(19) Ba cheart go dtabharfaí aghaidh leis an Treoir seo ar fhadhbanna ar fud catagóirí éagsúla ábhair dhigitigh, seirbhísí digiteacha, agus a soláthar.
Chun freastal ar fhorbairtí teicneolaíocha tapa agus chun coincheap an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití a sheasfaidh an aimsir a choimeád, ba cheart go gcumhdófaí leis an Treoir seo, inter alia, ríomhchláir, feidhmchláir, físchomhaid, comhaid fuaime, comhaid cheoil, cluichí digiteacha, ríomhleabhair nó r-fhoilseacháin eile, agus seirbhísí digiteacha eile lenar féidir sonraí a chruthú, a phróiseáil, a stóráil nó rochtain a fháil orthu i bhfoirm dhigiteach, lena n-áirítear “bogearraí mar sheirbhís” amhail comhroinnt comhad físe agus fuaime agus óstáil comhad eile, próiseáil focal nó cluichí arna dtairiscint sa timpeallacht néalríomhaireachta agus sna meáin shóisialta.
Toisc go bhfuil roinnt mhaith bealaí ann chun ábhar digiteach nó seirbhísí dhigiteacha a sholáthar, amhail tarchur ar mheán inláimhsithe, íoslódáil ag tomhaltóirí ar a ngléasanna, sruthú gréasáin, rochtain a thabhairt ar chumas stórála an ábhair dhigitigh nó rochtain a thabhairt ar na meáin shóisialta a úsáid, ba cheart go mbeadh feidhm ag an Treoir seo go neamhspleách ar an meán a úsáidtear chun an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a tharchur nó chun rochtain a thabhairt ar an ábhar digiteach nó ar an tseirbhís dhigiteach.
Mar sin féin, níor cheart go mbeadh feidhm ag an Treoir seo maidir le seirbhísí rochtana idirlín.
- = -
(21) Ba cheart go mbeadh feidhm ag Treoir (AE) 2019/771 maidir le conarthaí le haghaidh díolacháin earraí, lena n-áirítear earraí a bhfuil gnéithe digiteacha acu.
Ba cheart don choincheap “earraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha” tagairt d’earraí lena n-ionchorpraítear nó a bhíonn idirnasctha le hábhar digiteach nó le seirbhís dhigiteach sa chaoi agus go gcuirfeadh easpa an ábhair dhigitigh sin nó na seirbhíse digití sin cosc ar a bhfeidhmeanna a bheith á gcomhlíonadh ag na hearraí; Ba cheart go dtiocfadh ábhar digiteach nó seirbhís dhigiteach a ionchorpraítear in earraí nó atá idirnasctha le hearraí ar an mbealach sin faoi raon na Treorach (AE) 2019/771 más rud é go ndéantar na hearraí a chur ar fáil dóibh faoi chonradh díolacháin a bhaineann leis na hearraí sin.
Cibé acu an cuid den chonradh díolacháin soláthar an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití atá ionchorpraithe nó idirnasctha nó nach ea, ba cheart go mbraithfeadh sé sin ar ábhar an chonartha seo.
Ba cheart a áireamh air sin, ábhar digiteach nó seirbhísí digiteacha atá ionchorpraithe nó idirnasctha a cheanglaítear a soláthar go sainráite sa chonradh.
Ba cheart a bheith san áireamh ann freisin na conarthaí díolacháin sin ar féidir a thuiscint ina leith go gcumhdaítear leo soláthar ábhair dhigitigh shonraigh nó seirbhíse digití sonraí, toisc gur gnáthearraí den chineál céanna iad agus go bhféadfadh an tomhaltóir a bheith ag súil le réasún leis an méid sin i bhfianaise chineál na n-earraí, agus aon ráiteas poiblí arna dhéanamh ag an díoltóir nó ag daoine eile nó thar a gceann i naisc roimhe sin de shlabhra na n-idirbheart, lena n-áirítear ag an táirgeoir, á chur san áireamh.
Más rud é, mar shampla, go ndéanfaí teilifís chliste a fhógairt, agus á rá go n-áirítear léi fís-fheidhmchlár, bheadh an fhís-fheidhmchlár sin mar chuid den chonradh díolacháin.
Tá feidhm aige sin is cuma cé acu atá an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach réamhshuiteáilte san earra féin nó is gá é nó í a íoslódáil ina dhiaidh sin ar fheiste eile agus gan é ach a bheith idirnasctha leis an earra.
- = -
(41) Tá bealaí éagsúla ann don trádálaí ábhar digiteach nó seirbhísí digiteacha a sholáthar do thomhaltóirí.
Is tráthúil rialacha soiléire agus simplí a leagan síos i ndáil leis na modúlachtaíagus an tréimhse ama maidir leis an oibleagáid soláthair sin a fheidhmiú atá mar an bpríomhoibleagáid chonarthach ar an trádálaí, tríd an ábhar digiteach nó seirbhís dhigiteach a chur ar fáil nó rochtain a thabhairt don tomhaltóir air.
Ba cheart go measfaí an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a bheith curtha ar fáil don tomhaltóir nó a bheith inrochtana ag an tomhaltóir nuair a bheidh réimse an tomhaltóra bainte amach ag an ábhar digiteach nó ag an tseirbhís dhigiteach, nó ag aon mhodhanna oiriúnacha eile lenar féidir rochtain a fháil ar an ábhar digiteach nó ar an tseirbhís sin nó lenar féidir é a íoslódáil, agus nuair nach mbeidh gá le haon ghníomhaíocht bhreise ón trádálaí chun é a chur ar chumas an tomhaltóra an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteacha a úsáid i gcomhréir leis an gconradh. Ós rud é nach é an trádálaí atá freagrach go príomha as gníomhartha nó neamhghníomhartha tríú páirtí a oibríonn saoráid fhisiceach nó fhíorúil, ardán leictreonach nó saoráid néalstórála mar shampla, a roghnaíonn an tomhaltóir chun ábhar digiteach nó seirbhís dhigiteach a fháil nó a stóráil, ba cheart gur leor é don trádálaí an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a sholáthar don tríú páirtí sin.
Ní féidir a mheas, áfach, gurb é an tomhaltóir a roghnaíonn an tsaoráid fhisiceach nó fhíorúil má tá an tsaoráid seo faoi rialú an trádálaí nó má tá sí nasctha go conarthach leis an trádálaí, nó más rud é gur roghnaigh an tomhaltóir an tsaoráid fhisiceach nó fhíorúil sin chun an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a fháil toisc gurbh é sin an t-aon rogha a chuir an trádálaí ar fáil chun an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a fháil nó chun rochtain a fháil air.
- = -
(56) Is féidir ábhar digiteach nó seirbhísí digiteacha a sholáthar do thomhaltóirí trí aon ghníomh soláthair amháin, i gcás go ndéanann tomhaltóirí ríomhleabhar a íoslódáil agus go ndéanann siad í a stóráil ar a ngléas pearsanta.
Ar an gcaoi chéanna, féadfaidh sraith de ghníomhartha aonair den sórt sin a bheith sa soláthar, mar shampla i gcás ina bhfaigheann tomhaltóirí nasc chun ríomhleabhar nua a íoslódáil gach seachtain.
Is é an ghné shainiúil den chatagóir ábhair dhigitigh nó seirbhíse digití sin ná go bhféadfaidh tomhaltóirí an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a rochtain agus a úsáid ar feadh tréimhse éiginnte.
Sna cásanna sin, ba cheart comhréireacht an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití a mheasúnú tráth an tsoláthair, agus, dá bhrí sin, níor cheart an trádálaí a chur faoi dhliteanas ach i leith aon easpa comhréireachta arb ann dó tráth a dtarlaíonn an gníomh soláthair aonair nó gach gníomh aonair soláthair.
Chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú, ba cheart go mbeadh trádálaithe agus tomhaltóirí in ann brath ar thréimhse chomhchuibhithe íosta ar lena linn ba cheart an trádálaí a chur faoi dhliteanas i leith easpa comhréireachta.
Maidir le conarthaí ina ndéantar foráil do ghníomh soláthair amháin nó do shraith gníomhartha soláthair i ndáil le hábhar digiteach nó i ndáil le seirbhís dhigiteach, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go gcuirfear an trádálaí faoi dhliteanas go ceann 2 bhliain ar a laghad ó thráth a soláthair más rud é, faoina ndlí náisiúnta faoi seach, nach mbeidh an trádálaí faoi dhliteanas ach amháin i leith aon easpa comhréireachta a thagann chun solais laistigh de thréimhse ama tar éis an tsoláthair.
- = -