search


keyboard_tab Contratti digitali 2019/0770 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2019/0770 GA cercato: 'aontais' . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


index aontais:


whereas aontais:


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 421

 

Airteagal 3

Raon feidhme

1.   Beidh feidhm ag an Treoir seo maidir le haon chonradh ar faoina bhun a sholáthróidh an trádálaí seirbhís dhigiteach don tomhaltóir, nó a gheallann sé nó sí ábhar digiteach nó seirbhís dhigiteach a sholáthar dó nó di, agus a íocfaidh an tomhaltóir an praghas, nó a gheallfaidh sé nó sí an praghas a íoc.

Beidh feidhm ag an Treoir seo freisin i gcás ina soláthróidh an trádálaí ábhar digiteach nó seirbhís dhigiteach don tomhaltóir nó ina ngeallfaidh sé nó sí ábhar digiteach nó seirbhís dhigiteach a sholáthar don tomhaltóir, agus ina soláthróidh an tomhaltóir sonraí pearsanta don trádálaí nó a gheallfaidh sé nó sí sonraí pearsanta a sholáthar don trádálaí, ach amháin i gcás ina ndéanfaidh an trádálaí na sonraí pearsanta a sholáthróidh an tomhaltóir a phróiseáil go heisiach chun críche an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a sholáthar i gcomhréir leis an Treoir seo nó chun críche cead a thabhairt don tradálaí ceanglais dlí a bhfuil sé nó sí faoina réir a chomhlíonadh, agus nach mbeidh na sonraí sin ag an trádálaí sin á bpróiseáil chun aon chríche eile.

2.   Beidh feidhm ag an Treoir seo freisin i gcás ina ndéanfar an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a fhorbairt i gcomhréir le sonraíochtaí an tomhaltóra.

3.   Cé is moite d’Airteagal 5 agus d’Airteagal 13, beidh feidhm ag an Treoir seo freisin maidir le haon mheán inláimhsithe a fheidhmeoidh go heisiach mar iompróir ábhair dhigitigh.

4.   Ní bheidh feidhm ag an Treoir seo maidir le hábhar digiteach nó seirbhísí digiteacha a ionchorprófar i n-earraí nó a dhéanfar a idirnascadh le hearraí de réir bhrí phointe (3) d’Airteagal 2 agus a ndéanfar na hearraí sin a sholáthar dóibh faoi chonradh díolacháin maidir leis na hearraí sin, gan beann ar an soláthróidh an díoltóir nó tríú páirtí an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach sin. I gcás ina mbeifear in amhras an ionann soláthar ábhair dhigitigh ionchorpraithe nó idirnasctha nó seirbhíse digití ionchorpraithe nó idirnasctha agus an chuid den chonradh díolacháin, measfar an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a bheith clúdaithe faoin gconradh díolacháin.

5.   Ní bheidh feidhm ag an Treoir seo maidir le conarthaí a bhaineann leis na nithe seo a leanas:

(a)

soláthar seirbhísí seachas seirbhísí digiteacha, gan beann ar an mbaineann an trádálaí úsáid as foirmeacha nó modhanna digiteacha chun aschur na seirbhíse a tháirgeadh nó chun é a sheachadadh nó a tharchur chuig an tomhaltóir;

(b)

seirbhísí cumarsáide leictreonacha mar a shainítear i bpointe (4) d’Airteagal 2 de Threoir 2018/1972, cé is moite de sheirbhísí cumarsáide idirphearsanta atá neamhspleách ar uimhir mar a shainítear i bpointe (7) d’Airteagal 2 den Treoir sin;

(c)

cúram sláinte mar a shainítear i bpointe (a) d’Airteagal 3 de Threoir 2011/24/AE;

(d)

seirbhísí cearrbhachais, eadhon, seirbhisí lena mbaineann geall ag a bhfuil luach airgid a chur i gcluichí áidh, lena n-áirítear iad sin a bhfuil gné scile acu, amhail crannchuir, cluichí casino, cluichí pócair agus idirbhearta gealltóireachta, trí mhodhanna leictreonacha nó trí úsáid a bhaint as aon teicneolaíocht eile le haghaidh cumarsáid a éascú agus ar iarraidh aonair ó fhaighteoir seirbhíse den sórt sin;

(e)

seirbhísí airgeadais mar a shainítear i bpointe (b) d’Airteagal 2 de Threoir 2002/65/CE;

(fa)

bogearraí a thairgfidh an trádálaí faoi cheadúnas saor agus foinse oscailte, i gcás nach n-íocfaidh an tomhaltóir praghas agus go ndéanfaidh an trádálaí na sonraí pearsanta a chuir an tomhaltóir ar fáil a phróiseáil go heisiach chun críche slándáil, comhoiriúnacht nó idir-inoibritheacht na mbogearraí sonracha a fheabhsú;

(g)

ábhar digiteach a sholáthar i gcás ina gcuirfear an t-ábhar digiteach ar fáil don phobal i gcoitinne seachas trí tharchur comharthaí mar chuid de léiriú nó d’imeacht, amhail teilgean digiteach cineamatagrafaíochta;

(h)

ábhar digiteach arna sholáthar i gcomhréir le Treoir 2003/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21) ag comhlachtaí de chuid na hearnála poiblí sna Ballstáit.

6.   Gan dochar do mhír 4 den Airteagal seo, i gcás ina gcuachfar i gconradh aonair idir an trádálaí céanna agus an tomhaltóir céanna gnéithe maidir le soláthar ábhair dhigitigh nó seirbhíse digití agus gnéithe maidir le soláthar seirbhísí nó earraí eile, ní bheidh feidhm ag an Treoir seo ach maidir leis an gnéithe den chonradh a bhaineann leis an ábhar digiteach nó leis an tseirbhís dhigiteach.

Ní bheidh feidhm ag Airteagail 19 den Treoir seo i gcás ina bhfolóidh cuachadh, laistigh de bhrí Threoir (AE) 2018/1972, gnéithe de sheirbhís rochtana idirlín mar a shainítear i bpointe (2) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2015/2120 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22) nó seirbhísí cumarsáide idirphearsanta uimhirbhunaithe mar a shainítear le pointe (6) d’Airteagal 2 de Threoir (AE) 2018/1972.

Gan dochar d’Airteagal 107(2) de Threoir (AE) 2018/1972, beidh na héifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag gné amháin den chonradh cuachta a fhoirceannadh á rialú ag an dlí náisiúnta.

7.   Más ann d’aon fhoráil den Treoir seo atá i gcoimhlint le foráil de ghníomh eile de chuid an aontais lena rialaítear earnáil nó ábhar sonrach, beidh tosaíocht ag foráil an ghnímh eile sin de chuid an aontais ar an Treoir seo.

8.   Beidh feidhm ag dlí an aontais maidir le cosaint sonraí pearsanta i ndáil le haon sonraí pearsanta a phróiseáiltear i dtaca le conarthaí dá dtagraítear i mír 1.

Go háirithe, beidh an Treoir seo gan dochar d’fhorálacha Rialachán (AE) 2016/679 agus Threoir 2002/58/CE. I gcás ina mbeidh coimhlint ann idir forálacha na Treorach seo agus dlí an aontais maidir le cosaint sonraí pearsanta, is é an Rialachán maidir le cosaint sonraí pearsanta ag a mbeidh ceannas.

9.   Beidh an Treoir seo gan dochar do dhlíthe náisiúnta agus do dhlíthe an aontais maidir le cóipcheart agus cearta gaolmhara, lena n-áirítear Treoir 2001/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (23).

10.   Ní dhéanfaidh an Treoir seo difear do shaoirse na mBallstát gnéithe ginearálta de dhlí na gconarthaí a rialáil, amhail rialacha maidir le foirmiú, bailíocht, neamhniú nó éifeachtaí conarthaí, lena n-áirítear na hiarmhairtí a bhaineann le foirceannadh conartha sa mhéid is nach rialaítear iad leis an Treoir seo, ná don cheart chun damáistí.

Airteagal 8

Ceanglais oibiachtúla le haghaidh comhréireachta

1.   Sa bhreis ar a bheith i gcomhréireacht le haon cheanglas suibiachtúil comhréireachta, maidir leis an ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach:

(a)

beidh sé nó sí oiriúnach do na críocha is gnáth a mbainfí úsáid as ábhar digiteach nó seirbhís dhigiteach den chineál céanna ina leith, agus, i gcás inarb infheidhme, dlíthe de chuid an aontais nó aon dlíthe náisiúnta, aon chaighdeáin theicniúla atá ann cheana, nó, in éagmais na gcaighdeán teicniúil sin, aon chóid iompair tionscail is infheidhme a bhaineann le hearnálacha sonracha á gcur san áireamh;

(b)

beidh an chainníocht agus na tréithe agus na gnéithe feidhmíochta aige nó aici, lena n-áirítear maidir le feidhmiúlacht, comhoiriúnacht, inrochtaineacht, leanúnachas agus slándáil, ar gnách iad in ábhar digiteach nó i seirbhísí digiteacha den chineál céanna agus a bhféadfadh an tomhaltóir a bheith ag súil leo le réasún, ag féachaint do chineál an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití agus aon ráitis phoiblí arna ndéanamh ag an trádálaí nó ag daoine eile thar ceann an trádálaí, nó ag daoine eile i naisc roimhe sin de shlabhra na n-idirbheart, go háirithe san fhógraíocht nó ar lipéadú, á gcur san áireamh ach amháin i gcás inar féidir leis an trádálaí a léiriú:

(i)

nach raibh an trádálaí ar an eolas faoin ráiteas i dtrácht ná nach bhféadfadh sé nó sí, le réasún, a bheith ar an eolas faoi;

(ii)

tráth tugtha chun críche an chonartha, go ndearnadh an ráiteas poiblí a cheartú ar an tslí chéanna nó ar shlí atá inchomparáide leis an tslí a ndearnadh é; nó

(iii)

nach bhféadfadh tionchar a bheith ag an ráiteas poiblí ar an gcinneadh an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a fháil;

(c)

déanfar é nó í a sholáthar in éineacht le haon chomhghabhálais agus treoracha a bhféadfaidh an tomhaltóir a bheith ag súil le réasún lena bhfáil; agus

(d)

comhlíonfaidh sé nó sí aon leagan trialach den ábhar digiteach nó den tseirbhís dhigiteach nó aon réamhamharc air nó uirthi, a chuirfidh an trádálaí ar fáil roimh thabhairt i gcrích an chonartha.

2.   Déanfaidh an tradálaí a áirithiú go gcuirfear an tomhaltóir ar an eolas faoi nuashonruithe, lena n-áirítear nuashonruithe slándála, agus go ndéanfar iad a sholáthar dó nó di, ar nuashonruithe iad is gá chun an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a choinneáil i gcomhréireacht:

(a)

i gcaitheamh na tréimhse lena linn a mbeidh an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach le soláthar faoin gconradh, i gcás ina ndéantar foráil sa chonradh maidir le soláthar leanúnach thar thréimhse ama; nó

(b)

le linn na tréimhse ama a bhféadfaidh an tomhaltóir a bheith ag súil léi le réasún, ag féachaint do shórt agus cuspóir an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití, agus imthosca agus cineál an chonartha á gcur san áireamh, i gcás ina ndéanfar foráil sa chonradh maidir le gníomh aonair soláthair nó sraith gníomhartha soláthair aonair.

3.   I gcás nach ndéanfaidh an tomhaltóir nuashonraithe a sholáthair an trádálaí i gcomhréir le mír 2 a shuiteáil laistigh de thréimhse réasúnta ama, ní bheidh an trádálaí faoi dhliteanas maidir le haon easpa comhréireachta a thiocfaidh as easpa an nuashonraithe ábhartha agus as é sin amháin, ar choinníoll:

(a)

gur chuir an trádálaí an tomhaltóir ar an eolas faoi infhaighteacht an nuashonraithe agus na n-iarmhairtí a bhainfeadh le mainneachtain ag an tomhaltóra é a shuiteáil; agus

(b)

nárbh ann do mhainneachtain suiteáil nó do shuiteáil mhícheart an nuashonraithe ag an tomhaltóir mar thoradh ar easnaimh sna treoracha suiteála a chuir an trádálaí ar fáil.

4.   I gcás ina bhforálfar sa chonradh do sholáthar leanúnach ábhair dhigitigh nó seirbhíse digití thar thréimhse ama, beidh an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach i gcomhréireacht ar fud ré na tréimhse sin.

5.   Ní bheidh aon easpa comhréireachta ann de réir bhrí mhír 1 nó mhír 2 más rud é, tráth ar tugadh an conradh i gcrích, gur cuireadh an tomhaltóir ar an eolas go sonrach gur imigh tréith ar leith den ábhar digiteach nó den tseirbhís dhigiteach ó na ceanglais oibiachtúla chomhréireachta a leagtar sios i mír 1 nó 2 agus go raibh glactha go sainráite agus go leithleach leis an diallas sin ag an tomhaltóir agus an conradh á thabhairt i gcrích.

6.   Mura rud é go bhfuil a mhalairt comhaontaithe ag na páirtithe, déanfar ábhar digiteach nó seirbhís dhigiteach a sholáthar sa leagan is déanaí a bheidh ar fáil tráth a dtabharfar an conradh i gcrích.

Airteagal 26

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an aontais Eorpaigh.


whereas









keyboard_arrow_down