search


keyboard_tab Diritto d'autore 2019/0790 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2019/0790 GA Art. 15 . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


index :


whereas :


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 126

 

Airteagal 15

Preasfhoilseacháin a chosaint i dtaobh úsáidí ar líne

1.   Déanfaidh na Ballstáit na ceartabhforáiltear in Airteagal 2 agus in Airteagal 3(2) de Threoir 2001/29/CE le haghaidh úsáid ar líne ag soláthraithe seirbhíse sochaí faisnéise as a bpreasfhoilseacháin a sholáthar d'fhoilsitheoirí preasfhoilseachán atá bunaithe i mBallstát.

bheidh feidhm ag na ceartabhforáiltear sa chéad fhomhír maidir le húsáidí príobháideacha nó neamhthráchtála do phreasfhoilseacháin ag úsáideoirí aonair.

An chosaint a dheonaítear faoin gcéad fhomhír, ní bheidh feidhm aige maidir le hipearnascadh.

Na ceartabhforáiltear sa chéad fhomhír, ní bheidh feidhm acu i ndáil le húsáidí a bhaintear as focail aonair nó sleachta an-ghearr as preasfhoilseacháin.

2.   Leis na ceartabhforáiltear i mír 1, fágfar slán na ceartabhforáiltear i ndlithe an Aontais d'údair agus do shealbhóirí cirt eile, i leith na saothar agus an ábhair eile arna n-ionchorprú i bpreasfhoilseachán agusdhéanfar difear leo ar aon slí do cheann ar bith de na cearta sin. Na ceartabhforáiltear i mír 1, ní dhéanfar iad a agairt i gcoinne na n-údar sin agus na sealbhóirí cirt eile agus, go háirithe, ní dhéanfar an ceart atá acu chun a saothair agus as a n-ábhar eile a shaothrú go neamhspleách ón bpreasfhoilseachán ina bhfuil siad ionchorpraithe a bhaint díobh.

Nuair a bhíonn saotharábhar eile ionchorpraithe i bpreasfhoilseachán ar bhonn ceadúnas neamh-eisiach, ní dhéanfar na ceartabhforáiltear i mír 1 a agairt chun úsáid ag úsáideoirí údaraithe eile a thoirmeasc. Ní dhéanfar na ceartabhforáiltear i mír 1 a agairt chun úsáid saotharábhar eile a bhfuil a gcosaint imithe in éag a thoirmeasc.

3.   Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagail 5 go 8 de Threoir 2001/29/CE agus ag Treoir 2012/28/AE agus Treoir (AE) 2017/1564 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19) i leith na gceart dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo.

4.   Rachaidh na ceartabhforáiltear i mír 1 in éag 2 bhliain tar éis fhoilsiú an phreasfhoilseacháin. Deanfar an téarma sin a ríomh ón 1 Eanáir den bhliain tar éis an dáta ar a bhfoilsítear an preasfhoilseachán sin.

bheidh feidhm ag mír 1 maidir le preasfhoilseacháin a céadfhoilsíodh roimh 6 Meitheamh 2019.

5.   Forálfaidh na Ballstáit go bhfaighidh údair saothar atá ionchorpraithe i bpreasfhoilseacháin sciar iomchuí de na hioncaim a fhaigheann na foilsitheoirí nuachtáin as úsáid a bpreasfhoilseachán ag soláthraithe seirbhíse sochaí faisnéise.


whereas









keyboard_arrow_down