keyboard_tab Diritto d'autore 2019/0790 GA
BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf
- Airteagal 1 Ábhar agus raon feidhme
- Airteagal 2 Sainmhínithe
- Airteagal 3 Mianadóireacht téacsanna agus sonraí chun críocha taighde eolaíochta
- Airteagal 4 Eisceacht nó teorainn le haghaidh mianadóireacht téacsanna agus sonraí
- Airteagal 5 Saothair agus ábhar eile a úsáid i ngníomhaíochtaí teagaisc digiteacha agus trasteorann
- Airteagal 6 Oidhreacht chultúrtha a chaomhnú
- Airteagal 7 Forálacha coiteanna
- Airteagal 8 Úsáid á baint ag institiúidí oidhreachta cultúrtha as saothair agus ábhar eile nach bhfuil ar fáil ar bhonn tráchtála
- Airteagal 9 Úsáidí trasteorann
- Airteagal 10 Bearta poiblíochta
- Airteagal 11 Idirphlé na ngeallsealbhóirí
- Airteagal 12 Comhcheadúnú le héifeacht leathnaithe
- Airteagal 13 Sásra caibidlíochta
- Airteagal 14 Saothair chlosamhairc atá san fhearann poiblí
- Airteagal 15 Preasfhoilseacháin a chosaint i dtaobh úsáidí ar líne
- Airteagal 16 Éilimh ar chúiteamh cothrom
- Airteagal 17 Úsáid inneachair chosanta ag soláthraithe seirbhísí atá ag comhroinnt inneachar ar líne
- Airteagal 18 Prionsabal an luacha saothair iomchuí agus chomhréirigh
- Airteagal 19 Oibleagáid trédhearcachta
- Airteagal 20 Sásra coigeartaithe conartha
- Airteagal 21 Nós imeachta um réiteach malartach díospóide
- Airteagal 22 Ceart cúlghairme
- Airteagal 23 Forálacha coiteanna
- Airteagal 24 Leasuithe ar Threoracha 96/9/CE agus 2001/29/CE
- Airteagal 25 Gaol le heisceachtaí agus le teorainneacha dá bhforáiltear i dtreoracha eile
- Airteagal 26 Cur i bhfeidhm i dtaca le ham
- Airteagal 27 Foráil idirthréimhseach
- Airteagal 28 Cosaint sonraí pearsanta
- Airteagal 29 Trasuí
- Airteagal 30 Athbhreithniú
- Airteagal 31 Teacht i bhfeidhm
- Airteagal 32 Seolaithe
TEIDEAL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA
TEIDEAL II
BEARTA CHUN EISCEACHTAÍ AGUS TEORAINNEACHA A OIRIÚNÚ DON TIMPEALLACHT DHIGITEACH AGUS DON TIMPEALLACHT TRASTEORANN
TEIDEAL III
BEARTA CHUN FEABHAS A CHUR AR CHLEACHTAIS CHEADÚNAITHE AGUS ROCHTAIN NÍOS FAIRSINGE AR INNEACHAR A ÁIRITHIÚ
CAIBIDIL 1
Saothair agus ábhar eile nach bhfuil ar fáil ar bhonn tráchtála
CAIBIDIL 2
Bearta chun comhcheadúnú a éascú
CAIBIDIL 3
Rochtain agus fáil ar shaothair chlosamhairc ar ardáin físeáin ar éileamh
CAIBIDIL 4
Saothair chlosamhairc atá san fhearann poiblí
TEIDEAL IV
BEARTA CHUN MARGADH DEA-FHEIDHMITHE LE hAGHAIDH CÓIPCHIRT A BHAINT AMACH
CAIBIDIL 1
Cearta i bhfoilseacháin
CAIBIDIL 2
Úsáidí áirithe inneachair chosanta ag seirbhísí ar líne
CAIBIDIL 3
Luach saothair cothrom i gconarthaí saothraithe na n-údar agus na dtaibheoirí
TEIDEAL V
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
- whereas (1)
- whereas (2)
- whereas (3)
- whereas (4)
- whereas (5)
- whereas (6)
- whereas (7)
- whereas (8)
- whereas (9)
- whereas (10)
- whereas (11)
- whereas (12)
- whereas (13)
- whereas (14)
- whereas (15)
- whereas (16)
- whereas (17)
- whereas (18)
- whereas (19)
- whereas (20)
- whereas (21)
- whereas (22)
- whereas (23)
- whereas (24)
- whereas (25)
- whereas (26)
- whereas (27)
- whereas (28)
- whereas (29)
- whereas (30)
- whereas (31)
- whereas (32)
- whereas (33)
- whereas (34)
- whereas (35)
- whereas (36)
- whereas (37)
- whereas (38)
- whereas (39)
- whereas (40)
- whereas (41)
- whereas (42)
- whereas (43)
- whereas (44)
- whereas (45)
- whereas (46)
- whereas (47)
- whereas (48)
- whereas (49)
- whereas (50)
- whereas (51)
- whereas (52)
- whereas (53)
- whereas (54)
- whereas (55)
- whereas (56)
- whereas (57)
- whereas (58)
- whereas (59)
- whereas (60)
- whereas (61)
- whereas (62)
- whereas (63)
- whereas (64)
- whereas (65)
- whereas (66)
- whereas (67)
- whereas (68)
- whereas (69)
- whereas (70)
- whereas (71)
- whereas (72)
- whereas (73)
- whereas (74)
- whereas (75)
- whereas (76)
- whereas (77)
- whereas (78)
- whereas (79)
- whereas (80)
- whereas (81)
- whereas (82)
- whereas (83)
- whereas (84)
- whereas (85)
- whereas (86)
- bhfuil 20
- agus 17
- eile 16
- ábhar 14
- fáil 12
- bhonn 9
- saothar 9
- saothair 9
- nach 9
- tráchtála 8
- cirt 7
- airteagal 7
- mír 7
- ballstáit 6
- eagraíocht 6
- chomhbhainistíochta 6
- tír 6
- atá 6
- gcás 5
- chun 5
- chur 5
- bheith 5
- bhforáiltear 4
- teorainn 4
- maidir 4
- éis 4
- réasúnach 4
- oidhreachta 4
- cultúrtha 4
- lena 4
- amach 3
- sealbhóirí 3
- //ce 3
- threoir 3
- eisceacht 3
- tríú 3
- phobal 3
- forálfaidh 3
- feidhm 3
- chinneadh 3
- dtríú 3
- ceadúnas 3
- foráil 3
- neamhthráchtála 3
- gcrích 2
- gcomhréir 2
- déanfaidh 2
- cineamatagraif 2
- chuid 2
- bhféadfaidh 2
Airteagal 8
Úsáid á baint ag institiúidí oidhreachta cultúrtha as saothair agus ábhar eile nach bhfuil ar fáil ar bhonn tráchtála
1. Forálfaidh na Ballstáit go bhféadfaidh eagraíocht chomhbhainistíochta, i gcomhréir lena sainorduithe ó shealbhóirí cirt, ceadúnas neamheisiach a thabhairt i gcrích chun críocha neamhthráchtála le hinstitiúid oidhreachta cultúrtha chun saothair nó ábhar eile, atá go buan i mbailiúchán na institiúide sin, nach bhfuil ar fáil ar bhonn tráchtála, a atáirgeadh, a dháileadh nó a chur i láthair an phobail nó a chur ar fáil don phobal, gan beann ar cibé a bhfuil sainordú tugtha don eagraíocht chomhbhainistíochta ag na sealbhóirí cirt go léir a chlúdaítear leis an gceadúnas, ar choinníoll:
(a) | go bhfuil an eagraíocht chomhbhainistíochta, ar bhonn a sainorduithe, ionadaíoch a dóthain do na sealbhóirí cirt sa chineál ábhartha saothar nó ábhar eile agus do na cearta atá ina n-ábhar don cheadúnas; agus |
(b) | go ráthaítear cóir chomhionann do gach sealbhóir cirt i ndáil le téarmaí an cheadúnais. |
2. Déanfaidh na Ballstáit foráil maidir le heisceacht nó teorainn ar na cearta dá bhforáiltear in in Airteagal 5(a), (b), (d) agus (e) agus Airteagal 7(1) de Threoir 96/9/CE, Airteagail 2 agus 3 de Threoir 2001/29/CE, in Airteagal 4(1) de Threoir 2009/24/CE agus in Airteagal 15(1) den Treoir seo chun go mbeidh insititiúidí oidhreachta cultúrtha in ann, chun críocha neamhthráchtála, saothair nó ábhar eile nach bhfuil ar fáil ar bhonn tráchtála agus atá go buan ina mbailiúcháin a chur ar fáil, ar choinníoll:
(a) | go sonraítear ainm an údair nó aon sealbhóir cirt eile is inaitheanta, ach amháin i gcás ina dtarlaíonn sé go bhfuil sé dodhéanta é sin a dhéanamh; agus |
(b) | go ndéantar na saothair nó ábhar eile sin a chur ar fáil ar shuíomhanna gréasáin neamhthráchtála. |
3. Forálfaidh na Ballstáit nach mbeidh feidhm ag an eisceacht nó teorainn dá bhforáiltear i mír 2 ach amháin maidir le cineálacha saothair nó ábhar eile nach bhfuil aon eagraíocht chomhbhainistíochta ann ina leith agus a chomhlíonann na coinníollacha atá leagtha amach i bpointe (a) de mhír 1.
4. Forálfaidh na Ballstáit go bhféadfaidh na sealbhóirí cirt go léir, ag aon tráth agus go héasca agus go héifeachtúil, a saothar nó ábhar eile a eisiamh ón sásra ceadúnaithe atá leagtha amach i mír 1 nó ón eisceacht nó teorainn dá bhforáiltear i mír 2 a chur i bhfeidhm, bíodh sin go ginearálta nó i gcásanna sonracha, lena n-áirítear tar éis ceadúnas a bheith tugtha i gcrích nó tar éis tús a bheith curtha leis an úsáid lena mbaineann.
5. Measfar saothar nó ábhar eile gan a bheith ar fáil ar bhonn tráchtála i gcás inar féidir a thoimhdiú de mheon macánta nach bhfuil an saothar nó an t-ábhar eile ina iomláine ar fáil don phobal trí ghnáthmhodhanna tráchtála agus tar éis dícheall réasúnach a bheith déanta chun a dhéanamh amach an bhfuil sé ar fáil don phobal.
Féadfaidh na Ballstáit foráil do cheanglais shonracha, amhail dáta scoite, lena chinneadh an bhféadfar saothair nó ábhar eile a cheadúnú i gcomhréir le mír 1 nó an bhféadfar iad a úsáid faoin eisceacht nó teorainn dá bhforáiltear i mír 2. Ní rachaidh na ceanglais sin thar a bhfuil riachtanach agus réasúnach, agus ní choiscfear leo an fhéidearthacht a chinneadh maidir le sraith saothar nó ábhar eile nach bhfuil siad ina n-iomláine ar fáil ar bhonn tráchtála, i gcás inar réasúnach a thoimhdiú nach bhfuil na saothair agus ábhar eile ar fáil ar bhonn tráchtála.
6. Déanfaidh na Ballstáit foráil go bhfuil gach ceadúnas dá dtagraítear i mír 1 le lorg ó eagraíocht chomhbhainistíochta atá ina hionadaí don Bhallstát san áit a bhfuil an institiúid oidhreachta cultúrtha bunaithe.
7. Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le sraitheanna de shaothair nó ábhar eile nach bhfuil ar fáil ar bhonn tráchtála más rud é, ar bhonn an díchill réasúnaigh dá dtagraítear i mír 5, go bhfuil fianaise ann go bhfuil na sraitheanna comhdhéanta den chuid is mó díobh seo a leanas:
(a) | saothair nó ábhar eile seachas saothar cineamatagraif nó saothar closamhairc, a céadfhoilsíodh nó, in éagmais a bhfoilsithe, a céadchraoladh i dtríú tír; |
(b) | saothar cineamatagraif nó saothar closamhairc, a bhfuil a gceanncheathrú ag a léiritheoirí i dtríú tír, nó a bhfuil gnáthchónaí ar a léiritheoirí i dtríú tír; nó |
(c) | saothair nó ábhar eile de chuid náisiúnaigh tríú tír i gcás, tar éis dícheall réasúnach a bheith déanta, nárbh fhéidir Ballstát ná tríú tír a chinneadh, de bhun phointí (a) agus (b). |
De mhaolú ar an gcéad fhomhír, beidh feidhm ag an Airteagal seo i gcás go bhfuil an eagraíocht chomhbhainistíochta ionadaíoch a dóthain, de réir bhrí phointe (a) de mhír 1, do shealbhóirí cirt an tríú tír ábhartha.
whereas