(75) De bhreis ar na modhnuithe arb é is aidhm dóibh comhréireacht a choinneáil ar bun, ba cheart cead a bheith ag an trádálaí, faoi choinníollacha áirithe, gnéithe den ábhar digiteach nó de na seirbhísí digiteacha a mhodhnú ar choinníoll go bhfuil cúis bhailí leis an modhnú sin tugtha sa chonradh.
Is éard a d’fhéadfadh a bheith i gceist leis na cúiseanna bailí sin cásanna ina bhfuil gá leis an modhnú chun an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a chur in oiriúint do thimpeallacht theicniúil nua nó do líon méadaithe úsáideoirí nó ar chúiseanna tábhachtacha oibríochtúla eile.
Is minic a théann na modhnuithe sin chun tairbhe an tomhaltóra toisc go gcuireann siad feabhas ar an ábhar digiteach nó ar an tseirbhís dhigiteach.
Dá réir sin, ba cheart go mbeadh páirtithe sa chonradh in ann clásail a chur sa chonradh lena gceadófaí don trádálaí modhnuithe a ghabháil de láimh.
Chun cothromaíocht a bhaint amach idir leasanna tomhaltóirí agus gnó, ba cheart go mbeadh an deis ag an trádálaí an conradh a fhoirceannadh mar aon le ceart don tomhaltóir an conradh a fhoirceannadh i gcás go mbeidh tionchar diúltach nach beag ag na modhnuithe sin ar úsáid an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití.
A mhéid a bheidh tionchar diúltach ag na modhnuithe sin ar úsáid an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití ag an tomhaltóir, ba cheart é sin a fhionnadh go hoibiachtúil ag féachaint do chineál agus cuspóir an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití agus do cháilíocht, feidhmiúlacht, comhoiriúnacht agus gnéithe tábhachtacha eile ar gnáthghnéithe d’ábhar digiteach nó de sheirbhís dhigiteach den chineál céanna iad.
Mar sin féin, maidir leis na rialacha dá bhforáiltear sa Treoir seo a bhaineann le nuashonruithe, uasghráduithe nó modhnuithe comhchosúla, níor cheart go mbeadh baint acu le cásanna ina ndéanfaidh na páirtithe conradh nua a thabhairt i gcrích chun an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a sholáthar, mar shampla de dhroim leagan nua den ábhar digiteach nó den tseirbhís dhigiteach a dháileadh.
- = -
(86) Ós rud é, maidir le cuspóirí na Treorach seo, eadhon rannchuidiú le feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh trí dhul i ngleic ar bhealach comhsheasmhach le bacainní a bhaineann le dlí na gconarthaí maidir le soláthar ábhair dhigitigh nó seirbhíse digití agus, ag an am céanna, cosc a chur ar ilroinnt dlí, nach féidir leis na Ballstáit iad a ghnóthú go leordhóthanach ach, de bharr cúiseanna maidir le comhleanúnachas foriomlán na ndlíthe náisiúnta a áirithiú lena n-éascófaí freisin gníomhaíochtaí comhordaithe forfheidhmithe, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach.
I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.
- = -