keyboard_tab Digital Service Act 2022/2065 GA
BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf
- 8 Airteagal 9 Orduithe le gníomhú in aghaidh inneachar neamhdhleathach
- 9 Airteagal 10 Orduithe chun faisnéis a sholáthar
- 2 Airteagal 15 Oibleagáidí tuairiscithe trédhearcachta do sholáthraithe seirbhísí idirghabhálacha
CAIBIDIL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA
CAIBIDIL II
DLITEANAS SOLÁTHRAITHE SEIRBHÍSÍ IDIRGHABHÁLACHA
CAIBIDIL III
OIBLEAGÁIDÍ DÍCHILL CHUÍ I GCOMHAIR TIMPEALLACHT THRÉDHEARCACH AGUS SHÁBHÁILTE AR LÍNE
ROINN 1
Forálacha is infheidhme maidir le gach soláthraí seirbhísí idirghabhálacha
ROINN 2
Forálacha breise is infheidhme maidir le soláthraithe seirbhísí óstála, lena n-áirítear ardáin ar líne
ROINN 3
Forálacha breise is infheidhme maidir le soláthraithe ardán ar líne
ROINN 4
Forálacha breise is infheidhme maidir le soláthraithe ardán ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe
ROINN 5
Oibleagáidí breise soláthraithe ardán an-mhór ar líne agus soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne chun rioscaí sistéamacha a bhainistiú
ROINN 6
Forálacha eile maidir le hoibleagáidí díchill chuí
CAIBIDIL IV
CUR CHUN FEIDHME, COMHAR, PIONÓIS AGUS FORFHEIDHMIÚ
ROINN 1
Údaráis inniúla agus Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha náisiúnta
ROINN 2
Inniúlachtaí, sásraí comhordaithe maidir le himscrúdú agus comhsheasmhacht
ROINN 3
An Bord Eorpach um Sheirbhísí Digiteacha
ROINN 4
Maoirseacht, imscrúdú, forfheidhmiú agus faireachán i leith soláthraithe ardán an-mhór ar líne agus soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne
ROINN 5
Forálacha coiteanna maidir le forfheidhmiú
ROINN 6
Gníomhartha tarmligthe agus gníomhartha cur chun feidhme
CAIBIDIL V
FORÁLACHA DEIRIDH
- agus 47
- seirbhísí 29
- ordú 24
- arna 23
- idirghabhálacha 21
- t-ordú 19
- dlí 18
- lena 18
- chun 18
- faisnéis 17
- maidir 17
- gcomhréir 15
- leis 14
- atá 14
- soláthraí 13
- soláthraithe 13
- éifeacht 13
- gcás 13
- t-údarás 13
- infheidhme 12
- náisiúnta 11
- tugadh 11
- aontais 10
- eile 10
- faoin 9
- réir 8
- chuig 8
- fhaisnéis 8
- mbaineann 8
- seirbhíse 8
- tharchur 8
- inneachair 7
- chur 7
- mír 7
- airteagal 7
- údarás 7
- líon 7
- amháin 7
- eolas 6
- hairteagal 6
- níos 6
- digiteacha 6
- fháil 6
- eisiúna 6
- sholáthar 6
- airteagal 6
- bhfuil 6
- n-áirítear 6
- comhaontú 6
- dteanga 6
Airteagal 9
Orduithe le gníomhú in aghaidh inneachar neamhdhleathach
1. Ar ordú a fháil chun gníomhú in aghaidh mír shonrach amháin nó níos mó d’inneachar neamhdhleathach, arna heisiúint ag na húdaráis náisiúnta bhreithiúnacha nó riaracháin ábhartha, ar bhonn dhlí an Aontais nó an dlí náisiúnta is infheidhme i gcomhréir le dlí an Aontais, cuirfidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha an t-údarás a eisíonn an t-ordú nó aon údarás eile a shonraítear san ordú ar an eolas maidir le haon éifeacht a tugadh don ordú gan moill mhíchuí, ina sonraítear ar tugadh agus cathain a tugadh éifeacht don ordú.
2. Áiritheoidh na Ballstáit nuair a tharchuirfear ordú dá dtagraítear i mír 1 chuig an soláthraí, go gcomhlíonfaidh sé na coinníollacha seo a leanas, ar a laghad:
(a) | tá na gnéithe seo a leanas san ordú sin:
|
(b) | tá raon feidhme críochach an ordaithe sin, ar bhonn na rialacha is infheidhme san Aontas agus an dlí náisiúnta, lena n-áirítear an Chairt, agus, i gcás inarb ábhartha, prionsabail ghinearálta an dlí idirnáisiúnta, teoranta don mhéid atá riachtanach chun a chuspóir a bhaint amach; |
(c) | déantar an t-ordú a tharchur i gceann de na teangacha a dhearbhaigh an soláthraí seirbhísí idirghabhálacha de bhun Airteagal 11(3) nó i dteanga oifigiúil eile de chuid na mBallstát, arna comhaontú idir an t-údarás a eisíonn an t-ordú agus an soláthraí sin, agus cuirtear é chuig an bpointe teagmhála leictreonach, arna ainmniú ag an soláthraí sin, i gcomhréir le hAirteagal 11; i gcás nach bhfuil an t-ordú dréachtaithe sa teanga atá dearbhaithe ag an soláthraí seirbhísí idirghabhálacha nó i dteanga eile arna comhaontú go déthaobhach, féadfar an t-ordú a tharchur i dteanga an údaráis a eiseoidh an t-ordú, ar choinníoll go bhfuil aistriúchán go teanga den sórt sin arna dearbhú nó arna comhaontú go déthaobhach de na heilimintí a leagtar amach i bpointí (a) agus (b) den mhír seo ar a laghad ag gabháil leis. |
3. Déanfaidh an t-údarás a eiseoidh an t-ordú nó, más infheidhme, an t-údarás a shonrófar ann, é a tharchur, chomh maith le haon fhaisnéis a gheofar ó sholáthraí na seirbhísí idirghabhálacha a bhaineann leis an éifeacht a thugtar don ordú sin chuig an gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha ó Bhallstát an údaráis eisiúna.
4. Tar éis dó an t-ordú a fháil ón údarás breithiúnach nó riaracháin, déanfaidh Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha an Bhallstáit lena mbaineann, cóip de na horduithe dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a tharchur, gan moill mhíchuí, chuig na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha eile go léir tríd an gcóras arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 85.
5. Ar a dhéanaí nuair a thugtar éifeacht don ordú nó, i gcás inarb infheidhme, an tráth a sholáthair an t-údarás eisiúna ina ordú, déanfaidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha faighteoir na seirbhíse lena mbaineann a chur ar an eolas faoin ordú a fuarthas agus faoin éifeacht a tugadh dó. Áireofar san fhaisnéis sin a sholáthraítear d’fhaighteoir na seirbhíse ráiteas ar chúiseanna, na féidearthachtaí maidir le sásamh atá ann, agus cur síos ar raon feidhme críochach an ordaithe, i gcomhréir le mír 2.
6. Beidh na coinníollacha agus na ceanglais a leagtar síos san Airteagal seo gan dochar don dlí nós imeachta sibhialta agus coiriúil náisiúnta.
Airteagal 10
Orduithe chun faisnéis a sholáthar
1. Ar ordú a fháil chun faisnéis shonrach a chur ar fáil maidir le faighteoir sonrach aonair amháin nó níos mó den tseirbhís, arna eisiúint ag na húdaráis náisiúnta bhreithiúnacha nó riaracháin ábhartha, ar bhonn dhlí an Aontais nó an dlí náisiúnta is infheidhme, i gcomhréir le dlí an Aontais, déanfaidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha, gan moill mhíchuí, an t-údarás a eisíonn an t-ordú nó aon údarás eile a shonraítear san ordú a chur ar an eolas go bhfuarthas é agus a chur ar an eolas maidir leis an éifeacht a tugadh don ordú, agus sonróidh sé ar tugadh agus cathain a tugadh éifeacht don ordú.
2. Nuair a tharchuirfear ordú dá dtagraítear i mír 1 chuig an soláthraí, áiritheoidh na Ballstáit gcomhlíonann sé na coinníollacha seo a leanas:
(a) | tá na gnéithe seo a leanas san ordú sin:
|
(b) | ní cheanglaítear ar an soláthraí leis an ordú sin ach amháin faisnéis a chur ar fáil atá bailithe cheana féin chun críocha an seirbhís a sholáthar agus ar faisnéis í atá faoina smacht; |
(c) | déantar an t-ordú sin é a tharchur i gceann de na teangacha a dhearbhaigh soláthraí na seirbhísí idirghabhálacha de bhun Airteagal 11(3) nó i dteanga oifigiúil eile de chuid na mBallstát, arna comhaontú idir an t-údarás a eisíonn an t-ordú agus an soláthraí, agus cuirtear é chuig an bpointe teagmhála leictreonach, arna ainmniú ag an soláthraí sin, i gcomhréir le hAirteagal 11; i gcás nach bhfuil an t-ordú dréachtaithe sa teanga atá dearbhaithe ag soláthraí na seirbhísí idirghabhálacha nó i dteanga eile arna comhaontú go déthaobhach, féadfar an t-ordú a tharchur i dteanga an údaráis a eiseoidh an t-ordú, ar choinníoll go bhfuil aistriúchán go teanga den sórt sin arna dearbhú nó arna comhaontú go déthaobhach de na heilimintí a leagtar amach i bpointí (a) agus (b) den mhír seo ag gabháil leis. |
3. Déanfaidh an t-údarás a eiseoidh an t-ordú nó, más infheidhme, an t-údarás a shonrófar ann, an t-ordú, chomh maith le haon fhaisnéis a gheofar ó sholáthraí na seirbhísí idirghabhálacha a bhaineann leis an éifeacht a thugtar don ordú sin a tharchur chuig an gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha ó Bhallstát an údaráis eisiúna.
4. Tar éis dó an t-ordú a fháil ón údarás breithiúnach nó riaracháin, déanfaidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha an Bhallstáit lena mbaineann, cóip den ordú dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a tharchur, gan moill mhíchuí, chuig na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha go léir tríd an gcóras arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 85.
5. Ar a dhéanaí nuair a thugtar éifeacht don ordú, nó, i gcás inarb infheidhme, an tráth a leag an t-údarás eisiúna síos ina ordú, déanfaidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha faighteoir na seirbhíse lena mbaineann a chur ar an eolas faoin ordú a fuarthas agus faoin éifeacht a tugadh dó. Áireofar san fhaisnéis sin a sholáthraítear d’fhaighteoir na seirbhíse, ráiteas ar chúiseanna agus na féidearthachtaí maidir le sásamh atá ann, i gcomhréir le mír 2.
6. Beidh na coinníollacha agus na ceanglais a leagtar síos san Airteagal seo gan dochar don dlí nós imeachta sibhialta agus coiriúil náisiúnta.
CAIBIDIL III
OIBLEAGÁIDÍ DÍCHILL CHUÍ I GCOMHAIR TIMPEALLACHT THRÉDHEARCACH AGUS SHÁBHÁILTE AR LÍNE
ROINN 1
Forálacha is infheidhme maidir le gach soláthraí seirbhísí idirghabhálacha
Airteagal 15
Oibleagáidí tuairiscithe trédhearcachta do sholáthraithe seirbhísí idirghabhálacha
1. Cuirfidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha tuarascálacha soiléire, intuigthe ar fáil go poiblí a bheidh inléite ag meaisín, ar bhealach a bheidh inrochtana go héasca, uair sa bhliain ar a laghad maidir le haon mhodhnóireacht inneachair a raibh siad ag gabháil dó le linn na tréimhse ábhartha. Áireofar sna tuarascálacha sin, go háirithe, faisnéis maidir leis na nithe seo a leanas, de réir mar is infheidhme:
(a) | i gcás soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha, an líon orduithe a fhaightear ó údaráis na mBallstát, lena n-áirítear orduithe arna n-eisiúint i gcomhréir le hAirteagail 9 agus 10, arna gcatagóiriú de réir chineál an inneachair neamhdhleathaigh lena mbaineann, an Ballstát a eisíonn an t-ordú, agus an t-am airmheánach a theastaíonn chun an t-údarás a eisíonn an t-ordú, nó aon údarás eile arna shonrú san ordú, a chur ar an eolas go bhfuarthas é agus chun éifeacht a thabhairt don ordú; |
(b) | i gcás soláthraithe seirbhísí óstála, an líon fógraí arna gcur isteach i gcomhréir le hAirteagal 16, arna gcatagóiriú de réir chineál an inneachair neamhdhleathaigh líomhainte lena mbaineann, an líon fógraí a thíolaic na comharthóirí iontaofa, aon ghníomhaíocht a glacadh de bhun na bhfógraí trí dhifreáil a dhéanamh idir cibé a glacadh an ghníomhaíocht ar bhonn an dlí nó ar bhonn théarmaí agus choinníollacha an tsoláthraí nó nár glacadh, an líon fógraí a phróiseáiltear trí mhodhanna uathoibrithe a úsáid agus an t-am airmheánach a theastaíonn chun an ghníomhaíocht sin a ghlacadh; |
(c) | i gcás soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha, faisnéis fhóinteach shothuigthe faoin modhnóireacht inneachair ar tugadh faoi de thionscnamh na soláthraithe féin, lena n-áirítear úsáid uirlisí uathoibrithe, na bearta a glacadh chun oiliúint agus cúnamh a sholáthar do dhaoine atá i gceannas ar mhodhnóireacht inneachair, líon agus cineál na mbeart a dhéanann difear d’infhaighteacht, sofheictheacht agus inrochtaineacht na faisnéise arna soláthar ag faighteoirí na seirbhíse agus cumas na bhfaighteoirí faisnéis a sholáthar, tríd an tseirbhís, agus srianta gaolmhara eile ar an tseirbhís; déanfar an fhaisnéis a thuairisceofar a aicmiú de réir chineál an inneachair neamhdhleathaigh nó de réir shárú théarmaí agus choinníollacha an tsoláthraí seirbhíse, de réir an mhodha braite agus de réir chineál an tsrianta a chuirfear i bhfeidhm; |
(d) | i gcás soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha, an líon gearán arna bhfáil trí na córais inmheánacha chun déileáil le gearáin i gcomhréir le téarmaí agus coinníollacha an tsoláthraí agus ina theannta sin, i gcás soláthraithe ardán ar líne, i gcomhréir le hAirteagal 20, an bonn atá leis na gearáin sin, cinntí arna ndéanamh maidir leis na gearáin sin, an t-am airmheánach is gá chun na cinntí sin a dhéanamh agus líon na gcásanna ina ndearnadh na cinntí sin a fhreaschur; |
(e) | aon úsáid a baineadh as modh uathoibrithe chun críche modhnóireachta inneachair, lena n-áirítear tuairisc cháilíochtúil, sonraíocht maidir le cuspóirí beachta, táscairí cruinnis agus ráta féideartha earráide an mhodha uathoibrithe arna úsáid chun na críocha sin a chomhlíonadh, agus aon choimircí a cuireadh i bhfeidhm. |
2. Ní bheidh feidhm ag mír 1 den Airteagal seo maidir le soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha a cháilíonn mar mhicrifhiontair nó mar fhiontair bheaga mar a shainmhínítear i Moladh 2003/361/CE agus nach ardáin an-mhór ar líne iad de réir bhrí Airteagal 33 den Rialachán seo.
3. Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun teimpléid a leagan síos maidir le foirm, inneachar agus mionsonraí eile tuarascálacha de bhun mhír 1 den Airteagal seo, lena n-áirítear tréimhsí tuairiscithe comhchuibhithe. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 88.
ROINN 2
Forálacha breise is infheidhme maidir le soláthraithe seirbhísí óstála, lena n-áirítear ardáin ar líne
whereas