keyboard_tab Digital Market Act 2022/1925 GA
BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf
- 1 Airteagal 37 Comhar leis na húdaráis náisiúnta
- 1 Airteagal 39 Comhar leis na cúirteanna náisiúnta
CAIBIDIL I
ÁBHAR, RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE
CAIBIDIL II
GEATÓIRÍ
CAIBIDIL III
CLEACHTAIS NA NGEATÓIRÍ A CHUIREANN TEORAINN LE HINCHOIMHLINTEACHT NÓ ATÁ ÉAGÓRACH
CAIBIDIL IV
IMSCRÚDÚ MARGAIDH
CAIBIDIL V
CUMHACHTAÍ IMSCRÚDAITHEACHA, FORFHEIDHMITHE AGUS FAIREACHÁIN
CAIBIDIL VI
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
- náisiúnta 10
- bhfeidhm 6
- coimisiún 5
- cúirteanna 5
- chun 4
- rialachán 4
- cinneadh 4
- rialacháin 4
- atá 4
- féadfaidh 4
- chur 4
- maidir 3
- airteagal 3
- gcoimisiún 3
- tharchur 3
- aghaidh 3
- scríbhinn 3
- iarraidh 3
- chuige 3
- agus 3
- leis 3
- comhleanúnach 2
- féadfaidh 2
- faoi 2
- freisin 2
- húdaráis 2
- comhar 2
- chucu 2
- ballstáit 2
- siad 2
- imeachtaí 2
- bhaineann 2
- gcás 2
- barúlacha 2
- áirithiú 2
- faoin 2
- dlí 2
- cinntí 1
- réamhrialú 1
- ullmhú 1
- críoch 1
- thabharfaidh 1
- chun 1
- beartaithe 1
- chúirt 1
- mbarúlacha 1
- thabhairt 1
- dtrácht 1
- cúirte 1
- cead 1
Airteagal 37
Comhar leis na húdaráis náisiúnta
1. Oibreoidh an Coimisiún agus na Ballstáit i ndlúthchomhar le chéile agus déanfaidh siad comhordú ar a gcuid gníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin chun forfheidhmiú comhleanúnach, éifeachtach agus comhlántach na n-ionstraimí dlí atá ar fáil a áirithiú, ar ionstraimí dlí iad a chuirtear i bhfeidhm ar gheatóirí de réir bhrí an Rialacháin seo.
2. Féadfaidh an Coimisiún dul i gcomhairle leis na húdaráis náisiúnta i gcás inarb iomchuí, maidir le haon ábhar a bhaineann le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo.
Airteagal 39
Comhar leis na cúirteanna náisiúnta
1. In imeachtaí chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm, féadfaidh na cúirteanna náisiúnta a iarraidh ar an gCoimisiún faisnéis atá ina sheilbh a tharchur chucu nó a thuairim a tharchur chucu maidir le ceisteanna a bhaineann le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo.
2. Cuirfidh na Ballstáit ar aghaidh chuig an gCoimisiún cóip d’aon bhreithiúnas i scríbhinn ó na cúirteanna náisiúnta a dhéanann cinneadh maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Cuirfear an chóip sin ar aghaidh gan mhoill tar éis an bhreithiúnais iomláin i scríbhinn a bheith curtha in iúl do na páirtithe.
3. Féadfaidh an Coimisiún, ag gníomhú dó ar a thionscnamh féin, barúlacha i scríbhinn a chur faoi bhráid na gcúirteanna náisiúnta i gcás inar gá, chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm go comhleanúnach. Le cead na cúirte i dtrácht, féadfaidh sé barúlacha a thabhairt ó bhéal freisin.
4. Chun críoch ullmhú a mbarúlacha amháin, féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar an gcúirt náisiúnta ábhartha aon doiciméid atá riachtanach chun an cás a mheasúnú a tharchur chuige nó tarchur na ndoiciméad sin chuige a áirithiú.
5. Ní dhéanfaidh na cúirteanna náisiúnta cinneadh a rachadh in aghaidh cinneadh a ghlac an Coimisiún faoin Rialachán seo. Ní thabharfaidh siad freisin cinntí a bheadh ar neamhréir le cinneadh atá beartaithe ag an gCoimisiún in imeachtaí a thionscain sé faoin Rialachán seo. Chuige sin, féadfaidh an chúirt náisiúnta a mheas an gá bac a chur ar a himeachtaí. Tá an méid sin gan dochar don fhéidearthacht do na cúirteanna náisiúnta réamhrialú a iarraidh faoi Airteagal 267 CFAE.
whereas