keyboard_tab Contratti digitali 2019/0770 GA
BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf
- agus 19
- dhigiteach 14
- airteagal 12
- trádálaí 12
- bheidh 12
- tomhaltóir 12
- digiteach 12
- cruthúnais 10
- dualgas 10
- tseirbhís 10
- maidir 8
- t-ábhar 8
- comhréireachta 8
- treoir 6
- tráth 6
- ceanglais 6
- soláthraíodh 6
- raibh 6
- dtaobh 6
- chun 5
- chur 4
- ábhair 4
- comhoibriú 4
- gcrích 4
- nach 4
- forálacha 4
- tomhaltóra 4
- thabhairt 4
- dhigitigh 4
- eolas 4
- seirbhíse 4
- roimh 4
- digití 4
- faoi 4
- ndearna 4
- sothuigthe 4
- soiléir 4
- bhealach 4
- gcás 4
- linn 4
- chonartha 4
- léir 4
- sholáthar 4
- i 4
- gcásanna 4
- dtagraítear 4
- infheidhme 4
- gcomhréireacht 4
- réir 4
- heaspa 4
Airteagal 12
Dualgas cruthúnais
1. Is ar an trádálaí a bheidh an dualgas cruthúnais i dtaobh an ndearnadh an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a sholáthar i gcomhréir le hAirteagal 5.
2. I gcásanna dá dtagraítear in Airteagal 11(2), is ar an trádálaí a bheidh an dualgas cruthúnais i leith an raibh an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a soláthraíodh i gcomhréireacht tráth an tsoláthair maidir le heaspa comhréireachta ar léir í a bheith ann laistigh de thréimhse 1 bliana ón tráth ar soláthraíodh an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach.
3. I gcásanna dá dtagraítear in Airteagal 11(3), is ar an trádálaí a bheidh an dualgas cruthúnais i dtaobh an raibh an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a soláthraíodh i gcomhréireacht le linn na tréimhse ina raibh an t_ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach le soláthar maidir le heaspa comhréireachta ar léir í a bheith ann le linn na tréimhse sin.
4. Ní bheidh feidhm ag míreanna 2 agus 3 i gcás ina léireoidh an trádálaí nach bhfuil timpeallacht dhigiteach an tomhaltóra comhoiriúnach le ceanglais theicniúla an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití agus ina ndearna an trádálaí an tomhaltóir a chur ar an eolas ar bhealach soiléir agus sothuigthe faoi na ceanglais sin roimh thabhairt i gcrích an chonartha.
5. Comhoibreoidh an tomhaltóir leis an tradálaí, a mhéid is féidir agus is gá, le réasún chun a fháil amach an amhlaidh gur ann d’easpa comhréireachta an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití ag an am a shonraítear in Airteagal 11(2) nó (3), de réir mar is infheidhme, mar gheall ar thimpeallacht dhigiteach an tomhaltóra. Beidh an oibleagáid maidir le comhoibriú teoranta do na modhanna teicniúla a bheidh ar fáil agus is lú a chuirfeadh isteach ar an tomhaltóir. I gcás ina mainneoidh an tomhaltóir comhoibriú, agus ina ndearna an trádálaí an tomhaltóir a chur ar an eolas ar bhealach soiléir agus sothuigthe faoi na ceanglais sin roimh thabhairt i gcrích an chonartha, is ar an tomhaltóir a bheidh an dualgas cruthúnais i dtaobh arbh ann d’easpa comhréireachta an tráth a sonraítear in Airteagal 11(2) nó (3), de réir mar is infheidhme.
Airteagal 4
Leibhéal an chomhchuibhithe
Ní choimeádfaidh na Ballstáit forálacha ina ndlí náisiúnta ná ní thabharfaidh siad forálacha isteach ina ndlí náisiúnta, ar forálacha iad nach bhfuil i gcomhréir leis na cinn a leagtar síos sa Treoir seo, lena n-áirítear forálacha a bheadh níos déine nó nach mbeadh chomh dian céanna chun leibhéal éagsúil cosanta a áirithiú, mura bhforáiltear dá mhalairt sa Treoir seo.
Airteagal 12
Dualgas cruthúnais
1. Is ar an trádálaí a bheidh an dualgas cruthúnais i dtaobh an ndearnadh an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a sholáthar i gcomhréir le hAirteagal 5.
2. I gcásanna dá dtagraítear in Airteagal 11(2), is ar an trádálaí a bheidh an dualgas cruthúnais i leith an raibh an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a soláthraíodh i gcomhréireacht tráth an tsoláthair maidir le heaspa comhréireachta ar léir í a bheith ann laistigh de thréimhse 1 bliana ón tráth ar soláthraíodh an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach.
3. I gcásanna dá dtagraítear in Airteagal 11(3), is ar an trádálaí a bheidh an dualgas cruthúnais i dtaobh an raibh an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a soláthraíodh i gcomhréireacht le linn na tréimhse ina raibh an t_ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach le soláthar maidir le heaspa comhréireachta ar léir í a bheith ann le linn na tréimhse sin.
4. Ní bheidh feidhm ag míreanna 2 agus 3 i gcás ina léireoidh an trádálaí nach bhfuil timpeallacht dhigiteach an tomhaltóra comhoiriúnach le ceanglais theicniúla an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití agus ina ndearna an trádálaí an tomhaltóir a chur ar an eolas ar bhealach soiléir agus sothuigthe faoi na ceanglais sin roimh thabhairt i gcrích an chonartha.
5. Comhoibreoidh an tomhaltóir leis an tradálaí, a mhéid is féidir agus is gá, le réasún chun a fháil amach an amhlaidh gur ann d’easpa comhréireachta an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití ag an am a shonraítear in Airteagal 11(2) nó (3), de réir mar is infheidhme, mar gheall ar thimpeallacht dhigiteach an tomhaltóra. Beidh an oibleagáid maidir le comhoibriú teoranta do na modhanna teicniúla a bheidh ar fáil agus is lú a chuirfeadh isteach ar an tomhaltóir. I gcás ina mainneoidh an tomhaltóir comhoibriú, agus ina ndearna an trádálaí an tomhaltóir a chur ar an eolas ar bhealach soiléir agus sothuigthe faoi na ceanglais sin roimh thabhairt i gcrích an chonartha, is ar an tomhaltóir a bheidh an dualgas cruthúnais i dtaobh arbh ann d’easpa comhréireachta an tráth a sonraítear in Airteagal 11(2) nó (3), de réir mar is infheidhme.
Airteagal 23
Leasuithe ar Rialachán (AE) 2017/2394 agus Treoir 2009/22/CE
(1) San Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2017(2394), cuirtear an pointe seo a leanas isteach:
“28. | Treoir (AE) 2019/770 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le gnéithe áirithe a bhaineann le conarthaí chun ábhar digiteach agus seirbhísí digiteacha a sholáthar (OJ L 136, 22.5.2019, Ich. 1).”. |
(2) In Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2009/22/AE, cuirtear isteach an pointe seo a leanas:
“17. | Treoir (AE) 2019/770 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le gnéithe áirithe a bhaineann le conarthaí chun ábhar digiteach agus seirbhísí digiteacha a sholáthar (OJ L 136, 22.5.2019, Ich. 1).”. |
whereas