(47) Tá sé tábhachtach nach gcuirtear na sásraí sin i bhfeidhm ach i limistéir úsáide atá sainithe go maith, i gcásanna inar gnách go mbíonn sé an-deacair agus neamhphraiticiúil údaruithe a fháil ó shealbhóirí cirt ar bhonn aonair sa mhéid agus nach dócha go dtarlódh an t-idirbheart ceadúnúcháin is gá, eadhon ceann a bhaineann le ceadúnas lena gcumhdaítear na sealbhóirí cirt go léir lena mbaineann, de bharr chineál na húsáide nó chineálacha na saothar lena mbaineann.
Ba cheart na sásraí sin a bheith bunaithe ar chritéir atá oibiachtúil, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach maidir leis an gcaoi a gcaitear le sealbhóirí cirt, lena n-áirítear sealbhóirí cirt nach comhaltaí den chomheagraíocht bainistíochta iad.
Go háirithe, maidir le sealbhóirí cirt lena mbaineann, i gcás nach náisiúnaigh ná cónaitheoirí iad de Bhallstát an úsáideora a bhfuil ceadúnas á lorg acu, nó i gcás nach bhfuil siad bunaithe ann, níor cheart an fíoras sin ann féin a bheith ina chúis lena mheas go bhfuil imréiteach na gceart chomh trom agus chomh neamhphraiticiúil sin agus go mbeadh údar maith leis na sásraí sin a úsáid.
Tá sé chomh tábhachtach céanna nach ndéanfaidh úsáid ceadúnaithe difear díobhálach do luach eacnamaíoch na gceart ábhartha ná sochair thráchtála shuntasacha a bhaint de shealbhóirí cirt.
- = -
(51) Tá an acmhainn ag seirbhísí físeáin ar éileamh ról cinntitheach a bheith acu agus saothair chlosamhairc á scaipeadh ar fud an Aontais. Tá infhaighteacht na saothar sin fós teoranta, áfach, go háirithe saothair Eorpacha, ar sheirbhísí físeán ar éileamh.
D'fhéadfadh sé a bheith deacair comhaontuithe maidir le saothrú ar líne na saothar sin a thabhairt chun críche de bharr saincheisteanna a bhaineann le cearta a cheadúnú.
D'fhéadfadh na saincheisteanna sin teacht chun cinn, mar shampla, i gcás ina mbeadh dreasacht eacnamaíoch íseal ag sealbhóir na gceart i gcás críoch ar leith obair ar líne a shaothrú agus nach ndéanann an sealbhóir sin na cearta ar líne a cheadúnú nó a choimeád siar, rud d'fhéadfadh a bheith ina chúis le neamh-infhaighteacht na saothar closamhairc ar sheirbhísí físeán ar éileamh.
D'fhéadfadh saincheisteanna eile a bheith nasctha le deiseanna saothraithe.
- = -
(58) Féadfar a áireamh ar úsáidí preasfhoilseacháin ag soláthraithe seirbhíse sochaí faisnéise úsáid foilseachán nó alt ina n-iomláine ach chomh maith leis sin codanna de phreasfhoilseacháin.
Tá ábharthacht eacnamaíoch ag baint leis an gcaoi sin a n-úsáidtear codanna de na preasfhoilseacháin freisin.
San am céanna, ní gá go ndéanfadh úsáid focal aonair nó sleachta an-ghearr as preasfhoilseacháin ag soláthraí seirbhíse sochaí faisnéise an bonn a bhaint ó fhoilsitheoirí preasfhoilseachán i dtáirgeadh ábhair.
Dá bhrí sin, is iomchuí foráil a dhéanamh nár cheart go dtiocfadh úsáid focal aonair nó sleachta as preasfhoilseacháin faoi raon feidhme na gceart dá bhforáiltear sa Treoir seo. Agus comhbhailiú agus úsáid ollmhór preasfhoilseachán ag soláthraithe seirbhíse sochaí faisnéise á gcur san áireamh, tá sé tábhachtach go léireofaí eisiamh sleachta an-ghearr sa chaoi nach ndéanfaidh siad difear d'éifeachtacht na gceart dá bhforáiltear sa Treoir seo.
- = -
(73) Ba cheart go mbeadh an luach saothair a fhaigheann údair agus taibheoirí iomchuí agus comhréireach leis an luach eacnamaíoch iarbhír nó féideartha a ghabhann le cearta faoi cheadúnas nó cearta aistrithe, ag cur san áireamh rannchuidiú an údair nó an taibheora i leith an tsaothair ina iomláine nó an ábhair ina iomláine agus imthosca uile an cháis, amhail cleachtais an mhargaidh nó saothrú iarbhír an tsaothair.
Is féidir le híocaíocht chnapshuime a bheith ina luach saothair comhréireach freisin, ach níor cheart gurb é sin a bheadh ann mar riail.
Ba cheart go mbeadh an saoirse ag na Ballstáit cásanna sonracha a shainiú ina bhféadfaí cnapshuimeanna a chur i bhfeidhm ag cur sonraíochtaí gach earnála san áireamh.
Ba cheart go mbeadh an tsaoirse ag na Ballstáit prionsabal an luacha saothair iomchuí agus chomhréirigh a chur chun feidhme trí shásraí éagsúla atá cheana ann nó a thabharfar isteach as an nua, agus a bhféadfadh cómhargáil nó sásraí eile a bheith san áireamh leo, ar choinníoll go bhfuil na sásraí sin i gcomhréir le dlí infheidhme an Aontais.
- = -
(74) Tá gá ag údair agus taibheoirí le faisnéis chun luach eacnamaíoch ceart dá gcuid a mheas atá comhchuibhithe faoi dhlí an Aontais. Is é seo an cás go háirithe nuair a dheonaíonn daoine nádúrtha ceadúnas nó nuair a aistríonn siad cearta ar mhaithe le saothrú i gcomaoin ar luach saothair.
Ní thagann an gá sin chun cinn nuair a thagann deireadh leis an saothrú, nó nuair atá ceadúnas deonaithe don phobal i gcoitinne gan aon luach saothair ag an údar nó taibheoir.
- = -
(75) Toisc gur gnách le húdair agus le taibheoirí a bheith sa riocht níos laige go conarthach nuair a dheonaíonn siad ceadúnais nó nuair a aistríonn siad a gcearta, tá faisnéis de dhíth orthu chun luach leantach eacnamaíoch a gceart a mheas, i gcomparáid leis an luach saothair a fuair siad don cheadúnas nó don aistriú, ach is minic a bhíonn easpa trédhearcachta rompu.
Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, go mbeadh faisnéis leormhaith agus chruinn á roinnt ag a gcomhpháirtithe conarthacha nó ag a gcomharbaí i dteideal, le haghaidh na trédhearcachta agus na cothromaíochta sa chóras a rialaíonn luach saothair na n-údar agus na dtaibheoirí.
Ba cheart don fhaisnéis sin a bheith cothrom le dáta chun go bhféadfar sonraí úrnua a rochtain, ábhartha do shaothrú an tsaothair nó an taibhithe, agus cuimsitheach ar bhealach go gclúdódh sé na foinsí uile ioncaim is ábhartha don chás, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, ioncaim mharsantachta.
Ar feadh na tréimhse a mhaireann an saothrú, ba cheart do chontrapháirtithe conarthacha na n-údar agus na dtaibheoirí an fhaisnéis atá ar fáil dóibh i dtaobh na modhanna uile saothraithe agus gach ioncam ábhartha ar fud an domhain a sholáthar ag eatraimh rialta atá iomchuí san earnáil ábhartha, ach é sin a dhéanamh ar a laghad uair sa bhliain.
Ba cheart an fhaisnéis sin a sholáthar ar bhealach atá cuimsitheach don údar nó don taibheoir agus ba cheart go bhfágfadh sé gur féidir measúnú éifeachtach a dhéanamh ar luach eacnamaíoch na gceart i dtrácht.
Mar sin féin, níor cheart go mbeadh feidhm ag oibleagáid na trédhearcachta ach amháin sa chás inar cearta ábhartha cóipchirt atá i gceist.
An phróiseáil ar shonraí pearsanta, amhail mionsonraí teagmhála agus faisnéis i dtaobh luach saothair, atá riachtanach chun údair agus taibheoirí a choinneáil ar an eolas i dtaobh shaothrú a saothar agus a dtaibhithe, ba cheart í a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 6(1)(c) de Rialachán (AE) 2016/679.
- = -
(76) Chun a áirithiú go ndéantar faisnéis a bhaineann leis an saothrú a sholáthar go cuí d'údair agus do thaibheoirí freisin sna cásanna ina bhfuil na cearta faoi fhochonradh chuig páirtithe eile a shaothraíonn na cearta, déanann an Treoir seo an teideal a thabhairt d'údair agus do thaibheoirí, i gcásanna ina bhfuil an fhaisnéis atá ar fáil dóibh soláthraithe ag an gcéad chontrapháirtí conarthach ach nach leor an fhaisnéis a fuarthas chun luach eacnamaíoch a gceart a mheasúnú, faisnéis ábhartha bhreise a iarraidh maidir le saothrú a gceart.
Ba cheart an iarraidh sin a dhéanamh go díreach ar fhocheadúnaithe nó trí chontrapháirtithe conarthacha na n-údar agus na dtaibheoirí..
Ba cheart go bhféadfadh údair agus taibheoirí agus a gcontrapháirtithe conarthacha a chomhaontú go ndéanfaí an fhaisnéis chomhroinnte a choinneáil i modh rúin, ach ba cheart i gcónaí go mbeadh an deis ag údair agus taibheoirí an fhaisnéis chomhroinnte a úsáid chun críche a gcearta faoin Treoir seo a fheidhmiú.
Ba cheart go mbeadh an rogha ag na Ballstáit, i gcomhlíonadh dhlí an Aontais, foráil do bhearta breise trí fhorálacha náisiúnta chun trédhearcacht d'údair agus do thaibheoirí a áirithiú.
- = -
(78) Conarthaí áirithe le haghaidh saothrú na gceart atá comhchuibhithe ar leibhéal an Aontais, gabhann ré fada leo agus is beag deiseanna a bhíonn ann d'údair ná do thaibheoirí iad a athchaibidliú lena gcomhpháirtithe conarthacha nó lena gcomharbaí i dteideal nuair a tharlaíonn sé go mbíonn luach eacnamaíoch na gceart go suntasach níos mó ná an luach a measadh ar dtús báire.
Dá réir sin, gan dochar don dlí is infheidhme maidir le conarthaí sna Ballstáit, ba cheart sásra coigeartaithe luacha saothair a sholáthar maidir le cásanna ina dtiocfaidh an luach saothair arna chomhaontú ar dtús faoi cheadúnas nó faoi chearta a aistriú chun bheith go soiléir díréireach íseal i gcomparáid leis na hioncaim ábhartha a dhíorthaítear ó shaothrú an tsaothair nó fosú an taibhithe ina dhiaidh sin ag contrapháirtí conarthach an údair nó an taibheora.
Ba cheart na hioncaim uile is ábhartha don chás, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, ioncaim mharsantachta, a chur san áireamh le haghaidh measúnú an bhfuil an luach saothar íseal ar bhealach díréireach.
Ba cheart agus an staid á measúnú, na himthosca sonracha a bhaineann le gach cás ar leith a chur san áireamh, lena n-áirítear rannchuidiú an údair nó an taibheora, chomh maith le sainiúlachtaí agus cleachtais luacha saothair na n-earnálacha éagsúla inneachair, agus cibé an bhfuil an conradh bunaithe ar chomhaontú cómhargála.
Ionadaithe údar agus taibheoirí atá sainordaithe go cuí i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, i gcomhlíonadh dhlí an Aontais, ba cheart go mbeidís in ann cúnamh a thabhairt d'údar nó taibheoir amháin nó níos mó nuair a iarrann siadsan coigeartú ar chonarthaí, ag cur san áireamh dóibh freisin leasanna údair agus taibheoirí eile nuair is ábhartha.
- = -