search


keyboard_tab Contratti digitali 2019/0770 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2019/0770 GA Art. 14 . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


index :


whereas :


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 127

 

Airteagal 14

Leigheasanna ar easpa comhréireachta leis an gconradh

1.   I gcás easpa comhréireachta, beidh an tomhaltóir i dteideal an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a bheith curtha chun comhréireachta, laghdú comhréireach ar phraghas a fháil, nó an conradh a fhoirceannadh faoi na coinníollacha a leagtar amach san Airteagal seo.

2.   Beidh an tomhaltóir i dteideal an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a bheith tugtha chun comhréireachta, ach amháinmbeadh sé sin dodhéanta nó dá gcuirfeadh sé sin costais dhíréireacha ar an trádálaí, agus imthosca uile an cháis san á gcur áireamh, lena n-áirítear:

(a)

An luach a bheadh ar an ábhar digiteach nó ar an tseirbhís dhigiteach mura mbeadh aon easpa comhréireachta ann; agus

(b)

tábhacht na heaspa comhréireachta.

3.   Déanfaidh an trádálaí an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a thabhairt chun comhréireachta de bhun mhír 2 laistigh d’achar réasúnta ón tráth a mbeidh an tomhaltóir curtha ar an eolas faoin easpa comhréireachta, saor in aisce agus gan míchaoithiúlacht shuntasach don tomhaltóir, agus déanfar cineál an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití agus an cuspóir a raibh an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach ag teastáil ón tomhaltóir ina leith á gcur san áireamh.

4.   Beidh an tomhaltóir i dteideal laghdú comhréireach ar an bpraghas i gcomhréir le mír 5 i gcás ina soláthrófar an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach mar mhalairt ar íocaíocht praghais, nó i leith fhoirceannadh an chonartha i gcomhréir le mír 6, in aon cheann de na cásanna seo a leanas:

(a)

tá an leigheas chun an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a thabhairt chun comhréireachta dodhéanta nó díréireach i gcomhréir le mír 2;

(b)

níl an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach tugtha chun comhréireachta ag an tradálaí i gcomhréir le mír 3;

(c)

is ann d’easpa comhréireachta in ainneoin iarracht an trádálaí an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a thabhairt chun comhréireachta;

(d)

tá an easpa comhréireachta de chineál atá chomh tromchúiseach sin le bheith mar údar le laghdú a dhéanamh láithreach ar phraghas an chonarthalena fhoirceannadh; nó

(e)

tá sé dearbhaithe ag an trádálaí, nó tá sé soiléir ó na himthosca, nach ndéanfaidh an trádálaí an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a thabhairt chun comhréireachta laistigh d’achar réasúnta nó gan cur as go suntasach don tomhaltóir.

5.   Beidh an laghdú ar an bpraghas comhréireach leis an laghdú ar luach an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití a soláthraíodh don tomhaltóir i gcomparáid leis an luach a bheadh ag an ábhar digiteach nó ag an tseirbhís dhigiteachmbeadh sé i gcomhréir.

I gcás ina sonrófar sa chonradh go soláthrófar an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach thar thréimhse ama mar mhalairt ar phraghais a íoc, beidh feidhm ag an laghdú ar an bpraghas i leith na tréimhse ama nach raibh an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach i gcomhréireacht lena linn.

6.   I gcás inar soláthraítear an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach mar mhalairt ar phraghas a íoc, ní bheidh an tomhaltóir i dteideal an conradh a fhoirceannadh ach amháin mura bhfuil mioneaspa comhréireachta i gceist. Is ar an trádálaí a bheidh an dualgas a chruthú gur mioneaspa comhréireachta atá i gceist.


whereas









keyboard_arrow_down