(49) Ba cheart, freisin, toirmeasc a chur ar thrádálaithe bréagléirmheasanna agus bréagráitis tacaíochta ó thomhaltóirí a chur isteach, mar shampla “is maith liom” a fhágáil ar na meáin shóisialta, nó daoine eile a choimisiúnú chun an méid sin a dhéanamh le hintinn a dtáirgí a chur chun cinn, chomh maith le toirmeasc a chur ar léirmheasanna agus bréagráitis tacaíochta ó thomhaltóirí a fhalsú, amhail gan ach léirmheasanna dearfacha a fhoilsiú agus léirmheasanna diúltacha a scriosadh.
D’fhéadfadh cleachtas den sórt sin tarlú freisin trí ráitis tacaíochta ar na meáin shóisialta a eachtarshuí i gcás ina ndéantar idirghníomhaíocht dhearfach úsáideora le hábhar áirithe ar leith a nascadh le hábhar eile atá gaolmhar leis, nó a aistriú chuige, rud a thugann le fios go bhfuil meon dearfach ag an úsáideoir sin i dtreo an ábhair ghaolmhair freisin.
- = -
(50) Ba cheart toirmeasc a chur ar thrádálaithe ticéid a athdhíol le tomhaltóirí le haghaidh imeachtaí cultúir agus spóirt, ar ticéid iad a fuair siad trí bhogearraí amhail “botaí” a úsáid rud a ligeann dóibh líon ticéad a cheannach de bhreis ar na teorainneacha teicniúla arna bhforchur ag an bpríomhdhíoltóir ticéad nó a ligeann dóibh teacht timpeall ar aon mhodhanna teicniúla eile atá i bhfeidhm ag an bpríomhdhíoltóir chun a áirithiú go mbeidh rochtain ag an uile dhuine ar na ticéid.
Ní dochar an toirmeasc sin d’aon bhearta náisiúnta eile is féidir leis na Ballstáit a dhéanamh chun leasanna dlisteanacha tomhaltóirí a chosaint, chun beartas cultúrtha a dhaingniú agus chun rochtain leathan ar imeachtaí cultúir agus spóirt a chinntiú do gach duine, amhail rialáil a dhéanamh ar phraghas athdhíola na dticéad.
- = -
(55) I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta agus chun forfheidhmiú a éascú, ba cheart a shoiléiriú nach dochar Treoir 2005/29/CE do shaoirse na mBallstát forálacha náisiúnta a ghlacadh chun leasanna dlisteanacha tomhaltóirí a chosaint tuilleadh ar chleachtais tráchtála éagóracha i gcomhthéacs cuairteanna gan iarraidh a thabharfadh trádálaí ar a dtithe chun táirgí a thairiscint nó a dhíol nó i gcomhthéacs turais a d’eagródh trádálaí a bhfuil sé mar aidhm leo nó a bhfuil de thoradh orthu táirgí a chur chun cinn i measc tomhaltóirí nó táirgí a dhíol leo, i gcás ina bhfuil údar maith le forálacha den sórt sin ar fhorais cosanta tomhaltóirí.
Ba cheart aon fhorálacha den sórt sin a bheith comhréireach agus neamh-idirdhealaitheach agus níor cheart dóibh, mar sin, na bealaí díolacháin sin iontu féin a thoirmeasc.
I dtaca le forálacha náisiúnta arna nglacadh ag na Ballstáit, d’fhéadfaidís, mar shampla, am an lae a shainiú nuair nach gceadaítear cuairteanna a dhéanamh ar thithe tomhaltóirí gan iarraidh shainráite a fháil uathu nó toirmeasc a chur ar na cuairteanna sin nuair atá sé curtha in iúl go soiléir ag an tomhaltóir nach bhfuil na cuairteanna sin inghlactha nó an nós imeachta íocaíochta a fhorordú.
Thairis sin, d’fhéadfaí tuilleadh rialacha cosantacha maidir leis na réimsí arna gcomhchuibhiú le Treoir 2011/83/AE a leagan síos sna forálacha sin.
Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2011/83/AE a leasú chun a chur ar a gcumas do na Ballstáit bearta náisiúnta a ghlacadh chun tréimhse níos faide a chur ar fáil don cheart tarraingt siar agus chun maolú a dhéanamh ar eisceachtaí sonracha ón gceart tarraingt siar.
Ba cheart ceangal a chur ar na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún faoi aon fhorálacha náisiúnta a ghlacfar ina leith sin ionas gur féidir leis an gCoimisiún an fhaisnéis sin a chur ar fáil do gach páirtí leasmhar agus faireachán a dhéanamh ar chineál comhréireach agus dlíthiúlacht na mbeart sin.
- = -
(56) Maidir le cleachtais ionsaitheacha agus mhíthreoracha i gcomhthéacs imeachtaí a eagraítear in áiteanna seachas áitreabh an trádálaí, ní dochar Treoir 2005/29/CE d’aon choinníollacha bunaíochta ná coinníollacha maidir le córais údarúcháin is féidir leis na Ballstáit a fhorchur ar thrádálaithe.
Ina theannta sin, ní dochar an Treoir sin do dhlí náisiúnta na gconarthaí, agus go háirithe do na rialacha maidir le bailíocht, foirmiú nó éifeacht conartha.
Is féidir cleachtais ionsaitheacha mhíthreoracha i gcomhthéacs imeachtaí a eagraítear in áiteanna seachas áitreabh an trádálaí a thoirmeasc ar bhonn measúnú ar gach cás ar leith faoi Airteagail 5 go 9 den Treoir sin.
Sa bhreis air sin, in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin tá toirmeasc ginearálta ar chleachtais lena dtugann an trádálaí le fios nach bhfuil an trádálaí ag gníomhú chun críocha a bhaineann le gairm an trádálaí, agus ar chleachtais lena dtugtar le fios nach féidir leis an tomhaltóir an t‐áitreabh a fhágáil go dtí go ndéanfar conradh.
Ba cheart don Choimisiún a mheas an dtugtar, leis na rialacha reatha, leibhéal leordhóthanach cosanta do thomhaltóirí agus uirlisí leordhóthanacha do na Ballstáit chun aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar na cleachtais sin.
- = -