search


keyboard_tab Digital Market Act 2022/1925 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2022/1925 GA cercato: 'fbmanna' . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


expand index fbmanna:

    CAIBIDIL I
    ÁBHAR, RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE

    CAIBIDIL II
    GEATÓIRÍ

    CAIBIDIL III
    CLEACHTAIS NA NGEATÓIRÍ A CHUIREANN TEORAINN LE HINCHOIMHLINTEACHT NÓ ATÁ ÉAGÓRACH

    CAIBIDIL IV
    IMSCRÚDÚ MARGAIDH

    CAIBIDIL V
    CUMHACHTAÍ IMSCRÚDAITHEACHA, FORFHEIDHMITHE AGUS FAIREACHÁIN

    CAIBIDIL VI
    FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA


whereas fbmanna:


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 218

 

Airteagal 9

Fionraí

1.   I gcás ina léiríonn an geatóir in iarraidh réasúnaithe go gcuirfeadh comhlíonadh oibleagáide ar leith a leagtar síos in Airteagal 5, 6 nó 7 ag croísheirbhís ardáin atá liostaithe sa chinneadh ainmniúcháin de bhun Airteagal 3(9), de dheasca imthosca eisceachtúla nach bhfuil aon neart ag an ngeatóir orthu, go gcuirfeadh sé inmharthanacht a oibríochta san Aontas i mbaol, féadfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme a ghlacadh ina leagtar amach a chinneadh an oibleagáid ar leith dá dtagraítear san iarraidh réasúnaithe sin (“an cinneadh fionraí”) a chur ar fionraí mar eisceacht, go páirteach nó go hiomlán. Sa ghníomh cur chun feidhme sin, sonróidh an Coimisiún an cinneadh uaidh maidir le fionraí trí na himthosca eisceachtúla atá mar údar maith leis an bhfionraí a aithint. Beidh an gníomh cur chun feidhme sin teoranta maidir leis an bhfairsinge agus an t-achar ama a bhfuil gá leo chun aghaidh a thabhairt ar bhagairt den sórt sin ar inmharthanacht an gheatóra. Beidh sé d’aidhm ag an gCoimisiún an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh gan mhoill nó 3 mhí ar a dhéanaí i ndiaidh dó iarraidh réasúnaithe iomlán a fháil. Glacfar an gníomh cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 50(2).

2.   I gcás ina ndéanfar fionraí a dheonú de bhun mhír 1, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an gcinneadh uaidh maidir le fionraí gach bliain, ach amháin má shonraítear eatramh níos giorra sa chinneadh sin. I ndiaidh athbhreithniú den sórt sin, cuirfidh an Coimisiún deireadh leis an bhfionraí go hiomlán nó go páirteach, nó cinnfidh sé go bhfuil na coinníollacha i mír 1 á sásamh go fóill.

3.   I gcásanna práinne, féadfaidh an Coimisiún, agus é ag gníomhú ar iarraidh réasúnaithe ó gheatóir, cur i bhfeidhm oibleagáide ar leith dá dtagraítear i mír 1 maidir le ceann amháin nó níos mó de chroísheirbhísí ardáin aonair a chur ar fionraí go sealadach roimh an gcinneadh de bhun na míre sin. Féadfar iarraidh den sórt sin a dhéanamh agus a dheonú tráth go dtí go ndéanfaidh an Coimisiún an measúnú de bhun mhír 1.

4.   Agus an iarraidh dá dtagraítear i míreanna 1 agus 3 á measúnú aige, cuirfidh an Coimisiún san áireamh, go sonrach, an tionchar a bheadh ag comhlíonadh na hoibleagáide ábhartha ar inmharthanacht eacnamaíoch oibríocht an gheatóra san Aontas agus ar thriú páirtithe freisin, go háirithe fbmanna agus tomhaltóirí. D’fhéadfadh sé go mbeadh an fhionraí faoi réir coinníollacha agus oibleagáidí a shainmhíneoidh an Coimisiún chun cothromaíocht chóir a áirithiú idir na leasanna sin agus na cuspóirí a ghabhann leis an Rialachán seo..

Airteagal 53

Athbhreithniú

1.   Faoin 13 Aibreán 2026, agus gach 3 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Rialachán seo agus tuairisceoidh sé do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa ina leith.

2.   Measúnófar leis na meastóireachtaí ar baineadh amach nó nár baineadh amach aidhmeanna an Rialacháin seo, is iad sin margaí inchoimhlinte agus cothroma a áirithiú, agus measúnófar leo freisin tionchar an Rialacháin seo ar úsáideoirí gnó, fbmanna go háirithe, agus ar úsáideoirí deiridh. Thairis sin, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht féachaint an bhféadfar raon feidhme Airteagal 7 a leathnú chuig seirbhísí líonraithe shóisialta ar líne.

3.   Deimhneofar sna meastóireachtaí an bhfuil sé de cheangal rialacha a mhodhnú, lena n-áirítear maidir leis an liosta de chroísheirbhísí ardáin a leagtar síos in Airteagal 2, pointe (2), agus na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 5, 6 agus 7 agus a bhforfheidhmiú, chun a áirithiú go mbeidh margaí digiteacha ar fud an Aontais inchoimhlinte agus cothrom. I ndiaidh na meastóireachtaí, déanfaidh an Coimisiún bearta iomchuí, a bhféadfadh tograí reachtacha a bheith san áireamh leo.

4.   Soláthróidh údaráis inniúla na mBallstát aon fhaisnéis ábhartha atá acu agus a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil ón gCoimisiún chun an tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 a tharraingt suas.


whereas









keyboard_arrow_down