(5) | cuirtear isteach an t‐airteagal seo a leanas: Airteagal 4 Leasuithe ar Threoir 2011/83/AE Leasaítear Treoir 2011/83/AE mar a leanas: (1) | in Airteagal 2, leasaítear an chéad mhír mar a leanas: (a) | cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 3: “(3) | ciallaíonn ‘earraí’ earraí mar a shainmhínítear i bpointe (5) d’Airteagal 2 de Threoir 2019/771 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*5); | (*5) Treoir (AE) 2019/771 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le gnéithe áirithe a bhaineann le conarthaí chun earraí a dhíol, lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/2394 agus Treoir 2009/22/CE, agus lena n‐aisghairtear Treoir 1999/44/CE (IO L 136, 22.5.2019, lch. 28).”;" | (b) | cuirtear isteach an pointe seo a leanas: ‘(4a) | ciallaíonn ‘sonraí pearsanta’ sonraí pearsanta mar a shainmhínítear i bpointe (1) d’Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*6) | (*6) Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint maidir le próiseáil sonraí pearsanta agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‐aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta um Chosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).’;" | (c) | cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (5) agus (6): “(5) | ciallaíonn ‘conradh díolacháin’ aon chonradh faoina ndéanann an trádálaí úinéireacht earraí a aistriú chuig an tomhaltóir, nó faoina ngeallann sé an méid sin a dhéanamh, lena n‐áirítear aon chonradh a bhfuil idir earraí agus seirbhísí mar ábhar aige; | (6) | ciallaíonn ‘conradh seirbhíse’ aon chonradh seachas conradh díolacháin faoina soláthraíonn an trádálaí seirbhís, nó faoina ngeallann sé seirbhís den chineál sin a sholáthar dó, lena n‐áirítear seirbhís dhigiteach, don tomhaltóir;”; | | (d) | cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 11: “(11) | ciallaíonn ‘ábhar digiteach’ ábhar digiteach mar a shainmhínítear i bpointe (1) d’Airteagal 2 de Threoir (AE) 2019/770 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*7); | (*7) Treoir (AE) 2019/770 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le gnéithe áirithe a bhaineann le conarthaí chun ábhar digiteach agus seirbhísí digiteacha a sholáthar (IO L 136, 22.5.2019, lch. 1).”;" | (e) | cuirtear na pointí seo a leanas isteach: “(16) | ciallaíonn ‘seirbhís dhigiteach’ seirbhís dhigiteach mar a shainmhínítear i bpointe (2) d’Airteagal 2 de Threoir (AE) 2019/770; | (17) | ciallaíonn ‘margadh ar líne’ seirbhís a úsáideann bogearraí, lena n‐áirítear suíomh gréasáin, cuid de shuíomh gréasáin nó feidhmchlár atá á oibriú ag trádálaí nó thar a cheann lenar féidir le tomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe nó le tomhaltóirí eile; | (18) | ciallaíonn ‘soláthraí margaidh ar líne’ aon trádálaí a sholáthraíonn margadh ar líne do thomhaltóirí; | (19) | ciallaíonn ‘comhoiriúnacht’ comhoiriúnacht mar a shainmhínítear i bpointe (10) d’Airteagal 2 de Threoir (AE) 2019/770; | (20) | ciallaíonn ‘feidhmiúlacht’ feidhmiúlacht mar a shainmhínítear i bpointe (11) d’Airteagal 2 de Threoir (AE) 2019/770; | (21) | ciallaíonn ‘idir-inoibritheacht’ idir-inoibritheacht mar a shainmhínítear i bpointe (12) d’Airteagal 2 de Threoir (AE) 2019/770.”; | | | (2) | leasaítear Airteagal 3 mar a leanas: (a) | cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: “1. Beidh feidhm ag an Treoir seo, faoi na coinníollacha agus a mhéid a leagtar amach i bhforálacha na Treorach, maidir le haon chonradh a thugtar i gcrích idir trádálaí agus tomhaltóir i gcás ina n‐íocann an tomhaltóir an praghas atá air nó ina ngeallann sé an praghas a íoc. Beidh feidhm aici maidir le conarthaí le haghaidh soláthar uisce, gáis, leictreachais nó téamh ceantair, lena n‐áirítear conarthaí soláthraithe poiblí, a mhéid a sholáthraítear na tráchtearraí sin ar bhonn conarthach.”; | (b) | cuirtear isteach an mhír seo a leanas: “1a. Beidh feidhm ag an Treoir seo i gcás ina soláthraíonn an trádálaí ábhar digiteach nach soláthraítear ar mheán inláimhsithe, nó seirbhís dhigiteach, don tomhaltóir, nó ina ngeallann sé é nó í a sholáthar don tomhaltóir, agus go dtugann an tomhaltóir sonraí pearsanta don trádálaí, nó go ngeallann sé iad a thabhairt don trádálaí, ach amháin sa chás inarb é an trádálaí amháin a phróiseálfaidh na sonraí pearsanta arna dtabhairt ag an tomhaltóir chun críchean t‐ábhar digiteach, ar ábhar digiteach é nach soláthraítear ar mheán inláimhsithe nó ar sheirbhís dhigiteach i gcomhréir leis an Treoir seo, a sholáthar, nó chun go mbeidh an trádálaí in ann ceanglais dhlíthiúla a bhfuil sé faoina réir a chomhlíonadh, agus nach bpróiseálfaidh an trádálaí na sonraí sin ar aon chúis eile.”; | (c) | leasaítear mír 3 mar a leanas: (i) | cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (k): “(k) | le haghaidh seirbhísí iompair, cé is moite d’Airteagal 8(2) agus Airteagail 19, 21 agus 22;”; | | (ii) | cuirtear an pointe seo a leanas isteach: “(n) | le haghaidh aon earraí a dhíoltar trí fhorghníomhú nó ar dhóigh eile le húdarás an dlí.”; | | | | (3) | in Airteagal 5, leasaítear mír 1 mar a leanas: (a) | cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e): “(e) | sa bhreis ar mheabhrúchán gur ann don ráthaíocht dhlíthiúil um chomhréireacht le haghaidh earraí, ábhar digiteach agus seirbhísí digiteacha, mar aon le seirbhísí iardhíola agus ráthaíochtaí tráchtála, agus na coinníollacha a ghabhann leo, i gcás inarb infheidhme;”; | | (b) | cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (g) agus (h): “(g) | i gcás inarb infheidhme, feidhmiúlacht, lena n‐áirítear bearta cosanta teicniúla is infheidhme, earraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, an ábhair dhigitigh agus na seirbhísí digiteacha; | (h) | nuair is infheidhme, aon comhoiriúnacht agus idir-inoibritheacht a ghabhann le hearraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, le hábhar digiteach agus le seirbhísí digiteacha a bhfuil an trádálaí ar an eolas fúthu nó a bhféadfaí a bheith ag súil leis le réasún go raibh an trádálaí ar an eolas fúthu.”; | | | (4) | leasaítear Airteagal 6 mar a leanas: (a) | leasaítear mír 1 mar a leanas: (i) | cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c): “(c) | an seoladh geografach ag a bhfuil an trádálaí bunaithe, mar aon le huimhir theileafóin agus seoladh ríomhphoist an trádálaí; sa bhreis air sin, i gcás ina soláthraíonn an trádálaí modhanna eile cumarsáide ar líne lena ráthaítear gur féidir leis an tomhaltóir aon chomhfhreagras i scríbhinn, lena n‐áirítear dáta agus am an chomhfhreagrais sin, a bhíonn aige leis an trádálaí a choinneáil ar mheán marthanach, beidh mionsonraí na modhanna eile sin tugtha san fhaisnéis; fágfaidh na modhanna cumarsáide uile sin arna soláthar ag an trádálaí go mbeidh an tomhaltóir in ann teagmháil a dhéanamh leis an trádálaí go tapa agus cumarsáid a dhéanamh leis go héifeachtúil; nuair is infheidhme, déanfaidh an trádálaí freisin seoladh geografach agus aitheantas an trádálaí a bhfuil sé ag gníomhú thar a cheann a thabhairt.”; | | (ii) | cuirtear isteach an pointe seo a leanas: “(ea) | i gcás inarb infheidhme, go ndearnadh an praghas a phearsantú bunaithe ar chinnteoireacht uathoibrithe;”; | | (iii) | cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (l): “(l) | meabhrúchán gur ann do ráthaíocht dhlíthiúil um chomhréireacht le haghaidh earraí, ábhar digiteach agus seirbhísí digiteacha;”; | | (iv) | cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (r) agus (s): “(r) | i gcás inarb infheidhme, feidhmiúlacht, lena n‐áirítear bearta cosanta teicniúla is infheidhme, earraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, an ábhair dhigitigh agus na seirbhísí digiteacha; | (s) | i gcás inarb infheidhme, aon chomhoiriúnachtagus idir-inoibritheacht ábhartha a ghabhann le hearraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, le hábhar digiteach agus le seirbhísí digiteacha a bhfuil an trádálaí ar an eolas fúthu nó a bhféadfaí a bheith ag súil leis le réasún go raibh an trádálaí ar an eolas fúthu.”; | | | (b) | cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4: “4. Féadfar an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointí (h), (i) agus (j) de mhír 1 den Airteagal seo a sholáthar trí na treoracha samplacha tarraingt siar a leagtar amach in Iarscríbhinn I(A). Beidh na ceanglais faisnéise a leagtar síos i bpointí (h), (i) agus (j) de mhír 1 den Airteagal seo comhlíonta ag an trádálaí i gcás inar thug an trádálaí na treoracha sin don tomhaltóir agus iad líonta isteach i gceart aige. Na tagairtí don tréimhse tarraingt siar 14 lá sna treoracha samplacha tarraingt siar a leagtar síos in Iarscríbhinn I(A), cuirfear tagairtí do thréimhse tarraingt siar 30 lá ina n‐ionad i gcásanna inar ghlac Ballstáit rialacha i gcomhréir le hAirteagal 9(1a).”; | | (5) | cuirtear isteach an t‐airteagal seo a leanas: “Airteagal 6a Ceanglais bhreise shonracha faisnéise le haghaidh conarthaí a thugtar i gcrích i margaí ar líne 1. Sula gcuirfear tomhaltóir faoi cheangal ag cianchonradh, nó ag aon tairiscint chomhfhreagrach, i margadh ar líne, tabharfaidh soláthraí an mhargaidh ar líne, gan dochar do Threoir 2005/29/CE, an fhaisnéis seo a leanas don tomhaltóir ar bhealach soiléir agus oiriúnach agus atá iomchuí don mhodh cianchumarsáide: (a) | faisnéis ghinearálta, ar ní í a chuirtear ar fáil i roinn ar leith den chomhéadan ar líne ar féidir é a rochtain go díreach agus go héasca ón leathanach ar a gcuirtear na tairiscintí i láthair, maidir leis na príomhpharaiméadair lena socraítear rangú na dtairiscintí, mar a shainmhínítear i bpointe (m) d’Airteagal 2(1) de Threoir 2005/29/CE, a chuirtear i láthair an tomhaltóra mar thoradh ar an gcuardach agus tábhacht choibhneasta na bparaiméadar sin i gcodarsnacht le paraiméadair eile; | (b) | cé acu is trádálaí é an tríú páirtí a bhfuil na hearraí, na seirbhísí nó an t‐ábhar digiteach á dtairiscint aige nó nach ea, bunaithe ar an dearbhú a thug an tríú páirtí sin do sholáthraí an mhargaidh ar líne; | (c) | i gcás nach trádálaí é an tríú páirtí a bhfuil na hearraí, na seirbhísí nó an t‐ábhar digiteach á dtairiscint aige, nach mbeidh feidhm maidir leis an gconradh ag na cearta tomhaltóirí a eascraíonn as dlí an Aontais maidir le cosaint tomhaltóirí; | (d) | i gcás inarb infheidhme, an chaoi a ndéantar na hoibleagáidí a bhaineann leis an gconradh a roinnt idir an tríú páirtí a bhfuil na hearraí, na seirbhísí nó an t‐ábhar digiteach á dtairiscint aige agus soláthraí an mhargaidh ar líne, agus nach dochar faisnéis den sórt sin d’aon fhreagracht atá ar sholáthraí an mhargaidh ar líne nó ar an trádálaí tríú páirtí maidir leis an gconradh faoi dhlí eile de chuid an Aontais nó faoi dhlí eile náisiúnta. | 2. Gan dochar do Threoir 2000/31/CE, ní chuirtear leis an Airteagal seo aon chosc ar na Ballstáit ceanglais bhreise faisnéise a fhorchur le haghaidh soláthraithe margaí ar líne. Beidh na forálacha sin comhréireach agus neamh-idirdhealaitheach agus beidh údar maith leo ar fhorais cosanta tomhaltóirí.”; | (6) | in Airteagal 7, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3: “3. I gcás ina bhfuil comhlíonadh seirbhísí, nó soláthar uisce, gáis nó leictreachais, i gcás nach gcuirtear ar díol ina dtoirt theoranta nó ina gcainníocht shocraithe, nó téamh ceantair á iarraidh ag tomhaltóir agus ina bhfuil an méid sin le tosú le linn na tréimhse tarraingt siar dá bhforáiltear in Airteagal 9(2), agus ina gcuirtear leis an gconradh oibleagáid ar an tomhaltóir íocaíocht a dhéanamh, ceanglóidh an trádálaí go ndéanfaidh an tomhaltóir iarraidh shainráite den sórt sin ar mheán marthanach agus iarrfaidh sé ar an tomhaltóir a admháil a luaithe a bheidh an conradh comhlíonta go hiomlán ag an trádálaí, nach mbeidh an ceart tarraingt siar ag an tomhaltóir a thuilleadh.”; | (7) | leasaítear Airteagal 8 mar a leanas: (a) | cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4: “4. Má thugtar an conradh i gcrích trí mhodh cianchumarsáide lena dtugtar méid teoranta spáis nó ama le haghaidh an fhaisnéis a chur ar taispeáint, tabharfaidh an trádálaí, ar an modh áirithe, nó tríd an modh áirithe, sula dtabharfar an conradh sin i gcrích, ar a laghad an fhaisnéis réamhchonarthach maidir le príomh-shaintréithe na n‐earraí nó na seirbhísí, aitheantas an trádálaí, an praghas iomlán, an ceart tarraingt siar, ré an chonartha agus, más ré neamhchinntithe atá sa chonradh, na coinníollacha maidir leis an gconradh a fhoirceannadh, dá dtagraítear faoi seach i bpointí (a), (b), (e), (h) agus (o) d’Airteagal 6(1), seachas an fhoirm shamplach tarraingt siar a leagtar amach in Iarscríbhinn I(B) dá dtagraítear i bpointe (h). Maidir leis an bhfaisnéis eile dá dtagraítear in Airteagal 6(1), lena n‐áirítear an fhoirm shamplach tarraingt siar, tabharfaidh an trádálaí don tomhaltóir í ar bhealach iomchuí i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo.”; | (b) | cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 8: “8. I gcás ina bhfuil comhlíonadh seirbhísí, nó soláthar uisce, gáis nó leictreachais nach gcuirtear ar díol ina dtoirt theoranta nó ina gcainníocht shocraithe, nó téamh ceantair á iarraidh ag tomhaltóir agus ina bhfuil an méid sin le tosú le linn na tréimhse tarraingt siar dá bhforáiltear in Airteagal 9(2), agus i gcás ina gcuirtear leis an gconradh oibleagáid ar an tomhaltóir íocaíocht a dhéanamh, ceanglóidh an trádálaí go ndéanfaidh an tomhaltóir iarraidh shainráite ina leith, agus go n‐iarrfaidh sé ar an tomhaltóir freisin a admháil, a luaithe a bheidh an conradh comhlíonta go hiomlán ag an trádálaí, nach mbeidh an ceart tarraingt siar ag an tomhaltóir a thuilleadh.”; | | (8) | leasaítear Airteagal 9 mar a leanas: (a) | cuirtear isteach an mhír seo a leanas: “1a. Féadfaidh na Ballstáit rialacha a ghlacadh ar i gcomhréir leo a dhéanfar an tréimhse tarraingt siar 14 lá dá dtagraítear i mír 1 a fhadú go 30 lá maidir le conarthaí arna dtabhairt i gcrích i gcomhthéacs cuairteanna gan iarraidh arna dtabhairt ag trádálaí ar theach tomhaltóra nó turais arna n‐eagrú ag trádálaí a bhfuil sé mar aidhm leo nó a bhfuil de thoradh orthu táirgí a chur chun cinn i measc tomhaltóirí nó táirgí a dhíol leo chun leasanna dlisteanacha tomhaltóirí a chosaint i ndáil le cleachtais mhargaíochta nó díolacháin atá ionsaitheach nó míthreorach. Beidh na forálacha sin comhréireach agus neamh-idirdhealaitheach agus beidh údar maith leo ar fhorais cosanta tomhaltóirí.”; | (b) | i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na coda réamhráití: “2. Gan dochar d’Airteagal 10, rachaidh an tréimhse tarraingt siar dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo in éag tar éis 14 lá nó, i gcásanna ina bhfuil rialacha glactha ag na Ballstáit i gcomhréir le mír 1a den Airteagal seo tar éis 30 lá, amhail ón:”: | | (9) | in Airteagal 10, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2: “2. Má tá an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo tugtha ag an trádálaí don tomhaltóir laistigh de 12 mhí ón lá dá dtagraítear in Airteagal 9(2), rachaidh an tréimhse tarraingt siar in éag 14 lá nó, i gcásanna ina bhfuil rialacha glactha ag na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 9(1a), 30 lá tar éis an lá ar a bhfaigheann an tomhaltóir an fhaisnéis sin.”; | (10) | in Airteagal 13, cuirtear na míreanna seo a leanas isteach: “4. Maidir le sonraí pearsanta an tomhaltóra, comhlíonfaidh an trádálaí na hoibleagáidí is infheidhme faoi Rialachán (AE) 2016/679. 5. Staonfaidh an trádálaí ó úsáid a bhaint as aon ábhar, seachas sonraí pearsanta, a sholáthair nó a chruthaigh an tomhaltóir le linn dó an t‐ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach arna sholáthar nó arna soláthar ag an trádálaí a úsáid, ach amháin i gcás ábhar: (a) | nach bhfuil aon fhóntas aige lasmuigh de chomhthéacs an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití arna sholáthar nó arna soláthar ag an trádálaí; | (b) | nach mbaineann ach le gníomhaíocht an tomhaltóra, agus úsáid á baint aige as an ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach arna sholáthar nó arna soláthar ag an trádálaí; | (c) | nach bhfuil comhiomlánaithe ag an tradálaí le sonraí eile agus nach féidir é a imdhealú, ach amháin trí iarrachtaí díréireacha a dhéanamh; nó | (d) | a ghin an tomhaltóir agus daoine eile i gcomhpháirt, agus ar féidir le tomhaltóirí eile leanúint d’úsáid a bhaint as an ábhar. | 6. Ach amháin sna cásanna dá dtagraítear i bpointe (a), (b) nó (c) de mhír 5, cuirfidh an trádálaí ar fáil don tomhaltóir, ar iarratas an tomhaltóra, aon ábhar, seachas sonraí pearsanta, a sholáthair nó a chruthaigh an tomhaltóir le linn dó an t‐ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach arna sholáthar nó arna soláthar ag an trádálaí a úsáid. 7. Beidh an tomhaltóir i dteideal an t‐ábhar digiteach sin a aisghabháil saor in aisce, gan bac ón trádálaí, laistigh de thréimhse réasúnach ama agus ar fhormáid a úsáidtear go coitianta agus atá inléite ag meaisín. 8. I gcás tarraingt siar ón gconradh, féadfaidh an trádálaí cosc a chur ar an tomhaltóir aon úsáid bhreise a bhaint as an ábhar digiteach nó as an tseirbhís dhigiteach, go háirithe trí rochtain ar an ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a bhaint den tomhaltóir nó trí chuntas úsáideora an tomhaltóra a dhíchumasú, gan dochar do mhír 6.”; | (11) | leasaítear Airteagal 14 mar a leanas: (a) | cuirtear isteach an mhír seo a leanas: “2a. I gcás tarraingt siar ón gconradh, staonfaidh an tomhaltóir ó úsáid a bhaint as an ábhar digiteach nó as an tseirbhís dhigiteach agus ón ábhar nó ón tseirbhís sin a chur ar fáil do thríú páirtithe.”; | (b) | i mír 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b)(i): “(i) | níl réamhthoiliú sainráite tugtha ag an tomhaltóir chun tús a chur leis an gcomhlíonadh roimh dheireadh na tréimhse 14 lá nó 30 lá dá dtagraítear in Airteagal 9;”; | | | (12) | leasaítear Airteagal 16 mar a leanas: (a) | leasaítear an chéad mhír mar seo a leanas: (i) | cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a): “(a) | conarthaí seirbhíse tar éis an tseirbhís a chomhlíonadh go hiomlán ach, i gcás ina gcuirtear leis an gconradh oibleagáid ar an tomhaltóir íocaíocht a dhéanamh, ach amháin sa chás gur tosaíodh an comhlíonadh le réamhthoiliú sainráite an tomhaltóra, agus tar éis dó a admháil go gcaillfidh sé a cheart tarraingt siar a luaithe a bheidh an conradh comhlíonta go hiomlán ag an trádálaí;”; | | (ii) | cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (m): “(m) | conarthaí le haghaidh ábhar digiteach nach soláthraítear ar mheán inláimhsithe a sholáthar má tosaíodh an comhlíonadh agus, má chuirtear leis an gconradh oibleagáid ar an tomhaltóir íocaíocht a dhéanamh, i gcás: (i) | inar thug an tomhaltóir réamhthoiliú sainráite tús a chur leis an gcomhlíonadh le linn na tréimhse tarraingt siar; | (ii) | inar admhaigh an tomhaltóir go gcaillfidh sé a cheart tarraingt siar dá bharr sin; agus | (iii) | inar sholáthair an trádálaí deimhniú i gcomhréir le hAirteagal 7(2) nó le hAirteagal 8(7).”; | | | | (c) | cuirtear na míreanna seo a leanas isteach: “Féadfaidh na Ballstáit maolú a dhéanamh ar na heisceachtaí ón gceart tarraingt siar a leagtar amach i bpointí (a), (b), (c) agus (e) den chéad mhír maidir le conarthaí arna dtabhairt i gcrích i gcomhthéacs cuairteanna gan iarraidh arna dtabhairt ag trádálaí ar theach tomhaltóra nó turais arna n‐eagrú ag trádálaí a bhfuil sé mar aidhm leo nó a bhfuil de thoradh orthu táirgí a chur chun cinn i measc tomhaltóirí nó táirgí a dhíol leo chun leasanna dlisteanacha tomhaltóirí a chosaint i ndáil le cleachtais mhargaíochta nó díolacháin atá ionsaitheach nó míthreorach. Beidh na forálacha sin comhréireach agus neamh-idirdhealaitheach agus beidh údar maith leo ar fhorais cosanta tomhaltóirí. I gcás conarthaí seirbhíse lena gcuirtear oibleagáid ar an tomhaltóir íocaíocht a dhéanamh agus i gcás ina ndearna an tomhaltóir cuairt ón trádálaí a iarraidh go sonrach chun críche deisiúcháin a dhéanamh, féadfaidh na Ballstáit a fhoráil go gcaillfidh an tomhaltóir an ceart tarraingt siar tar éis don tseirbhís a bheith comhlíonta go hiomlán, ar choinníoll gur tosaíodh an comhlíonadh le réamhthoiliú sainráite an tomhaltóra,”; | | (13) | cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 24: Airteagal 9 Seolaithe Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit. Arna déanamh in Strasbourg, an 27 Samhain 2019. Thar ceann Pharlaimint na hEorpa An tUachtarán D. M. SASSOLI Thar ceann na Comhairle An tUachtarán T. TUPPURAINEN (1) IO C 440, 6.12.2018, lch. 66. (2) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Aibreán 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 8 Samhain 2019. (3) Treoir 2005/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2005 maidir le cleachtais tráchtála éagóracha idir gnólachtaí agus tomhaltóirí sa mhargadh inmheánach agus lena leasaítear Treoir 84/450/CEE ón gComhairle, Treoir 97/7/CE, Treoir 98/27/CE agus Treoir 2002/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 149, 11.6.2005, lch. 22). (4) Treoir 2009/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le hurghairí chun leasanna tomhaltóirí a chosaint (IO L 110, 1.5.2009, lch. 30). (5) Treoir 98/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 1998 maidir le cosaint tomhaltóirí ó thaobh praghsanna táirgí a thairgtear do thomhaltóirí a chur in iúl (IO L 80, 18.3.1998, lch. 27). (6) Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le cearta tomhaltóirí, lena leasaítear Treoir 93/13/CEE ón gComhairle agus Treoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n‐aisghairtear Treoir 85/577/CEE ón gComhairle agus Treoir 97/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 304, 22.11.2011, lch. 64). (7) Rialachán (AE) 2017/2394 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 maidir le comhar idir na húdaráis náisiúnta atá freagrach as dlíthe cosanta tomhaltóirí a fhorfheidhmiú agus lena n‐aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 (IO L 345, 27.12.2017, lch. 1). (8) Treoir 93/13/CEE ón gComhairle an 5 Aibreán 1993 maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra (IO L 95, 21.4.1993, lch. 29). (9) Rialachán (AE) 2019/1150 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le cothroime agus trédhearcacht a chur chun cinn d’úsáideoirí gnó a bhaineann úsáid as seirbhísí idirghabhála ar líne (IO L 186, 11.7.2019, lch. 57). (10) Treoir (AE) 2016/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le fios gnó agus faisnéis ghnó neamhnochta (rúin trádála) a chosaint ar iad a fháil, a úsáid agus a nochtadh go neamhdhleathach (IO L 157, 15.6.2016, lch. 1). (11) Rialachán (AE) Uimh. 524/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le réiteach díospóidí ar líne le haghaidh díospóidí tomhaltóirí agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 agus Treoir 2009/22/CE (Rialachán maidir le ODR le haghaidh tomhaltóirí) (IO L 165, 18.6.2013, lch. 1). (12) Treoir (AE) 2016/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Iúil 2016 maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann slándála do líonraí agus do chórais faisnéise ar fud an Aontais (IO L 194, 19.7.2016, lch. 1). (13) Rialachán (AE) 2018/302 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Feabhra 2018 maidir le haghaidh a thabhairt ar gheobhlocáil nach bhfuil údar léi agus ar chineálacha eile idirdhealaithe bunaithe ar náisiúntacht, áit chónaithe nó áit bhunaithe custaiméirí laistigh den mhargadh inmheánach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 2006/2004 agus (AE) 2017/2394 agus Treoir 2009/22/CE (IO L 60 I, 2.3.2018, lch. 1). (14) Treoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2000 maidir le gnéithe áirithe dlí de sheirbhísí na sochaí faisnéise, an trádáil leictreonach, go háirithe, sa Mhargadh Inmheánach (“an Treoir maidir le trádáil leictreonach”) (IO L 178, 17.7.2000, lch. 1). (15) Treoir (AE) 2019/770 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le gnéithe áirithe a bhaineann le conarthaí chun ábhar digiteach agus seirbhísí digiteacha a sholáthar (IO L 136, 22.5.2019, lch. 1.). (16) Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‐aisghairtear Treoir 95/46/CE (Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1). (17) IO C 369, 17.12.2011, lch. 14. (18) Rialachán (AE) Uimh. 2018/1724 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Deireadh Fómhair 2018 maidir le tairseach aonair dhigiteach a bhunú chun rochtain ar fhaisnéis, nósanna imeachta agus seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna a sholáthar agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 (IO L 295, 21.11.2018, lch. 1).
whereas
(7) D’fhonn cur i bhfeidhm pionós níos comhsheasmhaí a éascú, go háirithe pionóis i gcás sáruithe laistigh den Aontas, sáruithe forleathana agus sáruithe forleathana lena mbaineann gné Aontais faoi mar a shainmhínítear iad i Rialachán (AE) 2017/2394, ba cheart critéir choiteanna neamh-uileghabhálacha agus táscacha le haghaidh cur i bhfeidhm pionós a áireamh i dTreoracha 93/13/CEE, 98/6/CE, 2005/29/CE agus 2011/83/AE. Is é ba cheart a áireamh sna critéir sin, mar shampla, nádúr, tromchúis, scála agus ré an tsáraithe, agus aon sásamh a thug an trádálaí do thomhaltóirí i leith na díobhála a rinneadh. Sárú leantach ag an aon déantóir amháin, is fianaise é sin ar an gclaonadh atá ag an déantóir sáruithe den sórt sin a dhéanamh agus, dá bhrí sin, is léiriú suntasach iad ar thromchúis an iompair agus, dá réir sin, ar an ngá atá ann le leibhéal an phionóis a mhéadú ar mhaithe le díspreagadh éifeachtach a ghnóthú. Ba cheart na tairbhí airgeadais a gnóthaíodh, nó na caillteanais a seachnaíodh, de bharr an tsáraithe a chur san áireamh, má tá na sonraí ábhartha ar fáil. Chomh maith leis sin, is féidir tosca géaraitheacha nó maolaitheacha eile a bhaineann le himthosca an cháis a chur san áireamh.
- = -
(13) Níor cheart cosc a chur ar na Ballstáit fíneálacha uasta níos airde atá bunaithe ar láimhdeachas a choimeád ar bun nó a thabhairt isteach ina ndlí náisiúnta i leith sáruithe forleathana agus sáruithe forleathana lena mbaineann gné Aontais. Ba cheart an deis a bheith ag na Ballstáit freisin fíneálacha den sórt sin a bhunú ar láimhdeachas domhanda an trádálaí, nó rialacha maidir le fíneálacha a shíneadh chun go gcuimseofaí leo sáruithe eile nach gcumhdaítear le forálacha na Treorach seo a bhaineann le hAirteagal 21 de Rialachán (AE) Uimh. 2017/2394. Maidir leis an gceanglas atá ann an fhíneáil a shocrú ar leibhéal nach lú ná 4 % de láimhdeachas bliantúil an trádálaí, níor cheart feidhm a bheith aige maidir le haon rialacha Ballstát breise maidir le híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla, amhail fíneálacha laethúla, i leith mainneachtain comhlíonadh a dhéanamh ar aon chinneadh, aon ordú, aon bheart eatramhach, aon ghealltanas ón trádálaí nó aon bheart eile a bhfuil sé mar aidhm leo deireadh a chur leis an sárú.
- = -
(21) Tá na ceanglais trédhearcachta i ndáil leis na príomhpharaiméadair maidir le rangú a chinneadh á rialú freisin le Rialachán (AE) 2019/1150 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) maidir le cothroime agus trédhearcacht a chur chun cinn d’úsáideoirí gnó a bhaineann úsáid as seirbhísí idirghabhála ar líne. Cuimsíonn na ceanglais trédhearcachta faoin Rialachán sin réimse leathan idirghabhálaithe ar líne, lena n‐áirítear margaí ar líne, ach ní bhíonn feidhm acu ach amháin idir trádálaithe agus idirghabhálaithe ar líne. Dá bhrí sin, ba cheart ceanglais thrédhearcachta chomhchosúla a thabhairt isteach i dTreoir 2005/29/CE lena áirithiú go mbeadh trédhearcacht leordhóthanach ann i leith na dtomhaltóirí, ach amháin i gcás soláthraithe inneall cuardaigh ar líne atá faoi cheangal cheana ag an Rialachán sin chun na príomhpharaiméadair a leagan amach, arb iad is suntasaí ina n‐aonar nó i dteannta a chéile agus rangú agus tábhacht choibhneasta na bpríomhpharaiméadar sin á gcinneadh, trí thuairisc atá ar fáil go héasca agus go poiblí a sholáthar, arna dréachtú i bhfriotal soiléir agus sothuigthe faoi innill chuardaigh ar líne na soláthraithe sin.
- = -
(27) Ba cheart do sholáthraithe margaí ar líne na tomhaltóirí a chur ar an eolas faoi cé acu is trádálaí nó neamhthrádálaí é an tríú páirtí a bhfuil na hearraí, na seirbhísí nó an t‐ábhar digiteach á dtairiscint aige nó nach ea, bunaithe ar an dearbhú a thug an tríú páirtí do na soláthraithe sin. I gcás ina ndéanann an tríú páirtí a bhfuil na hearraí, seirbhísí nó an t‐ábhar digiteach á dtairiscint aige a stádas mar neamhthrádálaí a dhearbhú, ba cheart do sholáthraithe margaí ar líne ráiteas gearr a sholáthar á chur in iúl nach bhfuil feidhm ag na cearta tomhaltóirí a thagann ó dhlí an Aontais maidir le cosaint tomhaltóirí maidir leis an gconradh arna chur i gcrích. Ina theannta sin, ba cheart tomhaltóirí a chur ar an eolas faoin gcaoi a ndéantar na hoibleagáidí a bhaineann leis an gconradh a roinnt idir tríú páirtithe a bhfuil na hearraí, na seirbhísí nó an t‐ábhar digiteach á dtairiscint acu agus soláthraithe margaí ar líne. Ba cheart an fhaisnéis a sholáthair ar bhealach soiléir agus sothuigthe agus ní leor í a sholáthair faoi na téarmaí agus na coinníollacha caighdeánacha nó i ndoiciméid chonarthacha den chineál céanna. Ba cheart na ceanglais faisnéise ar sholáthraithe margaí ar líne a bheith comhréireach. Is gá do na ceanglais sin cothromaíocht a bhaint amach idir ardleibhéal cosanta tomhaltóirí agus iomaíochas na soláthraithe margaí ar líne. Níor cheart ceangal a chur ar sholáthraithe margaí ar líne cearta sonracha tomhaltóirí a liostú le linn dóibh tomhaltóirí a chur ar an eolas faoina n‐infheidhmeacht. Ní dochar an méid sin do na ceanglais maidir le faisnéis do thomhaltóirí dá bhforáiltear i dTreoir 2011/83/AE, agus go háirithe in Airteagal 6(1) den Treoir sin. Maidir leis an bhfaisnéis a thabharfar faoin bhfreagracht as cearta tomhaltóirí a áirithiú, beidh sí de réir na socruithe conarthacha idir soláthraithe margaí ar líne agus na trádálaithe ábhartha tríú páirtí. D’fhéadfadh soláthraí an mhargaidh ar líne a léiriú go bhfuil tríú páirtí mar an t‐aon duine amháin atá freagrach as cearta tomhaltóirí a áirithiú, nó d’fhéadfadh sé cur síos a dhéanamh ar a fhreagrachtaí sonracha féin i gcás ina nglacann sé freagracht as gnéithe áirithe den chonradh, mar shampla seachadadh nó feidhmiú an chirt tarraingt siar.
- = -
(35) Níor cheart feidhm a bheith ag Treoir 2011/83/AE ach oiread maidir le cásanna inarb amhlaidh nach mbailíonn an trádálaí ach meiteashonraí amhail faisnéis a bhaineann le gaireas an tomhaltóra nó leis an stair bhrabhsála, ach amháin i gcás ina meastar faoin dlí náisiúnta gur conradh iad cásanna den sórt sin. Níor cheart feidhm a bheith aici ach oiread maidir le cásanna ina gcuirtear an tomhaltóir, gan conradh a bheith tugtha i gcrích aige leis an trádálaí, faoi réir fógraí a bhfuil sé mar aidhm eisiach leo rochtain a ghnóthú ar ábhar digiteach nó seirbhís dhigiteach. Mar sin féin, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann cur i bhfeidhm na Treorach sin a leathnú go fóill chuig cásanna den sórt sin nó rialáil a dhéanamh ar shlí eile ar chásanna den sórt sin nach dtagann faoi raon feidhme na Treorach sin.
- = -
(37) Ceanglaítear le hAirteagal 7(3) agus le hAirteagal 8(8) de Threoir 2011/83/AE ar thrádálaithe, i gcás conarthaí seacháitribh agus cianchonarthaí faoi seach, réamhthoiliú sainráite an tomhaltóra a fháil le comhlíonadh a thosú sula dtéann an tréimhse don cheart tarraingt siar in éag. Foráiltear le pointe (a) d’Airteagal 14(4) den Treoir sin do smachtbhanna conarthach a ghearradh i gcás nach gcomhlíonann an trádálaí an ceanglas sin ann, is é sin, smachtbhanna a fhágann nach bhfuil ar an tomhaltóir íoc as na seirbhísí a soláthraíodh. Dá bhrí sin, ní bhaineann an ceanglas atá ann toiliú sainráite roimh ré an tomhaltóra a fháil le hábhar ach amháin i gcás seirbhísí, lena n‐áirítear seirbhísí digiteacha, a sholáthraítear ar phraghas a íoc. Mar sin, tá sé riachtanach Airteagal 7(3) agus Airteagal 8(8) a leasú chun nach mbeidh feidhm ag an gceanglas atá ar thrádálaithe réamhthoiliú sainráite an tomhaltóra a fháil ach amháin maidir le conarthaí seirbhíse lena gcuirtear oibleagáid ar an tomhaltóir íocaíocht a dhéanamh.
- = -
(38) Foráiltear le pointe (m) den chéad fhomhír d’Airteagal 16 de Threoir 2011/83/AE maidir le díolúine ón gceart tarraingt siar maidir le hábhar digiteach nach soláthraítear ar mheán inláimhsithe i gcás inar thug an tomhaltóir réamhthoiliú sainráite leis an gcomhlíonadh a thosú sula rachaidh an tréimhse don cheart tarraingt siar in éag agus inar admhaigh sé go gcaillfeadh sé a cheart tarraingt siar dá bharr sin. Foráiltear le pointe (b) d’Airteagal 14(4) den Treoir sin do smachtbhanna conarthach a ghearradh i gcás nach gcomhlíonann an trádálaí an ceanglas sin ann, is é sin, smachtbhanna a fhágann nach gceanglófar ar an tomhaltóir íoc as an ábhar digiteach a úsáideadh. Dá réir sin, ní bhaineann an ceanglas atá ann réamhthoiliú agus admháil sainráite an tomhaltóra a fháil le hábhar ach amháin i gcás ábhar digiteach a sholáthraítear ar phraghas a íoc. Mar sin, tá sé riachtanach pointe (m) den chéad fhomhír d’Airteagal 16 a leasú chun nach mbeidh feidhm ag an gceanglas atá ar thrádálaithe réamhthoiliú agus admháil sainráite an tomhaltóra a fháil ach amháin maidir le conarthaí lena gcuirtear oibleagáid ar an tomhaltóir íocaíocht a dhéanamh.
- = -
(52) Dá bhrí sin, is féidir breathnú ar chleachtas den sórt sin mar chleachtas atá contrártha do Threoir 2005/29/CE bunaithe ar mheasúnú a dhéanamh de réir an cháis ar na heilimintí ábhartha. Chun gur fusa le húdaráis tomhaltóirí agus údaráis bhia na mBallstát an dlí reatha a chur i bhfeidhm, tugadh comhairle maidir le rialacha reatha an Aontais a chur i bhfeidhm i leith décháilíocht bhia san Fhógra ón gCoimisiún “maidir le dlí bia agus dlí cosanta tomhaltóirí an Aontais a chur i bhfeidhm i leith saincheisteanna Décháilíocht táirgí — Cás sonrach an bhia” an 29 Méan Fómhair 2017. Sa chomhthéacs sin, thíolaic Airmheán Comhpháirteach Taighde an Choimisiúin “Creat chun táirgí bia a roghnú agus a thástáil chun saintréithe cáilíochta a bhaineann le cáilíocht a mheasúnú: modheolaíocht tástála comhchuibhithe”, an 25 Aibreán 2018.
- = -
(56) Maidir le cleachtais ionsaitheacha agus mhíthreoracha i gcomhthéacs imeachtaí a eagraítear in áiteanna seachas áitreabh an trádálaí, ní dochar Treoir 2005/29/CE d’aon choinníollacha bunaíochta ná coinníollacha maidir le córais údarúcháin is féidir leis na Ballstáit a fhorchur ar thrádálaithe. Ina theannta sin, ní dochar an Treoir sin do dhlí náisiúnta na gconarthaí, agus go háirithe do na rialacha maidir le bailíocht, foirmiú nó éifeacht conartha. Is féidir cleachtais ionsaitheacha mhíthreoracha i gcomhthéacs imeachtaí a eagraítear in áiteanna seachas áitreabh an trádálaí a thoirmeasc ar bhonn measúnú ar gach cás ar leith faoi Airteagail 5 go 9 den Treoir sin. Sa bhreis air sin, in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin tá toirmeasc ginearálta ar chleachtais lena dtugann an trádálaí le fios nach bhfuil an trádálaí ag gníomhú chun críocha a bhaineann le gairm an trádálaí, agus ar chleachtais lena dtugtar le fios nach féidir leis an tomhaltóir an t‐áitreabh a fhágáil go dtí go ndéanfar conradh. Ba cheart don Choimisiún a mheas an dtugtar, leis na rialacha reatha, leibhéal leordhóthanach cosanta do thomhaltóirí agus uirlisí leordhóthanacha do na Ballstáit chun aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar na cleachtais sin.
- = -
| |