keyboard_tab Digital Service Act 2022/2065 GA
BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf
- 1 Airteagal 57 Cúnamh frithpháirteach
- 3 Airteagal 77 Tréimhse teorann le haghaidh pionóis a fhorchur
- 2 Airteagal 78 Tréimhse teorann le haghaidh pionóis a fhorfheidhmiú
CAIBIDIL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA
CAIBIDIL II
DLITEANAS SOLÁTHRAITHE SEIRBHÍSÍ IDIRGHABHÁLACHA
CAIBIDIL III
OIBLEAGÁIDÍ DÍCHILL CHUÍ I GCOMHAIR TIMPEALLACHT THRÉDHEARCACH AGUS SHÁBHÁILTE AR LÍNE
ROINN 1
Forálacha is infheidhme maidir le gach soláthraí seirbhísí idirghabhálacha
ROINN 2
Forálacha breise is infheidhme maidir le soláthraithe seirbhísí óstála, lena n-áirítear ardáin ar líne
ROINN 3
Forálacha breise is infheidhme maidir le soláthraithe ardán ar líne
ROINN 4
Forálacha breise is infheidhme maidir le soláthraithe ardán ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe
ROINN 5
Oibleagáidí breise soláthraithe ardán an-mhór ar líne agus soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne chun rioscaí sistéamacha a bhainistiú
ROINN 6
Forálacha eile maidir le hoibleagáidí díchill chuí
CAIBIDIL IV
CUR CHUN FEIDHME, COMHAR, PIONÓIS AGUS FORFHEIDHMIÚ
ROINN 1
Údaráis inniúla agus Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha náisiúnta
ROINN 2
Inniúlachtaí, sásraí comhordaithe maidir le himscrúdú agus comhsheasmhacht
ROINN 3
An Bord Eorpach um Sheirbhísí Digiteacha
ROINN 4
Maoirseacht, imscrúdú, forfheidhmiú agus faireachán i leith soláthraithe ardán an-mhór ar líne agus soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne
ROINN 5
Forálacha coiteanna maidir le forfheidhmiú
ROINN 6
Gníomhartha tarmligthe agus gníomhartha cur chun feidhme
CAIBIDIL V
FORÁLACHA DEIRIDH
- tréimhse 26
- teorann 15
- seirbhísí 14
- leis 13
- digiteacha 12
- atá 11
- bhun 10
- cinneadh 10
- fhorfheidhmiú 10
- cuirfear 9
- agus 9
- tús 8
- iarraidh 8
- haghaidh 8
- tréimhsiúla 7
- lena 7
- pionóis 7
- chun 6
- fionraí 6
- airteagal 6
- híocaíochta 6
- réir 6
- eile 6
- chúirt 5
- isteach 5
- chur 5
- trí 5
- comhordaitheoir 5
- beidh 5
- gcoimisiún 5
- aontais 4
- fíneála 4
- pionósaí 4
- coimisiún 4
- faoi 4
- bheidh 4
- fhorchur 4
- níl 4
- sárú 3
- méid 3
- bhreithiúnais 3
- feadh 3
- eorpaigh 3
- náisiúnta 3
- mhairfidh 3
- frithpháirteach 3
- agus 3
- fíneálacha 3
- íocaíocht 3
- íocaíochtaí 3
Airteagal 78
Tréimhse teorann le haghaidh pionóis a fhorfheidhmiú
1. Beidh an chumhacht a thugtar don Choimisiún cinntí a fhorfheidhmiú de bhun Airteagail 74 agus 76 faoi réir tréimhse teorann a mhairfidh ar feadh 5 bliana.
2. Cuirfear tús leis an tréimhse an lá a bheidh an cinneadh críochnaitheach.
3. Cuirfear isteach ar an tréimhse teorann le haghaidh pionóis a fhorfheidhmiú sna cásanna seo a leanas:
(a) | trí fhógra maidir le cinneadh lena n-athraítear méid bunaidh na fíneála nó na híocaíochta pionósaí tréimhsiúla nó lena ndiúltaítear d’iarratas ar athrú; |
(b) | trí aon ghníomhaíocht a dhéanann an Coimisiún, nó Ballstát ag gníomhú de réir iarraidh an Choimisiúin, atá ceaptha íoc na fíneála nó na híocaíochta pionósaí tréimhsiúla a fhorfheidhmiú. |
4. Cuirfear tús nua leis an tréimhse le gach briseadh.
5. Beidh an tréimhse teorann chun pionóis a fhorfheidhmiú ar fionraí a fhad:
(a) | a cheadaítear am chun an íocaíocht a dhéanamh; |
(b) | atá forfheidhmiú na híocaíochta ar fionraí de bhun cinneadh ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh nó de bhun cinneadh ó chúirt náisiúnta. |
Airteagal 57
Cúnamh frithpháirteach
1. Comhoibreoidh Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha agus an Coimisiún go dlúth le chéile agus tabharfaidh siad cúnamh frithpháirteach dá chéile chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm ar bhealach comhsheasmhach agus éifeachtúil. Áireofar leis an gcúnamh frithpháirteach, go háirithe, malartú faisnéise i gcomhréir leis an Airteagal seo agus dualgas an Chomhordaitheora Seirbhísí Digiteacha bunaíochta na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha go léir sa tír cinn scríbe, an Bord agus an Coimisiún a chur ar an eolas gur cuireadh tús le himscrúdú agus go bhfuil sé ar intinn aige cinneadh críochnaitheach a dhéanamh, lena n-áirítear a mheasúnú, maidir le soláthraí ar leith seirbhísí idirghabhálacha.
2. Chun críche imscrúdaithe, féadfaidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta a iarraidh ar Chomhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha eile faisnéis shonrach atá ina seilbh a chur ar fáil a mhéid a bhaineann le soláthraí sonrach seirbhísí idirghabhálacha nó a gcumhachtaí imscrúdaithe de bhun Airteagal 51(1) a fheidhmiú i dtaca le faisnéis shonrach atá lonnaithe ina mBallstát. I gcás inarb iomchuí, féadfaidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha a gheobhaidh an iarraidh páirt a thabhairt d’údaráis inniúla eile nó údaráis phoiblí eile de chuid an Bhallstáit atá i gceist.
3. Déanfaidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha a gheobhaidh an iarraidh de bhun mhír 2 an iarraidh sin a chomhlíonadh agus cuirfidh sé an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta ar an eolas faoin mbeart a rinneadh, gan aon mhoill mhíchuí agus tráth nach déanaí ná 2 mhí tar éis dó é a fháil, seachas sna cásanna seo a leanas:
(a) | níl raon feidhme nó ábhar na hiarrata sonraithe go leordhóthanach, ní leor an t-údar cuí atá leis nó níl sé sách comhréireach i bhfianaise na gcríoch imscrúdaitheach; nó |
(b) | níl an fhaisnéis a iarradh i seilbh an Chomhordaitheora Seirbhísí Digiteacha iarrtha ná i seilbh údaráis inniúil eile nó údaráis phoiblí eile de chuid an Bhallstáit sin ná níl rochtain acu ar an bhfaisnéis sin; nó |
(c) | ní féidir an iarraidh a chomhlíonadh gan dlí an Aontais nó an dlí náisiúnta a shárú. |
Tabharfaidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha a gheobhaidh an iarraidh údar cuí lena dhiúltú trí fhreagra réasúnaithe a chur isteach, laistigh den tréimhse a leagtar amach sa chéad fhomhír.
Airteagal 77
Tréimhse teorann le haghaidh pionóis a fhorchur
1. Beidh na cumhachtaí a thugtar don Choimisiún le hAirteagail 74 agus 76 faoi réir tréimhse teorann a mhairfidh ar feadh 5 bliana.
2. Cuirfear tús leis an tréimhse an lá a rinneadh an sárú. I gcás sáruithe leanúnacha nó sáruithe a dhéantar arís agus arís eile, áfach, cuirfear tús leis an tréimhse an lá a tháinig deireadh leis an sárú.
3. Le haon ghníomhaíocht arna déanamh ag an gCoimisiún nó ag an gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha chun críoch an imscrúdaithe nó na n-imeachtaí i leith sárú, cuirfear isteach ar an tréimhse teorann le haghaidh fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur. Áirítear na gníomhaíochtaí seo a leanas, go háirithe, ina measc siúd a chuirfidh isteach ar an tréimhse teorann:
(a) | iarrataí ón gCoimisiún ar nó ó Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha ar fhaisnéis; |
(b) | cigireacht; |
(c) | imeacht arna chur ar bun ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 66(1). |
4. Cuirfear tús nua leis an tréimhse le gach briseadh. Rachaidh an tréimhse teorann le haghaidh fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur in éag ar a dhéanaí an lá a bheidh tréimhse cothrom le dhá oiread na tréimhse teorann atá caite, áfach, gan aon fhíneáil ná íocaíocht phionósach thréimhsiúil a bheith forchurtha ag an gCoimisiún. Cuirfear síneadh leis an tréimhse sin a bheidh cothrom leis an méid ama a raibh an tréimhse teorann ar fionraí lena linn de bhun mhír 5.
5. Cuirfear an tréimhse teorann le haghaidh fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur ar fionraí fad atá an cinneadh ón gCoimisiún faoi réir imeachtaí atá ar feitheamh os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 78
Tréimhse teorann le haghaidh pionóis a fhorfheidhmiú
1. Beidh an chumhacht a thugtar don Choimisiún cinntí a fhorfheidhmiú de bhun Airteagail 74 agus 76 faoi réir tréimhse teorann a mhairfidh ar feadh 5 bliana.
2. Cuirfear tús leis an tréimhse an lá a bheidh an cinneadh críochnaitheach.
3. Cuirfear isteach ar an tréimhse teorann le haghaidh pionóis a fhorfheidhmiú sna cásanna seo a leanas:
(a) | trí fhógra maidir le cinneadh lena n-athraítear méid bunaidh na fíneála nó na híocaíochta pionósaí tréimhsiúla nó lena ndiúltaítear d’iarratas ar athrú; |
(b) | trí aon ghníomhaíocht a dhéanann an Coimisiún, nó Ballstát ag gníomhú de réir iarraidh an Choimisiúin, atá ceaptha íoc na fíneála nó na híocaíochta pionósaí tréimhsiúla a fhorfheidhmiú. |
4. Cuirfear tús nua leis an tréimhse le gach briseadh.
5. Beidh an tréimhse teorann chun pionóis a fhorfheidhmiú ar fionraí a fhad:
(a) | a cheadaítear am chun an íocaíocht a dhéanamh; |
(b) | atá forfheidhmiú na híocaíochta ar fionraí de bhun cinneadh ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh nó de bhun cinneadh ó chúirt náisiúnta. |
whereas