keyboard_tab Digital Service Act 2022/2065 GA
BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf
- 1 Airteagal 77 Tréimhse teorann le haghaidh pionóis a fhorchur
- 1 Airteagal 81 Athbhreithniú ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh
CAIBIDIL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA
CAIBIDIL II
DLITEANAS SOLÁTHRAITHE SEIRBHÍSÍ IDIRGHABHÁLACHA
CAIBIDIL III
OIBLEAGÁIDÍ DÍCHILL CHUÍ I GCOMHAIR TIMPEALLACHT THRÉDHEARCACH AGUS SHÁBHÁILTE AR LÍNE
ROINN 1
Forálacha is infheidhme maidir le gach soláthraí seirbhísí idirghabhálacha
ROINN 2
Forálacha breise is infheidhme maidir le soláthraithe seirbhísí óstála, lena n-áirítear ardáin ar líne
ROINN 3
Forálacha breise is infheidhme maidir le soláthraithe ardán ar líne
ROINN 4
Forálacha breise is infheidhme maidir le soláthraithe ardán ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe
ROINN 5
Oibleagáidí breise soláthraithe ardán an-mhór ar líne agus soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne chun rioscaí sistéamacha a bhainistiú
ROINN 6
Forálacha eile maidir le hoibleagáidí díchill chuí
CAIBIDIL IV
CUR CHUN FEIDHME, COMHAR, PIONÓIS AGUS FORFHEIDHMIÚ
ROINN 1
Údaráis inniúla agus Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha náisiúnta
ROINN 2
Inniúlachtaí, sásraí comhordaithe maidir le himscrúdú agus comhsheasmhacht
ROINN 3
An Bord Eorpach um Sheirbhísí Digiteacha
ROINN 4
Maoirseacht, imscrúdú, forfheidhmiú agus faireachán i leith soláthraithe ardán an-mhór ar líne agus soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne
ROINN 5
Forálacha coiteanna maidir le forfheidhmiú
ROINN 6
Gníomhartha tarmligthe agus gníomhartha cur chun feidhme
CAIBIDIL V
FORÁLACHA DEIRIDH
- tréimhse 13
- teorann 7
- leis 6
- gcoimisiún 5
- pionósacha 4
- íocaíochtaí 4
- haghaidh 4
- fhorchur 4
- fíneálacha 4
- tréimhsiúla 4
- aontais 3
- bhreithiúnais 3
- sárú 3
- tús 3
- cuirfear 3
- airteagal 3
- cuirfear 3
- atá 3
- eorpaigh 3
- fionraí 2
- thréimhsiúil 2
- phionósach 2
- íocaíocht 2
- fhíneáil 2
- isteach 2
- digiteacha 2
- seirbhísí 2
- arna 2
- bhun 2
- cothrom 2
- bheidh 2
- athbhreithniú 2
- réir 2
- áfach 2
- faoi 2
- sáruithe 2
- cúirt 2
- arís 2
- chealú 1
- oiread 1
- forchuireadh 1
- caite 1
- dhá 1
- féadfaidh 1
- coimisiún 1
- fhorchuir 1
- lenar 1
- laghdú 1
- bheith 1
- forchurtha 1
Airteagal 77
Tréimhse teorann le haghaidh pionóis a fhorchur
1. Beidh na cumhachtaí a thugtar don Choimisiún le hAirteagail 74 agus 76 faoi réir tréimhse teorann a mhairfidh ar feadh 5 bliana.
2. Cuirfear tús leis an tréimhse an lá a rinneadh an sárú. I gcás sáruithe leanúnacha nó sáruithe a dhéantar arís agus arís eile, áfach, cuirfear tús leis an tréimhse an lá a tháinig deireadh leis an sárú.
3. Le haon ghníomhaíocht arna déanamh ag an gCoimisiún nó ag an gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha chun críoch an imscrúdaithe nó na n-imeachtaí i leith sárú, cuirfear isteach ar an tréimhse teorann le haghaidh fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur. Áirítear na gníomhaíochtaí seo a leanas, go háirithe, ina measc siúd a chuirfidh isteach ar an tréimhse teorann:
(a) | iarrataí ón gCoimisiún ar nó ó Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha ar fhaisnéis; |
(b) | cigireacht; |
(c) | imeacht arna chur ar bun ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 66(1). |
4. Cuirfear tús nua leis an tréimhse le gach briseadh. Rachaidh an tréimhse teorann le haghaidh fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur in éag ar a dhéanaí an lá a bheidh tréimhse cothrom le dhá oiread na tréimhse teorann atá caite, áfach, gan aon fhíneáil ná íocaíocht phionósach thréimhsiúil a bheith forchurtha ag an gCoimisiún. Cuirfear síneadh leis an tréimhse sin a bheidh cothrom leis an méid ama a raibh an tréimhse teorann ar fionraí lena linn de bhun mhír 5.
5. Cuirfear an tréimhse teorann le haghaidh fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur ar fionraí fad atá an cinneadh ón gCoimisiún faoi réir imeachtaí atá ar feitheamh os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 81
Athbhreithniú ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh
I gcomhréir le hAirteagal 261 CFAE, tá dlínse neamhtheoranta ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ó thaobh athbhreithniú a dhéanamh ar chinntí lenar fhorchuir an Coimisiún fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla. Féadfaidh sí an fhíneáil nó an íocaíocht phionósach thréimhsiúil a forchuireadh a chealú, a laghdú, nó a mhéadú.
whereas