search


keyboard_tab Digital Service Act 2022/2065 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2022/2065 GA cercato: 'treoir' . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


expand index treoir:

    CAIBIDIL I
    FORÁLACHA GINEARÁLTA

    CAIBIDIL II
    DLITEANAS SOLÁTHRAITHE SEIRBHÍSÍ IDIRGHABHÁLACHA

    CAIBIDIL III
    OIBLEAGÁIDÍ DÍCHILL CHUÍ I GCOMHAIR TIMPEALLACHT THRÉDHEARCACH AGUS SHÁBHÁILTE AR LÍNE

    ROINN 1
    Forálacha is infheidhme maidir le gach soláthraí seirbhísí idirghabhálacha

    ROINN 2
    Forálacha breise is infheidhme maidir le soláthraithe seirbhísí óstála, lena n-áirítear ardáin ar líne

    ROINN 3
    Forálacha breise is infheidhme maidir le soláthraithe ardán ar líne
  • 1 Airteagal 22 Comharthóirí iontaofa
  • 1 Airteagal 25 Dearadh agus eagrú comhéadan ar líne

  • ROINN 4
    Forálacha breise is infheidhme maidir le soláthraithe ardán ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe
  • 1 Airteagal 28 Mionaoisigh a chosaint ar líne

  • ROINN 5
    Oibleagáidí breise soláthraithe ardán an-mhór ar líne agus soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne chun rioscaí sistéamacha a bhainistiú
  • 2 Airteagal 35 Maolú rioscaí
  • 1 Airteagal 39 Trédhearcacht bhreise fógraíochta ar líne

  • ROINN 6
    Forálacha eile maidir le hoibleagáidí díchill chuí

    CAIBIDIL IV
    CUR CHUN FEIDHME, COMHAR, PIONÓIS AGUS FORFHEIDHMIÚ

    ROINN 1
    Údaráis inniúla agus Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha náisiúnta

    ROINN 2
    Inniúlachtaí, sásraí comhordaithe maidir le himscrúdú agus comhsheasmhacht

    ROINN 3
    An Bord Eorpach um Sheirbhísí Digiteacha
  • 1 Airteagal 61 An Bord Eorpach um Sheirbhísí Digiteacha

  • ROINN 4
    Maoirseacht, imscrúdú, forfheidhmiú agus faireachán i leith soláthraithe ardán an-mhór ar líne agus soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne
  • 1 Airteagal 63 Cúraimí an Bhoird

  • ROINN 5
    Forálacha coiteanna maidir le forfheidhmiú

    ROINN 6
    Gníomhartha tarmligthe agus gníomhartha cur chun feidhme

    CAIBIDIL V
    FORÁLACHA DEIRIDH


whereas treoir:


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 1051

 

Airteagal 2

Raon feidhme

1.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le seirbhísí idirghabhálacha arna dtairiscint d’fhaighteoirí na seirbhíse a bhfuil a n-áit bhunaíochta acu san Aontas nó atá lonnaithe ann, gan beann ar an áit a bhfuil áit bhunaíochta sholáthraithe na seirbhísí idirghabhálacha sin.

2.   Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le seirbhís ar bith nach seirbhís idirghabhálach í ná le haon cheanglais arna bhforchur i leith seirbhís den sórt sin, gan beann ar cibé an soláthraítear an tseirbhís trí sheirbhís idirghabhálach a úsáid.

3.   Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do chur i bhfeidhm Threoir 2000/31/CE.

4.   Tá an Rialachán seo gan dochar do na rialacha a leagtar síos le gníomhartha dlí eile de chuid an Aontais lena rialáiltear gnéithe eile de sholáthar seirbhísí idirghabhálacha sa mhargadh inmheánach nó lena sonraítear agus lena gcomhlánaítear an Rialachán seo, go háirithe:

(a)

treoir 2010/13/AE;

(b)

Dlí an Aontais maidir le cóipcheart agus cearta gaolmhara;

(c)

Rialachán (AE) 2021/784;

(d)

Rialachán (AE) 2019/1148;

(e)

Rialachán (AE) 2019/1150;

(f)

Dlí an Aontais maidir le cosaint tomhaltóirí agus sábháilteacht táirgí, lena n-áirítear Rialacháin (AE) 2017/2394 agus (AE) 2019/1020 agus Treoracha 2001/95/CE agus 2013/11/AE;

(g)

Dlí an Aontais maidir le cosaint sonraí pearsanta, go háirithe Rialachán (AE) 2016/679 agus treoir 2002/58/CE;

(h)

Dlí an Aontais i réimse an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair shibhialta, go háirithe Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 nó aon ghníomh dlí de chuid an Aontais lena leagtar síos na rialacha maidir leis an dlí is infheidhme maidir le hoibleagáidí conarthacha agus neamhchonarthacha;

(i)

Dlí an Aontais i réimse an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla, go háirithe Rialachán maidir le hOrduithe Eorpacha chun Fianaise a Thabhairt ar Aird agus Orduithe Caomhnaithe Eorpacha le haghaidh fianaise leictreonach in ábhair choiriúla;

(j)

treoir lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir le hionadaithe dlíthiúla a cheapadh chun críche fianaise a bhailiú in imeachtaí coiriúla.

Airteagal 21

Réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt

1.   Beidh faighteoirí na seirbhíse, lena n-áirítear daoine aonair nó eintitis a bhfuil fógraí tíolactha acu, a dtugann na cinntí dá dtagraítear in Airteagal 20(1) aghaidh orthu, i dteideal aon chomhlacht um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt a roghnú a deimhníodh i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo chun díospóidí a bhaineann leis na cinntí sin a réiteach, lena n-áirítear gearáin nár a réitíodh trí bhíthin an chórais inmheánaigh um láimhseáil gearán dá dtagraítear san Airteagal sin.

Áiritheoidh soláthraithe ardán ar líne go mbeidh rochtain éasca ar a gcomhéadan ar líne, ar bhealach soiléir agus soláimhsithe, ar an bhfaisnéis faoi fhéidearthacht fhaighteoirí na seirbhíse rochtain a bheith acu ar réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt, dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

Tá an chéad fhomhír gan dochar do cheart fhaighteoir na seirbhíse lena mbaineann imeachtaí a thionscnamh, ag céim ar bith, chun na cinntí sin ó sholáthraithe ardán ar líne a chonspóid os comhair cúirte i gcomhréir leis an dlí is infheidhme.

2.   Rachaidh an dá pháirtí i mbun idirphlé, de mheon macánta, leis an gcomhlacht deimhnithe um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt a roghnaíodh d’fhonn an díospóid a réiteach.

Féadfaidh soláthraithe ardán ar líne diúltú dul i mbun idirphlé le comhlacht den sórt sin um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt, más rud é gur réitíodh cheana díospóid a bhaineann leis an bhfaisnéis chéanna agus leis na forais chéanna maidir le neamhdhleathacht nó neamhréireacht líomhnaithe inneachair.

Ní bheidh sé de chumhacht ag an gcomhlacht deimhnithe um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt réiteach ceangailteach ar an díospóid a fhorchur ar na páirtithe.

3.   Déanfaidh Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha an Bhallstáit ina bhfuil an comhlacht um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt bunaithe, ar feadh tréimhse 5 bliana ar a mhéad, a fhéadfar a athnuachan, an comhlacht a dheimhniú, arna iarraidh sin dó, i gcás ina bhfuil sé léirithe ag an gcomhlacht go gcomhlíonann sé na coinníollacha seo ar fad a leanas:

(a)

tá sé neamhchlaonta agus neamhspleách, lena n-áirítear neamhspleách ó thaobh airgeadais de, ar sholáthraithe ardán ar líne agus ar fhaighteoirí na seirbhíse arna soláthar ag soláthraithe ardán ar líne, lena n-áirítear daoine aonair nó eintitis a bhfuil fógraí tíolactha acu;

(b)

tá an saineolas is gá aige i ndáil leis na saincheisteanna a thagann chun cinn i réimse amháin, nó i níos mó ná réimse amháin, d’inneachar neamhdhleathach, nó i ndáil le cur i bhfeidhm agus forfheidhmiú téarmaí agus coinníollacha de chineál amháin ardán ar líne, nó níos mó ná cineál amháin ardán ar líne, ag ceadú don chomhlacht cuidiú go héifeachtach le réiteach díospóidí;

(c)

déantar luach saothair a thabhairt dá chomhaltaí ar bhealach nach bhfuil nasctha le toradh an nós imeachta;

(d)

tá rochtain éasca ar an réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt a chuireann sé ar fáil, trí theicneolaíocht cumarsáide leictreonaí agus déantar foráil ann maidir leis an bhféidearthacht réiteach díospóidí a thionscnamh agus doiciméid tacaíochta riachtanacha a chur isteach ar líne;

(e)

tá sé ábalta díospóidí a réiteach ar bhealach tapa, éifeachtúil agus costéifeachtach agus i dteanga oifigiúil amháin de chuid institiúidí an Aontais ar a laghad;

(f)

déantar an díospóid lasmuigh den chúirt a réiteach i gcomhréir le rialacha nós imeachta soiléire agus cothroma atá inrochtana go héasca agus go poiblí, agus a chomhlíonann an dlí is infheidhme, lena n-áirítear an tAirteagal seo.

Sonróidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha sa deimhniú, i gcás inarb infheidhme:

(a)

na saincheisteanna ar leith lena mbaineann saineolas an chomhlachta, dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (b); agus

(b)

an teanga oifigiúil nó na teangacha oifigiúla de chuid institiúidí an Aontais inar féidir leis an gcomhlacht díospóidí a réiteach, dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (e).

4.   Tabharfaidh comhlachtaí deimhnithe um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt tuairisc don Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha a dheimhnigh iad, ar bhonn bliantúil, maidir lena bhfeidhmiú, ina sonrófar ar a laghad líon na ndíospóidí a fuair siad, an fhaisnéis faoi thorthaí na ndíospóidí sin, an meán-am a thóg sé chun iad a réiteach agus aon easnaimh nó deacrachtaí a bhí ann. Cuirfidh siad faisnéis bhreise ar fáil arna iarraidh sin don Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha sin.

Gach 2 bhliain, déanfaidh na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha tuarascáil a tharraingt suas maidir le feidhmiú na gcomhlachtaí um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt atá deimhnithe acu. Sa tuarascáil sin beidh an méid seo a leanas go háirithe:

(a)

liostófar líon na ndíospóidí a fuair gach comhlacht deimhnithe um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt gach bliain;

(b)

tabharfar léiriú ar thorthaí na nósanna imeachta a tugadh os comhair na gcomhlachtaí sin agus ar an meán-am a thóg sé chun na díospóidí a réiteach;

(c)

saineofar agus míneofar aon easnaimh nó deacrachtaí córasacha nó earnála a tháinig chun cinn maidir le feidhmiú na gcomhlachtaí sin;

(d)

saineofar na dea-chleachtais a bhaineann leis an bhfeidhmiú sin;

(e)

moltaí a dhéanamh maidir le conas an feidhmiú sin a fheabhsú, i gcás inarb iomchuí.

Déanfaidh comhlachtaí deimhnithe um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt a gcinntí a chur ar fáil do na páirtithe laistigh de thréimhse réasúnta ama agus tráth nach déanaí ná 90 lá féilire tar éis an gearán a fháil. I gcás díospóidí an-chasta, féadfaidh an comhlacht deimhnithe um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt, dá rogha féin, an tréimhse 90 lá féilire a shíneadh go gceann tréimhse bhreise nach faide ná 90 lá, a fhágfaidh go mbeidh uastréimhse iomlán 180 lá ann.

5.   Má chinneann an comhlacht um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt an díospóid a réiteach i bhfabhar fhaighteoir na seirbhíse, lena n-áirítear duine aonair nó eintiteas a bhfuil fógra tíolactha acu, íocfaidh soláthraí an ardáin ar líne gach táille a ghearrfaidh an comhlacht um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt, agus aisíocfaidh sé an faighteoir sin, lena n-áirítear an duine aonair nó an t-eintiteas, as aon chostais réasúnacha eile a d’íoc an faighteoir i ndáil le réiteach na díospóide. Má chinneann an comhlacht um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt an díospóid a réiteach i bhfabhar sholáthraí an ardáin ar líne, ní cheanglófar ar fhaighteoir na seirbhíse, lena n-áirítear an duine aonair nó an t-eintiteas, aon táillí ná costais eile a d’íoc soláthraí an ardáin ar líne nó a chaithfidh sé a íoc i ndáil le réiteach na díospóide, a aisíoc, mura gcinneann an comhlacht um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt gur ghníomhaigh an faighteoir go follasach de mheon mímhacánta.

Beidh na táillí a ghearrfaidh an comhlacht um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt ar na soláthraithe ardán ar líne le haghaidh réiteach díospóidí réasúnta agus in aon chás ní rachaidh siad thar na costais arna dtabhú ag an gcomhlacht. I gcás fhaighteoirí na seirbhíse, beidh an réiteach díospóide ar fáil saor in aisce nó ar tháille ainmniúil.

Cuirfidh comhlachtaí um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt na táillí, nó na sásraí a úsáideadh chun na táillí a shocrú, in iúl d’fhaighteoir na seirbhíse, lena n-áirítear daoine aonair nó eintitis a bhfuil fógra tíolactha acu agus do sholáthraí an ardáin ar líne lena mbaineann, sula dtosóidh siad ar réiteach na díospóide.

6.   Féadfaidh na Ballstáit comhlachtaí um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt a bhunú chun críocha mhír 1 nó tacaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí roinnt comhlachtaí um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt nó iad ar fad atá deimhnithe acu i gcomhréir le mír 3.

Áiritheoidh na Ballstáit nach ndéanann aon cheann de na gníomhaíochtaí a dhéantar faoin gcéad fhomhír difear do chumas a gComhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha na comhlachtaí lena mbaineann a dheimhniú i gcomhréir le mír 3.

7.   Déanfaidh Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha a dheimhnigh comhlacht um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt an deimhniú sin a chúlghairm má chinneann sé, tar éis imscrúdú ar a thionscnamh féin nó ar bhonn na faisnéise a fuarthas ó thríú páirtithe, nach gcomhlíonann an comhlacht um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt sin na coinníollacha a leagtar amach i mír 3 a thuilleadh. Sula ndéanfar an deimhniú sin a chúlghairm, tabharfaidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha deis don chomhlacht sin freagairt ar thorthaí a imscrúdaithe agus ar a rún deimhniú an chomhlachta um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt a chúlghairm.

8.   Tabharfaidh Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha fógra don Choimisiún faoi na comhlachtaí um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt atá deimhnithe acu i gcomhréir le mír 3, lena n-áirítear i gcás inarb infheidhme na sonraíochtaí dá dtagraítear sa dara fomhír den mhír sin, chomh maith leis na comhlachtaí um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt a bhfuil a ndeimhniú cúlghairthe acu. Foilseoidh an Coimisiún liosta de na comhlachtaí sin, lena n-áirítear na sonraíochtaí sin, ar shuíomh gréasáin tiomnaithe a mbeidh rochtain éasca air, agus coinneoidh sé an suíomh gréasáin sin cothrom le dáta.

9   Tá an tAirteagal seo gan dochar do Threoir 2013/11/AE agus nósanna imeachta malartacha um réiteach díospóidí agus eintitis le haghaidh tomhaltóirí a bhunaítear faoin treoir sin.

Airteagal 22

Comharthóirí iontaofa

1.   Déanfaidh soláthraithe ardán ar líne na bearta teicniúla agus eagraíochtúla is gá chun a áirithiú go dtugtar tosaíocht le fógraí arna gcur isteach ag comharthóirí iontaofa, ag gníomhú dóibh laistigh dá réimse ainmnithe saineolais, trí na sásraí dá dtagraítear in Airteagal 16 a phróiseáil agus go ndéanfar cinneadh ina leith gan moill mhíchuí.

2.   Bronnfaidh Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha an Bhallstáit ina bhfuil an t-iarratasóir bunaithe, stádas na “gcomharthóra iontaofa” faoin Rialachán seo, ar iarratas ó aon eintiteas, ar iarratasóir a léirigh go gcomhlíonann sé gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

tá saineolas agus inniúlacht shonrach aige chun críocha inneachar neamhdhleathach a bhrath, a shainaithint agus fógra a thabhairt ina leith;

(b)

tá sé neamhspleách ar aon soláthraí ardán ar líne;

(c)

tugann sé faoina ghníomhaíochtaí chun críocha fógraí a chur isteach go dícheallach, go beacht agus go hoibiachtúil.

3.   Foilseoidh comharthóirí iontaofa tuarascálacha mionsonraithe atá intuigthe, uair amháin sa bhliain ar a laghad, ar fhógraí a cuireadh isteach i gcomhréir le hAirteagal 16 le linn na tréimhse ábhartha. Liostófar sa tuarascáil, ar a laghad, líon na bhfógraí arna n-aicmiú de réir an mhéid seo a leanas:

(a)

céannacht sholáthraí na seirbhísí óstála;

(b)

an cineál inneachair a líomhnaítear a bheith neamhdhleathach ar tugadh fógra ina leith;

(c)

an ghníomhaíocht a rinne an soláthraí.

Áireofar sna tuarascálacha sin míniú ar na nósanna imeachta atá i bhfeidhm chun a áirithiú go gcoinneoidh an comharthóir iontaofa a neamhspleáchas i gcónaí.

Seolfaidh comharthóirí iontaofa na tuarascálacha sin chuig Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha an bhronnta, agus cuirfidh siad ar fáil go poiblí iad. Ní bheidh sonraí pearsanta san fhaisnéis sna tuarascálacha sin.

4.   Cuirfidh na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha in iúl don Choimisiún ainmneacha, seoltaí agus seoltaí ríomhphoist na n-eintiteas ar bhronn siad stádas mar chomharthóirí iontaofa orthu i gcomhréir le mír 2 nó iad siúd ar chuir siad a stádas mar chomharthóir iontaofa ar fionraí 6 nó ar chúlghairm siad a stádas mar chomharthóir iontaofa i gcomhréir le mír 7.

5.   Foilseoidh an Coimisiún an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 4 i mbunachar sonraí a bheidh ar fáil go poiblí, i bhformáid éasca le rochtain agus inléite ag meaisín, agus coinneoidh sé an bunachar sonraí sin cothrom le dáta.

6.   I gcás ina bhfuil faisnéis ag soláthraí ardán ar líne a léiríonn gur chuir comharthóir iontaofa líon suntasach fógraí nach bhfuil sách beacht, cruinn ná leorbhunaithe trí na sásraí dá dtagraítear in Airteagal 16, lena n-áirítear faisnéis a bailíodh i ndáil le próiseáil gearán trí na córais inmheánacha um láimhseáil gearán dá dtagraítear in Airteagal 20(4), cuirfidh sé an fhaisnéis sin in iúl don Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha a bhronn an stádas sin mar chomharthóir iontaofa ar an eintiteas lena mbaineann, ag cur na míniúcháin agus na doiciméid tacaíochta is gá ar fáil. Ar an bhfaisnéis sin a fháil ó sholáthraí ardán ar líne agus má mheasann an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha go bhfuil cúiseanna dlisteanacha ann imscrúdú a chur ar bun, cuirfear stádas an chomharthóra iontaofa ar fionraí le linn thréimhse an imscrúdaithe. Déanfar an t-imscrúdú sin gan moill mhíchuí.

7.   Déanfaidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha a bhronn an stádas mar chomharthóir iontaofa an stádas sin a chúlghairm má chinneann sé, tar éis imscrúdú ar a thionscnamh féin nó ar bhonn na faisnéise a fuarthas ó thríú páirtithe, lena n-áirítear an fhaisnéis a chuir soláthraí ardán ar líne ar fáil de bhun mhír 6, nach gcomhlíonann an t-eintiteas sin na coinníollacha a leagtar amach i mír 2 a thuilleadh. Sula ndéanfar an stádas sin a chúlghairm, tabharfaidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha deis don eintiteas freagairt ar thorthaí a imscrúdaithe agus ar a rún stádas an eintitis mar chomharthóir iontaofa a chúlghairm.

8.   Déanfaidh an Coimisiún, tar éis dul i gcomhairle leis an mBord, treoirlínte a eisiúint, i gcás inar gá, chun cúnamh a thabhairt do sholáthraithe ardán ar líne agus do Chomhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha le cur i bhfeidhm mhíreanna 2, 6 agus 7.

Airteagal 25

Dearadh agus eagrú comhéadan ar líne

1.   Ní dhéanfaidh soláthraithe ardán ar líne a gcomhéadain ar líne a dhearadh, a eagrú ná a oibriú ar bhealach trína ndéanfaí cumas fhaighteoirí a seirbhíse a mheabhlú nó a ionramháil, nó ar bhealach eile trína ndéanfaí cumas úsáideoirí deiridh a shaobhadh nó a lagú cinntí atá saor agus feasach a dhéanamh.

2.   Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc i mír 1 maidir le cleachtais a chumhdaítear le treoir 2005/29/CE nó le Rialachán (AE) 2016/679.

3.   Féadfaidh an Coimisiún treoirlínte a eisiúint maidir leis an gcaoi a bhfuil feidhm ag mír 1 maidir le cleachtais shonracha, go háirithe:

(a)

tosaíocht níos mó a thabhairt do roghanna áirithe agus cinneadh á iarraidh ar fhaighteoir na seirbhíse;

(b)

iarraidh a dhéanamh arís agus arís eile go ndéanfaidh faighteoir na seirbhíse rogha i gcás ina ndearnadh an rogha sin cheana, go háirithe trí fhuinneog aníos a chuireann isteach ar an taithí úsáideora;

(c)

an nós imeachta chun seirbhís a fhoirceannadh a dhéanamh níos deacra ná liostáil dó.

Airteagal 28

Mionaoisigh a chosaint ar líne

1.   Déanfaidh soláthraithe ardán ar líne a bhfuil rochtain ag mionaoisigh orthu bearta iomchuí agus comhréireacha a chur i bhfeidhm chun ardleibhéal príobháideachais, sábháilteachta agus slándála mionaoiseach a áirithiú, ar a seirbhís.

2.   Ní dhéanfaidh soláthraithe ardán ar líne fógráin a chur i láthair ar a gcomhéadan bunaithe ar phróifíliú mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (4), de Rialachán (AE) 2016/679 ag úsáid sonraí pearsanta fhaighteoir na seirbhíse nuair is eol dóibh le deimhneacht réasúnta gur mionaoiseach é faighteoir na seirbhíse.

3.   Ní chuirfidh comhlíonadh na n-oibleagáidí a leagtar amach san Airteagal seo d’oibleagáid ar sholáthraithe ardán ar líne sonraí pearsanta breise a phróiseáil chun a mheas an mionaoiseach é faighteoir na seirbhíse.

4.   Féadfaidh an Coimisiún, tar éis dul i gcomhairle leis an mBord, treoirlínte a eisiúint chun cúnamh a thabhairt do sholáthraithe ardán ar líne le cur i bhfeidhm mhír 1.

ROINN 4

Forálacha breise is infheidhme maidir le soláthraithe ardán ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe

Airteagal 35

Maolú rioscaí

1.   Déanfaidh soláthraithe ardán an-mhór ar líne agus soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar line bearta maolaithe réasúnta, comhréireacha agus éifeachtacha atá oiriúnaithe do na rioscaí sistéamacha sonracha arna sainaithint de bhun Airteagal 34 a chur i bhfeidhm, agus aird ar leith á tabhairt ar thionchair na mbeart sin ar chearta bunúsacha. D’fhéadfadh go mbeadh na nithe seo a leanas i measc na mbeart sin, i gcás inarb infheidhme:

(a)

dearadh, gnéithe dá gcuid seirbhísí nó feidhmiú a gcuid seirbhísí a oiriúnú, lena n-áirítear a gcomhéadain ar líne;

(b)

a dtéarmaí agus coinníollacha agus a bhforfheidhmiú a oiriúnú;

(c)

próisis modhnóireachta inneachair a oiriúnú, lena n-áirítear luas agus cáilíocht na bhfógraí próiseála a bhaineann le cineálacha sonracha inneachair neamhdhleathaigh agus, i gcás inarb iomchuí, an t-inneachar a fógraíodh a bhaint go gasta nó rochtain air a dhíchumasú, go háirithe i leith fuathchaint neamhdhleathach nó cibearfhoréigin, chomh maith le haon phróisis chinnteoireachta ábhartha agus aon acmhainní tiomnaithe le haghaidh modhnóireacht inneachair a oiriúnú;

(d)

tástáil agus oiriúnú a dhéanamh ar a gcórais algartamacha, lena n-áirítear a gcórais moltaí;

(e)

a gcórais fógraíochta a oiriúnú agus bearta spriocdhírithe a ghlacadh a bhfuil sé mar aidhm acu teorainn a chur le taispeáint fógrán maidir leis an tseirbhís a sholáthraíonn siad nó a dtaispeáint a choigeartú;

(f)

na próisis inmheánacha, na hacmhainní, an tástáil, an doiciméadacht, nó an mhaoirseacht ar aon cheann dá ngníomhaíochtaí a neartú go háirithe maidir le riosca sistéamach a bhrath;

(g)

comhar a thionscnamh nó a leasú le comharthóirí iontaofa i gcomhréir le hAirteagal 22 agus cinntí na gcomhlachtaí um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt a chur chun feidhme de bhun Airteagal 21;

(h)

comhar a thionscnamh nó a leasú le soláthraithe eile ardán ar líne nó soláthraithe eile inneall cuardaigh ar line trí na cóid iompair agus trí na prótacail ghéarchéime dá dtagraítear in Airteagail 45 agus 48 faoi seach;

(i)

bearta múscailte feasachta a dhéanamh agus a gcomhéadan ar líne a oiriúnú chun tuilleadh faisnéise a chur ar fáil d’fhaighteoirí na seirbhíse;

(j)

bearta spriocdhírithe a dhéanamh chun cearta an linbh a chosaint, lena n-áirítear fíorú aoise agus uirlisí rialaithe do thuismitheoirí, uirlisí atá dírithe ar chabhrú le mionaoisigh mí-úsáid a chur in iúl nó tacaíocht a fháil, de réir mar is iomchuí;

(k)

á áirithiú, i gcás ítim faisnéise, bíodh sí ina híomhá ghinte nó ionramháilte, ina hinneachar fuaime nó físe atá an-chosúil le daoine, réada, áiteanna nó eintitis nó imeachtaí eile atá ann cheana agus a fheictear go bréagach do dhuine a bheith barántúil nó fírinneach, go mbeidh sí inaitheanta trí mharcálacha feiceálacha agus é ar taispeáint ar a gcomhéadain ar líne; agus sa bhreis air sin feidhmiúlacht a chur ar fáil,, a bheidh éasca le húsáid agus lena gcumasófar faighteoirí na seirbhíse chun faisnéis den sórt sin a chur in iúl.

2.   Foilseoidh an Bord, i gcomhar leis an gCoimisiún, tuarascálacha cuimsitheacha, uair amháin sa bhliain. Beidh an méid seo a leanas mar chuid de na tuarascálacha sin:

(a)

sainaithint agus measúnú ar na rioscaí sistéamacha is mó agus is mó a thagann chun cinn arís agus arís de réir tuairiscí ó sholáthraithe ardán an-mhór ar líne nó ó sholáthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar line nó a sainaithníodh trí fhoinsí faisnéise eile, go háirithe iad siúd atá á soláthar i gcomhréir le hAirteagail 39, 40 agus 42;

(b)

dea-chleachtais do sholáthraithe ardán an-mhór ar líne agus do sholáthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar line chun na rioscaí sistéamacha a sainaithníodh a mhaolú.

Déanfaidh na tuarascálacha sin rioscaí sistéamacha, iad miondealaithe de réir an Bhallstáit inar tharla siad agus san Aontas ina iomláine a chur in iúl, de réir mar is infheidhme.

3.   Féadfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha, treoirlínte a eisiúint faoi chur i bhfeidhm mhír 1 i ndáil le rioscaí sonracha, go háirithe maidir le dea-chleachtais reatha agus bearta féideartha a mholadh, agus aird chuí á tabhairt ar iarmhairtí féideartha na mbeart ar chearta bunúsacha a chumhdaítear sa Chairt do na páirtithe uile lena mbaineann. Eagróidh an Coimisiún comhairliúcháin phoiblí le linn ullmhú na dtreoirlínte sin.

Airteagal 39

Trédhearcacht bhreise fógraíochta ar líne

1.   Tiomsóidh soláthraithe ardán an-mhór ar líne nó soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar line a thaispeánann fógráin ar a gcomhéadain ar líne stór ina bhfuil an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 agus déanfaidh siad an stór sin a chur ar fáil go poiblí ar roinn ar leith dá gcomhéadan ar líne, trí uirlis inchuardaithe agus iontaofa lena gceadaítear ceisteanna ilchritéir agus trí chomhéadain ríomhchláraithe feidhmchlár, ar feadh na tréimhse iomláine a gcuireann siad fógrán ar taispeáint lena linn agus go ceann bliana tar éis an dáta a cuireadh an fógrán ar taispeáint den uair dheiridh ar a gcomhéadain ar líne. Áiritheoidh siad nach bhfuil aon fhaisnéis phearsanta de chuid fhaighteoirí na seirbhíse ar taispeánadh an fógrán dóibh nó a bhféadfadh sé gur taispeánadh an fógrán dóibh sa stór, agus déanfaidh siad iarrachtaí réasúnta a áirithiú go bhfuil an fhaisnéis cruinn agus iomlán.

2.   Beidh an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad sa stór:

(a)

inneachar an fhógráin, lena n-áirítear ainm an táirge, na seirbhíse nó an bhranda agus ábhar an fhógráin;

(b)

an duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil an fógra á chur ar taispeáint thar a cheann;

(c)

an duine nádúrtha nó dlítheanach a d’íoc as an bhfógrán, murab ionann an duine sin agus an duine dá dtagraítear i bpointe (b);

(d)

an tréimhse inar cuireadh an fógrán ar taispeáint;

(e)

cibé a bhí nó nach raibh sé mar rún an fógrán a thaispeáint go sonrach do ghrúpa amháin d’fhaighteoirí na seirbhíse nó do níos mó ná grúpa amháin d’fhaighteoirí na seirbhíse agus má bhí, na príomhpharaiméadair a úsáideadh chun na críche sin, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, na príomhpharaiméadair a úsáideadh chun grúpa amháin nó níos mó de na grúpaí áirithe sin a eisiamh;

(f)

na teachtaireachtaí tráchtála arna bhfoilsiú ar na hardáin an-mhór ar líne agus arna sainaithint de bhun Airteagal 26(2);

(g)

an líon iomlán d’fhaighteoirí na seirbhíse a sroicheadh agus, i gcás inarb infheidhme, uimhreacha comhiomlána, iad miondealaithe de réir an Bhallstáit don ghrúpa nó do na grúpaí faighteoirí ar ar díríodh an fógrán go sonrach.

3.   A mhéid a bhaineann le mír 2, pointí (a), (b) agus (c), i gcás ina bhfuil soláthraí ardáin an-mhór ar líne nó soláthraí innill cuardaigh an-mhór ar line tar éis fógrán ar leith a bhaint nó rochtain air a dhíchumasú, ar fógrán é atá bunaithe ar neamhdhleathacht nó ar neamhréir líomhnaithe lena théarmaí agus lena choinníollacha, ní áireofar an fhaisnéis dá dtagraítear sna pointí sin sa stór lárnach. I gcás den sórt sin, don fhógrán sonrach lena mbaineann, déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear, in Airteagal 17(2), pointí (a) go (e), nó in Airteagal 9(2), pointe(a)(i), de réir mar is infheidhme, a áireamh sa stór.

Féadfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBord, na taighdeoirí grinnfhiosraithe ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 40 agus an pobal, treoirlínte a eisiúint maidir le struchtúr, eagrú agus feidhmiúlachtaí na stórtha dá dtagraítear san Airteagal seo.

Airteagal 61

An Bord Eorpach um Sheirbhísí Digiteacha

1.   Bunaítear grúpa comhairleach neamhspleách de Chomhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha maidir le maoirseacht a dhéanamh ar sholáthraithe seirbhísí idirghabhálacha dar teideal “An Bord Eorpach um Sheirbhísí Digiteacha” (“An Bord’).

2.   Tabharfaidh an Bord comhairle do na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha agus don Choimisiún i gcomhréir leis an Rialachán chun na cuspóirí seo a leanas a bhaint amach:

(a)

cur le cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Rialacháin seo agus comhar éifeachtach na gComhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha agus an Choimisiúin i ndáil le hábhair a chumhdaítear leis an Rialachán seo;

(b)

comhordú agus cur le treoirlínte agus anailís an Choimisiúin agus na gComhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha agus údarás inniúil eile maidir le saincheisteanna atá ag teacht chun cinn ar fud an mhargaidh inmheánaigh i ndáil le hábhair a chumhdaítear leis an Rialachán seo;

(c)

cúnamh a thabhairt do na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha agus don Choimisiún maidir le maoirseacht a dhéanamh ar ardáin an-mhór ar líne.

Airteagal 63

Cúraimí an Bhoird

1.   I gcás inar gá chun na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 61(2) a chomhlíonadh, déanfaidh an Bord an méid seo a leanas go háirithe:

(a)

tacóidh sé le comhordú na n-imscrúduithe comhpháirteacha;

(b)

tacóidh sé leis na húdaráis inniúla anailís a dhéanamh ar thuarascálacha agus ar thorthaí iniúchtaí a dhéanann ardáin an-mhór ar líne nó innill chuardaigh an-mhór ar líne a bheidh le tarchur de bhun an Rialacháin seo;

(c)

déanfaidh sé tuairimí, moltaí nó comhairle a eisiúint chuig Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha i gcomhréir leis an Rialachán seo, agus an tsaoirse chun seirbhísí na soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha a sholáthar á cur san áireamh go háirithe;

(d)

tabharfaidh sé comhairle don Choimisiún maidir leis na bearta dá dtagraítear in Airteagal 66, agus glacfaidh sé tuairimí a bhaineann le hardáin an-mhór ar líne nó le hinnill chuardaigh an-mhór ar líne i gcomhréir leis an Rialachán seo;

(e)

tacóidh sé le forbairt agus cur chun feidhme caighdeán, treoirlínte, tuarascálacha, teimpléad agus cód iompair Eorpach agus cuirfidh chun cinn iad i gcomhar le geallsealbhóirí ábhartha amhail dá bhforáiltear sa Rialachán seo, lena n-áirítear trí thuairimí nó moltaí a eisiúint maidir le hábhair a bhaineann le hAirteagal 44, mar aon le saincheisteanna atá ag teacht chun cinn a shainaithint, i dtaca le hábhair a chumhdaítear leis an Rialachán seo.

2.   Déanfaidh Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha agus, i gcás inarb infheidhme, údaráis inniúla eile nach leanann na tuairimí, iarrataí nó moltaí a dhírítear orthu agus ar ghlac an Bord iad cúiseanna a thabhairt leis an gcinneadh sin, lena n-áirítear míniú ar na himscrúduithe, na gníomhaíochtaí agus na bearta atá curtha chun feidhme acu, agus iad ag tuairisciú de bhun an Rialacháin seo nó nuair a bhíonn a gcinntí ábhartha á nglacadh, de réir mar is iomchuí.

ROINN 4

Maoirseacht, imscrúdú, forfheidhmiú agus faireachán i leith soláthraithe ardán an-mhór ar líne agus soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne

Airteagal 90

Leasú ar Threoir (AE) 2020/1828

In Iarscríbhinn I a ghabhann le treoir (AE) 2020/1828, cuirtear isteach an pointe seo a leanas:

“(68)

Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha agus lena leasaítear treoir 2000/31/CE (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha) (IO L 277, 27.10.2022, lch. 1).”.

Airteagal 93

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

1.   Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo ón 17 Feabhra 2024.

Beidh feidhm ag Airteagal 24(2), (3) agus (6), Airteagal 33(3) go (6), Airteagal 37(7), Airteagal 40(13), Airteagal 43 agus Ranna 4, 5 agus 6 de Chaibidil IV, áfach, ón 16 Samhain 2022.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 19 Deireadh Fómhair 2022.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. BEK


(1)  IO C 286, 16.7.2021, lch. 70.

(2)  IO C 440, 29.10.2021, lch. 67.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 5 Iúil 2022 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 4 Deireadh Fómhair 2022.

(4)  treoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2000 maidir le gnéithe áirithe dlí de sheirbhísí na sochaí faisnéise, an tráchtáil leictreonach, go háirithe, sa Mhargadh Inmheánach (“treoir maidir le tráchtáil leictreonach”) (IO L 178, 17.7.2000, lch. 1).

(5)  treoir (AE) 2015/1535 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meán Fómhair 2015 lena leagtar síos nós imeachta chun faisnéis a sholáthar i réimse na rialachán teicniúil agus na rialacha maidir le seirbhísí na Sochaí Faisnéise (IO L 241, 17.9.2015, lch. 1).

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2012 maidir le dlínse agus le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála (IO L 351, 20.12.2012, lch. 1).

(7)  treoir 2010/13/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2010 maidir le comhordú forálacha áirithe a leagtar síos le dlí, le rialachán nó le gníomhaíocht riaracháin sna Ballstáit agus a bhaineann le seirbhísí meán closamhairc a sholáthar (An treoir maidir le Seirbhísí Meán Closamhairc) (IO L 95, 15.4.2010, lch. 1).

(8)  Rialachán (AE) 2019/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le margú agus úsáid réamhtheachtaithe pléascán, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 98/2013 (IO L 186, 11.7.2019, lch. 1).

(9)  Rialachán (AE) 2019/1150 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le cothroime agus trédhearcacht a chur chun cinn d’úsáideoirí gnó a bhaineann úsáid as seirbhísí idirghabhála ar líne (IO L 186, 11.7.2019, lch. 57).

(10)  Rialachán (AE) 2021/784 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 maidir le haghaidh a thabhairt ar scaipeadh ábhair sceimhlitheoireachta ar líne, IO L 172, 17.5.2021, lch. 79).

(11)  Rialachán (AE) 2021/1232 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Iúil 2021 maidir le maolú sealadach ar fhorálacha áirithe de Threoir 2002/58/CE a mhéid a bhaineann le húsáid teicneolaíochtaí ag soláthraithe seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir chun sonraí pearsanta agus sonraí eile a phróiseáil chun mí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne a chomhrac (IO L 274, 30.7.2021, lch. 41)

(12)  treoir 2002/58/CE ón gComhairle agus ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus príobháideachas a chosaint san earnáil cumarsáide leictreonaí (treoir maidir le príobháideachas agus cumarsáid leictreonach) (IO L 201, 31.7.2002, lch. 37).

(13)  Rialachán (AE) 2017/2394 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 maidir le comhar idir na húdaráis náisiúnta atá freagrach as dlíthe cosanta tomhaltóirí a fhorfheidhmiú agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004, (IO L 345, 27.12.2017, lch. 1).

(14)  Rialachán (AE) 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le faireachas margaidh ar tháirgí agus comhlíonadh táirgí agus lena leasaítear treoir 2004/42/CE agus Rialacháin (CE) Uimh. 765/2008 agus (AE) Uimh. 305/2011, (IO L 169, 25.6.2019, lch. 1).

(15)  treoir 2001/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Nollaig 2001 maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí (IO L 11, 15.1.2002, lch. 4).

(16)  treoir 2005/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2005 maidir le cleachtais tráchtála éagóracha gnólacht le tomhaltóir sa mhargadh inmheánach agus lena leasaítear treoir 84/450/CEE ón gComhairle, Treoracha 97/7/CE, 98/27/CE agus 2002/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (“An treoir maidir le cleachtais tráchtála éagóracha”) (IO L 149, 11.6.2005, lch. 22).

(17)  treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le cearta tomhaltóirí, lena leasaítear treoir 93/13/CEE ón gComhairle agus treoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear treoir 85/577/CEE ón gComhairle agus treoir 97/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 304, 22.11.2011, lch. 64).

(18)  treoir 2013/11/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le réiteach malartach díospóide le haghaidh díospóidí tomhaltais agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 agus treoir 2009/22/CE (IO L 165, 18.6.2013, lch. 63).

(19)  treoir 93/13/CEE ón gComhairle an 5 Aibreán 1993 maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra (IO L 95, 21.4.1993, lch. 29).

(20)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(21)  treoir 2001/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2001 maidir le gnéithe áirithe den chóipcheart agus de chearta gaolmhara a chomhchuibhiú sa tsochaí faisnéise (IO L 167, 22.6.2001, lch. 10).

(22)  treoir 2004/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le cearta maoine intleachtúla a fhorfheidhmiú (IO L 157, 30.4.2004, lch. 45).

(23)  treoir (AE) 2019/790 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le cóipcheart agus cearta gaolmhara sa Mhargadh Aonair Digiteach agus lena leasaítear Treoracha 96/9/CE agus 2001/29/CE (IO L 130, 17.5.2019, lch. 92).

(24)  treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear an Cód Eorpach um Chumarsáid Leictreonach (IO L 321, 17.12.2018, lch. 36).

(25)  Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir le micrifhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide a shainmhíniú (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36).

(26)  treoir 2011/93/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le mí-úsáid ghnéasach agus teacht i dtír gnéasach ar leanaí agus pornagrafaíocht leanaí a chomhrac, agus a chuirtear in ionad Chinneadh Réime 2004/68/CGB ón gComhairle (IO L 335, 17.12.2011, lch. 1).

(27)  treoir 2011/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2011 maidir le gáinneáil ar dhaoine a chosc agus a chomhrac agus na híospartaigh atá thíos léi a chosaint, agus a ghlacann ionad Chinneadh Réime 2002/629/CGB ón gComhairle (IO L 101, 15.4.2011, lch. 1).

(28)  treoir (AE) 2017/541 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir leis an sceimhlitheoireacht a chomhrac, agus lena n-ionadaítear Cinneadh Réime 2002/475/CGB ón gComhairle agus lena leasaítear Cinneadh 2005/671/CGB ón gComhairle (IO L 88, 31.3.2017, lch. 6).

(29)  Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus lena n-aisghairtear Cinntí 2009/371/CGB, 2009/934/CGB, 2009/935/CGB, 2009/936/CGB agus 2009/968/CGB ón gComhairle agus a ghabhann ionad na gCinntí sin (IO L 135, 24.5.2016, lch. 53).

(30)  treoir (AE) 2021/514 ón gComhairle an 22 Márta 2021 lena leasaítear treoir 2011/16/AE maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais (IO L 104, 25.3.2021, lch. 1).

(31)  treoir 98/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 1998 maidir le cosaint tomhaltóirí ó thaobh praghsanna táirgí a thairgtear do thomhaltóirí a chur in iúl (IO L 80, 18.3.1998, lch. 27).

(32)  treoir (AE) 2016/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le fios gnó agus faisnéis ghnó neamhnochta (rúin trádála) a chosaint ar iad a fháil, a úsáid agus a nochtadh go neamhdhleathach (IO L 157, 15.6.2016, lch. 1).

(33)  treoir (AE) 2020/1828 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2020 maidir le caingne ionadaíocha chun comhleasanna tomhaltóirí a chosaint agus lena n-aisghairtear treoir 2009/22/CE (IO L 409, 4.12.2020, lch. 1).

(34)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(35)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(36)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta a dhéanann institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

(37)  IO C 149, 27.4.2021, lch. 3.

(38)  treoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir leis na ceanglais inrochtaineachta le haghaidh táirgí agus seirbhísí (IO L 151, 7.6.2019, lch. 70).

(39)  Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle an 20 Eanáir 2004 maidir le comhchruinnithe a rialú idir gnóthais (IO L 24, 29.1.2004, lch. 1).

(40)  Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena n-aisghairtear treoir 1999/93/CE (IO L 257, 28.8.2014, lch. 73).

(41)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).



whereas









keyboard_arrow_down