos maidir le deimhnithe cáilithe le haghaidh ríomhshéala a chur ar fionraí sealadach:

(a)

má cuireadh deimhniú cáilithe le haghaidh ríomhshéala ar fionraí sealadach, ní bheidh an deimhniú sin bailí i rith na tréimhse fionraíochta;

(b)

cuirfear tréimhse na fionraíochta in iúl go soiléir i mbunachar sonraí na ndeimhnithe agus beidh stádas na fionraíochta le feiceáil le linn na fionraíochta, ag an tseirbhís a chuireann faisnéis ar fáil maidir le stádas an deimhnithe.

6.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, uimhreacha tagartha caighdeán a bhunú is infheidhme maidir le deimhnithe cáilithe le haghaidh ríomhshéalaí. toimhdeofar go bhfuil na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn III á gcomhlíonadh, i gcás ina gcomhlíonfaidh deimhniú cáilithe le haghaidh ríomhshéala na caighdeáin sin. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).

Airteagal 41

Éifeacht dhlíthiúil ríomhstampaí ama

1.   Ní shéanfar ar ríomhstampa ama éifeacht dhlíthiúil ná inghlacthacht mar fhianaise in imeachtaí dlíthiúla ar an bhforas amháin go bhfuil sé i bhfoirm leictreonaigh nó nach gcomhlíonann sé ceanglais uile an ríomhstampa cháilithe ama.

2.   Maidir le ríomhstampa cáilithe ama, toimhdeofar cruinneas an dáta agus an ama a luafaidh sé agus sláine na sonraí lena mbeidh an dáta agus an t-am nasctha.

3.   Maidir le ríomhstampa cáilithe ama a eisíodh i mBallstát amháin, sainaithneofar é mar ríomhstampa cáilithe ama i ngach Ballstát.

Airteagal 42

Ceanglais maidir le ríomhstampaí ama cáilithe

1.   Comhlíonfaidh ríomhstampa ama cáilithe na ceanglais seo a leanas:

(a)

nascann sé an dáta agus an t-am le sonraí ar bhealach lena gcuirfear bac réasúnta ar aon fhéidearthacht go n-athrófaí na sonraí go dobhraite;

(b)

tá sé bunaithe ar fhoinse chruinn ama atá nasctha le hAm Uilíoch Lárnach; agus

(c)

sínítear é le ríomhshíniú ardleibhéil nó séalaítear é le ríomhshéala ardleibhéil an tsoláthraí cháilithe seirbhísí iontaoibhe, nó lena chothrom.

2.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, uimhreacha tagartha caighdeán a bhunú chun an dáta agus an t-am a nascadh le sonraí agus le haghaidh foinsí cruinne ama. toimhdeofar go bhfuil na ceanglais a leagtar síos i mír 1 á gcomhlíonadh, i gcás ina gcomhlíonfar na caighdeáin sin trí an dáta agus an t-am a nascadh le sonraí agus tríd an bhfoinse chruinn ama. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).

ROINN 7

Ríomhsheirbhísí seachadta chláraithe

Airteagal 43

Éifeacht dhlíthiúil ríomhsheirbhíse seachadta cláraithe

1.   Maidir le sonraí a sheolfar agus a ghlacfar trí ríomhsheirbhís seachadta chláraithe a úsáid, ní shéanfar orthu éifeacht dhlíthiúil ná inghlacthacht mar fhianaise in imeachtaí dlíthiúla ar an bhforas amháin go bhfuil sé i bhfoirm leictreonaigh nó nach gcomhlíonann sé ceanglais uile na ríomhseirbhíse seachadta cláraithe.

2.   Maidir le sonraí a sheolfar agus a ghlacfar trí ríomhsheirbhís seachadta chláraithe a úsáid, toimhdeofar sláine na sonraí sin, seoladh na sonraí sin ag an seoltóir sainaitheanta agus fáil na sonraí ag an seolaí sainaitheanta agus cruinneas an dáta agus an ama a sheolfar agus a gheofar na sonraí a shonróidh an ríomhsheirbhís seachadta cláraithe.

Airteagal 44

Ceanglais maidir le ríomhsheirbhísí seachadta cláraithe

1.   Comhlíonfaidh ríomhsheirbhísí seachadta cláraithe na ceanglais seo a leanas:

(a)

go ndéanann soláthraí cáilithe seirbhíse iontaoibhe amháin nó níos mó iad a sholáthar;

(b)

ní mór go n-áirítear leo sainaithint an tseoltóra le hardleibhéal iontaoibhe;

(c)

ní mór dóibh aitheantas an tseolaí a áirithiú sula seachadfar na sonraí;

(d)

caithfear seoladh agus glacadh sonraí a shlánú le ríomhshíniú ardleibhéil nó ag ríomhshéala ardleibhéil de chuid soláthraí cháilithe seirbhísí iontaoibhe ar bhealach a chuirfidh bac ar aon fhéidearthacht na sonraí a athrú go dobhraite;

(e)

aon athrú sonraí is gá a dhéanamh ar mhaithe le seoladh agus glacadh na sonraí, ní foláir é a chur in iúl go follasach do sheoltóir agus do sheolaí na sonraí;

(f)

is gá dáta agus am seolta na sonraí, dáta glactha na sonraí agus dáta aon athruithe ar na sonraí a léiriú le ríomhstampa ama cáilithe;

I gcás go bhfuil na sonraí á n-aistriú idir dhá sholáthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe nó níos mó, beidh feidhm ag na ceanglais i bpointe (a) go pointe (f) maidir leis na soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe go léir.

2.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, uimhreacha tagartha caighdeán a bhunú is infheidhme maidir le próisis seolta agus ghlactha sonraí. toimhdeofar go bhfuil na ceanglais a leagtar síos i mír 1 á gcomhlíonadh, i gcás ina gcomhlíonfar na caighdeáin sin leis an bpróiseas seolta agus ghlactha sonraí. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).

ROINN 8

Fíordheimhniú láithreán gréasáin

Airteagal 45

Ceanglais maidir le deimhnithe cáilithe ar fhíordheimhniú láithreán gréasáin

1.   Comhlíonfaidh deimhnithe cáilithe ar fhíordheimhniú láithreán gréasáin na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn IV.

2.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, uimhreacha tagartha caighdeán a bhunú is infheidhme maidir le deimhnithe cáilithe ar fhíordheimhniú láithreán gréasáin. toimhdeofar go bhfuiltear bhfuil na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn IV á gcomhlíonadh, i gcás ina gcomhlíonfar na caighdeáin sin le deimhniú cáilithe um fhíordheimhniú láithreán gréasáin. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).

CAIBIDIL IV

RÍOMHDHOICIMÉID


whereas









keyboard_arrow_down