search


keyboard_tab Digital Service Act 2022/2065 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2022/2065 GA cercato: 'eorpaigh' . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


expand index eorpaigh:

    CAIBIDIL I
    FORÁLACHA GINEARÁLTA

    CAIBIDIL II
    DLITEANAS SOLÁTHRAITHE SEIRBHÍSÍ IDIRGHABHÁLACHA

    CAIBIDIL III
    OIBLEAGÁIDÍ DÍCHILL CHUÍ I GCOMHAIR TIMPEALLACHT THRÉDHEARCACH AGUS SHÁBHÁILTE AR LÍNE

    ROINN 1
    Forálacha is infheidhme maidir le gach soláthraí seirbhísí idirghabhálacha

    ROINN 2
    Forálacha breise is infheidhme maidir le soláthraithe seirbhísí óstála, lena n-áirítear ardáin ar líne

    ROINN 3
    Forálacha breise is infheidhme maidir le soláthraithe ardán ar líne

    ROINN 4
    Forálacha breise is infheidhme maidir le soláthraithe ardán ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe

    ROINN 5
    Oibleagáidí breise soláthraithe ardán an-mhór ar líne agus soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne chun rioscaí sistéamacha a bhainistiú

    ROINN 6
    Forálacha eile maidir le hoibleagáidí díchill chuí

    CAIBIDIL IV
    CUR CHUN FEIDHME, COMHAR, PIONÓIS AGUS FORFHEIDHMIÚ

    ROINN 1
    Údaráis inniúla agus Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha náisiúnta

    ROINN 2
    Inniúlachtaí, sásraí comhordaithe maidir le himscrúdú agus comhsheasmhacht

    ROINN 3
    An Bord Eorpach um Sheirbhísí Digiteacha

    ROINN 4
    Maoirseacht, imscrúdú, forfheidhmiú agus faireachán i leith soláthraithe ardán an-mhór ar líne agus soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne

    ROINN 5
    Forálacha coiteanna maidir le forfheidhmiú

    ROINN 6
    Gníomhartha tarmligthe agus gníomhartha cur chun feidhme

    CAIBIDIL V
    FORÁLACHA DEIRIDH


whereas eorpaigh:


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 825

 

Airteagal 33

Ardáin an-mhór ar líne agus innill chuardaigh an-mhór ar líne

1.   Beidh feidhm ag an Roinn seo maidir le hardáin ar líne agus le hinnill chuardaigh ar líne a bhfuil meánlíon faighteoirí gníomhacha míosúla na seirbhíse san Aontas atá cothrom le 45 mhilliún nó níos airde acu, agus a ainmnítear mar ardáin an-mhór ar líne nó innill chuardaigh an-mhór ar líne de bhun mhír 4.

2.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 87 chun meánlíon faighteoirí gníomhacha míosúla na seirbhíse san Aontas dá dtagraítear i mír 1 a choigeartú, i gcás ina dtagann méadú nó laghdú 5 % ar dhaonra an Aontais i gcomparáid lena dhaonra in 2020 nó, ar a dhaonra i ndiaidh leasaithe trí bhíthin gníomh tarmligthe sa bhliain inar glacadh leis an ngníomh tarmligthe is déanaí. I gcás den sórt sin, leasóidh sé an uimhir go mbeadh sé cothrom le 10 % de dhaonra an Aontais sa bhliain inar ghlac sé leis an ngníomh tarmligthe, agus déanfar an méid a shlánú suas nó síos ionas go mbeifear in ann an uimhir a léiriú mar mhilliún.

3.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 87, tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBord, chun forálacha an Rialacháin seo a fhorlíonadh tríd an modheolaíocht a leagan síos chun líon mheánfhaighteoirí gníomhacha míosúla na seirbhíse san Aontas a ríomh, chun críocha mhír 1 den Airteagal seo agus Airteagal 24(2), chun a áirithiú go gcuirfear forbairtí sa mhargadh agus forbairtí teicneolaíocha san áireamh sa mhodheolaíocht.

4.   Tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBallstát bunaíochta nó tar éis dó an fhaisnéis arna soláthar ag an gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta a chur san áireamh de bhun Airteagal 24(4), glacfaidh an Coimisiún cinneadh lena n-ainmnítear mar ardán an-mhór ar líne nó inneall cuardaigh an-mhór ar líne chun críocha an Rialacháin seo an t-ardán ar líne nó an t-inneall cuardaigh ar líne ag a bhfuil meánlíon faighteoirí gníomhacha míosúla na seirbhíse atá cothrom leis an uimhir nó níos airde ná an uimhir dá dtagraítear i mír 1. Déanfaidh an Coimisiún a chinneadh ar bhonn sonraí arna dtuairisciú ag soláthraí an ardáin ar líne nó ag soláthraí an innill cuardaigh ar líne de bhun Airteagal 24(2), nó ar bhonn faisnéis bhreise a iarrtar de bhun Airteagal 24(3) nó ar bhonn aon fhaisnéis eile atá ar fáil don Choimisiún.

Ní chuirfidh mainneachtain sholáthraí an ardáin ar líne nó sholáthraí an innill cuardaigh ar líne Airteagal 24(2) a chomhlíonadh nó iarraidh an Chomhordaitheora Seirbhísí Digiteacha bunaíochta nó iarraidh an Choimisiúin de bhun Airteagal 24(3) a chomhlíonadh cosc ar an gCoimisiún an soláthraí sin a ainmniú mar sholáthraí ardán an-mhór ar líne nó soláthraí innill chuardaigh an-mhór ar líne de bhun na míre seo.

I gcás ina mbunaíonn an Coimisiún a chinneadh ar fhaisnéis eile atá ar fáil don Choimisiún de bhun na chéad fhomhíre den mhír seo nó ar bhonn faisnéis bhreise arna hiarraidh de bhun Airteagal 24(3), tabharfaidh an Coimisiún 10 lá oibre do sholáthraí an ardáin ar líne nó soláthraí an innill cuardaigh ar líne lena mbaineann a thuairimí a chur ar fáil ar na réamhthorthaí ón gCoimisiún agus faoina rún an t-ardán ar líne nó an t-inneall cuardaigh ar líne a ainmniú mar ardán an-mhór ar líne nó mar inneall cuardaigh an-mhór ar líne, faoi seach. Tabharfaidh an Coimisiún aird chuí ar na tuairimí arna gcur isteach ag an soláthraí lena mbaineann.

Ní chuirfidh mainneachtain sholáthraí an ardáin ar líne nó sholáthraí an innill cuardaigh ar line lena mbaineann a thuairimí a chur ar isteach de bhun an tríú fomhír cosc ar an gCoimisiún an t-ardán sin ar líne nó an t-inneall cuardaigh sin ar line a ainmniú mar ardán an-mhór ar líne nó mar inneall cuardaigh an-mhór ar líne, faoi seach, bunaithe ar fhaisnéis eile atá ar fáil don Choimisiún.

5.   Foirceannfaidh an Coimisiún an t-ainmniú más rud é, ar feadh tréimhse bliana gan bhriseadh, nach bhfuil meánlíon áirithe faighteoirí gníomhacha míosúla na seirbhíse ag an ardán ar líne nó ag an inneall cuardaigh ar line atá cothrom leis an líon dá dtagraítear i mír 1 nó níos airde ná an líon sin.

6.   Tabharfaidh an Coimisiún fógra faoina chinntí de bhun mhíreanna 4 agus 5, gan moill mhíchuí, do sholáthraí an ardáin ar líne nó do sholáthraí an innill cuardaigh ar line lena mbaineann, don Bhord agus do Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha na bunaíochta.

Áiritheoidh an Coimisiún go bhfoilsítear an liosta d’ardáin atá ainmnithe mar ardáin an-mhór ar líne nó mar innill chuardaigh an-mhór ar line in Iris Oifigiúil an Aontais eorpaigh, agus coinneoidh sé an liosta cothrom le dáta. Beidh feidhm ag na hoibleagáidí a leagtar amach sa Roinn seo, nó scoirfidh siad d’fheidhm a bheith leo, maidir leis na hardáin an-mhór agus na hinnill chuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann ó 4 mhí tar éis fógra a thabhairt don soláthraí lena mbaineann dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

Airteagal 67

Iarrataí ar fhaisnéis

1.   Chun tabhairt faoi na cúraimí a shanntar dó faoin Roinn seo, féadfaidh an Coimisiún, le hiarraidh shimplí nó le cinneadh, éileamh ar sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann, chomh maith le haon duine nádúrtha nó dlítheanach eile a ghníomhaíonn chun críoch a bhaineann lena dtrádáil, a ngnó, a gceird nó a ngairm a d’fhéadfadh a bheith ar an eolas go réasúnta faoi fhaisnéis a bhaineann leis an sárú amhrasta, lena n-áirítear eagraíochtaí a dhéanann na hiniúchtaí dá dtagraítear in Airteagal 37 agus Airteagal 75(2), faisnéis den sórt sin a chur ar fáil laistigh de thréimhse réasúnta.

2.   Le linn iarraidh shimplí ar fhaisnéis a sheoladh chuig soláthraí an ardáin an-mhór ar líne nó an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann nó chuig an duine eile dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, luafaidh an Coimisiún bunús dlí agus cuspóir na hiarrata, sonróidh sé an fhaisnéis a éilítear agus leagfaidh sé tréimhse síos ina gcaithfear an fhaisnéis sin a chur ar fáil, agus na fíneálacha dá bhforáiltear in Airteagal 74 as faisnéis mhícheart, neamhiomlán nó mhíthreorach a sholáthar.

3.   I gcás ina gceanglaíonn an Coimisiún ar sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann nó ar an duine eile dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo faisnéis a sholáthar trí chinneadh, luafaidh sé bunús dlí agus cuspóir na hiarrata sin, sonróidh sé an fhaisnéis a éilítear agus leagfaidh sé tréimhse síos ina gcaithfear an fhaisnéis sin a chur ar fáil. Sonróidh sé na fíneálacha dá bhforáiltear in Airteagal 74 agus sonróidh nó forchuirfidh sé na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal 76. Sonróidh sé freisin an ceart go ndéanfadh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais eorpaigh athbhreithniú ar an gcinneadh.

4.   Cuirfidh soláthraithe an ardáin an-mhór ar líne nó an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann nó an duine eile dá dtagraítear i mír 1 nó a n-ionadaithe agus, i gcás daoine dlítheanacha, comhlachtaí nó gnólachtaí, nó i gcás nach bhfuil aon phearsantacht dhlítheanach acu, déanfaidh na daoine atá údaraithe ionadaíocht a dhéanamh orthu de réir dlí nó de réir a mbunreachta an fhaisnéis a iarrtar a sholáthar thar ceann sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann nó thar ceann na ndaoine eile dá dtagraítear i mír 1. Féadfaidh dlíodóirí arna n-údarú go cuí chun gníomhú an fhaisnéis a sholáthar thar ceann a gcuid cliant. Leanfaidh na cliaint sin de bheith freagrach go hiomlán má tá an fhaisnéis a sholáthraítear neamhiomlán, mícheart nó míthreorach.

5.   Arna iarraidh sin don Choimisiún, soláthróidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha agus údaráis inniúla eile gach faisnéis is gá don Choimisiún chun na cúraimí a sannadh dó faoin Roinn seo a dhéanamh.

6.   Déanfaidh an Coimisiún, gan moill mhíchuí, tar éis dó an iarraidh shimplí nó an cinneadh dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a sheoladh, cóip de a sheoladh chuig na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha, tríd an gcóras comhroinnte faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 85.

Airteagal 69

Cumhachtaí chun cigireachtaí a dhéanamh

1.   Chun na cúraimí a sannadh dó faoin Roinn seo a chur i gcrích, féadfaidh an Coimisiún na hiniúchtaí uile is gá a dhéanamh ag áitreabh sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann nó an duine eile dá dtagraítear in Airteagal 67(1).

2.   Tabharfar de chumhacht do na hoifigigh agus do na daoine tionlacain eile a bheidh údaraithe ag an gCoimisiún chun cigireacht a dhéanamh maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

dul isteach in aon áitreabh, ar aon talamh agus in aon chóir iompair de chuid sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó de chuid sholáthraí an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann nó de chuid an duine eile lena mbaineann;

(b)

scrúdú a dhéanamh ar na leabhair agus ar na taifid eile a bhaineann le soláthar na seirbhíse lena mbaineann, is cuma cén meán ina stóráiltear iad;

(c)

cóipeanna de na leabhair sin nó taifid eile nó sleachta astu a thógáil nó a fháil in aon fhoirm;

(d)

ceangal a chur ar sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó ar sholáthraí an innill cuardaigh an-mhór ar líne nó ar an duine eile lena mbaineann rochtain agus mínithe a sholáthar ar a eagar, a fheidhmiú, a chóras TF, a algartaim, a chleachtais láimhseála sonraí agus a chleachtais ghnó agus na mínithe a tugadh a thaifeadadh nó a dhoiciméadú;

(e)

aon áitreabh a úsáidtear chun críoch a bhaineann le trádáil, gnó, ceardaíocht nó gairm de chuid sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó de chuid sholáthraí an innill cuardaigh an-mhór ar líne nó de chuid an duine eile lena mbaineann, chomh maith le leabhair nó taifid eile, a shéalú ar feadh na tréimhse agus a mhéid is gá don chigireacht;

(f)

a iarraidh ar aon ionadaí nó ball foirne de chuid sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó de chuid sholáthraí an innill cuardaigh an-mhór ar líne nó an duine eile lena mbaineann mínithe a thabhairt ar fhíorais nó ar dhoiciméid a bhaineann le hábhar agus cuspóir na cigireachta agus na freagraí a thaifeadadh;

(g)

ceisteanna a chur ar aon ionadaí den chineál sin nó ar aon bhall foirne a bhaineann le hábhar agus cuspóir na cigireachta agus na freagraí a thaifeadadh.

3.   Féadfar cigireachtaí a dhéanamh le cúnamh ó iniúchóirí nó ó shaineolaithe arna gceapadh ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 72(2), agus ón gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha nó údaráis náisiúnta inniúla eile de chuid an Bhallstáit a ndéanfar an chigireacht ar a chríoch.

4.   I gcás nach soláthrófar ina n-iomláine na leabhair nó na taifid eile a éilítear a bhaineann le soláthar na seirbhíse lena mbaineann nó i gcás ina mbeidh na freagraí ar na ceisteanna arna gcur faoi mhír 2 den Airteagal seo mícheart, neamhiomlán nó míthreorach, déanfaidh na hoifigigh agus na daoine tionlacain eile arna n-údarú ag an gCoimisiún chun cigireacht a dhéanamh a gcumhachtaí a fheidhmiú tar éis dóibh údarú i scríbhinn a sholáthar ina sonrófar ábhar agus cuspóir na cigireachta agus na pionóis dá bhforáiltear in Airteagail 74 agus 76. In am trátha roimh an gcigireacht, déanfaidh an Coimisiún Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha an Bhallstáit a bhfuil an chigireacht le déanamh ina chríoch a chur ar an eolas faoi.

5.   Le linn cigireachtaí, féadfaidh na hoifigigh agus daoine tionlacain eile arna n-údarú ag an gCoimisiún, na hiniúchóirí agus saineolaithe arna gceapadh ag an gCoimisiún, an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha nó údaráis inniúla eile an Bhallstáit a ndéantar an chigireacht ina chríoch, a cheangal ar sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó ar sholáthraí an innill cuardaigh an-mhór ar líne nó ar dhuine eile lena mbaineann mínithe a thabhairt ar a eagar, a fheidhmiú, a chóras TF, a algartaim, a láimhseáil sonraí agus a iompar gnó agus féadfaidh sé ceisteanna a dhíriú ar a phríomhphearsanra.

6   Ceanglaítear ar sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó ar sholáthraí an innill cuardaigh an-mhór ar líne nó ar dhuine eile nádúrtha nó dlítheanach lena mbaineann géilleadh do chigireacht arna hordú trí chinneadh an Choimisiúin. Sonrófar sa chinneadh ábhar agus cuspóir na cigireachta, sonrófar ann an dáta a mbeidh an t-iniúchadh le tosú agus taispeánfar ann na pionóis dá bhforáiltear in Airteagail 74 agus 76 agus an ceart an cinneadh a chur faoi bhráid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais eorpaigh lena athbhreithniú. Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha an Bhallstáit a bhfuil an chigireacht le déanamh ar a chríoch sula ndéanfaidh sé an cinneadh sin.

7.   Déanfaidh oifigigh Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha an Bhallstáit a bhfuil an chigireacht le déanamh ar a chríoch, chomh maith le daoine eile arna n-údarú nó arna gceapadh aige, arna iarraidh sin don Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha nó don Choimisiún, cúnamh gníomhach a thabhairt d’oifigigh agus do dhaoine tionlacain eile atá údaraithe ag an gCoimisiún maidir leis an gcigireacht. Chun na críche sin, beidh na cumhachtaí acu a liostaítear i mír 2.

8.   I gcás ina suífidh na hoifigigh agus na daoine tionlacain eile atá údaraithe ag an gCoimisiún go bhfuil soláthraí an ardáin an-mhór ar líne nó soláthraí an innill cuardaigh an-mhór ar líne nó an duine eile lena mbaineann i gcoinne cigireacht a ordaíodh de bhun an Airteagail seo, déanfaidh an Ballstát a bhfuil an chigireacht le déanamh ar a chríoch, arna iarraidh sin do na hoifigigh nó na daoine tionlacain eile sin agus i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit, an cúnamh is gá a thabhairt dóibh, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí faoin dlí náisiúnta sin, i bhfoirm bearta comhéigneacha arna nglacadh ag an údarás inniúil um fhorfheidhmiú an dlí, chun gur féidir leo an chigireacht a dhéanamh.

9.   Más gá údarú a fháil le haghaidh an chúnaimh dá bhforáiltear i mír 8 ó údarás breithiúnach náisiúnta i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit lena mbaineann, déanfaidh Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha an Bhallstáit sin iarratas ar an údarú sin arna iarraidh sin do na hoifigigh agus daoine tionlacain eile atá údaraithe ag an gCoimisiún. Féadfar iarratas a dhéanamh ar an údarú sin freisin mar bheart réamhchúraim.

10.   I gcás ina ndéantar iarratas ar an údarú dá dtagraítear i mír 9, fíoróidh an t-údarás breithiúnach náisiúnta, a bhfuil cás tugtha os a chomhair, go bhfuil an cinneadh ón gCoimisiún lena n-ordaítear an chigireacht barántúil agus nach bhfuil na bearta comhéigneacha atá beartaithe treallach ná iomarcach ag féachaint d’ábhar na cigireachta. Agus fíorú den sórt sin á dhéanamh aige, féadfaidh an t-údarás breithiúnach náisiúnta a iarraidh ar an gCoimisiún, go díreach nó trí Chomhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha an Bhallstáit lena mbaineann, mínithe mionsonraithe a thabhairt, go háirithe, maidir leis na forais atá ag gCoimisiún drochamhras a bheith air go ndearnadh sárú ar an Rialachán seo, agus ar a thromchúisí atá an sárú amhrasta agus ar an mbaint a bhí ag soláthraí an ardáin an-mhór ar líne, soláthraí an innill cuardaigh an-mhór ar líne nó an duine eile lena mbaineann leis. Ní dhéanfaidh an t-údarás breithiúnach náisiúnta, áfach, amhras a tharraingt ar an ngá atá leis an gcigireacht ná ní fhéadfaidh sé faisnéis atá i gcáschomhad an Choimisiúin a éileamh. Ní bheidh dlíthiúlacht an chinnidh ón gCoimisiún faoi réir a athbhreithnithe ach ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais eorpaigh.

Airteagal 77

Tréimhse teorann le haghaidh pionóis a fhorchur

1.   Beidh na cumhachtaí a thugtar don Choimisiún le hAirteagail 74 agus 76 faoi réir tréimhse teorann a mhairfidh ar feadh 5 bliana.

2.   Cuirfear tús leis an tréimhse an lá a rinneadh an sárú. I gcás sáruithe leanúnacha nó sáruithe a dhéantar arís agus arís eile, áfach, cuirfear tús leis an tréimhse an lá a tháinig deireadh leis an sárú.

3.   Le haon ghníomhaíocht arna déanamh ag an gCoimisiún nó ag an gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha chun críoch an imscrúdaithe nó na n-imeachtaí i leith sárú, cuirfear isteach ar an tréimhse teorann le haghaidh fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur. Áirítear na gníomhaíochtaí seo a leanas, go háirithe, ina measc siúd a chuirfidh isteach ar an tréimhse teorann:

(a)

iarrataí ón gCoimisiún ar nó ó Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha ar fhaisnéis;

(b)

cigireacht;

(c)

imeacht arna chur ar bun ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 66(1).

4.   Cuirfear tús nua leis an tréimhse le gach briseadh. Rachaidh an tréimhse teorann le haghaidh fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur in éag ar a dhéanaí an lá a bheidh tréimhse cothrom le dhá oiread na tréimhse teorann atá caite, áfach, gan aon fhíneáil ná íocaíocht phionósach thréimhsiúil a bheith forchurtha ag an gCoimisiún. Cuirfear síneadh leis an tréimhse sin a bheidh cothrom leis an méid ama a raibh an tréimhse teorann ar fionraí lena linn de bhun mhír 5.

5.   Cuirfear an tréimhse teorann le haghaidh fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur ar fionraí fad atá an cinneadh ón gCoimisiún faoi réir imeachtaí atá ar feitheamh os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais eorpaigh.

Airteagal 78

Tréimhse teorann le haghaidh pionóis a fhorfheidhmiú

1.   Beidh an chumhacht a thugtar don Choimisiún cinntí a fhorfheidhmiú de bhun Airteagail 74 agus 76 faoi réir tréimhse teorann a mhairfidh ar feadh 5 bliana.

2.   Cuirfear tús leis an tréimhse an lá a bheidh an cinneadh críochnaitheach.

3.   Cuirfear isteach ar an tréimhse teorann le haghaidh pionóis a fhorfheidhmiú sna cásanna seo a leanas:

(a)

trí fhógra maidir le cinneadh lena n-athraítear méid bunaidh na fíneála nó na híocaíochta pionósaí tréimhsiúla nó lena ndiúltaítear d’iarratas ar athrú;

(b)

trí aon ghníomhaíocht a dhéanann an Coimisiún, nó Ballstát ag gníomhú de réir iarraidh an Choimisiúin, atá ceaptha íoc na fíneála nó na híocaíochta pionósaí tréimhsiúla a fhorfheidhmiú.

4.   Cuirfear tús nua leis an tréimhse le gach briseadh.

5.   Beidh an tréimhse teorann chun pionóis a fhorfheidhmiú ar fionraí a fhad:

(a)

a cheadaítear am chun an íocaíocht a dhéanamh;

(b)

atá forfheidhmiú na híocaíochta ar fionraí de bhun cinneadh ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais eorpaigh nó de bhun cinneadh ó chúirt náisiúnta.

Airteagal 81

Athbhreithniú ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais eorpaigh

I gcomhréir le hAirteagal 261 CFAE, tá dlínse neamhtheoranta ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais eorpaigh ó thaobh athbhreithniú a dhéanamh ar chinntí lenar fhorchuir an Coimisiún fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla. Féadfaidh sí an fhíneáil nó an íocaíocht phionósach thréimhsiúil a forchuireadh a chealú, a laghdú, nó a mhéadú.

Airteagal 87

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 24, 33, 37, 40 agus 43 a thabhairt don Choimisiún go ceann 5 bliana ón 16 Samhain 2022. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 24, 33, 37, 40 agus 43 a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagail 24, 33, 37, 40 agus 43 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 3 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 3 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 93

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

1.   Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais eorpaigh.

2.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo ón 17 Feabhra 2024.

Beidh feidhm ag Airteagal 24(2), (3) agus (6), Airteagal 33(3) go (6), Airteagal 37(7), Airteagal 40(13), Airteagal 43 agus Ranna 4, 5 agus 6 de Chaibidil IV, áfach, ón 16 Samhain 2022.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 19 Deireadh Fómhair 2022.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. BEK


(1)  IO C 286, 16.7.2021, lch. 70.

(2)  IO C 440, 29.10.2021, lch. 67.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 5 Iúil 2022 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 4 Deireadh Fómhair 2022.

(4)  Treoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2000 maidir le gnéithe áirithe dlí de sheirbhísí na sochaí faisnéise, an tráchtáil leictreonach, go háirithe, sa Mhargadh Inmheánach (“Treoir maidir le tráchtáil leictreonach”) (IO L 178, 17.7.2000, lch. 1).

(5)  Treoir (AE) 2015/1535 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meán Fómhair 2015 lena leagtar síos nós imeachta chun faisnéis a sholáthar i réimse na rialachán teicniúil agus na rialacha maidir le seirbhísí na Sochaí Faisnéise (IO L 241, 17.9.2015, lch. 1).

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2012 maidir le dlínse agus le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála (IO L 351, 20.12.2012, lch. 1).

(7)  Treoir 2010/13/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2010 maidir le comhordú forálacha áirithe a leagtar síos le dlí, le rialachán nó le gníomhaíocht riaracháin sna Ballstáit agus a bhaineann le seirbhísí meán closamhairc a sholáthar (An Treoir maidir le Seirbhísí Meán Closamhairc) (IO L 95, 15.4.2010, lch. 1).

(8)  Rialachán (AE) 2019/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le margú agus úsáid réamhtheachtaithe pléascán, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 98/2013 (IO L 186, 11.7.2019, lch. 1).

(9)  Rialachán (AE) 2019/1150 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le cothroime agus trédhearcacht a chur chun cinn d’úsáideoirí gnó a bhaineann úsáid as seirbhísí idirghabhála ar líne (IO L 186, 11.7.2019, lch. 57).

(10)  Rialachán (AE) 2021/784 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 maidir le haghaidh a thabhairt ar scaipeadh ábhair sceimhlitheoireachta ar líne, IO L 172, 17.5.2021, lch. 79).

(11)  Rialachán (AE) 2021/1232 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Iúil 2021 maidir le maolú sealadach ar fhorálacha áirithe de Threoir 2002/58/CE a mhéid a bhaineann le húsáid teicneolaíochtaí ag soláthraithe seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir chun sonraí pearsanta agus sonraí eile a phróiseáil chun mí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne a chomhrac (IO L 274, 30.7.2021, lch. 41)

(12)  Treoir 2002/58/CE ón gComhairle agus ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus príobháideachas a chosaint san earnáil cumarsáide leictreonaí (Treoir maidir le príobháideachas agus cumarsáid leictreonach) (IO L 201, 31.7.2002, lch. 37).

(13)  Rialachán (AE) 2017/2394 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 maidir le comhar idir na húdaráis náisiúnta atá freagrach as dlíthe cosanta tomhaltóirí a fhorfheidhmiú agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004, (IO L 345, 27.12.2017, lch. 1).

(14)  Rialachán (AE) 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le faireachas margaidh ar tháirgí agus comhlíonadh táirgí agus lena leasaítear Treoir 2004/42/CE agus Rialacháin (CE) Uimh. 765/2008 agus (AE) Uimh. 305/2011, (IO L 169, 25.6.2019, lch. 1).

(15)  Treoir 2001/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Nollaig 2001 maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí (IO L 11, 15.1.2002, lch. 4).

(16)  Treoir 2005/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2005 maidir le cleachtais tráchtála éagóracha gnólacht le tomhaltóir sa mhargadh inmheánach agus lena leasaítear Treoir 84/450/CEE ón gComhairle, Treoracha 97/7/CE, 98/27/CE agus 2002/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (“An Treoir maidir le cleachtais tráchtála éagóracha”) (IO L 149, 11.6.2005, lch. 22).

(17)  Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le cearta tomhaltóirí, lena leasaítear Treoir 93/13/CEE ón gComhairle agus Treoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 85/577/CEE ón gComhairle agus Treoir 97/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 304, 22.11.2011, lch. 64).

(18)  Treoir 2013/11/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le réiteach malartach díospóide le haghaidh díospóidí tomhaltais agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 agus Treoir 2009/22/CE (IO L 165, 18.6.2013, lch. 63).

(19)  Treoir 93/13/CEE ón gComhairle an 5 Aibreán 1993 maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra (IO L 95, 21.4.1993, lch. 29).

(20)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(21)  Treoir 2001/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2001 maidir le gnéithe áirithe den chóipcheart agus de chearta gaolmhara a chomhchuibhiú sa tsochaí faisnéise (IO L 167, 22.6.2001, lch. 10).

(22)  Treoir 2004/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le cearta maoine intleachtúla a fhorfheidhmiú (IO L 157, 30.4.2004, lch. 45).

(23)  Treoir (AE) 2019/790 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le cóipcheart agus cearta gaolmhara sa Mhargadh Aonair Digiteach agus lena leasaítear Treoracha 96/9/CE agus 2001/29/CE (IO L 130, 17.5.2019, lch. 92).

(24)  Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear an Cód Eorpach um Chumarsáid Leictreonach (IO L 321, 17.12.2018, lch. 36).

(25)  Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir le micrifhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide a shainmhíniú (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36).

(26)  Treoir 2011/93/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le mí-úsáid ghnéasach agus teacht i dtír gnéasach ar leanaí agus pornagrafaíocht leanaí a chomhrac, agus a chuirtear in ionad Chinneadh Réime 2004/68/CGB ón gComhairle (IO L 335, 17.12.2011, lch. 1).

(27)  Treoir 2011/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2011 maidir le gáinneáil ar dhaoine a chosc agus a chomhrac agus na híospartaigh atá thíos léi a chosaint, agus a ghlacann ionad Chinneadh Réime 2002/629/CGB ón gComhairle (IO L 101, 15.4.2011, lch. 1).

(28)  Treoir (AE) 2017/541 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir leis an sceimhlitheoireacht a chomhrac, agus lena n-ionadaítear Cinneadh Réime 2002/475/CGB ón gComhairle agus lena leasaítear Cinneadh 2005/671/CGB ón gComhairle (IO L 88, 31.3.2017, lch. 6).

(29)  Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le Gníomhaireacht an Aontais eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus lena n-aisghairtear Cinntí 2009/371/CGB, 2009/934/CGB, 2009/935/CGB, 2009/936/CGB agus 2009/968/CGB ón gComhairle agus a ghabhann ionad na gCinntí sin (IO L 135, 24.5.2016, lch. 53).

(30)  Treoir (AE) 2021/514 ón gComhairle an 22 Márta 2021 lena leasaítear Treoir 2011/16/AE maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais (IO L 104, 25.3.2021, lch. 1).

(31)  Treoir 98/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 1998 maidir le cosaint tomhaltóirí ó thaobh praghsanna táirgí a thairgtear do thomhaltóirí a chur in iúl (IO L 80, 18.3.1998, lch. 27).

(32)  Treoir (AE) 2016/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le fios gnó agus faisnéis ghnó neamhnochta (rúin trádála) a chosaint ar iad a fháil, a úsáid agus a nochtadh go neamhdhleathach (IO L 157, 15.6.2016, lch. 1).

(33)  Treoir (AE) 2020/1828 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2020 maidir le caingne ionadaíocha chun comhleasanna tomhaltóirí a chosaint agus lena n-aisghairtear Treoir 2009/22/CE (IO L 409, 4.12.2020, lch. 1).

(34)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(35)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(36)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta a dhéanann institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

(37)  IO C 149, 27.4.2021, lch. 3.

(38)  Treoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir leis na ceanglais inrochtaineachta le haghaidh táirgí agus seirbhísí (IO L 151, 7.6.2019, lch. 70).

(39)  Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle an 20 Eanáir 2004 maidir le comhchruinnithe a rialú idir gnóthais (IO L 24, 29.1.2004, lch. 1).

(40)  Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/93/CE (IO L 257, 28.8.2014, lch. 73).

(41)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).



whereas









keyboard_arrow_down