(18) Sa bhreis ar an tábhacht atá leo i gcomhthéacs taighde eolaíoch, baineann eintitis phríobháideacha agus eintitis phoiblí araon úsáid fhorleathan as teicnící mianadóireachta téacsanna agus sonraí chun anailís a dhéanamh ar mhéideanna móra sonraí i réimsí éagsúla den saol agus ar chúiseanna éagsúla, lena n-áirítear le haghaidh seirbhísí rialtais, cinntí casta gnó agus forbairt feidhmchlár nó teicneolaíochtaí nua.
Ba cheart do shealbhóirí cirt leanúint de bheith in ann úsáidí a gcuid saothar nó ábhar eile a cheadúnú, ar saothair agus ábhar eile iad a thagann lasmuigh de raon feidhme na heisceachta sainordaithí dá bhforáiltear sa Treoir seo i dtaobh mianadóireacht téacsanna agus sonraí chun críocha taighde eolaíoch agus na n-eisceachtaí agus na dteorainneacha atá ann cheana agus dá bhforáiltear i dTreoir 2001/29/CE.
Ag an am céanna, ba cheart aird a thabhairt ar an bhfíoras go bhféadfaí go mbeadh éiginnteacht dhlíthiúil ann d'úsáideoirí teicnící mianadóireachta téacsanna agus sonraí i dtaobh an féidir atáirgí agus asbhaintí arna ndéanamh chun críocha mianadóireacht téacsanna agus sonraí a chur i gcrích ar shaothair nó ar ábhar eile arna rochtain go dleathach, go háirithe nuair nach gcomhlíonann na hatáirgí nó na hasbhaintí arna ndéanamh chun críocha an phróisis theicniúil coinníollacha uile na heisceachta atá ann cheana maidir le gníomhaíochtaí sealadacha atáirgthe dá bhforáiltear in Airteagal 5(1) de Treoir 2001/29/CE.
Chun foráil a dhéanamh maidir le breis deimhneachta dlíthiúla i gcásanna den sórt sin agus chun nuálaíocht a spreagadh san earnáil phríobháideach freisin, ba cheart, leis an Treoir seo, foráil a dhéanamh maidir le heisceacht nó le teorainn i gcás atáirgí agus asbhaintí saothar nó ábhair eile, chun críocha mianadóireacht téacsanna agus sonraí, agus ba cheart cead a thabhairt na cóipeanna a choinneáil a fhad is gá chun críocha na mianadóireachta téacsanna agus sonraí.
- = -
(20) Cé go bhforbraítear cláir oideachais chianfhoghlama nó thrasteorann den chuid is mó ar an leibhéal ardoideachais, tá uirlisí agus acmhainní digiteacha á n-úsáid níos minice ar gach leibhéal oideachais, go háirithe chun an t-eispéireas foghlama a fheabhsú agus a shaibhriú.
Ba cheart, mar sin, don eisceacht nó don teorainn dá bhforáiltear sa Treoir seo dul chun tairbhe na bhforas oideachais uile arna n-aithint ag Ballstát, lena n-áirítear na cinn a bhfuil baint acu i mbunoideachas, i meánoideachais, i ngairmoideachas agus in ardoideachas. Níor cheart feidhm a bheith aige ach amháin a mhéid atá údar maith leis na húsáidí a bhuí le críoch neamhthráchtála na gníomhaíochta teagaisc áirithe.
Níor cheart gur tosca cinntitheacha iad an struchtúr eagraíochtúil agus na modhanna cistithe forais oideachais chun a chinneadh an de chineál neamhthráchtála an ghníomhaíocht nó nach ea.
- = -
(32) Maidir le creat dlíthiúil oiriúnaithe is infheidhme maidir le comhcheadúnú, ní fhéadfaidh sé réiteach a sholáthar i gcomhair na gcásanna ar fad ina mbíonn deacrachtaí ag institiúidí oidhreachta cultúrtha ó thaobh údaruithe uile na sealbhóirí cirt is gá a fháil le haghaidh úsáid saothar agus ábhair eile nach bhfuil ar fáil ar bhonn tráchtála.
D'fhéadfadh go mbeadh sé sin i gceist, mar shampla, nuair nach ann do chleachtas comhbhainistíochta ceart i gcás cineál áirithe saothar nó ábhar eile nó nuair nach bhfuil an eagraíocht chomhbhainistíochta ábhartha ionadaíoch a dóthain do chatagóir na sealbhóirí cirt agus na gceart lena mbaineann.
I gcásanna áirithe den sórt sin, ba cheart go mbeadh institiúidí oidhreachta cultúrtha in ann saothair agus ábhar eile nach bhfuil ar fáil ar bhonn tráchtála atá ina mbailiúchán ar líne ar bhonn buan a chur ar fáil ar líne i gcríocha uile an Aontais faoi eisceacht chomhchuibhithe nó faoi theorainn chomhchuibhithe ar chóipcheart agus ar chearta gaolmhara.
Tá sé tábhachtach nach dtarlóidh úsáidí faoin eisceacht sin nó faoin teorainn sin ach amháin i gcás go gcomhlíonfar coinníollacha áirithe, go háirithe maidir le réitigh cheadúnúcháin a bheith ar fáil.
Níor cheart an easpa comhaontaithe maidir le coinníollacha an cheadúnais a léiriú mar easpa infhaighteachta réiteach ceadúnúcháin.
- = -
(35) Ba cheart coimircí iomchuí a bheith ar fáil do na sealbhóirí cirt go léir, ar cheart an deis a thabhairt dóibh cur i bhfeidhm na sásraí ceadúnúcháin agus na heisceachta nó na teorann a thugtar isteach leis an Treoir seo le haghaidh úsáid a bhaint as saothair nó as ábhair eile nach bhfuil ar fáil ar bhonn tráchtála a eisiamh maidir le gach cuid dá saothar nó ábhar eile, nó maidir leis na ceadúnais nó na húsáidí uile faoin eisceacht nó faoin teorainn, nó maidir le saothair ar leith nó ábhar eile ar leith nó maidir le ceadúnais nó úsáidí áirithe faoin eisceacht nó faoin teorainn, ag aon tráth roimh an gceadúnas nó le linn ré an cheadúnais nó roimh na húsáidí faoin eisceacht nó faoin teorainn nó lena linn.
Níor cheart go ndéanfadh na coinníollacha atá ag gabháil leis na sásraí ceadúnúcháin sin difear dá n-ábharthacht phraiticiúil d'institiúidí oidhreachta cultúrtha.
I gcás ina ndéanfaidh sealbhóir cirt eisiamh ar chur i bhfeidhm na sásraí sin nó na heisceachta nó teorann sin maidir le ceann amháin nó níos mó de shaothair nó ábhair eile, tá sé tábhachtach go ndéanfar aon úsáidí leanúnacha a fhoirceannadh laistigh de thréimhse réasúnta, agus, sa chás go ndéanfar iad faoi chomhcheadúnas, scoirfidh an eagraíocht chomhbhainistíochta eolach sin de bheith ag eisiúint ceadúnas lena gcumhdaítear na húsáidí ábhartha.
Níor cheart go ndéanfadh an t-eisiamh sin ag sealbhóirí cirt difear dá n-éilimh ar luach saothair atá ag dul le húsáid iarbhír an tsaothair nó ábhair eile faoin gceadúnas.
- = -
(41) Aon fhaisnéis maidir le húsáid thodhchaíoch agus leanúnach na saothar nó ábhair eile nach bhfuil ar fáil ar bhonn tráchtála ag institiúidí oidhreachta cultúrtha ar bhonn na Treorach seo agus na socruithe atá i bhfeidhm i gcomhair na sealbhóirí cirt uile eisiamh a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na gceadúnas nó na heisceachta ná na teorann maidir lena saothair nó ábhar eile, ba cheart í a phoibliú go leormhaith roimh agus le linn na húsáide faoi cheadúnas nó faoin eisceacht nó faoin teorainn, de réir mar is iomchuí.
Tá poibliú den sórt sin tábhachtach go háirithe nuair a tharlóidh úsáidí thar theorainneacha sa mhargadh inmheánach.
Mar sin, is iomchuí foráil a dhéanamh chun tairseach aonair ar líne atá inrochtana go poiblí a chruthú chun go gcuirfidh an tAontas d'fhonn an fhaisnéis sin ar fáil don phobal ar feadh tréimhse réasúnach ama sula dtarlóidh an úsáid.
Ba cheart go n-éascófaí leis an tairseach sin an fhéidearthacht do shealbhóirí eisiamh a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na gceadúnas nó na heisceachta nó na teorann maidir lena saothair nó ábhar eile.
Faoi Rialachán (AE) Uimh. 386/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11), cuirtear cúraimí agus gníomhaíochtaí áirithe ar iontaoibh Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh, arna maoiniú trí úsáid a bhaint as a modhanna buiséadacha féin agus a bhfuil sé mar aidhm acu gníomhaíochtaí na n-údarás náisiúnta, na hearnála poiblí agus institiúidí an Aontais a éascú agus tacú leo sa chomhrac in aghaidh sárú ar chearta maoine intleachtúla, lena n-áirítear an sárú a chosc.
Is iomchuí mar sin dul ar iontaoibh na Oifige sin chun an tairseach Eorpach a bhunú agus a bhainistiú lena gcuirtear an fhaisnéis sin ar fáil.
- = -
(45) I bhfianaise chineál roinnt úsáidí, mar aon leis an méid mór saothar a bhíonn i gceist de ghnáth, bíonn costas idirbheartaíochta imréiteach na gceart aonair le gach sealbhóir cirt lena mbaineann ró-ard.
Dá thoradh sin, ní dócha, gan sásraí comhcheadúnaithe éifeachtacha, ní dócha go dtarlódh na hidirbhearta uile sna réimsí sin ar gá leo chun go bhféadfaí úsáid a bhaint as na saothair nó ábhar eile sin.
Le comhcheadúnú leathnaithe ag eagraíochtaí comhbhainistíochta agus sásraí comhchosúla, d'fhéadfadh sé a bheith indéanta comhaontuithe a thabhairt i gcrích sna limistéir sin i gcás nach soláthraítear, le comhcheadúnú bunaithe ar údarú ó shealbhóirí cirt, réiteach uileghabhálach lena gcumhdaítear gach saothar agus ábhar eile atá le húsáid.
Comhlánaíonn na sásraí sin comhbhainistíocht na gceart atá bunaithe ar údarú aonair ó shealbhóirí cirt, trí dheimhneacht dhlíthiúil iomlán a thabhairt d'úsáideoirí i gcásanna áirithe.
San am céanna, tugann siad deis do shealbhóirí cirt tairbhiú d'úsáid dhlisteanach a gcuid saothar.
- = -
(60) Is minic a fheidhmíonn foilsitheoirí, lena n-áirítear foilsitheoirí preasfhoilseachán, leabhar nó foilseachán eolaíoch agus foilseachán ceoil, ar bhonn aistriú chearta an údair trí bhíthin comhaontuithe conarthacha nó forálacha reachtúla.
Sa chomhthéacs sin, déanann foilsitheoirí infheistíocht d'fhonn na saothair atá ina bhfoilseacháin a shaothrú agus d'fhéadfadh sé i roinnt cásanna go mbainfí ioncam díobh i gcás go n-úsáidfí na saothair sin faoi eisceachtaí nó faoi theorainneacha amhail na cinn le haghaidh cóipeáil phríobháideach agus reipreagrafaíochta, lena n-áirítear na scéimeanna náisiúnta comhfhreagracha atá ann cheana le haghaidh reipreagrafaíocht sna Ballstáit, nó faoi scéimeanna iasachta poiblí.
Roinntear an cúiteamh in úsáidí faoi na heisceachtaí sin idir údair agus foilsitheoirí i roinnt Ballstát.
Chun an staid sin a chur san áireamh agus chun deimhneacht dhlíthiúil a fheabhsú do gach páirtí lena mbaineann, ceadaíonn an Treoir seo do na Ballstáit a bhfuil scéimeanna maidir le cúiteamh a chomhroinnt idir údair agus foilsitheoirí i bhfeidhm cheana acu na scéimeanna sin a choinneáil.
Tá tábhacht faoi leith ag baint leis sin i gcás na mBallstát sin a raibh na sásraí sin le haghaidh cúiteamh a chomhroinnt acu roimh an 12 Samhain 2015.
I mBallstáit eile, áfach, ní dhéantar cúiteamh a chomhroinnt agus is leis na húdair amháin é, i gcomhréir le beartais chultúrtha náisiúnta.
Cé gur cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo ar bhealach neamh-idirdhealaitheach maidir leis na Ballstáit uile, ba cheart na traidisiúin sa réimse sin a urramú leis agus níor cheart a chur d'oibleagáid ar na Ballstáit sin nach bhfuil na scéimeanna sin um chomhroinnt cúitimh i bhfeidhm iontu faoi láthair iad a thabhairt isteach.
Leis an Treoir seo, níor cheart difear a dhéanamh do shocruithe sa Bhallstát atá ann cheana nó a bheidh ann amach anseo maidir le luach saothair i gcomhthéacs iasachtú poiblí.
- = -
(73) Ba cheart go mbeadh an luach saothair a fhaigheann údair agus taibheoirí iomchuí agus comhréireach leis an luach eacnamaíoch iarbhír nó féideartha a ghabhann le cearta faoi cheadúnas nó cearta aistrithe, ag cur san áireamh rannchuidiú an údair nó an taibheora i leith an tsaothair ina iomláine nó an ábhair ina iomláine agus imthosca uile an cháis, amhail cleachtais an mhargaidh nó saothrú iarbhír an tsaothair.
Is féidir le híocaíocht chnapshuime a bheith ina luach saothair comhréireach freisin, ach níor cheart gurb é sin a bheadh ann mar riail.
Ba cheart go mbeadh an saoirse ag na Ballstáit cásanna sonracha a shainiú ina bhféadfaí cnapshuimeanna a chur i bhfeidhm ag cur sonraíochtaí gach earnála san áireamh.
Ba cheart go mbeadh an tsaoirse ag na Ballstáit prionsabal an luacha saothair iomchuí agus chomhréirigh a chur chun feidhme trí shásraí éagsúla atá cheana ann nó a thabharfar isteach as an nua, agus a bhféadfadh cómhargáil nó sásraí eile a bheith san áireamh leo, ar choinníoll go bhfuil na sásraí sin i gcomhréir le dlí infheidhme an Aontais.
- = -
(75) Toisc gur gnách le húdair agus le taibheoirí a bheith sa riocht níos laige go conarthach nuair a dheonaíonn siad ceadúnais nó nuair a aistríonn siad a gcearta, tá faisnéis de dhíth orthu chun luach leantach eacnamaíoch a gceart a mheas, i gcomparáid leis an luach saothair a fuair siad don cheadúnas nó don aistriú, ach is minic a bhíonn easpa trédhearcachta rompu.
Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, go mbeadh faisnéis leormhaith agus chruinn á roinnt ag a gcomhpháirtithe conarthacha nó ag a gcomharbaí i dteideal, le haghaidh na trédhearcachta agus na cothromaíochta sa chóras a rialaíonn luach saothair na n-údar agus na dtaibheoirí.
Ba cheart don fhaisnéis sin a bheith cothrom le dáta chun go bhféadfar sonraí úrnua a rochtain, ábhartha do shaothrú an tsaothair nó an taibhithe, agus cuimsitheach ar bhealach go gclúdódh sé na foinsí uile ioncaim is ábhartha don chás, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, ioncaim mharsantachta.
Ar feadh na tréimhse a mhaireann an saothrú, ba cheart do chontrapháirtithe conarthacha na n-údar agus na dtaibheoirí an fhaisnéis atá ar fáil dóibh i dtaobh na modhanna uile saothraithe agus gach ioncam ábhartha ar fud an domhain a sholáthar ag eatraimh rialta atá iomchuí san earnáil ábhartha, ach é sin a dhéanamh ar a laghad uair sa bhliain.
Ba cheart an fhaisnéis sin a sholáthar ar bhealach atá cuimsitheach don údar nó don taibheoir agus ba cheart go bhfágfadh sé gur féidir measúnú éifeachtach a dhéanamh ar luach eacnamaíoch na gceart i dtrácht.
Mar sin féin, níor cheart go mbeadh feidhm ag oibleagáid na trédhearcachta ach amháin sa chás inar cearta ábhartha cóipchirt atá i gceist.
An phróiseáil ar shonraí pearsanta, amhail mionsonraí teagmhála agus faisnéis i dtaobh luach saothair, atá riachtanach chun údair agus taibheoirí a choinneáil ar an eolas i dtaobh shaothrú a saothar agus a dtaibhithe, ba cheart í a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 6(1)(c) de Rialachán (AE) 2016/679.
- = -
(77) Agus an oibleagáid trédhearcachta dá bhforáiltear sa Treoir seo á cur chun feidhme, ba cheart do na Ballstáit sainiúlachtaí na n-earnálacha éagsúla a chur san áireamh, amhail na sainiúlachtaí a bhaineann le hearnáil an cheoil, an earnáil closamhairc agus an earnáil foilsitheoireachta agus ba cheart do na geallsealbhóirí ábhartha uile a bheith rannpháirteach nuair a bhíonn ceanglais earnáilsonracha á gcinneadh.
I gcás inarb ábhartha, ba cheart a shuntasaí atá rannchuidiú na n-údar agus na dtaibheoirí sa saothar iomlán nó sa taibhiú iomlán a bhreithniú freisin.
Ba cheart cómhargáil a bhreithniú mar rogha chun teacht ar chomhaontú idir na geallsealbhóirí ábhartha maidir le trédhearcacht, Ba cheart leis na comhaontuithe sin go ndéanfaí an t-ardleibhéal céanna trédhearcachta agus atá mar na híoscheanglais dá bhforáiltear sa Treoir seo a áirithiú d'údair agus do thaibheoirí.
Chun gur féidir na cleachtais tuairiscithe atá ann cheana féin a chur in oiriúint don oibleagáid trédhearcachta, ba cheart foráil a dhéanamh maidir le hidirthréimhse.
Níor cheart gur gá an oibleagáid trédhearcachta a chur i bhfeidhm i ndáil le comhaontuithe a dhéanamh idir sealbhóirí cirt agus eagraíochtaí comhbhainistíochta, eintitis bhainistíochta neamhspleácha nó eintitis eile atá faoi réir rialacha náisiúnta lena ndéantar Treoir 2014/26/AE a chur chun feidhme mar go bhfuil na heagraíochtaí nó eintitis sin faoi réir oibleagáidí trédhearcachta cheana féin faoi Airteagal 18 de Threoir 2014/26/AE.
Tá feidhm ag Airteagal 18 de Threoir 204/26/AE maidir le heagraíochtaí a dhéanann bainistiú ar chóipcheart nó ar chearta gaolmhara thar ceann shealbhóir cirt amháin nó níos mó ar mhaithe le tairbhe chomhchoiteann na sealbhóirí cirt sin.
Ba cheart, áfach, i gcás comhaontuithe arna gcaibidliú go haonair agus a thugtar i gcrích idir sealbhóir cirt agus a gcontrapháirtithe conarthacha siúd a bhíonn ag gníomhú chun a leasa féin, go mbeidís faoi réir na hoibleagáide trédhearcachta dá bhforáiltear sa Treoir seo.
- = -
(78) Conarthaí áirithe le haghaidh saothrú na gceart atá comhchuibhithe ar leibhéal an Aontais, gabhann ré fada leo agus is beag deiseanna a bhíonn ann d'údair ná do thaibheoirí iad a athchaibidliú lena gcomhpháirtithe conarthacha nó lena gcomharbaí i dteideal nuair a tharlaíonn sé go mbíonn luach eacnamaíoch na gceart go suntasach níos mó ná an luach a measadh ar dtús báire.
Dá réir sin, gan dochar don dlí is infheidhme maidir le conarthaí sna Ballstáit, ba cheart sásra coigeartaithe luacha saothair a sholáthar maidir le cásanna ina dtiocfaidh an luach saothair arna chomhaontú ar dtús faoi cheadúnas nó faoi chearta a aistriú chun bheith go soiléir díréireach íseal i gcomparáid leis na hioncaim ábhartha a dhíorthaítear ó shaothrú an tsaothair nó fosú an taibhithe ina dhiaidh sin ag contrapháirtí conarthach an údair nó an taibheora.
Ba cheart na hioncaim uile is ábhartha don chás, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, ioncaim mharsantachta, a chur san áireamh le haghaidh measúnú an bhfuil an luach saothar íseal ar bhealach díréireach.
Ba cheart agus an staid á measúnú, na himthosca sonracha a bhaineann le gach cás ar leith a chur san áireamh, lena n-áirítear rannchuidiú an údair nó an taibheora, chomh maith le sainiúlachtaí agus cleachtais luacha saothair na n-earnálacha éagsúla inneachair, agus cibé an bhfuil an conradh bunaithe ar chomhaontú cómhargála.
Ionadaithe údar agus taibheoirí atá sainordaithe go cuí i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, i gcomhlíonadh dhlí an Aontais, ba cheart go mbeidís in ann cúnamh a thabhairt d'údar nó taibheoir amháin nó níos mó nuair a iarrann siadsan coigeartú ar chonarthaí, ag cur san áireamh dóibh freisin leasanna údair agus taibheoirí eile nuair is ábhartha.
- = -