keyboard_tab Digital Service Act 2022/2065 GA
BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf
- 1 Airteagal 52 Pionóis
- 1 Airteagal 76 Íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla
- 2 Airteagal 78 Tréimhse teorann le haghaidh pionóis a fhorfheidhmiú
CAIBIDIL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA
CAIBIDIL II
DLITEANAS SOLÁTHRAITHE SEIRBHÍSÍ IDIRGHABHÁLACHA
CAIBIDIL III
OIBLEAGÁIDÍ DÍCHILL CHUÍ I GCOMHAIR TIMPEALLACHT THRÉDHEARCACH AGUS SHÁBHÁILTE AR LÍNE
ROINN 1
Forálacha is infheidhme maidir le gach soláthraí seirbhísí idirghabhálacha
ROINN 2
Forálacha breise is infheidhme maidir le soláthraithe seirbhísí óstála, lena n-áirítear ardáin ar líne
ROINN 3
Forálacha breise is infheidhme maidir le soláthraithe ardán ar líne
ROINN 4
Forálacha breise is infheidhme maidir le soláthraithe ardán ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe
ROINN 5
Oibleagáidí breise soláthraithe ardán an-mhór ar líne agus soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne chun rioscaí sistéamacha a bhainistiú
ROINN 6
Forálacha eile maidir le hoibleagáidí díchill chuí
CAIBIDIL IV
CUR CHUN FEIDHME, COMHAR, PIONÓIS AGUS FORFHEIDHMIÚ
ROINN 1
Údaráis inniúla agus Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha náisiúnta
ROINN 2
Inniúlachtaí, sásraí comhordaithe maidir le himscrúdú agus comhsheasmhacht
ROINN 3
An Bord Eorpach um Sheirbhísí Digiteacha
ROINN 4
Maoirseacht, imscrúdú, forfheidhmiú agus faireachán i leith soláthraithe ardán an-mhór ar líne agus soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne
ROINN 5
Forálacha coiteanna maidir le forfheidhmiú
ROINN 6
Gníomhartha tarmligthe agus gníomhartha cur chun feidhme
CAIBIDIL V
FORÁLACHA DEIRIDH
- lena 12
- airteagal 11
- cinneadh 9
- bhun 8
- agus 6
- mbaineann 6
- leis 6
- tréimhsiúla 6
- pionóis 6
- tréimhse 6
- ballstáit 5
- atá 5
- fhorfheidhmiú 5
- méid 4
- chun 4
- pionósaí 4
- híocaíochta 4
- chomhlíonadh 4
- líne 4
- idirghabhálacha 4
- teorann 4
- seirbhísí 4
- an-mhór 4
- gcás 3
- mainneachtain 3
- bliantúil 3
- domhanda 3
- bhliain 3
- airgeadais 3
- uasmhéid 3
- arna 3
- coimisiún 3
- roimhe 3
- faisnéis 3
- tsoláthraí 3
- duine 3
- fíneála 3
- réir 3
- cuirfear 3
- beidh 3
- maidir 3
- infheidhme 3
- dtagraítear 3
- fionraí 2
- trí 2
- chigireacht 2
- neamhiomlán 2
- mhícheart 2
- tús 2
- chúirt 2
Airteagal 52
Pionóis
1. Déanfaidh na Ballstáit na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha faoina n-inniúlacht ar an Rialachán seo a leagan síos agus déanfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad i gcomhréir le hAirteagal 51.
2. Beidh na pionóis éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún maidir leis na rialacha sin agus na bearta sin agus tabharfaidh siad fógra dó, gan mhoill, faoi aon leasuithe ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh.
3. Áiritheoidh na Ballstáit nach rachaidh uasmhéid na bhfíneálacha a d’fhéadfaí a fhorchur i gcás mainneachtain oibleagáid a leagtar síos sa Rialachán seo a chomhlíonadh thar 6 % de láimhdeachas domhanda bliantúil an tsoláthraí seirbhísí idirghabhálacha lena mbaineann don bhliain airgeadais roimhe sin. Áiritheoidh na Ballstáit gurb é 1 % d’ioncam ná láimhdeachas domhanda bliantúil an tsoláthraí seirbhísí idirghabhálacha nó an duine lena mbaineann don bhliain airgeadais roimhe sin uasmhéid na fíneála a d’fhéadfaí a fhorchur as siocair faisnéis mhícheart, neamhiomlán nó mhíthreorach a sholáthar, ná mainneachtain freagra a thabhairt ar fhaisnéis mhícheart, neamhiomlán nó mhíthreorach ná í a cheartú agus mainneachtain géilleadh do chigireacht.
4. Áiritheoidh na Ballstáit gurb é uasmhéid íocaíochta pionósaí tréimhsiúla 5 % de mheánláimhdeachas domhanda nó ioncam laethúil an tsoláthraí seirbhísí idirghabhálacha lena mbaineann don bhliain airgeadais roimhe sin in aghaidh an lae, arna ríomh ón dáta a shonraítear sa chinneadh lena mbaineann.
Airteagal 76
Íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla
1. Féadfaidh an Coimisiún cinneadh a ghlacadh, lena bhforchuirfear ar sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó ar sholáthraí an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann nó ar an duine eile dá dtagraítear in Airteagal 67(1), de réir mar is infheidhme, íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla nach mó ná 5 % den mheánioncaim laethúil nó den mheánláimhdeachas bliantúil ar fud an domhain, arna ríomh ón dáta arna cheapadh leis an gcinneadh, chun iallach a chur orthu an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a) | faisnéis cheart agus iomlán a chur ar fáil mar fhreagra ar chinneadh ina dteastaíonn faisnéis de bhun Airteagal 67; |
(b) | géilleadh do chigireacht atá ordaithe aige le cinneadh de bhun Airteagal 69; |
(c) | cinneadh lena n-ordaítear dó bearta eatramhacha a ghlacadh de bhun Airteagal 70(1) a chomhlíonadh; |
(d) | gealltanais a rinneadh ceangailteach le cinneadh de bhun Airteagal 71(1) a chomhlíonadh; |
(e) | cinneadh a chomhlíonadh de bhun Airteagal 73(1), lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, na ceanglais a bheidh ann i ndáil leis an bplean gníomhaíochta dá dtagraítear in Airteagal 75. |
2. I gcás ina bhfuil an oibleagáid atá le forfheidhmiú tríd an íocaíocht phionósach thréimhsiúil comhlíonta ag soláthraí an ardáin an-mhór ar líne nó an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann nó an duine eile dá dtagraítear in Airteagal 67(1), féadfaidh an Coimisiún méid cinntitheach na híocaíochta pionósaí tréimhsiúla a shocrú ag figiúr atá níos ísle ná an méid a bheadh ann faoin gcinneadh bunaidh.
Airteagal 78
Tréimhse teorann le haghaidh pionóis a fhorfheidhmiú
1. Beidh an chumhacht a thugtar don Choimisiún cinntí a fhorfheidhmiú de bhun Airteagail 74 agus 76 faoi réir tréimhse teorann a mhairfidh ar feadh 5 bliana.
2. Cuirfear tús leis an tréimhse an lá a bheidh an cinneadh críochnaitheach.
3. Cuirfear isteach ar an tréimhse teorann le haghaidh pionóis a fhorfheidhmiú sna cásanna seo a leanas:
(a) | trí fhógra maidir le cinneadh lena n-athraítear méid bunaidh na fíneála nó na híocaíochta pionósaí tréimhsiúla nó lena ndiúltaítear d’iarratas ar athrú; |
(b) | trí aon ghníomhaíocht a dhéanann an Coimisiún, nó Ballstát ag gníomhú de réir iarraidh an Choimisiúin, atá ceaptha íoc na fíneála nó na híocaíochta pionósaí tréimhsiúla a fhorfheidhmiú. |
4. Cuirfear tús nua leis an tréimhse le gach briseadh.
5. Beidh an tréimhse teorann chun pionóis a fhorfheidhmiú ar fionraí a fhad:
(a) | a cheadaítear am chun an íocaíocht a dhéanamh; |
(b) | atá forfheidhmiú na híocaíochta ar fionraí de bhun cinneadh ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh nó de bhun cinneadh ó chúirt náisiúnta. |
whereas