search


keyboard_tab EIDAS 2014/0910 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2014/0910 GA cercato: 'iarscríbhinn' . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


just index iarscríbhinn:

    CAIBIDIL I
    FORÁLACHA GINEARÁLTA

    CAIBIDIL II
    RÍOMH-SHAINAITHEANTAS

    CAIBIDIL III
    SEIRBHÍSÍ IONTAOIBHE

    ROINN 1
    Forálacha ginearálta

    ROINN 2
    Maoirseacht

    ROINN 3
    Seirbhísí iontaoibhe cáilithe

    ROINN 4
    Ríomhshínithe

    ROINN 5
    Ríomhshéalaí

    ROINN 6
    Ríomhstampaí ama

    ROINN 7
    Ríomhsheirbhísí seachadta chláraithe

    ROINN 8
    Fíordheimhniú láithreán gréasáin

    CAIBIDIL IV
    RÍOMHDHOICIMÉID

    CAIBIDIL V
    TARMLIGIN CUMHACHTA AGUS FORÁLACHA CUR CHUN FEIDHME

    CAIBIDL VI
    FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA


whereas iarscríbhinn:


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 458

 

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “ríomh-shainaitheantas” an próiseas arb é atá ann úsáid a bhaint as sonraí sainaitheantais duine i bhfoirm leictreonach, ar sonraí iad a léiríonn, go leithleach, duine nádúrtha nó dlítheanach nó duine nádúrtha a bhfuil ionadaíocht á déanamh aige ar dhuine dlítheanach;

(2)

Ciallaíonn “modh ríomh-shainaitheantais” aonad ábhartha agus/nó neamhábhartha ina bhfuil sonraí sainaitheantais duine, a mbaintear úsáid as chun seirbhís ar líne a fhíordheimhniú;

(3)

ciallaíonn “sonraí sainaitheantais duine” tacar sonraí chun céannacht duine nádúrtha nó dhlítheanaigh, nó duine nádúrtha a bhfuil ionadaíocht á déanamh aige ar dhuine dlítheanach, a shuíomh;

(4)

ciallaíonn “scéim ríomh-shainaitheantais” córas chun ríomh-shainaitheantas a dhéanamh lena ndéantar modhanna ríomh-shainaitheantais a eisiúint do dhaoine nádúrtha nó dlítheanach nó do dhaoine nádúrtha a bhfuil ionadaíocht á déanamh acu ar dhaoine dlítheanacha;

(5)

ciallaíonn “fíordheimhniú” ríomhphróiseas a fhágann go bhféadfar ríomh-shainaitheantas an duine nádúrtha nó dlítheanaigh a dheimhniú; nó foinse agus sláine ríomhshonraí a dheimhniú;

(6)

ciallaíonn “an páirtí is úsáideoir” duine nádúrtha nó dlítheanach a bhíonn ag brath ar chéannacht leictreonach nó ar sheirbhís iontaoibhe;

(7)

ciallaíonn “comhlacht poiblí” an stát, údaráis réigiúnacha nó áitiúla, comhlachtaí faoi rialú an dlí phoiblí nó comhlachas ina bhfuil ceann amháin nó níos mó de na húdaráis sin nó ceann amháin nó níos mó de na comhlachtaí faoi rialú an dlí phoiblí, nó eintiteas príobháideach a bhfuil sainordú aige ó cheann amháin ar a laghad de na húdaráis sin, de na comhlachtaí sin nó de na comhlachais sin seirbhísí poiblí a sholáthar ag feidhmiú dó faoi shainordú den sórt sin;

(8)

ciallaíonn “comhlacht a rialaítear faoin dlí poiblí” mar a shainítear é i bpointe (4) d’Airteagal 2(1) de Threoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15);

(9)

ciallaíonn “sínitheoir” duine nádúrtha a chruthaíonn ríomhshíniú;

(10)

ciallaíonn “ríomhshíniú” sonraí i bhfoirm leictreonach atá ceangailte de shonraí i bhfoirm leictreonach eile, nó a bhfuil baint loighciúil acu leo, agus a úsáideann an sínitheoir le síniú a dhéanamh;

(11)

ciallaíonn “ríomhshíniú ardleibhéil” ríomhshíniú a chomhlíonann na ceanglais seo a leanas a leagtar amach in Airteagal 26;

(12)

ciallaíonn “ríomhshíniú cáilithe” ríomhshíniú ardleibhéil a cruthaíodh le gléas cruthaithe ríomhshínithe cáilithe, agus atá bunaithe ar dheimhniú cáilithe le haghaidh ríomhshínithe;

(13)

ciallaíonn “sonraí maidir le cruthú ríomhshínithe” sonraí uathúla a úsáideann an sínitheoir chun ríomhshíniú a chruthú;

(14)

ciallaíonn “deimhniú le haghaidh ríomhshínithe” ríomhdhearbhú a dhéanann sonraí bailíochtaithe ríomhshínithe a nascadh le duine nádúrtha agus lena ndearbhaítear ar a laghad ainm nó ainm bréige an duine sin;

(15)

ciallaíonn “deimhniú cáilithe le haghaidh ríomhshínithe” deimhniú le haghaidh ríomhshínithe, a eisíonn soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe agus a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos in iarscríbhinn I;

(16)

ciallaíonn “seirbhís iontaoibhe” ríomhsheirbhís a thugtar de ghnáth ar luach saothair a bhfuil na nithe seo leanas iontu:

(a)

ríomhshínithe, ríomhshéalaí, nó ríomhstampaí ama, ríomhsheirbhísí seachadta atá cláraithe agus na deimhnithe a bhaineann leis na seirbhísí sin a chruthú, a fhíorú agus a bhailíochtú, nó

(b)

cruthú, fíorú agus bailíochtú na ndeimhnithe le haghaidh fíordheimhniú láithreán gréasáin, nó

(c)

caomhnú ríomhshínithe, ríomhshéalaí nó na deimhnithe a bhaineann leis na seirbhísí sin;

(17)

ciallaíonn “seirbhís iontaoibhe cháilithe” seirbhís iontaoibhe a chomhlíonann na ceanglais is infheidhme a leagtar síos sa Rialachán seo;

(18)

ciallaíonn “comhlacht measúnaithe comhréireachta” comhlacht a shainítear i bpointe 13 d’Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008, a bhfuil creidiúnú aige i gcomhréir leis an Rialachán sin á rá go bhfuil sé inniúil ar mheasúnú comhréireachta a dhéanamh ar sholáthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe agus ar na seirbhísí iontaoibhe cáilithe a chuireann sé ar fáil;

(19)

ciallaíonn “soláthraí seirbhísí iontaoibhe” duine nádúrtha nó dlítheanach a chuireann seirbhís iontaoibhe amháin nó níos mó ar fáil cibé acu mar sholáthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe nó mar sholáthraí neamhcháilithe seirbhísí iontaoibhe;

(20)

ciallaíonn “soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe” soláthraí seirbhísí iontaoibhe a chuireann seirbhís iontaoibhe cáilithe amháin nó níos mó ar fáil agus a ndeonaíonn an comhlacht maoirseachta stádas mar sholáthraí cáilithe dó;

(21)

ciallaíonn “táirge” crua-earraí nó bogearraí, nó comhpháirteanna de chrua-earraí nó de bhogearraí, atá beartaithe lena n-úsáid chun seirbhísí iontaoibhe a sholáthar;

(22)

ciallaíonn “gléas cruthaithe ríomhshínithe” bogearraí nó crua-earraí cumraithe a úsáidtear chun ríomhshíniú a chruthú;

(23)

ciallaíonn “gléas cruthaithe ríomhshínithe cáilithe” gléas cruthaithe ríomhshínithe a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos in iarscríbhinn II;

(24)

ciallaíonn “cruthaitheoir séala” duine dlítheanach a chruthaíonn ríomhshéala;

(25)

ciallaíonn “ríomhshéala” sonraí i bhfoirm leictreonach atá ceangailte de shonraí eile i bhfoirm leictreonach, nó a bhfuil baint loighciúil acu leo, chun foinse agus sláine na sonraí eile a áirithiú;

(26)

ciallaíonn “ríomhshéala ardleibhéil” ríomhshéala a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 36:

(27)

ciallaíonn “ríomhshéala cáilithe” ríomhshéala ardleibhéil a cruthaíodh le gléas cruthaithe ríomhshéalaí cáilithe, agus atá bunaithe ar dheimhniú cáilithe le haghaidh ríomhshéalaí;

(28)

ciallaíonn “sonraí maidir le cruthú ríomhshéala” sonraí uathúla a úsáideann cruthaitheoir an ríomhshéala chun ríomhshéala a chruthú;

(29)

ciallaíonn “deimhniú le haghaidh ríomhshéala” ríomhdhearbhú a dhéanann sonraí bailíochtaithe ríomhshéala a nascadh le duine dlítheanach agus lena ndearbhaítear ainm an duine sin;

(30)

ciallaíonn “deimhniú cáilithe le haghaidh ríomhshéala” deimhniú le haghaidh ríomhshéala a eisíonn soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe agus a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos in iarscríbhinn III;

(31)

ciallaíonn “gléas cruthaithe ríomhshéala” bogearraí nó crua-earraí cumraithe a úsáidtear chun ríomhshéala a chruthú;

(32)

ciallaíonn “gléas cruthaithe ríomhshéala cáilithe” gléas um chruthú ríomhshéala a chomhlíonann mutatis mutandis na ceanglais a leagtar síos in iarscríbhinn II;

(33)

ciallaíonn “ríomhstampa ama” sonraí i bhfoirm leictreonach a cheanglaíonn shonraí eile i bhfoirm leictreonach d’am ar leith, agus a shuíonn trína bhíthin sin fianaise go raibh na sonraí eile sin ann ag an am sin;

(34)

ciallaíonn “ríomhstampa ama cáilithe” ríomhstampa a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 42;

(35)

ciallaíonn “ríomhdhoiciméad” aon ábhar a stóráiltear i bhfoirm leictreonach nó mar thaifead fuaime, mar thaifead amhairc nó mar thaifead closamhairc;

(36)

ciallaíonn “ríomhsheirbhís seachadta atá cláraithe” seirbhís a fhágann go bhféadfar sonraí a tharchur idir tríú páirtithe le ríomh-mhodhanna agus a chuireann fianaise ar fáil maidir le láimhseáil na sonraí a tarchuireadh, lena n-áirítear cruthúnas gur seoladh agus/nó go bhfuarthas iad, agus a dhéanann na sonraí a tarchuireadh a chosaint ar an riosca go ndéanfar iad a chailliúint, a ghoid, nó go ndéanfar damáiste dóibh nó athrú neamhúdaraithe orthu;

(37)

ciallaíonn “ríomhsheirbhís seachadta cáilithe atá cláraithe” ríomhsheirbhís seachadta atá cláraithe a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 44;

(38)

ciallaíonn “deimhniú le haghaidh fíordheimhniú gréasáin” dearbhú trína bhféadfar gréasán a fhíordheimhniú agus trína nasctar an gréasán leis an duine nádúrtha nó dlítheanach a n-eisítear an deimhniú dó;

(39)

ciallaíonn “deimhniú cáilithe le haghaidh fíordheimhniú suíomh gréasáin” deimhniú le haghaidh fíordheimhniú suíomh gréasáin, a eisíonn soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe agus a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos in iarscríbhinn IV;

(40)

ciallaíonn “sonraí bailíochtaithe” na sonraí a úsáidtear chun ríomhshíniú nó ríomhshéala a bhailíochtú;

(41)

ciallaíonn “bailíochtú” an próiseas trína bhfíoraítear agus trína ndeimhnítear go bhfuil ríomhshíniú nó ríomhshéala bailí.

Airteagal 28

Deimhnithe cáilithe do ríomhshínithe

1.   Comhlíonfaidh deimhnithe cáilithe le haghaidh ríomhshínithe na ceanglais a leagtar síos in iarscríbhinn I.

2.   Ní bheidh deimhnithe cáilithe le haghaidh ríomhshínithe faoi réir aon cheanglas sainordaitheach a théann thar na ceanglais a leagtar síos in iarscríbhinn I.

3.   Féadfar saintréithe breise neamh-shainordaitheacha sonracha a áireamh leis na deimhnithe cáilithe do ríomhshínithe. Ní bheidh éifeacht ag na saintréithe sin ar idir-inoibritheacht ná ar shainaithint ríomhshínithe cáilithe.

4.   Má chúlghairtear deimhniú cáilithe do ríomhshíniú tar éis a chéadghníomhachtaithe, caillfidh sé a bhailíocht ón nóiméad a gcúlghairfear é, agus ní dhéanfar a stádas a athshlánú in imthosca ar bith.

5.   Faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas, féadfaidh Ballstáit rialacha náisiúnta a leagan síos maidir le deimhnithe cáilithe do ríomhshíniú a chur ar fionraí ar bhonn sealadach:

(a)

má cuireadh deimhniú cáilithe do ríomhshíniú ar fionraí ar bhonn sealadach, ní bheidh an deimhniú sin bailí i rith na tréimhse fionraíochta.

(b)

cuirfear tréimhse na fionraíochta in iúl go soiléir i mbunachar sonraí na ndeimhnithe agus beidh stádas na fionraíochta le feiceáil le linn na fionraíochta, ag an tseirbhís a chuirfidh faisnéis ar fáil maidir le stádas an deimhnithe.

6.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, uimhreacha tagartha caighdeán is infheidhme maidir le deimhnithe cáilithe don ríomhshíniú a bhunú. Toimhdeofar go bhfuiltear ag comhlíonadh na gceanglas atá leagtha síos in iarscríbhinn I, i gcás ina gcomhlíonfaidh deimhniú cáilithe le haghaidh ríomhshínithe na caighdeáin sin. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).

Airteagal 29

Ceanglais maidir le gléasanna cruthaithe ríomhshínithe cáilithe

1.   Comhlíonfaidh gléasanna cruthaithe ríomhshínithe cáilithe na ceanglais a leagtar síos in iarscríbhinn II.

2.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, uimhreacha tagartha caighdeán is infheidhme maidir le gléasanna cruthaithe ríomhshínithe cáilithe a bhunú. Toimhdeofar go bhfuiltear ag comhlíonadh na gceanglas a leagtar síos in iarscríbhinn II, i gcás ina gcomhlíonfar na ceanglais sin le gléas cruthaithe ríomhshínithe cáilithe. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).

Airteagal 30

Gléasanna cruthaithe ríomhshínithe cáilithe a dheimhniú

1.   Déanfaidh comhlachtaí iomchuí poiblí nó príobháideacha a ainmneofar chuige sin ag na Ballstáit comhréireacht gléasanna cruthaithe ríomhshínithe cáilithe i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos in iarscríbhinn II a dheimhniú.

2.   Cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún ainmneacha agus seoltaí an chomhlachta phoiblí nó phríobháidigh dá dtagraítear i mír 1. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar fáil do na Ballstáit.

3.   Bunófar an deimhniúchán dá dtagraítear i mír 1 ar cheann amháin díobh siúd a leanas:

(a)

próiseas meastóireachta slándála a dhéanfar i gcomhréir le ceann de na caighdeáin le haghaidh measúnú slándála a dhéanamh ar tháirgí theicneolaíocht na faisnéise a áireofar i liosta arna bhunú i gcomhréir leis an dara fomhír; nó

(b)

próiseas seachas an próiseas dá dtagraítear i bpointe (a), ar choinníoll go n-úsáidfear leibhéil inchomparáide slándála sa phróiseas sin agus go gcuirfidh an comhlacht poiblí nó príobháideach dá dtagraítear i mír 1 an Coimisiún ar an eolas faoin bpróiseas sin. Ní fhéadfar an próiseas sin a úsáid ach amháin in éagmais na gcaighdeán dá dtagraítear i bpointe (a) nó i gcás ina mbeidh próiseas meastóireachta slándála dá dtagraítear i bpointe (a) ar siúl.

Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin ghníomhartha cur chun feidhme, liosta caighdeán le haghaidh measúnú slándála a dhéanamh ar tháirgí theicneolaíocht dá dtagraítear i bpointe (a). Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeacht dá dtagraítear in Airteagal 48(2).

4.   Tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 47, a mhéid a bhainfidh le critéir shonracha a bhunú a bheidh le comhlíonadh ag na comhlachtaí a ainmneofar agus dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.

Airteagal 32

Ceanglais maidir le ríomhshínithe cáilithe a bhailíochtú

1.   Leis an bpróiseas chun ríomhshíniú cáilithe a bhailíochtú, deimhneofar bailíocht an ríomhshínithe cháilithe ar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

tráth an tsínithe, deimhniú ríomhshínithe cháilithe lena gcomhlíontar iarscríbhinn I a bhí sa deimhniú atá ag tacú leis an síniú;

(b)

soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe a d’eisigh an deimhniú cáilithe agus bhí sé bailí tráth an tsínithe;

(c)

comhfhreagraíonn sonraí bailíochtaithe an tsínithe do na sonraí a soláthraíodh do na páirtithe is úsáideoirí;

(d)

soláthraítear don pháirtí is úsáideoir mar is ceart an fhoireann uathúil sonraí arb ionann í agus an sínitheoir sa deimhniú;

(e)

i gcás inar úsáideadh ainm bréige tráth an tsínithe, cuirtear sin in iúl go follasach don pháirtí is úsáideoir;

(f)

gléas cruthaithe ríomhshínithe cáilithe a chruthaigh an ríomhshíniú;

(g)

níor cuireadh sláine na sonraí sínithe i mbaol;

(h)

trath an tsínithe, comhlíonadh na ceanglais dá bhforáiltear in Airteagal 26.

2.   Tabharfaidh an córas a úsáidtear chun an ríomhshíniú cáilithe a bhailíochtú toradh an phróisis bhailíochtaithe sin go cruinn don pháirtí is úsáideoir agus ligfidh sé don pháirtí sin aon shaincheist ábhartha slándála a d’fhéadfadh a bheith ann a bhrath.

3.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, uimhreacha tagartha caighdeán a bhunú is infheidhme maidir le ríomhshínithe cáilithe a bhailíochtú. Toimhdeofar go bhfuil comhlíonadh na ceanglais a leagtar síos i mír 1 á gcomhlíonadh, i gcás ina gcomhlíonfar na caighdeáin sin trí na ríomhshínithe cáilithe a bhailíochtú. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).

Airteagal 38

Deimhnithe cáilithe le haghaidh ríomhshéalaí

1.   Comhlíonfaidh deimhnithe cáilithe le haghaidh ríomhshéalaí na ceanglais a leagtar síos in iarscríbhinn III.

2.   Ní bheidh deimhnithe cáilithe le haghaidh ríomhshéalaí faoi réir aon cheanglas shainordaitheach de bhreis ar na ceanglais a leagtar síos in iarscríbhinn III.

3.   Féadfar saintréithe breise neamh-shainordaitheacha sonracha a áireamh leis na deimhnithe cáilithe le haghaidh ríomhshéala. Ní bheidh éifeacht ag na saintréithe sin ar idir-inoibritheacht ná ar shainaithint ríomhshéalaí cáilithe.

4.   Má chúlghairtear deimhniú cáilithe le haghaidh ríomhshéala tar éis a chéadghníomhachtaithe, caillfidh sé a bhailíocht ón nóiméad a gcúlghairfear é, agus ní dhéanfar a stádas a athshlánú in imthosca ar bith.

5.   Faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas, féadfaidh na Ballstáit rialacha náisiúnta a leagan síos maidir le deimhnithe cáilithe le haghaidh ríomhshéala a chur ar fionraí sealadach:

(a)

má cuireadh deimhniú cáilithe le haghaidh ríomhshéala ar fionraí sealadach, ní bheidh an deimhniú sin bailí i rith na tréimhse fionraíochta;

(b)

cuirfear tréimhse na fionraíochta in iúl go soiléir i mbunachar sonraí na ndeimhnithe agus beidh stádas na fionraíochta le feiceáil le linn na fionraíochta, ag an tseirbhís a chuireann faisnéis ar fáil maidir le stádas an deimhnithe.

6.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, uimhreacha tagartha caighdeán a bhunú is infheidhme maidir le deimhnithe cáilithe le haghaidh ríomhshéalaí. Toimhdeofar go bhfuil na ceanglais a leagtar síos in iarscríbhinn III á gcomhlíonadh, i gcás ina gcomhlíonfaidh deimhniú cáilithe le haghaidh ríomhshéala na caighdeáin sin. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).

Airteagal 45

Ceanglais maidir le deimhnithe cáilithe ar fhíordheimhniú láithreán gréasáin

1.   Comhlíonfaidh deimhnithe cáilithe ar fhíordheimhniú láithreán gréasáin na ceanglais a leagtar síos in iarscríbhinn IV.

2.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, uimhreacha tagartha caighdeán a bhunú is infheidhme maidir le deimhnithe cáilithe ar fhíordheimhniú láithreán gréasáin. Toimhdeofar go bhfuiltear bhfuil na ceanglais a leagtar síos in iarscríbhinn IV á gcomhlíonadh, i gcás ina gcomhlíonfar na caighdeáin sin le deimhniú cáilithe um fhíordheimhniú láithreán gréasáin. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).

CAIBIDIL IV

RÍOMHDHOICIMÉID


whereas









keyboard_arrow_down