(20) Maidir leis sin, ba cheart Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2005/29/CE a leasú ionas go mbeidh sé soiléir gur cheart cleachtais a thoirmeasc ina soláthraíonn trádálaí faisnéis do thomhaltóir i bhfoirm torthaí cuardaigh mar fhreagairt ar chuardach ar líne an tomhaltóra, gan aon fhógraíocht íoctha nó aon íocaíocht shonrach as rangú níos airde táirgí a bhaint amach laistigh de na torthaí cuardaigh a nochtadh go soiléir.
Nuair a d’íoc trádálaí go díreach nó go hindíreach an soláthraí feidhmiúlachta ar líne as rangú níos airde táirge laistigh de na torthaí cuardaigh, ba cheart do sholáthraí na feidhmiúlachta cuardaigh ar líne na tomhaltóirí a chur ar an eolas ina thaobh sin i bhfoirm atá beacht, inrochtana go héasca, agus intuigthe.
Is é a d’fhéadfadh a bheith i gceist leis an íocaíocht indíreach go nglacfadh trádálaí le hoibleagáidí breise i leith sholáthraí na feidhmiúlachta cuardaigh ar líne a bhfuil rangú níos airde mar thoradh sonrach uirthi.
D’fhéadfadh sé gurb é a bheadh san íocaíocht indíreach ná coimisiún méadaithe in aghaidh an idirbhirt chomh maith le scéimeanna cúitimh éagsúla a mbeadh rangú níos airde mar thoradh sonrach orthu. Íocaíochtaí ar sheirbhísí ginearálta, amhail táillí liostúcháin nó suibscríbhinní ballraíochta, a dhíríonn ar réimse leathan feidhmiúlachtaí arna dtairgeadh ag soláthraí na feidhmiúlachta cuardaigh ar líne don trádálaí, níor cheart iad a mheas a bheith ina íocaíocht go sonrach chun rangú níos airde táirgí a bhaint amach, ar choinníoll nach bhfuil na híocaíochtaí sin tiomnaithe do rangú níos airde a bhaint amach.
Féadfaidh cineálacha éagsúla trádálaithe ar líne feidhmiúlacht chuardaigh ar líne a sholáthar, lena n‐áirítear idirghabhálaithe, amhail margaí ar líne, innill chuardaigh agus suíomhanna gréasáin comparáideacha.
- = -
(21) Tá na ceanglais trédhearcachta i ndáil leis na príomhpharaiméadair maidir le rangú a chinneadh á rialú freisin le Rialachán (AE) 2019/1150 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) maidir le cothroime agus trédhearcacht a chur chun cinn d’úsáideoirí gnó a bhaineann úsáid as seirbhísí idirghabhála ar líne.
Cuimsíonn na ceanglais trédhearcachta faoin Rialachán sin réimse leathan idirghabhálaithe ar líne, lena n‐áirítear margaí ar líne, ach ní bhíonn feidhm acu ach amháin idir trádálaithe agus idirghabhálaithe ar líne.
Dá bhrí sin, ba cheart ceanglais thrédhearcachta chomhchosúla a thabhairt isteach i dTreoir 2005/29/CE lena áirithiú go mbeadh trédhearcacht leordhóthanach ann i leith na dtomhaltóirí, ach amháin i gcás soláthraithe inneall cuardaigh ar líne atá faoi cheangal cheana ag an Rialachán sin chun na príomhpharaiméadair a leagan amach, arb iad is suntasaí ina n‐aonar nó i dteannta a chéile agus rangú agus tábhacht choibhneasta na bpríomhpharaiméadar sin á gcinneadh, trí thuairisc atá ar fáil go héasca agus go poiblí a sholáthar, arna dréachtú i bhfriotal soiléir agus sothuigthe faoi innill chuardaigh ar líne na soláthraithe sin.
- = -