keyboard_tab Diritto d'autore 2019/0790 GA
BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf
- 2 Airteagal 19 Oibleagáid trédhearcachta
- 2 Airteagal 20 Sásra coigeartaithe conartha
TEIDEAL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA
TEIDEAL II
BEARTA CHUN EISCEACHTAÍ AGUS TEORAINNEACHA A OIRIÚNÚ DON TIMPEALLACHT DHIGITEACH AGUS DON TIMPEALLACHT TRASTEORANN
TEIDEAL III
BEARTA CHUN FEABHAS A CHUR AR CHLEACHTAIS CHEADÚNAITHE AGUS ROCHTAIN NÍOS FAIRSINGE AR INNEACHAR A ÁIRITHIÚ
CAIBIDIL 1
Saothair agus ábhar eile nach bhfuil ar fáil ar bhonn tráchtála
CAIBIDIL 2
Bearta chun comhcheadúnú a éascú
CAIBIDIL 3
Rochtain agus fáil ar shaothair chlosamhairc ar ardáin físeáin ar éileamh
CAIBIDIL 4
Saothair chlosamhairc atá san fhearann poiblí
TEIDEAL IV
BEARTA CHUN MARGADH DEA-FHEIDHMITHE LE hAGHAIDH CÓIPCHIRT A BHAINT AMACH
CAIBIDIL 1
Cearta i bhfoilseacháin
CAIBIDIL 2
Úsáidí áirithe inneachair chosanta ag seirbhísí ar líne
CAIBIDIL 3
Luach saothair cothrom i gconarthaí saothraithe na n-údar agus na dtaibheoirí
TEIDEAL V
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
- agus 14
- airteagal 10
- chun 8
- ballstáit 7
- oibleagáid 6
- faoi 6
- mír 6
- bhfuil 5
- atá 5
- gcás 5
- maidir 5
- arna 4
- faisnéis 4
- lena 4
- leis 4
- eintitis 4
- bheidh 3
- réir 3
- dteideal 3
- luach 3
- nach 3
- cómhargála 3
- fhaisnéis 3
- rialacha 3
- chontrapháirtí 3
- treoir 3
- infheidhme 3
- fhoráil 3
- ndéantar 3
- amach 3
- leagtar 3
- comhaontuithe 3
- saothair 3
- ábhartha 3
- taibhithe 3
- saothrú 3
- mbeidh 3
- feidhm 3
- saothar 3
- Áiritheoidh 3
- trédhearcachta 3
- chur 2
- feidhme 2
- chéad 2
- náisiúnta 2
- féadfaidh 2
- eile 2
- breise 2
- sórt 2
- cheadúnas 2
Airteagal 19
Oibleagáid trédhearcachta
1. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfaighidh na húdair agus na taibheoirí ar bhonn rialta, ar a laghad uair sa bhliain, agus sainiúlachtaí gach earnála á gcur san áireamh, faisnéis chothrom le dáta, ábhartha agus chuimsitheach maidir le saothrú a saothar agus taibhithe ó na páirtithe sin dá bhfuil a gcearta curtha faoi cheadúnas nó aistrithe acu nó óna gcomharbaí i dteideal, go háirithe maidir le modhanna saothraithe, leis na hioncaim iomlána a ghintear agus leis an luach saothair a bheidh dlite.
2. Áiritheoidh na Ballstáit i gcás ina mbíonn na cearta dá dtagraítear i mír 1 curtha faoi cheadúnas ina dhiaidh sin go bhfaighidh údair agus taibhithe nó a n-ionadaithe, arna iarraidh sin dóibh, faisnéis bhreise ó na focheadúnaithe i gcás nach bhfuil an fhaisnéis go léir a bheadh riachtanach chun críocha mhír 1 i seilbh an chéad chontrapháirtí chonarthaigh.
I gcás ina n-iarrtar faisnéis breise den sórt sin, déanfaidh céad chontrapháirtí conarthach na n-údar agus na dtaibheoirí faisnéis a sholáthar maidir le céannacht na bhfocheadúnaithe sin.
Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil go ndéantar aon iarraidh ar fhocheadúnaithe de bhun na chéad fhomhíre go díreach nó go hindíreach trí chontrapháirtí conarthach an údair nó an taibheora.
3. Beidh an oibleagáid a leagtar amach i mír 1 comhréireach agus éifeachtach chun ardleibhéal trédhearcachta a áirithiú i ngach earnáil. I gcásanna cuí-réasúnaithe ina dtiocfadh an t-ualach riaracháin mar thoradh ar an oibleagáid a leagtar amach i mír 1 chun bheith díréireach i bhfianaise na n-ioncam a ghintear trí shaothrú an tsaothair nó an taibhithe, féadfaidh na Ballstáit a fhoráil go bhfuil an oibleagáid teoranta do chineálacha agus leibhéal na faisnéise is féidir a bheith ag súil léi go réasúnach i gcásanna den sórt sin.
4. Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh nach mbeidh feidhm ag an oibleagáid i mír 1 den Airteagal seo i gcás nach mbeidh an rannchuidiú ón údar nó ón taibheoir suntasach ag féachaint don saothar nó taibhiú foriomlán, ach amháin má léiríonn an t-údar nó an taibheoir go bhfuil an fhaisnéis seo ag teastáil uaidh nó uaithi chun a chearta nó a cearta a fheidhmiú faoi Airteagal 20(1) agus go n-iarrann sí nó sé an fhaisnéis chun na críche sin.
5. Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil, i gcás comhaontuithe atá faoi réir nó bunaithe ar chomhaontuithe cómhargála, go mbeadh rialacha trédhearcachta an chomhaontaithe cómhargála ábhartha infheidhme ar choinníoll go gcomhlíonann siad na critéir dá bhforáiltear i míreanna 1 go 4.
6. Sa chás go mbíonn Airteagal 18 de Threoir 2014/26/AE infheidhme, ní bheidh feidhm ag an oibleagáid a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo maidir le comhaontuithe arna dtabhairt chun críche ag eintitis arna sainiú in Airteagal 3(a) agus (b) den Treoir sin nó ag eintitis eile atá faoi réir na rialacha náisiúnta lena ndéantar an Treoir sin a chur chun feidhme.
Airteagal 20
Sásra coigeartaithe conartha
1. Áiritheoidh na Ballstáit, in éagmais comhaontú cómhargála is infheidhme lena bhforáiltear do shásra atá inchomparáide leis an méid atá leagtha amach san Airteagal seo, go mbeidh na húdair agus na taibheoirí nó a n-ionadaithe i dteideal luach saothair breise, iomchuí agus cothrom a éileamh ón bpáirtí lena ndearna siad conradh le haghaidh saothrú na gceart nó ó chomharbaí i dteideal an pháirtí sin, nuair a tharlaíonn sé go bhfuil an luach saothair a aontaíodh ar dtús go díréireach íseal i gcomparáid leis na hioncaim ábhartha uile ina dhiaidh sin a dhíorthaíonn as saothrú na saothar nó na dtaibhithe.
2. Ní bheidh feidhm ag mír 1 den Airteagal seo maidir le comhaontuithe arna dtabhairt i gcrích ag eintitis a shainítear in Airteagal 3(a) agus (b) de Threoir 2014/26/AE nó ag eintitis eile atá faoi réir na rialacha náisiúnta lena ndéantar an Treoir sin a chur chun feidhme.
whereas