(33) Is minic a dhéantar ábhar digiteach nó seirbhísí a chomhcheangal le soláthar earraí nó seirbhísí eile agus is minic a dhéantar iad a thairiscint don tomhaltóir faoin gconradh céanna ina bhfuil cuach de ghnéithe éagsúla, amhail teilifís dhigiteach a sholáthar agus trealamh leictreonach a cheannach.
I gcásanna den sórt sin, áirítear sa chonradh idir an tomhaltóir agus an trádálaí gnéithe de chonradh le haghaidh ábhar digiteach nó seirbhís dhigiteach a sholáthar agus gnéithe de chineálacha eile conarthaí chomh maith céanna amhail díolacháin earraí nó conarthaí i gcomhair seirbhísí.
Níor cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo ach amháin maidir le gnéithe den chonradh foriomlán a bhaineann le hábhar digiteach nó le seirbhísí digiteacha a sholáthar.
Ba cheart na gnéithe eile den chonradh a rialú leis na rialacha is infheidhme maidir leis na conarthaí sin faoin dlí náisiúnta nó, de réir mar is infheidhme, le rialacha eile an Aontais lena rialaítear earnáil nó ábhar ar leith.
Ar an gcaoi chéanna, na héifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag gné amháin den chonradh cuachta a fhoirceannadh ar ghnéithe eile den chonradh cuachta sin, ba cheart iad a rialú leis an dlí náisiúnta.
Mar sin féin, chun comhsheasmhacht a áirithiú le forálacha earnáilsonracha de Threoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) lena rialaítear conarthaí cuachta, i gcás ina soláthróidh trádálaí, de réir bhrí an Rialacháin sin, ábhar digiteach nó seirbhís dhigiteach in éineacht le seirbhís idirphearsanta uimhirbhunaithe nó seirbhís rochtana idirlín, níor cheart go mbeadh feidhm ag forálacha na Treorach seo i ndáil le hábhar digiteach a mhodhnú maidir leis an ábhar digiteach nó gné na seirbhíse digití den chuach.
Ina ionad sin, ba cheart feidhm a bheith ag forálacha ábhartha Threoir (AE) 2018/1972 maidir le gach gné den chuach, lena n-áirítear an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach.
- = -
(64) I bhfianaise éagsúlacht na n-ábhar digiteach agus na seirbhísí digiteacha, ní hiomchuí sprioc-amanna socraithe a leagan síos chun cearta a fheidhmiú ná chun oibleagáidí a bhaineann leis an ábhar digiteach sin nó leis na seirbhísí digiteacha a chomhlíonadh.
Ní léireodh na spriocdhátaí sin an éagsúlacht sin agus d’fhéadfadh siad a bheith róghearr nó rófhada, ag brath ar an gcás.
Dá bhrí sin, tá sé níos iomchuí a cheangal go dtabharfar ábhar digiteach agus seirbhísí digiteacha chun comhréireachta laistigh de thréimhse réasúnach ama.
Níor cheart go gcuirfeadh an ceanglas sin cosc ar na páirtithe teacht ar chomhaontú maidir le tréimhse shonrach chun an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a thabhairt chun comhréireachta.
Ba cheart an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a thabhairt chun comhréireachta saor in aisce.
Go háirithe, níor cheart don tomhaltóir aon chostais a thabhú a bhaineann le forbairt a dhéanamh ar nuashonrú le haghaidh an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití.
- = -