search


keyboard_tab Digital Market Act 2022/1925 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2022/1925 GA cercato: 'gcomhairle' . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


expand index gcomhairle:


whereas gcomhairle:


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 1177

 

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.   Is é is cuspóir don Rialachán seo cur le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh trí rialacha comhchuibhithe a leagan síos, do gach gnólacht, lena n-áirithítear margaí atá inchoimhlinte agus cothrom san earnáil dhigiteach ar fud an Aontais, aon áit a bhfuil geatóirí i láthair, chun leasa úsáideoirí gnó agus úsáideoirí deiridh.

2.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le croísheirbhísí ardáin atá á soláthar ag geatóirí d’úsáideoirí gnó atá bunaithe san Aontas nó ag úsáideoirí deiridh atá bunaithe nó lonnaithe san Aontas, beag beann ar áit bhunaithe nó chónaithe na ngeatóirí agus beag beann ar an dlí is infheidhme ar aon chás eile maidir le soláthar na seirbhíse.

3.   Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le margaí a bhaineann le:

(a)

líonraí cumarsáide leictreonaí mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1), de Threoir (AE) 2018/1972;

(b)

seirbhísí cumarsáide leictreonaí mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (4), de Threoir (AE) 2018/1972, seachas iad siúd a bhaineann le seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir.

4.   Maidir le seirbhísí cumarsáide idirphearsanta mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (5) de Threoir (AE) 2018/1972, tá an Rialachán seo gan dochar do na cumhachtaí agus do na cúraimí a thugtar do na húdaráis rialála náisiúnta agus d’údaráis inniúla eile de bhua Airteagal 61 den Treoir sin.

5.   Ar mhaithe le hilroinnt an mhargaidh inmheánaigh a sheachaint, ní dhéanfaidh Ballstáit oibleagáidí breise a fhorchur ar gheatóirí le dlíthe, rialacháin, nó bearta riaracháin chun críche margaí inchoimhlinte agus cothroma a áirithiú. Ní choisceann aon ní sa Rialachán seo ar na Ballstáit oibleagáidí a fhorchur ar ghnóthais, lena n-áirítear gnóthais a bhfuil croísheirbhísí ardáin á soláthar acu, le haghaidh nithe atá lasmuigh de raon feidhme an Rialacháin seo, ar choinníoll gur oibleagáidí iad atá i gcomhréir le dlí an Aontais agus nach n-eascraíonn siad as na gnóthais ábhartha a bhfuil an stádas mar gheatóir acu de réir bhrí an Rialacháin seo.

6.   Tá an Rialachán seo gan dochar do chur i bhfeidhm Airteagail 101 agus 102 CFAE. Tá sé gan dochar freisin do chur i bhfeidhm:

(a)

na rialacha iomaíochta náisiúnta lena ndéantar comhaontuithe frithiomaíocha, cinntí ag comhlachais ghnóthas, cleachtais chomhbheartaithe agus mí-úsáid suíomhanna ceannasacha a thoirmeasc;

(b)

dlíthe náisiúnta iomaíochta lena ndéantar cineálacha eile iompair aontaobhaigh a thoirmeasc a mhéid atá feidhm acu maidir le gnóthais seachas geatóirí nó arb ionann iad agus oibleagáidí breise a fhorchur ar gheatóirí; agus

(c)

Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 (23) ón gcomhairle agus na rialacha náisiúnta a bhaineann le rialú cumasc.

7.   Ní ghlacfaidh údaráis náisiúnta cinntí a rachadh in aghaidh cinneadh a ghlac an Coimisiún faoin Rialachán seo. Comhoibreoidh an Coimisiún agus na Ballstáit go dlúth ar a gcuid gníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin agus déanfaidh siad comhordú orthu ar bhonn na bprionsabal a bhunaítear in Airteagail 37 agus 38.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “geatóir” gnóthas a bhfuil croísheirbhísí ardáin á soláthar aige, a ainmnítear de bhun Airteagal 3;

(2)

ciallaíonn “croísheirbhís ardáin” ceann ar bith díobh seo a leanas:

(a)

seirbhísí idirghabhála ar líne;

(b)

innill chuardaigh ar líne;

(c)

seirbhísí líonraithe shóisialta ar líne;

(d)

seirbhísí ardáin comhroinnte físeán;

(e)

seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir;

(f)

córais oibriúcháin;

(g)

brabhsálaithe gréasáin;

(h)

cúntóirí fíorúla;

(i)

seirbhísí néalríomhaireachta;

(j)

seirbhísí fógraíochta ar líne, lena n-áirítear aon líonraí fógraíochta, malartáin fógraíochta agus aon seirbhísí idirghabhála fógraíochta eile, arna soláthar ag gnóthas a sholáthraíonn ceann ar bith de na croísheirbhísí ardáin a liostaítear i bpointí (a) go (i);

(3)

ciallaíonn “seirbhís sochaí faisnéise” aon seirbhís mar a shainmhínítear in Airteagal 1(1), pointe (b) de Threoir (AE) 2015/1535;

(4)

ciallaíonn “an earnáil dhigiteach” earnáil na dtáirgí agus na seirbhísí a sholáthraítear trí bhíthin seirbhísí sochaí faisnéise, nó tríothu;

(5)

ciallaíonn “seirbhísí idirghabhála ar líne” seirbhísí idirghabhála ar líne mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe 2 de Rialachán (AE) 2019/1150;

(6)

ciallaíonn “inneall cuardaigh ar líne” inneall cuardaigh ar líne mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (5) de Rialachán (AE) 2019/1150;

(7)

ciallaíonn “seirbhís líonraithe shóisialta ar líne” ardán a chuireann ar chumas úsáideoirí deiridh nascadh agus cumarsáid a dhéanamh le chéile, ábhar a comhroinnt agus teacht ar úsáideoirí agus ar ábhar eile thar ghléasanna iomadúla agus, go sonrach, trí chomhráite, postálacha, físeáin agus moltaí;

(8)

ciallaíonn “seirbhís ardáin comhroinnte físeán” seirbhís ardáin comhroinnte físeán mar a shainmhínítear in Airteagal 1(1), pointe (aa), de Threoir 2010/13/AE;

(9)

ciallaíonn “seirbhís cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir” seirbhís cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (7), de Threoir (AE) 2018/1972;

(10)

ciallaíonn “córas oibriúcháin” bogearraí córais lena rialaítear bunfheidhmeanna na gcrua-earraí nó na mbogearraí agus lena gcumasaítear d’fheidhmchláir bogearraí rith orthu;

(11)

ciallaíonn “brabhsálaí gréasáin” feidhmchlár bogearraí lena gcumasaítear d’úsáideoirí deiridh rochtain a fháil ar ábhar gréasáin atá á óstáil ar fhreastalaithe atá nasctha le líonraí amhail an tIdirlíon, agus idirghníomhú leis an ábhar sin, lena n-áirítear brabhsálaithe gréasáin neamhspleácha mar aon le brabhsálaithe gréasáin atá comhtháite nó leabaithe i mbogearraí nó a leithéid;

(12)

ciallaíonn “cúntóir fíorúil” bogearra ar féidir leis éilimh, cúraimí nó ceisteanna a phróiseáil, lena n-áirítear iad siúd a eascraíonn as ionchur fuaime, amhairc nó i scríbhinn, as gothaí nó as gluaiseachtaí, agus, bunaithe ar na héilimh, cúraimí nó ceisteanna sin, go dtugann sé rochtain ar sheirbhísí eile nó go ndéanann sé gléasanna fisiceacha nasctha a rialú;

(13)

ciallaíonn “seirbhísí néalríomhaireachta” seirbhís néalríomhaireachta mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (19) de Threoir (AE) 2016/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gcomhairle (24);

(14)

ciallaíonn “siopaí feidhmchlár bogearraí” cineál seirbhísí idirghabhála ar líne atá dírithe ar fheidhmchláir bogearraí mar an táirge nó an tseirbhís atá á n-idirghabháil;

(15)

ciallaíonn “feidhmchlár bogearraí” aon táirge nó seirbhís dhigiteach a ritheann ar chóras oibriúcháin;

(16)

ciallaíonn “seirbhís íocaíochta” seirbhís íocaíochta mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (3) de Threoir (AE) 2015/2366;

(17)

ciallaíonn “seirbhís theicniúil a thacaíonn le seirbhís íocaíochta” seirbhís de réir bhrí Airteagal 3, pointe (j), de Threoir (AE) 2015/2366;

(18)

ciallaíonn “córas íocaíochta le haghaidh ceannachán ionaipe” feidhmchlár bogearraí, seirbhís nó comhéadan úsáideora lena n-éascaítear ceannacháin ábhair dhigitigh nó seirbhísí digiteacha laistigh d’fheidhmchlár bogearraí, lena n-áirítear ábhar, síntiúis, gnéithe nó feidhmiúlacht, agus na híocaíochtaí ar cheannacháin den sórt sin;

(19)

ciallaíonn “seirbhís um shainaithint” cineál seirbhíse a sholáthraítear in éineacht leis na croísheirbhísí ardáin nó mar thaca leo a chumasaíonn aon chineál fíoraithe ar aitheantas úsáideoirí deiridh nó úsáideoirí gnó, gan beann ar an teicneolaíocht a úsáidtear;

(20)

ciallaíonn “úsáideoir deiridh” duine nádúrtha nó duine dlítheanach ar bith a úsáideann croísheirbhísí ardáin seachas úsáideoir gnó;

(21)

ciallaíonn “úsáideoir gnó” duine nádúrtha nó duine dlítheanach ar bith atá ag feidhmiú i gcáil tráchtála nó i gcáil ghairmiúil agus a úsáideann croísheirbhísí ardáin ar mhaithe le hearraí nó seirbhísí a sholáthar d’úsáideoirí deiridh nó le linn earraí nó seirbhísí a sholáthar d’úsáideoirí deiridh;

(22)

ciallaíonn “rangú” an tsuntasacht choibhneasta a thugtar d’earraí nó do sheirbhísí a ndéantar iad a thairiscint trí sheirbhísí idirghabhála ar líne, trí sheirbhísí líonraithe shóisialta ar líne, sheirbhísí ardáin comhroinnte físeán nó chúntóirí fhíorúla, nó an tábhacht a thugann innill chuardaigh ar líne do thorthaí cuardaigh, de réir mar a dhéanann na gnóthais a sholáthraíonn seirbhísí idirghabhála ar líne, seirbhísí líonraithe shóisialta ar líne, seirbhísí ardáin comhroinnte físeán, cúntóirí fíorúla nó innill chuardaigh ar líne iad a léiriú, a eagrú nó a chur in iúl, gan beann ar an modh teicneolaíochta a úsáidtear do léiriú, d’eagrú nó do chumarsáid den sórt sin agus gan beann ar na cásanna nach léirítear nó nach gcuirtear ach aon toradh amháin in iúl;

(23)

ciallaíonn “torthaí cuardaigh” aon fhaisnéis in aon fhormáid, lena n-áirítear téacsúil, grafach, guthach nó aschuir eile, arna gcur ar ais mar fhreagairt ar chuardach, agus a bhaineann le cuardach, bíodh nó ná bíodh san fhaisnéis a chuirtear ar ais toradh íoctha nó neamhíoctha, freagra díreach nó táirge, seirbhís nó faisnéis ar bith a thairgtear i dtaca leis na torthaí orgánacha, nó a thaispeántar in éineacht leo, nó atá leabaithe go páirteach nó go hiomlán iontu;

(24)

ciallaíonn “sonraí” aon léiriú digiteach ar ghníomhartha, ar fhíorais nó ar fhaisnéis agus aon tiomsú de ghníomhartha, d’fhíorais nó d’fhaisnéis den sórt sin, lena n-áirítear mar thaifeadadh fuaime, amhairc nó closamhairc;

(25)

ciallaíonn “sonraí pearsanta” sonraí pearsanta mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (1), de Rialachán (AE) 2016/679;

(26)

ciallaíonn “sonraí neamhphearsanta” sonraí seachas sonraí pearsanta;

(27)

ciallaíonn “gnóthas” eintiteas atá i mbun gníomhaíocht eacnamaíoch, gan beann ar a stádas dlíthiúil ná ar an mbealach a dhéantar é a mhaoiniú, lena n-áirítear na fiontair nasctha nó na gnóthais cheangailte go léir atá mar ghrúpa trí fhiontar nó ghnóthas a bheith á rialú go díreach nó go hindíreach ag ceann eile;

(28)

ciallaíonn “rialú” an fhéidearthacht tionchar cinntitheach a imirt ar ghnóthas, de réir bhrí Airteagal 3(2) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004;

(29)

ciallaíonn “idir-inoibritheacht” an cumas faisnéis a mhalartú agus úsáid fhrithpháirteach a bhaint as an bhfaisnéis a malartaíodh trí chomhéadain nó réitigh eile, ionas go mbeidh gnéithe uile na gcrua-earraí nó na mbogearraí in ann oibriú leis na crua-earraí nó na bogearraí agus le húsáideoirí sna bealaí ar fad ina bhfuil siad ceaptha feidhmiú;

(30)

ciallaíonn “láimhdeachas” an méid a dhíorthaíonn gnóthas de réir bhrí Airteagal 5(1) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004;

(31)

ciallaíonn “próifíliú” próifíliú mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (4), de Rialachán (AE) 2016/679;

(32)

ciallaíonn “toiliú” toiliú mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (11), de Rialachán (AE) 2016/679;

(33)

ciallaíonn “cúirt náisiúnta” cúirt nó binse de chuid Ballstáit de réir bhrí Airteagal 267 CFAE.

CAIBIDIL II

GEATÓIRÍ

Airteagal 19

Imscrúdú margaidh ar sheirbhísí nua agus ar chleachtais nua

1.   Féadfaidh an Coimisiún imscrúdú margaidh a dhéanamh chun scrúdú a dhéanamh féachaint ar cheart seirbhís amháin nó níos mó laistigh den earnáil dhigiteach a chur leis an liosta de chroísheirbhísí ardáin a leagtar síos in Airteagal 2, pointe (2), nó chun cleachtas a bhrath, ar cleachtais iad a theorannaíonn inchoimhlinteacht croísheirbhísí ardáin nó atá éagórach agus nach dtugtar aghaidh go héifeachtach orthu leis an Rialachán seo. Ina mheasúnú, cuirfidh an Coimisiún san áireamh aon chinntí ábhartha ar imeachtaí faoi Airteagail 101 agus 102 CFAE maidir le margaí digiteacha mar aon le haon fhorbairtí ábhartha eile.

2.   Féadfaidh an Coimisiún, agus imscrúdú margaidh á dhéanamh aige de bhun mhír 1, dul i gcomhairle le tríú páirtithe, lena n-áirítear úsáideoirí gnó agus úsáideoirí deiridh seirbhísí laistigh den earnáil dhigiteach atá faoi imscrúdú agus úsáideoirí gnó agus úsáideoirí deiridh atá faoi réir cleachtais atá faoi imscrúdú.

3.   Foilseoidh an Coimisiún a thorthaí i dtuarascáil laistigh de 18 mí ón dáta dá dtagraítear in Airteagal 16(3), pointe (a).

Cuirfear an tuarascáil sin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle agus, i gcás inarb iomchuí, beidh an méid seo a leanas ag gabháil léi:

(a)

togra reachtach chun an Rialachán seo a leasú chun seirbhísí breise laistigh den earnáil dhigiteach a chur san áireamh sa liosta de chroísheirbhísí ardáin a leagtar síos in Airteagal 2, pointe (2), nó chun oibleagáidí nua a chur san áireamh i gCaibidil III; nó

(b)

dréachtghníomh tarmligthe lena bhforlíontar an Rialachán seo a mhéid a bhaineann leis na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 5 agus 6, nó dréachtghníomh tarmligthe lena leasaítear nó lena bhforlíontar an Rialachán seo maidir leis na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 7, mar a fhoráiltear in Airteagal 12.

I gcás inarb iomchuí, féadfaidh an togra reachtach chun an Rialachán seo a leasú faoi phointe (a) den dara fomhír a mholadh seirbhísí atá ann cheana a bhaint de liosta na gcroísheirbhísí ardáin a leagtar síos in Airteagal 2, pointe (2), nó na hoibleagáidí atá ann cheana a bhaint d’Airteagal 5, 6 nó 7.

CAIBIDIL V

CUMHACHTAÍ IMSCRÚDAITHEACHA, FORFHEIDHMITHE AGUS FAIREACHÁIN

Airteagal 29

Neamhchomhlíonadh

1.   Glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme lena leagfar amach a chinneadh go bhfuil neamhchomhlíonadh ann (“an cinneadh maidir le neamhchomhlíonadh”) i gcás ina gcinnfidh sé nach gcomhlíonann an geatóir ceann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas:

(a)

aon cheann de na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 5, 6 nó 7;

(b)

bearta arna sonrú ag an gCoimisiún i gcinneadh a glacadh de bhun Airteagal 8(2);

(c)

leigheasanna arna bhforchur de bhun Airteagal 18(1);

(d)

bearta eatramhacha arna n-ordú de bhun Airteagal 24; nó

(e)

gealltanais a ndearnadh ceangailteach de réir dlí iad de bhun Airteagal 25.

Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 50(2).

2.   Féachfaidh an Coimisiún lena chinneadh maidir le neamhchomhlíonadh a ghlacadh laistigh de 12 mhí ón uair a dhéantar imeachtaí a thionscnamh de bhun Airteagal 20.

3.   Sula nglacfaidh sé an cinneadh maidir le neamhchomhlíonadh, cuirfidh an Coimisiún na réamhchinntí uaidh in iúl don gheatóir lena mbaineann. Sna réamhchinntí sin, míneoidh an Coimisiún na bearta a bhfuil sé á bheartú aige iad a dhéanamh nó na bearta ba cheart don gheatóir iad a dhéanamh, dar leis, chun aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar na réamhchinntí.

4.   I gcás ina mbeartaíonn sé cinneadh maidir le neamhchomhlíonadh a ghlacadh, féadfaidh an Coimisiún dul i gcomhairle le tríú páirtithe.

5.   Sa chinneadh maidir le neamhchomhlíonadh, ordóidh an Coimisiún don gheatóir stopadh agus éirí as an neamhchomhlíonadh laistigh de spriocdháta iomchuí agus míniúcháin a sholáthar ar an mbealach ina mbeartaíonn sé an cinneadh sin a chomhlíonadh.

6.   Soláthróidh an geatóir don Choimisiún tuairisc ar na bearta atá déanta aige chun comhlíonadh an chinnidh maidir le neamhchomhlíonadh a áirithiú.

7.   I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún gan cinneadh maidir le neamhchomhlíonadh a ghlacadh, cuirfidh sé deireadh leis na himeachtaí le cinneadh.

Airteagal 37

Comhar leis na húdaráis náisiúnta

1.   Oibreoidh an Coimisiún agus na Ballstáit i ndlúthchomhar le chéile agus déanfaidh siad comhordú ar a gcuid gníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin chun forfheidhmiú comhleanúnach, éifeachtach agus comhlántach na n-ionstraimí dlí atá ar fáil a áirithiú, ar ionstraimí dlí iad a chuirtear i bhfeidhm ar gheatóirí de réir bhrí an Rialacháin seo.

2.   Féadfaidh an Coimisiún dul i gcomhairle leis na húdaráis náisiúnta i gcás inarb iomchuí, maidir le haon ábhar a bhaineann le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Airteagal 46

Forálacha cur chun feidhme

1.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos socruithe mionsonraithe chun an méid seo a leanas a chur i bhfeidhm:

(a)

foirm, inneachar agus sonraí eile fógraí agus aighneachtaí de bhun Airteagal 3;

(b)

foirm, inneachar agus sonraí eile na mbeart teicniúil a chuirfidh geatóirí chun feidhme chun comhlíonadh Airteagal 5, 6 nó 7 a áirithiú;

(c)

socruithe oibríochtúla agus teicniúla d’fhonn idir-inoibritheacht sheirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir de bhun Airteagail 7;

(d)

foirm, inneachar agus sonraí eile na hiarrata réasúnaithe de bhun Airteagal 8(3);

(e)

foirm, inneachar agus sonraí eile na n-iarrataí réasúnaithe de bhun Airteagail 9 agus 10;

(f)

foirm, inneachar agus sonraí eile na dtuarascálacha rialála arna seachadadh de bhun Airteagal 11;

(g)

an mhodheolaíocht agus an nós imeachta le haghaidh na tuairisce arna hiniúchadh ar theicnící a úsáidtear chun tomhaltóirí a phróifíliú dá bhforáiltear in Airteagal 15(1); agus dréachtghníomh cur chun feidhme á fhorbairt chun na críche sin, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí agus féadfaidh sé dul i gcomhairle leis an mBord Eorpach um Chosaint Sonraí, an tsochaí shibhialta agus saineolaithe ábhartha eile

(h)

foirm, inneachar agus sonraí eile fógraí agus aighneachtaí arna ndéanamh de bhun Airteagail 14 agus 15;

(i)

socruithe praiticiúla do na himeachtaí a bhaineann leis na himscrúduithe margaidh de bhun Airteagail 17, 18 agus 19, agus a bhaineann le himeachtaí de bhun Airteagail 24, 25 agus 29;

(j)

na socruithe praiticiúla chun cearta éisteachta a fheidhmiú dá bhforáiltear in Airteagal 34;

(k)

na socruithe praiticiúla le haghaidh na dtéarmaí nochta dá bhforáiltear in Airteagal 34;

(l)

na socruithe praiticiúla don chomhar agus don chomhordú idir an Coimisiún agus na húdaráis náisiúnta dá bhforáiltear in Airteagail 37 agus 38; agus

(m)

na socruithe praiticiúla le haghaidh ríomh agus síneadh spriocdhátaí.

2.   Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1, pointí (a) go (k), agus pointe (m) den Airteagal seo i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 50(2).

Glacfar an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1, pointe (l), den Airteagal seo i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 50(3).

3.   Sula nglacfaidh sé gníomh cur chun feidhme ar bith de bhun mhír 1, foilseoidh an Coimisiún dréacht den ghníomh cur chun feidhme sin agus iarrfaidh sé ar na páirtithe leasmhara go léir a gcuid barúlacha a chur isteach laistigh de theorainn ama, nach féidir a bheith níos lú ná mí amháin.

Airteagal 49

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 3(6) agus (7) agus Airteagal 12(1), (3) agus (4), a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana ón 11 Deireadh Fómhair 2022. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 3(6) agus (7), agus Airteagal 12(1), (3) agus (4) a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 3(6) agus (7), agus Airteagal 12(1), (3) agus (4) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gcomhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 51

Leasú ar Threoir (AE) 2019/1937

I bPointe J de Chuid I den Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir (AE) 2019/1937, cuirtear an pointe seo a leanas leis:

“(iv)

Rialachán (AE) 2022/1925 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gcomhairle an 14 Meán Fómhair 2022 maidir le margaí inchoimhlinte agus cothroma san earnáil dhigiteach agus lena leasaítear Treoracha (AE) 2019/1937 agus (AE) 2020/1828 (an Gníomh um Margaí Digiteacha) (IO L 265, 21.9.2022, lch. 1).”

Airteagal 52

Leasú ar Threoir (AE) 2020/1828

In Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir (AE) 2020/1828, cuirtear an pointe seo a leanas leis:

“(67)

Rialachán (AE) 2022/1925 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gcomhairle an 14 Meán Fómhair 2022 maidir le margaí inchoimhlinte agus cothroma san earnáil dhigiteach agus lena leasaítear Treoracha (AE) 2019/1937 agus (AE) 2020/1828 (an Gníomh um Margaí Digiteacha) (IO L 265, 21.9.2022, lch. 1).”

Airteagal 54

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 12 Aibreán 2023.

Beidh feidhm, áfach, ag Airteagal 3(6) agus (7) agus Airteagail 40, 46, 47, 48, 49 agus 50 ón 11 Deireadh Fómhair 2022 agus beidh feidhm ag Airteagal 42 agus Airteagal 43 ón 25 Meitheamh 2023.

Mar sin féin, i gcás ina dtagann an dáta an 25 Meitheamh 2023 roimh an dáta cur i bhfeidhm dá dtagraítear sa dara fhomhír den Airteagal seo, cuirfear siar cur i bhfeidhm Airteagal 42 agus Airteagal 43 go dtí an dáta cur i bhfeidhm dá dtagraítear sa dara fhomhír den Airteagal seo.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 14 Meán Fómhair 2022.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. BEK


(1)  IO C 286, 16.7.2021, lch. 64.

(2)  IO C 440, 29.10.2021, lch. 67.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 5 Iúil 2022(nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gcomhairle an 18 Iúil 2022.

(4)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gcomhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(5)  Rialachán (AE) 2019/1150 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gcomhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le cothroime agus trédhearcacht a chur chun cinn d’úsáideoirí gnó a bhaineann úsáid as seirbhísí idirghabhála ar líne (IO L 186, 11.7.2019, lch. 57).

(6)  Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gcomhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le príobháideachas a chosaint san earnáil cumarsáide leictreonaí (IO L 201, 31.7.2002, lch. 37).

(7)  Treoir 2005/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gcomhairle an 11 Bealtaine 2005 maidir le cleachtais tráchtála éagóracha gnólacht le tomhaltóir sa mhargadh inmheánach agus lena leasaítear Treoir 84/450/CEE ón gcomhairle, Treoracha 97/7/CE, 98/27/CE agus 2002/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gcomhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gcomhairle (“An Treoir maidir le Cleachtais Tráchtála Éagóracha”) (IO L 149, 11.6.2005, lch. 22).

(8)  Treoir 2010/13/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gcomhairle an 10 Márta 2010 maidir le comhordú forálacha áirithe a leagtar síos le dlí, le rialachán nó le gníomhaíocht riaracháin sna Ballstáit agus a bhaineann le seirbhísí meán closamhairc a sholáthar (An Treoir maidir le Seirbhísí Meán Closamhairc) (IO L 95, 15.4.2010, lch. 1).

(9)  Treoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gcomhairle an 25 Samhain 2015 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach, lena leasaítear Treoracha 2002/65/CE, 2009/110/CE agus 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/64/CE (IO L 337, 23.12.2015, lch. 35).

(10)  Treoir (AE) 2019/790 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gcomhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le cóipcheart agus cearta gaolmhara sa Mhargadh Aonair Digiteach agus lena leasaítear Treoracha 96/9/CE agus 2001/29/CE (IO L 130, 17.5.2019, lch. 92).

(11)  Treoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gcomhairle an 17 Aibreán 2019 i ndáil leis na ceanglais inrochtaineachta le haghaidh táirgí agus seirbhísí (IO L 151, 7.6.2019, lch. 70).

(12)  Treoir 93/13/CEE ón gcomhairle an 5 Aibreán 1993 maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra, (IO L 95, 21.4.1993, lch. 29).

(13)  Treoir (AE) 2015/1535 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gcomhairle an 9 Meán Fómhair 2015 lena leagtar síos nós imeachta chun faisnéis a sholáthar i réimse na gcaighdeán teicniúil agus na rialachán teicniúil agus na rialacha maidir le Seirbhísí Sochaí Faisnéise, (IO L 241, 17.9.2015, lch. 1).

(14)  Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gcomhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear Cód Eorpachum Chumarsáid Leictreonach (IO L 321, 17.12.2018, lch. 36).

(15)  Treoir (AE) 2016/2102 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gcomhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le hinrochtaineacht na suíomhanna gréasáin agus na bhfeidhmchlár móibíleach ag comhlachtaí na hearnála poiblí (IO L 327, 2.12.2016, lch. 1).

(16)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gcomhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(17)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gcomhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

(18)  Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 ón gcomhairle an 16 Nollaig 2002 maidir le cur chun feidhme na rialacha iomaíochta a leagtar síos in Airteagail 81 agus 82 den Chonradh (IO L 1, 4.1.2003, lch. 1).

(19)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(20)  Treoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gcomhairle an 23 Deireadh Fómhair 2019 maidir le cosaint daoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais (IO L 305, 26.11.2019, lch. 17).

(21)  Treoir (AE) 2020/1828 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gcomhairle an 25 Samhain 2020 maidir le caingne ionadaíocha chun comhleasanna tomhaltóirí a chosaint agus lena n-aisghairtear Treoir 2009/22/CE (IO L 409, 4.12.2020, lch. 1).

(22)  IO C 147, 26.4.2021, lch. 4.

(23)  Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gcomhairle an 20 Eanáir 2004 maidir le comhchruinnithe a rialú idir gnóthais (Rialachán um Chumaisc CE) (IO L 24, 29.1.2004, lch. 1).

(24)  Treoir (AE) 2016/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gcomhairle an 6 Iúil 2016 maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal coiteann slándála do líonraí agus córais faisnéise ar fud an Aontais (IO L 194, 19.7.2016, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

A.   “Ginearálta”

1.

Is é is aidhm don Iarscríbhinn seo an mhodheolaíocht a shonrú chun “úsáideoirí deiridh gníomhacha” agus “úsáideoirí gnó gníomhacha” a shainaithint agus a ríomh le haghaidh gach croísheirbhíse ardáin a liostaítear in Airteagal 2 pointe (2). Feidhmíonn sé mar thagairt a chuireann ar chumas gnóthais a mheasúnú an gcomhlíonann a chroísheirbhisí ardáin na tairseacha cainníochtúla a leagtar amach in Airteagal 3(2) pointe (b) agus glacadh leis, dá bhrí sin, go gcomhlíonann siad an ceanglas in Airteagal 3(1) pointe (b). Beidh an tagairt sin chomh hábhartha céanna, dá bhrí sin, in aon mheasúnú níos leithne faoi Airteagal 3(8). Is faoin ngnóthas atá sé teacht ar an neastachán is fearr is féidir i gcomhréir leis na prionsabail choiteanna agus leis an modheolaíocht shonrach a leagtar amach san Iarscríbhinn seo. Ní choisceann aon ní san Iarscríbhinn seo ar an gCoimisiún, laistigh de na teorainneacha ama a leagtar síos i bhforálacha ábhartha an Rialacháin seo, ceangal a chur ar an ngnóthas a bhfuil croísheirbhísí ardáin á soláthar aige aon fhaisnéis is gá a sholáthar chun na “húsáideoirí deiridh gníomhacha” agus “na húsáideoirí gnó gníomhacha” a shainaithint agus a ríomh. Níor cheart aon ní san Iarscríbhinn seo a bheith ina bhunús dlí chun úsáideoirí a rianú. Beidh an mhodheolaíocht atá san Iarscríbhinn seo gan dochar freisin d’aon cheann de na hoibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo, in Airteagal 3(3) agus (8) agus Airteagal 13(3) go háirithe. Go háirithe, ceanglaítear le comhlíonadh Airteagal 13(3) freisin go gcaithfear “úsáideoirí deiridh gníomhacha” agus “úsáideoirí gnó gníomhacha” a shainaithint agus a ríomh bunaithe ar thomhas beacht nó ar an neastachán is fearr atá ar fáil – i gcomhréir leis na hacmhainneachtaí aitheantais agus ríofa iarbhír atá ag an ngnóthas a bhfuil croísheirbhísí ardáin á soláthar aige ag an bpointe ama ábhartha. Beidh na tomhais sin nó an neastachán is fearr dá bhfuil ar fáil ag teacht leis na tomhais a thuairiscítear faoi Airteagal 15, a bheidh san áireamh iontu.

2.

Leagtar amach in Airteagal 2 pointí (20) agus (21) na sainmhínithe ar “úsáideoir deiridh” agus “úsáideoir gnó”, ar sainmhínithe iad is coiteann do gach croísheirbhís ardáin.

3.

Chun líon na “n-úsáideoirí deiridh gníomhacha” agus líon na “n-úsáideoirí gnó gníomhacha” a shainaithint agus a ríomh, tagraítear san Iarscríbhinn seo don choincheap “úsáideoirí uathúla”. Leis an gcoincheap “úsáideoirí uathúla”, cuimsítear “úsáideoirí deiridh gníomhacha” agus “úsáideoirí gnó gníomhacha”, nach gcomhairtear ach uair amháin, don chroísheirbhís ardáin ábhartha, le linn tréimhse shonraithe ama (i.e. mí i gcás “úsáideoirí deiridh gníomhacha” agus bliain i gcás “úsáideoirí gnó gníomhacha”), is cuma cé mhéad uair a bhí siad ag plé leis an gcroísheirbhís ardáin ábhartha i gcaitheamh na tréimhse sin. Beidh an méid sin gan dochar don fhíoras gur féidir leis an duine nádúrtha nó dlítheanach céanna a bheith ina “úsáideoir deiridh gníomhach” nó ina “úsáideoir gnó gníomhach” ag an am céanna i gcás croísheirbhísí ardáin éagsúla.

B.   “Úsáideoirí deiridh gníomhacha”

1.

Déanfar an líon “úsáideoirí uathúla” a mhéid a bhaineann le “húsáideoirí deiridh gníomhacha” a shainaithint de réir an mhéadraigh is beaichte arna thuairisciú ag an ngnóthas a bhfuil ceann ar bith de na croísheirbhísí ardáin á sholáthar aige, go sonrach:

a.

Meastar go mbainfeadh an riosca dúblála is lú, prima facie, le sonraí a bhailítear faoi úsáid croíseirbhísí ardáin ó thimpeallachtaí ina sínítear isteach nó ina logáiltear isteach, i ndáil le hiompar úsáideoirí ar fheistí nó ardáin éagsúla, mar shampla. Dá bhrí sin, déanfaidh an gnóthas sonraí anaithnidithe chomhiomlána a thíolacadh maidir le líon na n-úsáideoirí deiridh uathúla do gach croísheirbhís ardáin faoi seach bunaithe ar thimpeallachtaí ina sínítear nó ina logáiltear isteach, más ann do na sonraí sin.

b.

I gcás croísheirbhísí ardáin a mbíonn rochtain ag úsáideoirí deiridh orthu freisin lasmuigh de thimpeallachtaí ina sínítear nó ina logáiltear isteach, déanfaidh an gnóthas sonraí anaithnidithe chomhiomlána a thíolacadh freisin maidir le líon úsáideoirí deiridh uathúla na croísheirbhíse ardáin faoi seach bunaithe ar mhéadrach malartach a ghabhann úsáideoirí deiridh freisin lasmuigh de thimpeallachtaí ina sínítear nó ina logáiltear isteach, amhail seoltaí prótacail idirlín, aitheantóirí fianán nó aitheantóirí eile amhail clibeanna aitheantais radaimhinicíochta, ar choinníoll go bhfuil na seoltaí nó na haitheantóirí sin riachtanach go hoibiachtúil chun na croísheirbhísí ardáin a sholáthar.

2.

Bunaítear an líon “úsáideoirí deiridh gníomhacha míosúla” ar mheánlíon na n-úsáideoirí deiridh gníomhacha míosúla sa chuid is mó den bhliain airgeadais. Is é is aidhm don choincheap “an chuid is mó den bhliain airgeadais” deis a thabhairt do ghnóthas a bhfuil croísheirbhísí ardáin á soláthar aige figiúirí asluiteacha i mbliain ar leith a fhágáil as an áireamh. Ciallaíonn figiúirí asluiteacha go bunúsach figiúirí a luíonn go mór lasmuigh de na gnáthfhigiúirí agus na figiúirí intuartha. Buaic nó laghdú ar rannpháirtíocht úsáideoirí a tharla le linn aon mhí amháin den bhliain airgeadais, d’fhéadfadh sé sin a bheith ina shampla d’fhigiúirí asluiteacha den sórt sin. Ní figiúirí asluiteacha iad figiúirí a bhaineann le tarluithe athfhillteacha bliantúla, amhail tionscnaimh díolacháin bhliantúla

C.   “Úsáideoirí gnó gníomhacha”

Is ar leibhéal an chuntais, i gcás inarb infheidhme, a chinntear an líon “úsáideoirí uathúla” a mhéid a bhaineann le “húsáideoirí gnó gníomhacha” agus gach cuntas gnó ar leith comhlachaithe le húsáid croísheirbhíse ardáin arna soláthar ag an ngnóthas arb é atá ann úsáideoir gnó uathúil amháin de chuid na croísheirbhíse ardáin sin faoi seach. Mura bhfuil feidhm ag an gcoincheap “cuntas gnó” maidir le croísheirbhís ardáin ar leith, cinnfidh an gnóthas ábhartha a bhfuil croísheirbhísí ardáin á soláthar aige líon na n-úsáideoirí gnó uathúla trí thagairt a dhéanamh don ghnóthas ábhartha.

D.   “Faisnéis a chur isteach”

1.

Maidir leis an ngnóthas a chuireann faisnéis faoi bhráid an Choimisiúin de bhun Airteagal 3(3) faoi líon na n-úsáideoirí deiridh gníomhacha agus líon na n-úsáideoirí gnó gníomhacha i gcás gach croísheirbhíse ardáin ar leith, beidh sé freagrach as iomláine agus cruinneas na faisnéise sin a áirithiú. I ndáil leis sin:

a.

Beidh an gnóthas freagrach as sonraí a chur isteach le haghaidh croísheirbhís ardáin faoi seach, ionas nach ndéantar gannáireamh ná ró-áireamh ar líon na n-úsáideoirí deiridh gníomhacha agus líon na n-úsáideoirí gnó gníomhacha (mar shampla i gcás ina bhfuil rochtain ag úsáideoirí ar na croísheirbhísí ardáin ar ardáin nó ar fheistí éagsúla).

b.

Beidh an gnóthas freagrach as mínithe beachta agus gonta a thabhairt ar an modheolaíocht a úsáideadh chun teacht ar an bhfaisnéis agus as aon riosca a bhaineann le líon na n-úsáideoirí deiridh gníomhacha agus líon na n-úsáideoirí gnó gníomhacha a ghannáireamh nó a ró-áireamh i gcás croísheirbhís ardáin faoi seach agus maidir leis na réitigh a glacadh chun aghaidh a thabhairt ar an riosca sin.

c.

Cuirfidh an gnóthas sonraí ar fáil, ar sonraí iad atá bunaithe ar mhéadrach malartach, nuair a bheidh imní ar an gCoimisiún faoi chruinneas na sonraí arna soláthar ag an ngnóthas a bhfuil croísheirbhísí ardáin á soláthar aige.

2.

Chun an líon “úsáideoirí deiridh gníomhacha” agus “úsáideoirí gnó gníomhacha” a ríomh:

a.

An gnóthas a bhfuil croísheirbhís(í) ardáin á soláthar aige, ní shainaithneoidh sé croísheirbhísí ardáin a bhaineann leis an gcatagóir chéanna croísheirbhísí ardáin de bhun Airteagal 2 pointe (2) ar leithligh, go príomha ar an mbonn go soláthraítear iad agus ainmneacha fearainn éagsúla in úsáid – is cuma cé acu fearainn bharrleibhéil cód tíre (ccTLDanna) nó fearainn bharrleibhéil chineálacha (gTLDanna) – nó saintréithe geografacha éigin atá i gceist.

b.

An gnóthas a bhfuil croísheirbhís(í) ardáin á soláthar aige, measfaidh sé gur croísheirbhísí ardáin ar leithligh iad na croísheirbhísí ardáin sin a úsáideann a n-úsáideoirí deiridh nó a n-úsáideoirí gnó, nó iad araon, iad chun críoch éagsúil, fiú más ionann a n-úsáideoirí deiridh agus a n-úsáideoirí gnó agus fiú má bhaineann siad leis an gcatagóir chéanna croísheirbhísí ardáin de bhun Airteagal 2 pointe (2).

c.

An gnóthas a bhfuil croísheirbhís(í) ardáin á soláthar aige, measfaidh sé gur croísheirbhísí ardáin ar leithligh iad na seirbhísí sin a thairgeann an gnóthas ábhartha ar bhealach comhtháite, ach:

(i)

nach mbaineann leis an gcatagóir chéanna croísheirbhísí ardáin de bhun Airteagal 2 pointe (2) nó

(ii)

,a úsáideann a n-úsáideoirí deiridh nó a n-úsáideoirí gnó, nó iad araon, iad chun críoch éagsúil, fiú más ionann a n-úsáideoirí deiridh agus a n-úsáideoirí gnó agus fiú má bhaineann siad leis an gcatagóir chéanna croísheirbhísí ardáin de bhun Airteagal 2, pointe (2).

E.   “Sainmhínithe sonracha”

Leagtar amach sa tábla thíos sainmhínithe sonracha ar “úsáideoirí deiridh gníomhacha” agus ar “úsáideoirí gnó gníomhacha” le haghaidh gach croísheirbhíse ardáin.

Croísheirbhísí ardáin

Úsáideoirí deiridh gníomhacha

Úsáideoirí gnó gníomhacha

Seirbhísí idirghabhála ar líne

Líon na n-úsáideoirí deiridh uathúla a raibh baint acu leis an tseirbhís idirghabhála ar líne uair amháin sa mhí ar a laghad, mar shampla, trí logáil isteach go gníomhach, fiosrú a dhéanamh, cliceáil nó scrollú nó trí idirbheart a thabhairt i gcrích tríd an tseirbhís idirghabhála ar líne uair sa mhí ar a laghad.

Líon na n-úsáideoirí gnó uathúla a raibh mír amháin ar a laghad liostaithe sa tseirbhís idirghabhála ar líne acu i gcaitheamh na bliana iomláine nó a thug idirbheart i gcrích arna chumasú ag an tseirbhís idirghabhála ar líne i gcaitheamh na bliana.

Innill chuardaigh ar líne

Líon na n-úsáideoirí deiridh uathúla a raibh baint acu leis an inneall cuardaigh ar líne uair sa mhí ar a laghad, mar shampla, trí fhiosrú a dhéanamh.

Líon na n-úsáideoirí gnó uathúla a bhfuil suíomhanna gréasáin gnó acu (i.e. suíomh gréasáin a úsáidtear i gcáil tráchtála nó ghairmiúil) atá innéacsaithe ag innéacs an innill cuardaigh ar líne nó ar cuid den innéacs sin iad i gcaitheamh na bliana.

Seirbhísí líonraithe shóisialta ar líne

Líon na n-úsáideoirí deiridh uathúla a raibh baint acu leis an tseirbhís líonraithe shóisialta ar líne uair amháin ar a laghad sa mhí, mar shampla trí logáil isteach go gníomhach, leathanach a oscailt, scrollú, cliceáil, “is maith liom” a thabhairt, fiosrú a dhéanamh, postáil nó tuairim a thabhairt.

Líon na n-úsáideoirí gnó uathúla a bhfuil liostú gnó nó cuntas gnó acu sa tseirbhís líonraithe shóisialta ar líne agus a mbíonn baint acu leis an tseirbhís ar bhealach ar bith ar a laghad uair amháin i gcaitheamh na bliana, mar shampla trí logáil isteach go gníomhach, leathanach a oscailt, scrollú, cliceáil, “is maith liom” a thabhairt, fiosrú a dhéanamh, postáil nó tuairim a thabhairt nó a huirlisí a úsáid do ghnólachtaí.

Seirbhísí ardáin comhroinnte físeán

Líon na n-úsáideoirí deiridh uathúla a raibh baint acu leis an tseirbhís ardáin comhroinnte físeán uair amháin sa mhí ar a laghad, mar shampla, trí dheighleán d’inneachar closamhairc a chasadh, trí fhiosrú a dhéanamh nó trí phíosa inneachair closamhairc a uaslódáil, lena n-áirítear go háirithe físeáin arna nginiúint ag úsáideoirí.

Líon na n-úsáideoirí gnó uathúla a sholáthair ar a laghad píosa amháin inneachair closamhairc a uaslódáladh nó a casadh ar an tseirbhís ardáin comhroinnte físeán i gcaitheamh na bliana.

Seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir

Líon na n-úsáideoirí deiridh uathúla a thionscain nó a ghlac páirt ar bhealach ar bith i gcumarsáid tríd an tseirbhís cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir uair amháin ar a laghad sa mhí.

Líon na n-úsáideoirí gnó uathúla a d’úsáid cuntas gnó nó a thionscain nó a ghlac páirt ar bhealach ar bith i gcumarsáid tríd an tseirbhís cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir chun cumarsáid a dhéanamh go díreach le húsáideoir deiridh uair amháin ar a laghad i gcaitheamh na bliana.

Córais oibriúcháin

Líon na n-úsáideoirí deiridh uathúla a d’úsáid feiste leis an gcóras oibriúcháin, a rinneadh é gníomhachtú, a nuashonrú nó a úsáid uair amháin ar a laghad sa mhí.

Líon na bhforbróirí uathúla a d’fhoilsigh, a nuashonraigh nó a thairg feidhmchlár bogearraí nó ríomhchlár bogearraí amháin ar a laghad ag baint úsáid as an teanga ríomhchlárúcháin nó aon uirlisí forbartha bogearraí den chóras oibriúcháin, nó a ritheann ar bhealach ar bith air, i gcaitheamh na bliana.

Cúntóir fíorúil

Líon na n-úsáideoirí deiridh a raibh baint acu leis an gcúntóir fíorúil ar bhealach ar bith uair amháin ar a laghad sa mhí, amhail trína ghníomhachtú, trí cheist a chur, trí rochtain a fháil ar sheirbhís trí ordú nó trí fheiste chliste bhaile a rialú.

Líon na bhforbróirí uathúla a thairg feidhmchlár bogearraí cúntóra fíorúil amháin ar a laghad nó feidhmiúlacht chun feidhmchlár bogearraí atá ann cheana a dhéanamh inrochtana tríd an gcúntóir fíorúil i gcaitheamh na bliana.

Brabhsálaithe gréasáin

Líon na n-úsáideoirí deiridh uathúla a raibh baint acu leis an mbrabhsálaí gréasáin uair amháin ar a laghad sa mhí, mar shampla trí cheist nó seoladh suímh gréasáin a chur i líne URL an bhrabhsálaí gréasáin.

Líon na n-úsáideoirí gnó uathúla a bhfuil a suímh ghréasáin ghnó (i.e suíomh gréasáin a úsáidtear i dtaca le hinniúlacht ghairmiúil nó phearsanta) oscailte tríd an mbrabhsálaí gréasáin uair amháin ar a laghad sa bhliain nó a thairg breiseán, forlíontán nó uirlisí comhlántacha arna n-úsáid ar an mbrabhsálaí gréasáin i gcaitheamh na bliana.

Seirbhísí néalríomhaireachta

Líon na n-úsáideoirí deiridh uathúla a raibh baint acu le haon seirbhísí néalríomhaireachta ó sholáthraí ábhartha na seirbhísí néalríomhaireachta uair amháin ar a laghad sa mhí, mar mhalairt ar aon chineál luacha saothair, gan beann ar cé acu a fhaightear nó nach bhfaightear an luach saothair le linn na míosa céanna.

Líon na n-úsáideoirí gnó uathúla a sholáthair aon seirbhísí néalríomhaireachta arna n-óstáil i mbonneagar néalríomhaireachta sholáthraí ábhartha na seirbhísí néalríomhaireachta i gcaitheamh na bliana.

Seirbhísí fógraíochta ar líne

Le haghaidh dhíolacháin dílseánaigh spáis fógraíochta:

Líon na n-úsáideoirí deiridh uathúla a nochtadh do thaispeáint fógraíochta uair amháin ar a laghad sa mhí.

Le haghaidh seirbhísí idirghabhála fógraíochta (lena n-áirítear líonraí fógraíochta, malartuithe fógraíochta agus aon seirbhísí idirghabhála fógraíochta eile):

Líon na n-úsáideoirí deiridh uathúla a nochtadh do thaispeáint fógraíochta a spreag an tseirbhís fógraíochta uair amháin ar a laghad sa mhí.

Le haghaidh dhíolacháin dílseánaigh spáis fógraíochta:

Líon na bhfógróirí uathúla a raibh taispeáint fógraíochta amháin ar a laghad ar taispeáint acu i gcaitheamh na bliana.

Le haghaidh seirbhísí idirghabhála fógraíochta (lena n-áirítear líonraí fógraíochta, malartuithe fógraíochta agus aon seirbhísí idirghabhála fógraíochta eile):

Líon na n-úsáideoirí gnó uathúla (lena n-áirítear fógróirí, foilsitheoirí nó idirghabhálaithe eile) a d’idirghníomhaigh tríd an tseirbhís idirghabhála fógraíochta i gcaitheamh na bliana nó a ndearna an tseirbhís fógraíochta idirghabhála freastal orthu.



whereas









keyboard_arrow_down