(16) Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh leigheasanna ar fáil do thomhaltóirí a ndearna cleachtais tráchtála éagóracha díobháil dóibh chun deireadh a chur le héifeachtaí uile na gcleachtas éagórach sin.
D’fhágfadh creat soiléir le haghaidh leigheasanna aonair go mbeadh forfheidhmiú príobháideach níos éasca.
Ba cheart rochtain a bheith ag an tomhaltóir ar chúiteamh i leith damáistí agus, i gcás inarb ábhartha, laghdú ar an bpraghas nó foirceannadh ar an gconradh, ar bhealach comhréireach agus éifeachtach.
Níor cheart aon chosc a chur ar na Ballstáit cearta chun leigheasanna eile a chothabháil nó a thabhairt isteach amhail deisiú nó athsholáthar do thomhaltóirí a ndearna cleachtais tráchtála éagóracha díobháil dóibh chun a áirithiú go gcuirfear deireadh iomlán le héifeachtaí na gcleachtas sin.
Níor cheart cosc a chur ar na Ballstáit coinníollacha le haghaidh cur i bhfeidhm agus éifeachtaí leigheasanna do thomhaltóirí a chinneadh.
Nuair a bhíonn na leigheasanna á gcur i bhfeidhm, d’fhéadfaí tromchúis agus nádúr an chleachtais tráchtála éagóraigh, na damáistí a bhain don tomhaltóir agus imthosca ábhartha eile, amhail mí-iompar an trádálaí nó sárú an chonartha, a chur san áireamh, i gcás inarb iomchuí.
- = -
(55) I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta agus chun forfheidhmiú a éascú, ba cheart a shoiléiriú nach dochar Treoir 2005/29/CE do shaoirse na mBallstát forálacha náisiúnta a ghlacadh chun leasanna dlisteanacha tomhaltóirí a chosaint tuilleadh ar chleachtais tráchtála éagóracha i gcomhthéacs cuairteanna gan iarraidh a thabharfadh trádálaí ar a dtithe chun táirgí a thairiscint nó a dhíol nó i gcomhthéacs turais a d’eagródh trádálaí a bhfuil sé mar aidhm leo nó a bhfuil de thoradh orthu táirgí a chur chun cinn i measc tomhaltóirí nó táirgí a dhíol leo, i gcás ina bhfuil údar maith le forálacha den sórt sin ar fhorais cosanta tomhaltóirí.
Ba cheart aon fhorálacha den sórt sin a bheith comhréireach agus neamh-idirdhealaitheach agus níor cheart dóibh, mar sin, na bealaí díolacháin sin iontu féin a thoirmeasc.
I dtaca le forálacha náisiúnta arna nglacadh ag na Ballstáit, d’fhéadfaidís, mar shampla, am an lae a shainiú nuair nach gceadaítear cuairteanna a dhéanamh ar thithe tomhaltóirí gan iarraidh shainráite a fháil uathu nó toirmeasc a chur ar na cuairteanna sin nuair atá sé curtha in iúl go soiléir ag an tomhaltóir nach bhfuil na cuairteanna sin inghlactha nó an nós imeachta íocaíochta a fhorordú.
Thairis sin, d’fhéadfaí tuilleadh rialacha cosantacha maidir leis na réimsí arna gcomhchuibhiú le Treoir 2011/83/AE a leagan síos sna forálacha sin.
Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2011/83/AE a leasú chun a chur ar a gcumas do na Ballstáit bearta náisiúnta a ghlacadh chun tréimhse níos faide a chur ar fáil don cheart tarraingt siar agus chun maolú a dhéanamh ar eisceachtaí sonracha ón gceart tarraingt siar.
Ba cheart ceangal a chur ar na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún faoi aon fhorálacha náisiúnta a ghlacfar ina leith sin ionas gur féidir leis an gCoimisiún an fhaisnéis sin a chur ar fáil do gach páirtí leasmhar agus faireachán a dhéanamh ar chineál comhréireach agus dlíthiúlacht na mbeart sin.
- = -
(56) Maidir le cleachtais ionsaitheacha agus mhíthreoracha i gcomhthéacs imeachtaí a eagraítear in áiteanna seachas áitreabh an trádálaí, ní dochar Treoir 2005/29/CE d’aon choinníollacha bunaíochta ná coinníollacha maidir le córais údarúcháin is féidir leis na Ballstáit a fhorchur ar thrádálaithe.
Ina theannta sin, ní dochar an Treoir sin do dhlí náisiúnta na gconarthaí, agus go háirithe do na rialacha maidir le bailíocht, foirmiú nó éifeacht conartha.
Is féidir cleachtais ionsaitheacha mhíthreoracha i gcomhthéacs imeachtaí a eagraítear in áiteanna seachas áitreabh an trádálaí a thoirmeasc ar bhonn measúnú ar gach cás ar leith faoi Airteagail 5 go 9 den Treoir sin.
Sa bhreis air sin, in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin tá toirmeasc ginearálta ar chleachtais lena dtugann an trádálaí le fios nach bhfuil an trádálaí ag gníomhú chun críocha a bhaineann le gairm an trádálaí, agus ar chleachtais lena dtugtar le fios nach féidir leis an tomhaltóir an t‐áitreabh a fhágáil go dtí go ndéanfar conradh.
Ba cheart don Choimisiún a mheas an dtugtar, leis na rialacha reatha, leibhéal leordhóthanach cosanta do thomhaltóirí agus uirlisí leordhóthanacha do na Ballstáit chun aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar na cleachtais sin.
- = -